Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0008

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/8 ón gCoimisiún an 6 Eanáir 2022 lena leasaítear den 326ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

    C/2022/92

    IO L 4, 7.1.2022, p. 1–3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/8/oj

    7.1.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 4/1


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/8 ÓN gCOIMISIÚN

    an 6 Eanáir 2022

    lena leasaítear den 326ú huair Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2002 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe atá dírithe i gcoinne daoine agus eintitis áirithe atá bainteach leis na heagraíochtaí SIIS (Da'esh) agus Al-Qaida (1), agus go háirithe Airteagal 7(1)(a) agus Airteagal 7a(5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, liostaítear na daoine, na grúpaí agus na heintitis arna gcumhdach ag reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha faoin Rialachán sin.

    (2)

    An 3 Eanáir 2022, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe cúig iontráil a bhaint de liosta na ndaoine, na ngrúpaí agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

    (3)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Eanáir 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin,

    Ar son an Uachtaráin,

    An tArd-Stiúrthóir

    An Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


    (1)  IO L 139, 29.5.2002, lch. 9.


    IARSCRÍBHINN

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 881/2002, scriostar na hiontrálacha seo a leanas faoin gceannteideal “Daoine nádúrtha”:

    (1)

    “Mevlüt Kar (ailias (a) Mevluet Kar, (b) Abu Obaidah, (c) Obeidah Al Turki, (d) Al-Turki, (e) Al Turki Kyosev, (f) Yanal Yusov, (g) Abu Udejf el-Turki, (h) Abu Obejd el-Turki, (i) Abdurrahman Almanci). Dáta breithe: 25.12.1978. Áit bhreithe: Ludwigshafen, an Ghearmáin. Náisiúntacht: Turcach. Uimhir phas: TR-M842033 Pas Turcach a d’eisigh Ard-Chonsalacht na Tuirce in Mainz, an Ghearmáin, an 2 Bealtaine 2002, agus a chuaigh as feidhm an 24 Iúil 2007). Faisnéis eile: (a) Seoladh roimhe seo (Lúnasa 2009): Güngören Merkez Mahallesi Toros Sokak 6/5, Iostanbúl, an Tuirc; (b) Bainteach leis an nGrúpa Jiohád Ioslamaigh. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 25.1.2012.”

    (2)

    “Denis Mamadou Gerhard Cuspert (ailias Abu Talha al-Almani). Dáta breithe: 18.10.1975. Áit bhreithe: Beirlín, an Ghearmáin. Náisiúntacht: Gearmánach. Uimh. aitheantais náisiúnta: 2550439611 (uimhir aitheantais náisiúnta Ghearmánaigh, eisithe i gceantar Friedrichshain-Kreuzberg Bheirlín, an Ghearmáin, an 22.4.2010, as feidhm an 21.4.2020). Seoladh: Karl-Marx-Str. 210, 12055 Beirlín, an Ghearmáin. Faisnéis eile: (a) Tuairisc ar a chuma fhisiceach: dath na súl: donn; dath gruaige: dubh; airde: 178cm. Tatúnna: BROKEN DREAMS i litreacha (ar a dhroim) agus tírdhreach na hAfraice (ar uachtar na láimhe deise); (b) Ainm an athar: Richard Luc-Giffard; (c) Ainm na máthar: Sigrid Cuspert; (d) Lonnaithe i gceantar na Siria/na Tuirce (an cás mar a bhí i mí Eanáir 2015). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2a(4)(b): 10.2.2015.”

    (3)

    “Nayef Salam Muhammad Ujaym Al-Hababi (ailias (a) Nayf Salam Muhammad Ujaym al-Hababi, (b) Faruq al-Qahtani, (c) Faruq al-Qatari, (d) Farouq al-Qahtani al Qatari, (e) Sheikh Farooq al-Qahtani, (f) Shaykh Imran Farouk, (g) Sheikh Faroq al-Qatari). Dáta breithe: (a) 1981, (b) Thart ar 1980. Áit bhreithe: an Araib Shádach. Náisiúntacht: (a) an Araib Shádach, (b) Catar. Uimhir phas: 592667 (pas Catarach a eisíodh an 3 Bealtaine 2007). Seoladh: an Afganastáin (ó 2009). Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 28.3.2016.”

    (4)

    “Turki Mubarak Abdullah Ahmad Al-Binali (ailias (a) Turki Mubarak Abdullah Al Binali, (b) Turki Mubarak al-Binali (c) Turki al-Benali, (d) Turki al-Binali, (e) Abu Human Bakr ibn Abd al-Aziz al-Athari, (f) Abu Bakr al-Athari, (g) Abu Hazm al-Salafi (h) Abu Hudhayfa al-Bahrayni, (i) Abu Khuzayma al-Mudari, (j) Abu Sufyan al-Sulami, (k) Abu Dergham, (l) Abu Human al-Athari). Dáta breithe: 3.9.1984. Áit bhreithe: Al Muharraq, Bairéin. Náisiúntacht: Bairéanach (rinneadh cúlghairm ar a shaoránacht i mí Eanáir 2015). Uimhir phas: (a) 2231616 Pas Bairéanach a eisíodh an 2.1.2013 agus a rachaidh as feidhm 2.1.2023, (b) 1272611 Pas Bairéanach roimhe sin, a eisíodh an 1.4.2003, (c) 840901356 Uimhir aitheantais náisiúnta. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 20.4.2016.”

    (5)

    “Tuah Febriwansyah (ailias (a) Tuah Febriwansyah bin Arif Hasrudin, (b) Tuwah Febriwansah (c) Muhammad Fachri (d) Muhammad Fachria (e) Muhammad Fachry). Dáta breithe: 18.2.1968. Áit bhreithe: Iacárta, an Indinéis. Náisiúntacht: an Indinéis. Seoladh: Jalan Baru LUK, No 1, RT 05/07, Kelurahan Bhakti Jaya, Focheantar Setu, Ceantar Pamulang, Tangerang Selatan, Cúige Banten, an Indinéis. Cárta Aitheantais Náisiúnta Indinéiseach uimh. 09.5004.180268.0074. Dáta an ainmniúcháin dá dtagraítear in Airteagal 7d(2)(i): 20.4.2016.”


    Top