Dieses Dokument ist ein Auszug aus dem EUR-Lex-Portal.
Dokument 32022R0615
Council Regulation (EU, Euratom) 2022/615 of 5 April 2022 amending Regulation (EU, Euratom) No 609/2014 in order to enhance predictability for Member States and to clarify procedures for dispute resolution when making available the traditional, VAT and GNI based own resources
Rialachán (AE, Euratom) 2022/615 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 d’fhonn intuarthacht do Bhallstáit a fheabhsú agus na nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí a shoiléiriú nuair a bhíonn na hacmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus OIN, á gcur ar fáil
Rialachán (AE, Euratom) 2022/615 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 d’fhonn intuarthacht do Bhallstáit a fheabhsú agus na nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí a shoiléiriú nuair a bhíonn na hacmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus OIN, á gcur ar fáil
ST/6769/2022/INIT
IO L 115, 13.4.2022, S. 51–58
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In Kraft
13.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 115/51 |
RIALACHÁN (AE, Euratom) 2022/615 ÓN gCOMHAIRLE
an 5 Aibreán 2022
lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 d’fhonn intuarthacht do Bhallstáit a fheabhsú agus na nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí a shoiléiriú nuair a bhíonn na hacmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus OIN, á gcur ar fáil
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(2) de,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Cé gur cuireadh cúltaca daingean cobhsaí le haghaidh sásraí maoiniúcháin an Aontais ar fáil le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 (2) ón gComhairle, ní mór feabhas a chur ar na forálacha maidir le hacmhainní dílse a chur ar fáil chun intuarthacht an Chinnidh a fheabhsú do na Ballstáit agus chun nósanna imeachta maidir le réiteach díospóidí a shoiléiriú. |
(2) |
Faoi láthair, ní dhéanann ach na Ballstáit bainistíocht ar chuntais acmhainní dílse a osclaítear in ainm an Choimisiúin. Bheadh laghdú ar líon na gcuntas bainc a úsáidtear chun acmhainní dílse a bhailiú níos éifeachtúla agus d’fhágfadh sé go bhféadfaí cur chuige coitianta a ghlacadh maidir le láimhseáil airgid thirim. Chun bainistíocht na gcuntas acmhainní dílse a nuachóiriú, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann cuntas láraithe acmhainní dílse a bhunú. Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit rogha a dhéanamh an cuntas láraithe acmhainní dílse sin nó cuntas arna oscailt in ainm an Choimisiúin lena státchiste nó lena mbanc ceannais náisiúnta a úsáid. Ionas go mbeidh na Ballstáit in ann rogha eolasach a dhéanamh, ba cheart don Choimisiún measúnú mionsonraithe costais is tairbhe a dhéanamh ar úsáid an chuntais láraithe acmhainní dílse. |
(3) |
Faoi láthair, ní cheadaítear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 do na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh. Mar sin féin, san am a chuaigh thart, d’íoc roinnt Ballstát a gcuid ranníocaíochtaí náisiúnta roimh ré tar éis comhaontú leis an gCoimisiún. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart a fhoráil sa Rialachán sin go mbeidh an deis ag na Ballstáit réamhíocaíochtaí a dhéanamh ar bhonn cás ar chás, ar choinníoll go gcuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas roimh ré. Ar chúiseanna cothroime, i gcás ina mbaineann an Ballstát leas as an bhféidearthacht sin, níor cheart do na Ballstáit eile aon chostas a bhaineann leis an réamhíocaíocht, amhail ús diúltach, a iompar. |
(4) |
Ba cheart an dáta a íocann na Ballstáit na coigeartuithe ar na hacmhainní dílse bunaithe ar CBL agus bunaithe ar OIN le haghaidh blianta airgeadais roimhe sin a bhogadh go mí Mhárta na bliana dar gcionn chun intuarthacht a fheabhsú do na nósanna imeachta buiséadacha náisiúnta. Ba cheart feidhm a bheith ag dáta íocaíochta na gcoigeartuithe ag na Ballstáit maidir le méideanna ar chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil ina leith roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(5) |
Ar mhaithe le buiséad cobhsaí a sholáthar atá riachtanach chun cuspóirí beartais an Aontais a mhaoiniú, ba cheart go n-áiritheofaí leis an nós imeachta chun ús a ríomh go háirithe go gcuirtear acmhainní dílse ar fáil go tráthúil agus go hiomlán. |
(6) |
Ní mór an tairseach reatha, a ndéantar méideanna úis faoina bun a tharscaoileadh, a oiriúnú. Is gá dá bhrí sin an méid dá ndéantar aisghabháil úis a tharscaoileadh a mhéadú chun feabhas a chur ar chostéifeachtúlacht na nósanna imeachta aisghabhála. |
(7) |
Le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 cuirtear teorainn ar an méadú ar ús os cionn an bhonnráta go dtí 16 phointe céatadáin. Mar sin féin, níl feidhm ag an “caidhpeáil” sin ag 16 phointe céatadáin ach amháin maidir le cásanna a bhfuarthas eolas fúthu tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2016/804 ón gComhairle (3). Dá dheasca sin, cásanna a bhfuarthas eolas fúthu roimh theacht i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2016/804, i gcás ina bhfuil méideanna úis thar a bheith ard i ngeall go háirithe, ní féidir leo tairbhiú den teorainn sin gan beann ar cibé acu a cuireadh nó nár cuireadh na Ballstáit ar an eolas cheana féin faoin méid úis. Sna cásanna sin, éilítear ar na Ballstáit fós méideanna úis atá díréireach a íoc i gcomparáid le méid na príomhshuime atá dlite. Chun comhréireacht an chórais a áirithiú agus an éifeacht dhíspreagtha á coinneáil ar bun, ba cheart an méadú úis os cionn an bhunráta a theorannú a thuilleadh go 14 phointe céatadáin. Chun na forálacha ábhartha de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a shoiléiriú agus a shimpliú, ba cheart an teorainn ar an méadú go 14 phointe céatadáin a chur i bhfeidhm ar aon mhéid úis nár cuireadh in iúl don Bhallstát roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(8) |
Faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, tá sé léirithe ag an gcleachtas go bhféadfadh sé a bheith deacair dáta tosaigh an úis ar íocaíochtaí déanacha a shainaithint mar gheall ar an deacracht a bhaineann leis an bpointe beacht a shainaithint ag a bhféadfaí a mheas nach leor na hiarrachtaí aisghabhála. Chun críocha antsimplithe, ba cheart “tréimhse chairde” 5 bliana a bheith ann tar éis an dáta ar bunaíodh an méid, ar choinníoll gur bunaíodh an méid, agus gur iontráladh an méid sin go tráthúil sna cuntais ar leithligh agus gur coinníodh an méid sin sna cuntais ar leithligh i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014. Dá réir sin, níor cheart tús a chur leis an ús ach tar éis 5 bliana, agus ba cheart an dliteanas i leith na príomhshuime a choimeád. |
(9) |
D’fhonn a áirithiú go gcaithfear go cothrom le cásanna ina mbeidh méideanna a fhreagraíonn do theidlíochtaí bunaithe acmhainní dílse traidisiúnta do-aisghabhála, ba cheart na Ballstáit a scaoileadh ón oibleagáid chun na méideanna a fhreagraíonn do na teidlíochtaí bunaithe acmhainní dílse traidisiúnta a chur ar fáil don Choimisiún, i gcás inar féidir leis an mBallstát a chruthú nach raibh aon tionchar ag earráid a rinne an Ballstát tar éis bhunú na dteidlíochtaí ar mhéid do-aisghabhála a fhreagraíonn do na teidlíochtaí sin. I measc na samplaí d’earráid den sórt sin, d’fhéadfaí iontráil dhéanach sna cuntais ar leith nó easnaimh sa nós imeachta aisghabhála a áireamh. |
(10) |
Níl i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ach aon sprioc-am amháin, lena n-éilítear ar an gCoimisiún a bharúlacha maidir leis na cásanna díscríofa arna dtuairisciú chuig an gCoimisiún a chur in iúl don Bhallstát lena mbaineann laistigh de 6 mhí ó fhaigheann an Ballstát sin an tuarascáil. Chun bearta leantacha a dhéanamh ar thuarascálacha díscríofa go tráthúil agus ar bhealach níos solúbtha agus tacaíocht a thabhairt do mheasúnú tapa iomlán trédhearcach ar chinneadh an Bhallstáit gan an méid neamh-inghnóthaithe d’acmhainní dílse traidisiúnta a chur ar fáil, ba cheart sprioc-amanna nós imeachta don Choimisiún agus do na Ballstáit a choigeartú. |
(11) |
Chun go mbeifear in ann cur isteach ar an tréimhse dá dtabhaíonn ús, i gcás ina mbeidh easaontas ann idir na Ballstáit agus an Coimisiún, ba cheart forálacha a thabhairt isteach chun an cleachtas reatha maidir le híocaíocht faoi fhorchoimeádas i ndáil le méideanna d’acmhainní dílse atá dlite do bhuiséad an Aontais a léiriú, rud a fhágann go bhféadfaí caingean a thionscnamh maidir le saibhriú éagórach i gcoinne an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 268 agus Airteagal 340, an dara mír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). |
(12) |
I gcás ina mbeidh easaontas ann idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta a chur ar fáil, ba cheart foráil a dhéanamh do nós imeachta athbhreithniúcháin i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus chun cearta cosanta na mBallstát a shoiléiriú. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, ba cheart toradh an nós imeachta athbhreithniúcháin, chomh maith le staid na himeartha maidir le cásanna atá ar feitheamh, a phlé leis an gCoimisiún ag cruinniú bliantúil a eagrófar. Ba cheart an cruinniú sin a thoinól ar leibhéal leordhóthanach ionadaíochta bainistíochta d’fhonn athmhachnamh a dhéanamh ar na seasaimh faoi seach agus d’fhonn gach iarracht a dhéanamh ionas nach rachfaí ar iontaoibh imeachtaí um shárú, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais. |
(13) |
Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an nós imeachta athbhreithniúcháin faoi chuimsiú athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 nó faoi dheireadh 2026 ar a dhéanaí agus ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh, go háirithe, ar na deiseanna an nós imeachta athbhreithniúcháin a chuíchóiriú, a fhéadfar, más iomchuí, a thabhairt i gcrích le cinneadh ón gCoimisiún. |
(14) |
Ba cheart Airteagail 6 agus 10a de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 609/2014 a oiriúnú chun an tagairt don cheartúchán arna dheonú don Ríocht Aontaithe a scriosadh agus chun an Ghearmáin a áireamh mar thairbhí na gceartúchán cnapshuime i gcomhréir le Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle (4). |
(15) |
I gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, níor cheart gurbh ann do roinnt rialachán maidir le himscaradh i gcomhthráth ach ar bhonn sealadach agus ba cheart gníomhartha dlí den sórt sin a chumasc in aon rialachán amháin a luaithe is féidir. |
(16) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 mar a leanas:
(1) |
in Airteagal 6(3), an tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte réamhráití: “Déanfar an acmhainn dhílis bunaithe ar CBL agus an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN, agus an éifeacht a bheidh ag an oll-laghdú a deonaíodh don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn ar na hacmhainní sin á cur san áireamh, a thaifeadadh, áfach, sna cuntais mar a shonraítear sa chéad fhomhír mar a leanas:”; |
(2) |
Leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:
|
(3) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10a: “Airteagal 10a Na hacmhainní dílse bunaithe ar CBL agus OIN a chur ar fáil 1. An acmhainn dhílis bunaithe ar CBL agus an acmhainn dhílis bunaithe ar OIN, agus an éifeacht a bheidh ag an oll-laghdú a deonaíodh don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn ar na hacmhainní sin á cur san áireamh, cuirfear de shochar iad ar an gcéad lá oibre de gach mí. Beidh na méideanna atá le cur de shochar cothrom leis an dóú cuid déag de na hiomláin ábhartha sa bhuiséad, á dtiontú go dtí na hairgeadraí náisiúnta ag na rátaí malairte ar an lá deiridh de liostú oifigiúil an stocmhalartáin den bhliain fhéilire roimh an mbliain airgeadais, faoi mar a fhoilsítear i sraith C de Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2. Chun riachtanais shonracha maidir le caiteachas an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta a íoc de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) agus reachtaíocht ábhartha an Aontais ina dhiaidh sin, agus ag brath ar staid airgid thirim an Aontais, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit iontráil an dóú cuid déag, nó codán de, de na méideanna sa bhuiséad don acmhainn dhílis bunaithe ar CBL agus don acmhainn dhílis bunaithe ar OIN, a thabhairt ar aghaidh suas le 2 mhí sa chéad ráithe den bhliain airgeadais, agus éifeacht an oll-laghdaithe a deonaíodh don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn ar na hacmhainní sin á cur san áireamh. Faoi réir an tríú fomhír, chun riachtanais shonracha maidir lecaiteachas de chuid Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa a íoc de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2) agus reachtaíocht ábhartha an Aontais ina dhiaidh sin, agus ag brath ar staid airgid thirim an Aontais, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar na Ballstáit iontráil suas le leath breise den dóú cuid déag de na méideanna sa bhuiséad don acmhainn dhílis bunaithe ar CBL agus don acmhainn dhílis bunaithe ar OIN a thabhairt ar aghaidh, sna chéad 6 mhí den bhliain airgeadais, agus éifeacht an oll-laghdaithe a deonaíodh don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn ar na hacmhainní sin á cur san áireamh. Ní bheidh an tsuim iomlán a fhéadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit a thabhairt ar aghaidh sa mhí chéanna faoin gcéad fhomhír agus faoin dara fomhír níos mó, i gcás ar bith, ná méid a fhreagraíonn do dhá dhóú cuid déag breise. Tar éis na chéad 6 mhí, ní fhéadfaidh an iontráil mhíosúil a iarrfar dóú cuid déag amháin de na hacmhainní dílse bunaithe ar cháin bhreisluacha agus na hacmhainní dílse bunaithe ar an ollioncam náisiúnta a shárú, agus iad fós laistigh de theorainn na méideanna a cuireadh sa bhuiséad chun na críche sin. Tabharfaidh an Coimisiún fógra do na Ballstáit faoi sin roimh ré, tráth nach déanaí ná coicís roimh iontráil a iarrtar de bhun an chéad fhomhír agus an dara fomhír. Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas i bhfad roimh ré, agus tráth nach déanaí ná 6 seachtaine roimh iontráil a iarrtar de bhun an dara fomhír, go bhfuil sé ar intinn aige iontráil den sórt sin a iarraidh. Beidh feidhm ag mír 4, a bhaineann leis an méid atá le hiontráil i mí Eanáir gach bliain, agus ag mír 5, iontráil is infheidhme mura mbeidh glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad roimh thús na bliana airgeadais, maidir leis na réamhiontrálacha sin. Féadfaidh Ballstáit, i gcásanna eisceachtúla agus i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo, údarú a iarraidh ón gCoimisiún chun cur ar fáil na n-acmhainní dílse bunaithe ar CBL agus OIN a chur chun cinn, go háirithe i gcomhthéacs na mbuiséad leasaitheach ag deireadh na bliana, agus éifeacht an oll-laghdaithe a deonaíodh don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn ar acmhainní dílse á cur san áireamh. Sula ndéanfar aon réamhíocaíocht, tabharfar réamhfhógra 7 lá oibre ar a laghad roimh ré agus ba cheart don Bhallstát lena mbaineann údar cuí a thabhairt lena hiarraidh. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarraidh agus cuirfear an staid airgid thirim agus riachtanais leachtachta an Choimisiúin san áireamh. Ní dhéanfaidh an Ballstát an réamhíocaíocht ach amháin tar éis dó údarú a fháil ón gCoimisiún. Aon chostais bhreise a bhainfidh le hacmhainní dílse atá bunaithe ar CBL agus OIN a chur ar fáil roimh ré, is é an Ballstát a dhéanfaidh an iarraidh a íocfaidh iad. 3. Aon athrú ar ráta uilíoch na hacmhainne dílse bunaithe ar CBL, ar ráta na hacmhainne dílse bunaithe ar OIN, i maoiniú an oll-laghdaithe arna dheonú don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn, éileofar leis go ndéanfar buiséad leasaithe a ghlacadh go críochnaitheach agus as sin eascróidh athchoigeartuithe ar na dóú codanna déag a iontráladh ó thús na bliana airgeadais. Déanfar na hathchoigeartuithe sin nuair a dhéanfar an chéad iontráil tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid leasaithigh, má ghlactar é roimh an 16ú lá den mhí. Nó déanfar na hathchoigeartuithe sin nuair a dhéanfar an dara hiontráil tar éis an ghlactha chríochnaithigh. De mhaolú ar Airteagal 10 den Rialachán Airgeadais, iontrálfar na hathchoigeartuithe sin sna cuntais i ndáil leis an mbliain airgeadais den bhuiséad leasaitheach i gceist. 4. Beidh ríomh na ndóú codanna déag le haghaidh mhí Eanáir gach bliana airgeadais bunaithe ar na méideanna dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad, dá dtagraítear in Airteagal 314(2), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus déanfar iad a chomhshó in airgeadraí náisiúnta ag na rátaí malartaithe an chéad lá ar liostú oifigiúil an stocmhalartáin tar éis an 15 Nollaig den bhliain féilire roimh an mbliain airgeadais. Déanfar an coigeartú leis an iontráil don chéad mhí eile. 5. Mura mbeidh glactha go críochnaitheach leis an mbuiséad 2 sheachtain ar a dhéanaí roimh an iontráil le haghaidh mhí Eanáir na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, iontrálfaidh na Ballstáit ar an gcéad lá oibre de gach mí, lena n-áirítear mí Eanáir, dóú cuid déag amháin de mhéid na hacmhainne bunaithe ar CBL, agus na hacmhainne bunaithe ar OIN, agus an éifeacht a bheidh ag an oll-laghdú a deonaíodh don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn ar na hacmhainní sin, a iontráladh sa bhuiséad deiridh arna ghlacadh go críochnaitheach á cur san áireamh. Déanfar an coigeartú ar an gcéad dáta dlite tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid, má ghlactar an buiséad roimh an 16ú lá den mhí. Mura ndéanfar amhlaidh, déanfar an coigeartú ar an dara dáta dlite tar éis ghlacadh críochnaitheach an bhuiséid. 6. Ní dhéanfar aon athbhreithniú ina dhiaidh sin ar mhaoiniú an oll-laghdaithe a deonaíodh don Danmhairg, don Ghearmáin, don Ísiltír, don Ostair agus don tSualainn i gcás ina ndéanfar modhnuithe ar na sonraí OIN de bhun Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3). (*1) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608)." (*2) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320)." (*3) Rialachán (AE) 2019/516 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le comhchuibhiú ollioncaim náisiúnta ag praghsanna an mhargaidh agus lena n-aisghairtear Treoir 89/130/CEE, Euratom ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1287/2003 ón gComhairle (Rialachán OIN) (IO L 91, 29.3.2019, lch. 19).” " |
(4) |
in Airteagal 10b(5), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír: “Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna a eascraíonn as an ríomh sin roimh an 1 Feabhra den bhliain i ndiaidh na bliana inar soláthraíodh na sonraí le haghaidh na gcoigeartuithe. Cuirfidh gach Ballstát an glanmhéid sa chuntas dá dtagraítear in Airteagal 9(1) ar an gcéad lá oibre de Mhárta den bhliain i ndiaidh na bliana inar chuir an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas faoi na méideanna a eascraíonn as an ríomh. Beidh feidhm ag an spriocdháta atá ag na Ballstáit chun coigeartuithe a íoc maidir le méideanna ar chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil ina leith roimh an 3 Bealtaine 2022.”; |
(5) |
Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:
|
(6) |
Leasaítear Airteagal 13 mar a leanas:
|
(7) |
cuirtear isteach an Chaibidil seo a leanas: “CAIBIDIL IIIa ÍOCAÍOCHT FAOI FHORCHOIMEÁDAS AGUS AN NÓS IMEACHTA ATHBHREITHNIÚCHÁIN Airteagal 13a Íocaíocht faoi fhorchoimeádas 1. I gcás ina mbeidh easaontas ann idir Ballstát agus an Coimisiún maidir le méideanna d’acmhainní dílse traidisiúnta atá dlite do bhuiséad an Aontais nó maidir le méideanna CBL faoi réir na mbeart dá dtagraítear in Airteagal 12(2), pointe (c), féadfaidh an Ballstát, le linn dó méid atá á chonspóid a íoc, forchoimeádais a léiriú maidir le seasamh an Choimisiúin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis faoi na forchoimeádais sin ar fáil, maidir leis na méideanna a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta, mar aon lena ráiteas míosúil dá dtagraítear in Airteagal 6(4) agus, maidir leis na méideanna a bhaineann le hacmhainní dílse CBL, mar aon lena ráiteas dá dtagraítear in Airteagal 10b(1). Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi tharraingt siar na bhforchoimeádas a luaithe is féidir. 2. Má réitítear easaontas dá dtagraítear i mír 1 i bhfabhar an Bhallstáit, údaróidh an Coimisiún don Bhallstát sin an méid a íocadh a bhaint as an gcéad íocaíocht eile nó na chéad íocaíochtaí eile dá chuid acmhainní dílse. 3. Cuirfidh an iontráil sa chuntas faoi Airteagal 9 den íocaíocht faoi fhorchoimeádas isteach ar an tréimhse dá dtabhaíonn ús, dá dtagraítear in Airteagal 12. 4. Faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair gach bliain, cuirfidh an Coimisiún nóta faisnéise bliantúil ar fáil ina léireofar forléargas ar an méid iomlán a íocadh faoi fhorchoimeádas agus méid iomlán na bhforchoimeádas a tarraingíodh siar i rith na bliana roimhe sin. Airteagal 13b Nós imeachta athbhreithniúcháin 1. I gcás ina mbeidh easaontas ann idir Ballstát agus an Coimisiún maidir le méideanna d’acmhainní dílse traidisiúnta atá dlite do bhuiséad an Aontais, féadfaidh an Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a mheasúnú laistigh de 3 mhí tar éis é a fháil. Áireofar san iarraidh na cúiseanna, an fhianaise agus na doiciméid tacaíochta ar a bhfuil sí bunaithe. Leis an iarraidh sin, cuirfear cúiseanna leis an athbhreithniú a iarradh, agus áireofar inti an fhianaise agus na doiciméid tacaíochta ar a bhfuil sí bunaithe. Ní chuirfidh an iarraidh agus an nós imeachta a leanfaidh é athrú ar an oibleagáid atá ar na Ballstáit acmhainní dílse a chur ar fáil nuair a bhíonn siad dlite do bhuiséad an Aontais. 2. Laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, tabharfaidh an Coimisiún fógra don Bhallstát lena mbaineann faoina bharúlacha maidir leis na cúiseanna a tugadh san iarraidh. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Coimisiún síneadh 3 mhí eile a chur leis an teorainn ama sin uair amháin agus an Ballstát lena mbaineann a chur ar an eolas dá réir sin. 3. I gcás ina measfaidh an Coimisiún gur gá faisnéis bhreise a iarraidh, tosóidh an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 ón dáta a gheofar an fhaisnéis bhreise a iarradh. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann an fhaisnéis bhreise ar fáil laistigh de 3 mhí tar éis dó an iarraidh ar fhaisnéis bhreise a fháil ón gCoimisiún. Arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún 3 mhí eile a chur leis an teorainn ama sin uair amháin. 4. I gcás nach féidir leis an mBallstát aon fhaisnéis bhreise a sholáthar, féadfaidh sé fógra faoi sin a thabhairt don Choimisiún. Tabharfaidh an Coimisiún fógra faoina bharúlacha ansin ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil. Tosóidh an teorainn ama dá dtagraítear i mír 2 sa chás sin ón dáta a gheofar an fógra sin. 5. Tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta athbhreithniúcháin 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis don Bhallstát a iarraidh ar an athbhreithniú dá dtagraítear i mír 1 a sheoladh. 6. Féadfaidh Ballstát cruinniú ardleibhéil leis an gCoimisiún a iarraidh uair sa bhliain chun plé a dhéanamh ar staid na himeartha maidir le cásanna atá nó a bhí faoi réir an nós imeachta athbhreithniúcháin agus grinnscrúdú a dhéanamh orthu d’fhonn athmhachnamh a dhéanamh ar na seasaimh faoi seach agus gach iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú. 7. Faoi chuimsiú athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an Rialachán seo nó faoi dheireadh 2026 ar a dhéanaí, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmiú an nós imeachta athbhreithniúcháin dá dtagraítear san Airteagal seo. Áireofar sa mheasúnú sin comhairliúcháin leis na Ballstáit agus cuirfear a dtorthaí agus a seasaimh san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún, más iomchuí, tograí a thíolacadh d’fhonn feidhmiú an nós imeachta athbhreithniúcháin a fheabhsú.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
B. LE MAIRE
(1) IO C 402I, 5.10.2021, lch. 1.
(2) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 ón gComhairle an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun acmhainní dílse traidisiúnta, bunaithe ar CBL agus bunaithe ar OIN a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh (IO L 168, 7.6.2014, lch. 39).
(3) Rialachán (AE, Euratom) 2016/804 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2016 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse traidisiúnta, na hacmhainní bunaithe ar CBL agus OIN a chur ar fáil agus maidir leis na bearta chun riachtanais airgid thirim a chomhlíonadh, (IO L 132, 21.5.2016, lch. 85).
(4) Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).