Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2384

Cinneadh (AE) 2022/2384 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir leis an modhnú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar Sceideal an Aontais de Cheangaltais Shonracha faoin gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) a fhormheas chun Iarscríbhinn 1 den Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí a ionchorprú

ST/9982/2022/INIT

IO L 315, 7.12.2022, pp. 71–86 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2384/oj

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/71


CINNEADH (AE) 2022/2384 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2022

maidir leis an modhnú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ar Sceideal an Aontais de Cheangaltais Shonracha faoin gComhaontú Ginearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (GATS) a fhormheas chun Iarscríbhinn 1 den Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí a ionchorprú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 91, 100(2) agus 207(4), an chéad fho-mhír i gcomhar le hAirteagal 218(6)(a)(v) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ag an 11ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT), d’eisigh grúpa de 59 gComhalta EDT, lena n-áirítear an tAontas, Ráiteas Comhpháirteach Aireachta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí lenar sheol siad tionscnamh iltaobhach chun caibidlíocht a dhéanamh ar dhisciplíní ar rialáil intíre seirbhísí.

(2)

Rinne an Coimisiún caibidlíocht i gcomhairle leis an gCoiste arna bhunú faoi Airteagal 207(3) den Chonradh. Mhéadaigh líon na rannpháirtithe sa Tionscnamh Comhráiteas iltaobhach sin go 67 gComhalta EDT le himeacht aimsire.

(3)

An 2 Nollaig 2021, d’eisigh na rannpháirtithe sa chaibidlíocht sin Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí (“an Dearbhú”), lenar fógraíodh gur tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil. Thug na rannpháirtithe dá n-aire gur tugadh an chaibidlíocht i gcrích maidir leis an bPáipéar Tagartha maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí, a leagtar amach in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú. Ba dhíol sásaimh dóibh freisin Sceidil GATS de Cheangaltais Shonracha a thíolaic Comhaltaí EDT mar rannchuidiú uathu chun bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht agus a bhí ag gabháil leis an Dearbhú mar Iarscríbhinn 2.

(4)

Tá sé beartaithe ag rannpháirtithe an Dearbhaithe na disciplíní a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú a ionchorprú mar cheangaltais bhreise ina Sceidil GATS de Cheangaltais Shonracha, i gcomhréir le Roinn 1 den Iarscríbhinn sin. I gcomhréir le mír 5 den Dearbhú, tá sé d’aidhm ag na rannpháirtithe a Sceidil GATS de Cheangaltais Shonracha a chur isteach lena ndeimhniú, de bhun na Nósanna Imeachta maidir le Deimhniúchán Ceartúcháin nó Feabhsúcháin a ghabhann le Sceidil de Cheangaltais Shonracha, laistigh de 12 mhí ó dháta an Dearbhaithe, faoi réir aon nós imeachta intíre is gá a chur i gcrích.

(5)

I gcomhréir leis an Dearbhú, ba cheart don Aontas na modhnuithe is gá ar Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha a chur faoi bhráid EDT, mar a leagtar amach i Sceideal Réamh Chríochnaithe an Aontais de Cheangaltais Shonracha,

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, ionchorprú na ndisciplíní a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú mar cheangaltais bhreise i Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha a fhormheas thar ceann an Aontais.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar ionchorprú na ndisciplíní a shonraítear in Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an Dearbhú maidir le tabhairt i gcrích na Caibidlíochta maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí i Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha a fhormheas thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Cuirtear téacs an Dearbhaithe agus Sceideal Réamh-Chríochnaithe an Aontais de Cheangaltais Shonracha i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Leis seo, údaraítear don Choimisiún a chur faoi bhráid EDT na modhnuithe is gá ar Sceideal GATS an Aontais de Cheangaltais Shonracha, mar atá leagtha amach i Sceideal Réamh-Chríochnaithe an Aontais de Cheangaltais Shonracha.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Toiliú an 10 Samhain 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).


WT/L/1129 an 2 Nollaig 2021

DEARBHÚ MAIDIR LE TABHAIRT I gCRÍCH NA CAIBIDLÍOCHTA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

Tá an dearbhú seo á eisiúint arna iarraidh sin don Albáin; an Airgintín; an Astráil; Bairéin, Ríocht Bhairéin; an Bhrasaíl; Ceanada; an tSile; an tSín; an Cholóim; Cósta Ríce; an tSalvadóir; an tAontas Eorpach; Hong Cong na Síne; an Íoslainn; Iosrael; an tSeapáin; an Chasacstáin; an Chóiré, Poblacht na Cóiré; Lichtinstéin; Oileán Mhuirís; Meicsiceo; an Mholdóiv, Poblacht na Moldóive; Montainéagró; an Nua-Shéalainn; an Nigéir; an Mhacadóin Thuaidh; an Iorua; Paragua; Peiriú; na hOileáin Fhilipíneacha; an Rúis, Cónaidhm na Rúise; an Araib Shádach, Ríocht na hAraibe Sádaí; Singeapór; an Eilvéis; Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu; an Téalainn; an Tuirc; an Úcráin; an Ríocht Aontaithe; na Stáit Aontaithe; Uragua.

1.

Tá na Comhaltaí seo a leanas den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”)

 

An Albáin

 

An Airgintín

 

An Astráil

 

Ríocht Bhairéin

 

An Bhrasaíl

 

Ceanada

 

An tSile

 

An tSín

 

An Cholóim

 

Cósta Ríce

 

An tSalvadóir

 

An tAontas Eorpach

 

Hong Cong, an tSín

 

An Íoslainn

 

Iosrael

 

An tSeapáin

 

An Chasacstáin

 

An Chóiré, Poblacht na Cóiré

 

Lichtinstéin

 

Oileán Mhuirís

 

Meicsiceo

 

An Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)

 

Montainéagró

 

An Nua-Shéalainn

 

An Nigéir

 

An Mhacadóin Thuaidh

 

An Iorua

 

Paragua

 

Peiriú

 

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

Cónaidhm na Rúise

 

An Araib Shádach, Ríocht na hAraibe Sádaí

 

Singeapór

 

An Eilvéis

 

Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu

 

An Téalainn

 

An Tuirc

 

An Úcráin

 

An Ríocht Aontaithe

 

Stáit Aontaithe Mheiriceá

 

Uragua

dá ngairtear na “Rannpháirtithe” anseo feasta,

 

ag leanúint den ghealltanas a fógraíodh an 13 Nollaig 2017 ag an 11ú Seisiún de Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (WT/MIN(17)/61), agus a athdhearbhaíodh an 23 Bealtaine 2019 (WT/L/1059), agus ag leanúint de thábhacht an dea-chleachtais rialála a aithint maidir le héascú na trádála i seirbhísí,

 

á fhógairt leis seo gur tugadh i gcrích go rathúil an chaibidlíocht faoin Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí.

2.

Tugann na Rannpháirtithe dá n-aire tabhairt i gcrích na caibidlíochta faoin bPáipéar Tagartha maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí (INF/SDR/2, an 26 Samhain 2021, Iarscríbhinn 1).

3.

Is díol sásaimh do na Rannpháirtithe na Sceidil Gealltanas Sonrach (INF/SDR/3/Rev.1, an 2 Nollaig 2021, Iarscríbhinn 2) a cuireadh isteach mar aighneachtaí uathu chun an chaibidlíocht a chríochnú.

4.

Tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.

5.

Faoi réir críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear, tá sé d’aidhm ag na Rannpháirtithe a gcuid Sceideal Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú, i gcomhréir leis na Nósanna Imeachta um Dheimhniú Ceartúcháin nó Feabhsuithe ar Sceidil Gealltanas Sonrach (S/L/84, an 14 Aibreán 2000), laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an Dearbhaithe seo.

6.

Laistigh de shé mhí ó dháta an Dearbhaithe seo, tá sé beartaithe ag na Rannpháirtithe teacht le chéile chun eolas a thabhairt faoin dul chun cinn atá déanta acu maidir le críochnú aon nós imeachta intíre a cheanglaítear agus chun measúnú a dhéanamh an féidir a Sceidil Gealltanas Sonrach a chur isteach lena ndeimhniú níos luaithe ná an tréimhse ama a shonraítear i mír 5.

7.

Fáiltíonn na Rannpháirtithe roimh aon Chomhalta eile de EDT a aontóidh leis an dearbhú seo d’fhonn na disciplíní a ionchorprú sa Pháipéar Tagartha mar ghealltanais bhreise ina Sceidil GATS, i gcomhréir le Roinn I den Pháipéar Tagartha.

IARSCRÍBHINN 1

INF/SDR/2 an 26 Samhain 2021

TIONSCNAMH COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

PÁIPÉAR TAGARTHA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

ROINN I

1.

Tá na Comhaltaí tar éis teacht ar chomhaontú faoi na disciplíní maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí sa Pháipéar Tagartha seo (“disciplíní”) chun forbairt a dhéanamh ar fhorálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta maidir le Trádáil Seirbhísí (“Comhaontú”), de bhun mhír 4 d’Airteagal VI den Chomhaontú (1).

2.

Aithníonn na Comhaltaí na deacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag soláthróirí seirbhíse, go háirithe ag soláthróirí i gComhaltaí ar tíortha atá i mbéal forbartha iad, chun na bearta a chomhlíonadh a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta ceadúnúcháin, ceanglais agus nósanna imeachta um cháilíochtaí, agus caighdeáin theicniúla na gComhaltaí eile agus go háirithe, na deacrachtaí sonracha a d’fhéadfadh a bheith ag soláthróirí seirbhíse ó na Comhaltaí arb iad na tíortha is lú forbairt iad.

3.

Aithníonn na Comhaltaí an ceart chun rialáil a dhéanamh, agus chun rialacháin nua a thabhairt isteach, maidir le soláthar seirbhísí laistigh dá gcríocha chun a gcuspóirí beartais a bhaint amach.

4.

Thairis sin, aithníonn na Comhaltaí go bhfuil neamhshiméadrachtaí ann maidir lena fhorbartha atá na rialacháin seirbhísí ó thír go chéile, go háirithe i gcás na gComhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha nó tíortha is lú forbairt iad.

5.

Ní fhorléireofar go ndéanann na disciplíní aon fhoráil rialála ar leith a fhorordú ná a fhorchur maidir lena gcur chun feidhme.

6.

Ní fhorléireofar go ndéanann na disciplíní laghdú ar aon oibleagáidí atá ar na Comhaltaí faoin gComhaontú.

Cumhdach Earnála agus Módúlachtaí Sceidealta

7.

Cuirfidh na Comhaltaí na disciplíní in Roinn II isteach ina Sceidil mar ghealltanais bhreise faoi Airteagal XVIII den Chomhaontú. Féadfaidh na Comhaltaí a roghnú na disciplíní malartacha i Roinn III a chur isteach i gcás a ngealltanas maidir le seirbhísí airgeadais.

8.

Beidh feidhm ag na disciplíní arna gcur isteach de bhun mhír 7 den Roinn seo i gcás ina ndéantar gealltanais shonracha a ghlacadh. Ina theannta sin, spreagtar na Comhaltaí le hearnálacha breise, ar earnálacha iad a bhfuil feidhm ag na disciplíní maidir leo, a chur isteach ina Sceidil.

9.

Féadfaidh na Comhaltaí an disciplín a leagtar amach i mír 22 (d) de Roinn II agus i mír 19 (d) de Roinn III a eisiamh ó na gealltanais bhreise a sceidealaítear faoi mhír 7 den roinn seo.

Forbairt

Idirthréimhsí le haghaidh na gComhaltaí ar Tíortha i mBéal Forbartha iad

10.

Féadfaidh Comhalta ar tír i mbéal forbartha é disciplíní sonracha a ainmniú lena gcur chun feidhme ar dháta tar éis idirthréimhse nach faide ná 7 bliana tar éis theacht i bhfeidhm na ndisciplíní sin. Féadfar raon feidhme an ainmniúcháin a theorannú le nach gcuimseoidh sé ach earnálacha nó fo-earnálacha seirbhísí ar leith. Déanfar na hidirthréimhsí a chur isteach sna Sceidil gealltanas sonrach faoi seach. An Comhalta ar tír i mbéal forbartha é agus a bhfuil síneadh idirthréimhse de dhíth air le haghaidh an chur chun feidhme, déanfaidh sé iarraidh a chur isteach i gcomhréir leis na nósanna imeachta ábhartha (2). Tabharfaidh na Comhaltaí breithniú comhbhách do dheonú iarrataí den sórt sin, agus cúinsí sonracha an Chomhalta a chuir an iarraidh isteach á gcur san áireamh.

Rannpháirtíocht na gComhaltaí ar Tíortha is lú Forbairt iad

11.

Déanfaidh na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad na disciplíní de bhun mhír 7 den Roinn seo a chur isteach ina Sceidil Gealltanas Sonrach, tráth nach déanaí ná sé mhí sula rachaidh siad ar aghaidh ón stádas “tír is lú forbairt”. Féadfaidh na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad, ag an am sin, idirthréimhsí a ainmniú de bhun mhír 10 den Roinn seo. Mar sin féin, spreagtar na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad leis na disciplíní sin a chur i bhfeidhm sula rachaidh siad ar aghaidh, a mhéid atá i gcomhréir lena n-acmhainn cur chun feidhme féin.

Cúnamh Teicniúil agus Fothú Cumais

12.

Spreagtar na Comhaltaí ar tíortha forbartha iad agus na Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad, ach ar acmhainn dóibh é, le cúnamh teicniúil sonrach agus fothú cumais a chur ar fáil do Chomhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe do na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad, arna iarraidh sin dóibh agus ar théarmaí agus ar choinníollacha a chomhaontófar go frithpháirteach agus a bheidh dírithe, inter alia, ar na nithe seo a leanas:

(a)

cumais institiúideacha agus rialála a fhorbairt agus a neartú chun soláthar seirbhísí a rialáil agus chun na disciplíní sin a chur chun feidhme, go háirithe forálacha agus earnálacha a bhfuil feidhm ag idirthréimhsí maidir leo;

(b)

cúnamh a thabhairt do sholáthróirí seirbhísí i gComhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe sna Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad chun na ceanglais agus na nósanna imeachta ábhartha i margaí onnmhairiúcháin a chomhlíonadh;

(c)

bunú caighdeán teicniúil a éascú agus rannpháirtíocht sna heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha a éascú do na Comhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe do na Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad a bhfuil srianta acmhainní orthu; agus

(d)

cúnamh a thabhairt, trí chomhlachtaí poiblí nó príobháideacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, do sholáthróirí seirbhísí i gComhaltaí ar tíortha i mbéal forbartha iad agus go háirithe sna Comhaltaí ar tíortha is lú forbairt iad chun a gcumas soláthair a fhorbairt agus chun an rialáil intíre a chomhlíonadh.

ROINN II – DISCIPLÍNÍ MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ

Raon feidhme na nDisciplíní

1.

Tá feidhm ag na disciplíní seo maidir le bearta de chuid na gComhaltaí a bhaineann le ceanglais agus nósanna imeachta ceadúnúcháin, le ceanglais agus nósanna imeachta um cháilíochtaí, agus le caighdeáin theicniúla a imríonn tionchar ar an trádáil i seirbhísí.

2.

Ní bhaineann na disciplíní seo le haon téarmaí, teorainneacha, coinníollacha ná cáilíochtaí atá leagtha amach i Sceideal Comhalta de bhun Airteagail XVI nó XVII den Chomhaontú.

3.

Chun críche na ndisciplíní seo, ciallaíonn “údarú” an cead seirbhís a sholáthar ar toradh é ar nós imeachta nach mór don iarratasóir cloí leis chun a léiriú go gcomhlíonann sé na ceanglais cheadúnúcháin, na ceanglais um cháilíochtaí, nó na caighdeáin theicniúla.

Iarratais a Chur Isteach

4.

Seachnóidh gach Comhalta, a mhéid is indéanta, a cheangal ar iarratasóir dul i dteagmháil le níos mó ná údarás inniúil amháin i dtaca le gach iarratas ar údarú. I gcás ina bhfuil seirbhís laistigh de dhlínse údarás inniúil iomadúil, is féidir go dteastóidh iarratais iomadúla ar údarú.

Cláir Ama le haghaidh Iarratas

5.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé go gceadóidh a údaráis inniúla, a mhéid is indéanta, go gcuirfear iarratas isteach aon tráth de bhliain (3). Más ann do thréimhse shonrach ama chun iarratas a dhéanamh ar údarú, cinnteoidh an Comhalta go gceadóidh na húdaráis inniúla tréimhse réasúnach ama chun iarratas a chur isteach.

Iarratais Leictreonacha agus Glacadh le Cóipeanna

6.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

agus na tosaíochtaí iomaíocha atá acu agus na srianta acmhainní atá orthu á gcur san áireamh, go ndéanfaidh siad a ndícheall glacadh le hiarratais i bhformáid leictreonach; agus

(b)

glacadh le cóipeanna de dhoiciméid, atá fíordheimhnithe de réir dhlí agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, in ionad doiciméad bunaidh, mura rud é go n-éilíonn na húdaráis inniúla doiciméid bhunaidh chun sláine an phróisis údarúcháin a chosaint.

Iarratais a Phróiseáil

7.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

a mhéid is indéanta, clár ama táscach a chur ar fáil le haghaidh iarratas a phróiseáil;

(b)

arna iarraidh sin don iarratasóir, faisnéis maidir le stádas an iarratais a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(c)

a mhéid is indéanta, iomláine iarratais ar phróiseáil faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta a fhionnadh gan moill mhíchuí;

(d)

má mheasann siad go bhfuil iarratas iomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta (4), laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

go ndéanfar próiseáil an iarratais a chur i gcrích; agus

(ii)

go gcuirfear an cinneadh maidir leis an iarratas in iúl don iarratasóir (5), a mhéid is indéanta i scríbhinn (6);

(e)

má mheasann siad go bhfuil iarratas neamhiomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, a mhéid is indéanta, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

a chur in iúl don iarratasóir go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán;

(ii)

arna iarraidh sin don iarratasóir, sainaithint a dhéanamh ar an bhfaisnéis bhreise is gá chun an t-iarratas a chomhlánú nó, seachas sin, treoir a thabhairt maidir leis an gcúis a meastar an t-iarratas a bheith neamhiomlán; agus

(iii)

deis a thabhairt don iarratasóir (7) an fhaisnéis bhreise a sholáthar chun an t-iarratas a chomhlánú;

mura bhfuil aon cheann de na nithe thuas indéanta, áfach, agus má dhiúltaítear don iarratas mar gheall ar é bheith neamhiomlán, a áirithiú go gcuireann siad an t-iarratasóir ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta ama; agus

(f)

má dhiúltaítear d’iarratas, a mhéid is féidir, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi chúiseanna an diúltaithe agus, más infheidhme, faoi na nósanna imeachta chun iarratas a chur isteach an athuair; níor cheart cosc a chur ar iarratasóir iarratas eile a chur isteach (8) ar an mbonn gur diúltaíodh iarratais roimhe sin agus ar an mbonn sin amháin.

8.

Áiritheoidh údaráis inniúla an Chomhalta go dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm, a luaithe a dheonófar é, gan moill mhíchuí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is infheidhme (9).

Táillí

9.

Áiritheoidh gach Comhalta gur réasúnta agus trédhearcach iad na táillí údarúcháin (10) a ghearrfaidh a údaráis inniúla, go bhfuil siad bunaithe ar údarás atá leagtha amach i mbeart agus nach gcuirfidh siad srian iontu féin ar sholáthar na seirbhíse ábhartha.

Measúnú ar Cháilíochtaí

10.

Má éilíonn Comhalta scrúdú chun údarú le seirbhís a sholáthar a fháil, áiritheoidh an Comhalta sin go ndéanfaidh a údaráis inniúla scrúdú den sórt sin a sceidealú ag eatraimh réasúnta minice agus soláthróidh sé tréimhse réasúnach ama chun gur féidir le hiarratasóirí a iarraidh an scrúdú a dhéanamh. Ag féachaint do chostas, d’ualach riaracháin agus do shláine na nósanna imeachta lena mbaineann, moltar do na Chomhaltaí glacadh le hiarrataí i bhformáid leictreonach chun scrúduithe den sórt sin a dhéanamh, agus féachaint, a mhéid is indéanta, le modhanna leictreonacha a úsáid i ngnéithe eile de na próisis scrúdúcháin.

Aitheantas

11.

I gcás ina bhfuil suim ag comhlachtaí gairmiúla na gComhaltaí idirphlé a bhunú maidir le saincheisteanna a bhaineann le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, le ceadúnú nó le clárú, ba cheart do na Comhaltaí ábhartha féachaint le tacú le hidirphlé na gcomhlachtaí sin i gcás ina n-iarrtar sin agus inarb iomchuí.

Neamhspleáchas

12.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta go ndéanfaidh a údaráis inniúla a gcuid cinntí agus go riarfaidh siad a gcinntí ar bhealach atá neamhspleách ar aon soláthróir seirbhíse a bhfuil údarú ag teastáil ina leith (11).

Foilsiú agus Faisnéis atá ar fáil

13.

Má éilíonn Comhalta údarú le seirbhís a sholáthar, de bhun Airteagal III den Chomhaontú, foilseoidh an Comhalta go pras, sin nó cuirfidh sé ar fáil go poiblí i scríbhinn (12), an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthróirí seirbhíse nó daoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar chun na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir leis an údarú sin a fháil, a choinneáil ar bun, a leasú agus a athnuachan. Áireofar ar an bhfaisnéis sin, inter alia, a mhéid is ann di:

(a)

na ceanglais agus na nósanna imeachta;

(b)

sonraí teagmhála na n-údaráis inniúla ábhartha;

(c)

táillí;

(d)

caighdeáin theicniúla;

(e)

nósanna imeachta um achomharc nó athbhreithniú ar chinntí a bhaineann le hiarratais;

(f)

nósanna imeachta um fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh téarmaí agus coinníollacha na gceadúnas nó na gcáilíochtaí;

(g)

deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail, amhail trí éisteachtaí nó tuairimí a thabhairt; agus

(h)

cláir ama tháscacha le haghaidh iarratas a phróiseáil.

Deis Barúlacha a thabhairt agus Faisnéis roimh Theacht i bhFeidhm

14.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, foilseoidh gach Comhalta (13) an méid seo a leanas roimh ré:

(a)

a dhlíthe agus a rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, dlíthe agus rialacháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1 den Roinn seo; nó

(b)

doiciméid inar leor na sonraí a thugtar maidir le dlí nó rialachán féideartha nua den sórt sin, chun deis a thabhairt do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a mheas an bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dá leasanna agus conas a dhéanfaí difear suntasach dóibh.

15.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar do gach Comhalta mír 14 den Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta agus rialuithe riaracháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, nósanna imeachta agus rialacha riaracháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1 den Roinn seo.

16.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, tabharfaidh gach Comhalta deis réasúnach do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a barúlacha thabhairt maidir leis na bearta nó na doiciméid sin atá beartaithe a fhoilseofar faoi mhír 14 nó faoi mhír 15 den Roinn seo.

17.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, breithneoidh gach Comhalta na barúlacha a fuarthas faoi mhír 16 den Roinn seo (14).

18.

Agus dlí nó rialachán dá dtagraítear i mír 14 (a) den Roinn seo á fhoilsiú aige, nó roimh an bhfoilsiú sin, a mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar don Chomhalta cuspóir agus réasúnaíocht an dlí nó an rialacháin a mhíniú.

19.

Déanfaidh gach Comhalta, a mhéid is indéanta, iarracht tréimhse réasúnach a thabhairt idir foilsiú théacs dlí nó téacs rialacháin dá dtagraítear i mír 14 (a) den Roinn seo agus an dáta nach mór do sholáthróirí seirbhíse an dlí nó an rialachán a chomhlíonadh.

Pointí Fiosrúcháin

20.

Déanfaidh gach Comhalta sásraí iomchuí a choinneáil ar bun nó a bhunú chun freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ó sholáthróirí seirbhíse nó ó dhaoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Roinn seo (15). Féadfaidh Comhalta a roghnú aghaidh a thabhairt ar na fiosrúcháin sin trí na pointí fiosrúcháin agus teagmhála arna mbunú faoi Airteagail III agus IV den Chomhaontú nó trí aon sásra eile de réir mar is iomchuí.

Caighdeáin Theicniúla

21.

Molfaidh gach Comhalta dá n-údaráis inniúla, agus caighdeáin theicniúla á nglacadh aige, caighdeáin theicniúla a ghlacadh arna bhforbairt trí phróisis oscailte thrédhearcacha, agus molfaidh sé d’aon chomhlacht atá ainmnithe chun caighdeáin theicniúla a fhorbairt, lena n-áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha (16), é sin a dhéanamh trí phróisis oscailte thrédhearcacha.

Forbairt na mBeart

22.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta:

(a)

go bhfuil na bearta sin bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus trédhearcach (17);

(b)

go bhfuil na nósanna imeachta neamhchlaonta, agus go bhfuil na nósanna imeachta leordhóthanach chun a léiriú an gcomhlíonann siad na ceanglais, más ann do cheanglais den sórt sin;

(c)

nach gcuireann na nósanna imeachta iontu féin cosc dochosanta ar chomhlíonadh na gceanglas; agus

(d)

nach ndéanann bearta den sórt sin idirdhealú idir fir agus mná (18).

ROINN III – DISCIPLÍNÍ MALARTACHA MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ LE hAGHAIDH SEIRBHÍSÍ AIRGEADAIS

Raon Feidhme

1.

Bearta a dhéanann Comhaltaí um cheanglais agus nósanna imeachta ceadúnúcháin, agus um cheanglais agus nósanna imeachta cáiliúcháin a dhéanann difear do thrádáil i seirbhísí airgeadais, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn GATS maidir le Seirbhísí Airgeadais, tá feidhm ag na disciplíní seo maidir leis na bearta sin.

2.

Ní bhaineann na disciplíní seo le haon téarmaí, teorainneacha, coinníollacha ná cáilíochtaí atá leagtha amach i Sceideal Comhalta de bhun Airteagail XVI nó XVII den Chomhaontú.

3.

Chun críoch na ndisciplíní seo, ciallaíonn “údarú” an cead chun seirbhís a sholáthar, ar toradh é ar nós imeachta nach mór d’iarratasóir cloí leis chun a thaispeáint go gcomhlíontar ceanglais cheadúnúcháin, nó ceanglais cháiliúcháin.

Cláir Ama le haghaidh Iarratas

4.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé go gceadóidh a údaráis inniúla, a mhéid is indéanta, go gcuirfear iarratas isteach aon tráth de bhliain (19). Más ann do thréimhse shonrach ama chun iarratas a dhéanamh ar údarú, cinnteoidh an Comhalta go gceadóidh na húdaráis inniúla tréimhse réasúnach ama chun iarratas a chur isteach.

Iarratais Leictreonacha agus Glacadh le Cóipeanna

5.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

agus na tosaíochtaí iomaíocha atá acu agus na srianta acmhainní atá orthu á gcur san áireamh, go ndéanfaidh siad a ndícheall glacadh le hiarratais i bhformáid leictreonach; agus

(b)

glacadh le cóipeanna de dhoiciméid, atá fíordheimhnithe de réir dhlí agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, in ionad doiciméad bunaidh, mura rud é go n-éilíonn na húdaráis inniúla doiciméid bhunaidh chun sláine an phróisis údarúcháin a chosaint.

Iarratais a Phróiseáil

6.

Má dhéanann Comhalta é a cheangal gur gá údarú chun seirbhís a sholáthar, áiritheoidh sé maidir lena údaráis inniúla:

(a)

a mhéid is indéanta, clár ama táscach a chur ar fáil le haghaidh iarratas a phróiseáil;

(b)

arna iarraidh sin don iarratasóir, faisnéis maidir le stádas an iarratais a chur ar fáil gan moill mhíchuí;

(c)

a mhéid is indéanta, iomláine iarratais ar phróiseáil faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta a fhionnadh gan moill mhíchuí;

(d)

má mheasann siad go bhfuil iarratas iomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta (20), laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

go ndéanfar próiseáil an iarratais a chur i gcrích; agus

(ii)

go gcuirfear an cinneadh maidir leis an iarratas in iúl don iarratasóir (21), a mhéid is indéanta i scríbhinn (22);

(e)

má mheasann siad go bhfuil iarratas neamhiomlán le haghaidh próiseála faoi dhlíthe agus rialacháin náisiúnta an Chomhalta, a mhéid is indéanta, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis an t-iarratas a chur isteach, áiritheoidh siad:

(i)

a chur in iúl don iarratasóir go bhfuil an t-iarratas neamhiomlán;

(ii)

arna iarraidh sin don iarratasóir, sainaithint a dhéanamh ar an bhfaisnéis bhreise is gá chun an t-iarratas a chomhlánú nó, seachas sin, treoir a thabhairt maidir leis an gcúis a meastar an t-iarratas a bheith neamhiomlán; agus

(iii)

deis a thabhairt don iarratasóir (23) an fhaisnéis bhreise a sholáthar chun an t-iarratas a chomhlánú;

mura bhfuil aon cheann de na nithe thuas indéanta, áfach, agus má dhiúltaítear don iarratas mar gheall ar é bheith neamhiomlán, a áirithiú go gcuireann siad an t-iarratasóir ar an eolas laistigh de thréimhse réasúnta ama; agus

(f)

má dhiúltaítear d’iarratas, a mhéid is indéanta, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin don iarratasóir, cuirfidh siad an t-iarratasóir ar an eolas faoi chúiseanna an diúltaithe agus, más infheidhme, faoi na nósanna imeachta chun iarratas a chur isteach an athuair; níor cheart cosc a chur ar iarratasóir iarratas eile (24) a chur isteach ar an mbonn gur diúltaíodh d’iarratas roimhe sin agus ar an mbonn sin amháin.

7.

Áiritheoidh údaráis inniúla an Chomhalta go dtiocfaidh an t-údarú i bhfeidhm, a luaithe a dheonófar é, gan moill mhíchuí, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha is infheidhme (25).

Táillí

8.

Áiritheoidh gach Comhalta go ndéanfaidh a údaráis inniúla, maidir leis na táillí údarúcháin (26) a ghearrann siad, sceideal táillí nó faisnéis a chur ar fáil d’iarratasóirí maidir leis an gcaoi a gcinntear méideanna na dtáillí.

Measúnú ar Cháilíochtaí

9.

Má éilíonn Comhalta scrúdú chun údarú le seirbhís a sholáthar a fháil, áiritheoidh an Comhalta sin go ndéanfaidh a údaráis inniúla scrúdú den sórt sin a sceidealú ag eatraimh réasúnta minice agus soláthróidh sé tréimhse réasúnach ama chun gur féidir le hiarratasóirí a iarraidh an scrúdú a dhéanamh. Ag féachaint do chostas, d’ualach riaracháin agus do shláine na nósanna imeachta lena mbaineann, moltar do na Chomhaltaí glacadh le hiarrataí i bhformáid leictreonach chun scrúduithe den sórt sin a dhéanamh, agus féachaint, a mhéid is indéanta, le modhanna leictreonacha a úsáid i ngnéithe eile de na próisis scrúdúcháin.

Neamhspleáchas

10.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta go ndéanfaidh a údaráis inniúla a gcuid cinntí agus go riarfaidh siad a gcinntí ar bhealach atá neamhspleách ar aon soláthróir seirbhíse a bhfuil údarú ag teastáil ina leith (27).

Foilsiú agus Faisnéis atá ar fáil

11.

Má éilíonn Comhalta údarú le seirbhís a sholáthar, de bhun Airteagal III den Chomhaontú agus mhíreanna 6 agus 8 den Roinn seo, foilseoidh an Comhalta go pras, sin nó cuirfidh sé ar fáil go poiblí i scríbhinn (28), an fhaisnéis is gá le haghaidh soláthróirí seirbhíse nó daoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar chun na ceanglais agus na nósanna imeachta maidir leis an údarú sin a fháil, a choinneáil ar bun, a leasú agus a athnuachan. Áireofar ar an bhfaisnéis sin, inter alia, a mhéid is ann di:

(a)

na ceanglais agus na nósanna imeachta;

(b)

sonraí teagmhála na n-údaráis inniúla ábhartha;

(c)

nósanna imeachta um achomharc nó athbhreithniú ar chinntí a bhaineann le hiarratais;

(d)

nósanna imeachta um fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh téarmaí agus coinníollacha na gceadúnas nó na gcáilíochtaí; agus

(e)

deiseanna le haghaidh rannpháirtíocht an phobail, amhail trí éisteachtaí nó tuairimí a thabhairt.

Deis Barúlacha a thabhairt agus Faisnéis roimh Theacht i bhFeidhm

12.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, foilseoidh gach Comhalta (29) an méid seo a leanas roimh ré:

(a)

a dhlíthe agus a rialacháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, dlíthe agus rialacháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1 den Roinn seo; nó

(b)

doiciméid inar leor na sonraí a thugtar maidir le dlí nó rialachán féideartha nua den sórt sin, chun deis a thabhairt do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a mheas an bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh dá leasanna agus conas a dhéanfaí difear suntasach dóibh.

13.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar do gach Comhalta mír 12 den Roinn seo a chur i bhfeidhm maidir le nósanna imeachta agus rialuithe riaracháin a bhfuil feidhm ghinearálta acu, nósanna imeachta agus rialacha riaracháin a bheartaíonn sé a ghlacadh i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme mhír 1.

14.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, tabharfaidh gach Comhalta deis réasúnach do dhaoine leasmhara agus do Chomhaltaí eile a barúlacha thabhairt maidir leis na bearta nó na doiciméid sin atá beartaithe a fhoilseofar faoi mhír 12 nó faoi mhír 13 den Roinn seo.

15.

A mhéid is indéanta agus ar shlí atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, breithneoidh gach Comhalta na barúlacha a fuarthas faoi mhír 14 den Roinn seo (30).

16.

Agus dlí nó rialachán dá dtagraítear i mír 12 (a) den Roinn seo á fhoilsiú aige, nó roimh an bhfoilsiú sin, a mhéid is indéanta agus ar bhealach atá i gcomhréir lena chóras dlí chun bearta a ghlacadh, moltar don Chomhalta cuspóir agus réasúnaíocht an dlí nó an rialacháin a mhíniú.

17.

Déanfaidh gach Comhalta, a mhéid is indéanta, iarracht tréimhse réasúnach a thabhairt idir foilsiú théacs dlí nó téacs rialacháin dá dtagraítear i mír 12 (a) den Roinn seo agus an dáta nach mór do sholáthróirí seirbhíse an dlí nó an rialachán a chomhlíonadh.

Pointí Fiosrúcháin

18.

Déanfaidh gach Comhalta sásraí iomchuí a choinneáil ar bun nó a bhunú chun freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin ó sholáthróirí seirbhíse nó ó dhaoine atá ag iarraidh seirbhís a sholáthar maidir leis na bearta dá dtagraítear i mír 1 den Roinn seo (31). Féadfaidh Comhalta a roghnú aghaidh a thabhairt ar na fiosrúcháin sin trí na pointí fiosrúcháin agus teagmhála arna mbunú faoi Airteagail III agus IV den Chomhaontú nó trí aon sásra eile de réir mar is iomchuí.

Forbairt na mBeart

19.

Má ghlacann nó má choinníonn Comhalta bearta a bhaineann leis an údarú le seirbhís a sholáthar, áiritheoidh an Comhalta:

(a)

go bhfuil na bearta sin bunaithe ar chritéir atá oibiachtúil agus trédhearcach (32);

(b)

go bhfuil na nósanna imeachta neamhchlaonta, agus go bhfuil na nósanna imeachta leordhóthanach chun a léiriú an gcomhlíonann siad na ceanglais, más ann do cheanglais den sórt sin;

(c)

nach gcuireann na nósanna imeachta iontu féin cosc dochosanta ar chomhlíonadh na gceanglas; agus

(d)

nach ndéanann bearta den sórt sin idirdhealú idir fir agus mná (33).


(1)  Aithníonn na Comhaltaí go bhféadfar disciplíní breise a fhorbairt de bhun mhír 4 d’Airteagal VI den Chomhaontú.

(2)  Áirítear ar na nósanna imeachta ábhartha iarrataí ar tharscaoileadh i gcomhréir le mír 3 (b) d’Airteagal IX de Chomhaontú Marrakech, nó agairt Airteagal XXI de GATS.

(3)  Ní cheanglaítear ar údaráis inniúla tosú ar iarratais a bhreithniú lasmuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla ná laethanta oibre.

(4)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go cuirfear gach faisnéis isteach i bhformáid shonraithe chun a mheas “go bhfuil sé iomlán chun críoch próiseála”.

(5)  Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas sin a chomhlíonadh trína chur in iúl roimh ré i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear trí bheart foilsithe, mura bhfaightear freagairt laistigh de thréimhse ama sonraithe ó dháta chur isteach an iarratais gur tásc é sin go bhfuil glactha leis an iarratas, sin nó gur diúltaíodh dó.

(6)  Féadfaidh “i bhfoirm leictreonach” a bheith i gceist le “i scríbhinn” freisin.

(7)  Ní rud é an deis sin a chuireann ceangal ar údarás inniúil síneadh a chur leis na sprioc-amanna.

(8)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athbhreithniú ar a bhfuil in iarratas den sórt sin.

(9)  Ní bheidh údaráis inniúla freagrach as moill de bharr cúiseanna nach dtagann faoina n-inniúlacht.

(10)  Ní áirítear le táillí údarúcháin táillí i gcomhair úsáid acmhainní nádúrtha, íocaíochtaí as ceant, tairiscintí ná modhanna neamh-idirdhealaitheacha eile chun lamháltais a dhámhachtain, ná ranníocaíochtaí sainordaithe chun seirbhís uilíoch a sholáthar.

(11)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní thugann an fhoráil seo sainordú do struchtúr riaracháin ar leith; tagraíonn sé don phróiseas cinnteoireachta agus do riaradh na gcinntí.

(12)  Chun críocha na ndisciplíní seo, ciallaíonn “foilsiú” rud a chur i bhfoilseachán oifigiúil, amhail iris oifigiúil, nó ar láithreán gréasáin oifigiúil. Moltar do na Comhaltaí foilseacháin leictreonacha a chomhdhlúthú in aon tairseach amháin.

(13)  Aithnítear i míreanna 14 go 17 den Roinn seo go bhfuil córais éagsúla ag na Comhaltaí chun dul i gcomhairle le daoine leasmhara agus le Comhaltaí eile maidir le bearta áirithe sula nglacfar iad, agus go léiríonn na roghanna malartacha atá leagtha amach i mír 14 den Roinn seo córais éagsúla dlí.

(14)  Ní dochar an fhoráil seo do chinneadh críochnaitheach Comhalta a ghlacann beart um údarú a thabhairt le seirbhís a sholáthar, nó a choinníonn an beart sin ar bun.

(15)  Tuigtear go bhféadfadh srianta acmhainní a bheith i gceist ó thaobh cinneadh á dhéanamh an bhfuil sásra iomchuí chun freagairt d’fhiosrúcháin.

(16)  Tagraíonn an téarma “eagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha”A do chomhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil a mballraíocht ar oscailt do chomhlachtaí ábhartha de chuid, ar a laghad, gach comhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

(17)  Féadfar a áireamh ar na critéir sin, inter alia, inniúlacht agus an cumas seirbhís a sholáthar, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar bhealach atá comhsheasmhach le ceanglais rialála Comhalta, amhail ceanglais sláinte agus chomhshaoil. Féadfaidh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an meáchan atá le tabhairt do gach critéar.

(18)  Ní mheasfar gur idirdhealú chun críocha na forála seo é cóir dhifreálach atá réasúnta agus oibiachtúil, agus é mar aidhm cuspóir dlisteanach a bhaint amach, mar aon le bearta speisialta sealadacha a bheith á nglacadh ag na Feisirí atá dírithe ar dhlús a chur le comhionannas de facto idir fir agus mná.

(19)  Ní cheanglaítear ar údaráis inniúla tosú ar iarratais a bhreithniú lasmuigh dá n-uaireanta oibre oifigiúla ná laethanta oibre.

(20)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go cuirfear gach faisnéis isteach i bhformáid shonraithe chun a mheas “go bhfuil sé iomlán chun críoch próiseála”.

(21)  Féadfaidh údaráis inniúla an ceanglas sin a chomhlíonadh trína chur in iúl roimh ré i scríbhinn don iarratasóir, lena n-áirítear trí bheart foilsithe, mura bhfaightear freagairt laistigh de thréimhse ama sonraithe ó dháta chur isteach an iarratais gur tásc é sin go bhfuil glactha leis an iarratas, sin nó gur diúltaíodh dó.

(22)  Féadfaidh “i bhfoirm leictreonach” a bheith i gceist le “i scríbhinn” freisin.

(23)  Ní rud é an deis sin a chuireann ceangal ar údarás inniúil síneadh a chur leis na sprioc-amanna.

(24)  Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athbhreithniú ar a bhfuil in iarratas den sórt sin.

(25)  Ní bheidh údaráis inniúla freagrach as moill de bharr cúiseanna nach dtagann faoina n-inniúlacht.

(26)  Ní áirítear le táillí údarúcháin táillí i gcomhair úsáid acmhainní nádúrtha, íocaíochtaí as ceant, tairiscintí ná modhanna neamh-idirdhealaitheacha eile chun lamháltais a dhámhachtain, ná ranníocaíochtaí sainordaithe chun seirbhís uilíoch a sholáthar.

(27)  Ar mhaithe le cinnteacht níos fearr, ní thugann an fhoráil seo sainordú do struchtúr riaracháin ar leith; tagraíonn sé don phróiseas cinnteoireachta agus do riaradh na gcinntí.

(28)  Chun críocha na ndisciplíní seo, ciallaíonn “foilsiú” rud a chur i bhfoilseachán oifigiúil, amhail iris oifigiúil, nó ar láithreán gréasáin oifigiúil. Moltar do na Comhaltaí foilseacháin leictreonacha a chomhdhlúthú in aon tairseach amháin.

(29)  Aithnítear i míreanna 12 go 15 den Roinn seo go bhfuil córais éagsúla ag na Comhaltaí chun dul i gcomhairle le daoine leasmhara agus le Comhaltaí eile maidir le bearta áirithe sula nglacfar iad, agus go léiríonn na roghanna malartacha atá leagtha amach i mír 12 den Roinn seo córais éagsúla dlí.

(30)  Ní dochar an fhoráil seo do chinneadh críochnaitheach Comhalta a ghlacann beart um údarú a thabhairt le seirbhís a sholáthar, nó a choinníonn an beart sin ar bun.

(31)  Tuigtear go bhféadfadh srianta acmhainní a bheith i gceist ó thaobh cinneadh á dhéanamh an bhfuil sásra iomchuí chun freagairt d’fhiosrúcháin.

(32)  Féadfar a áireamh ar na critéir sin, inter alia, inniúlacht agus an cumas seirbhís a sholáthar, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar bhealach atá comhsheasmhach le ceanglais rialála Comhalta. Féadfaidh na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar an meáchan atá le tabhairt do gach critéar.

(33)  Ní mheasfar gur idirdhealú chun críocha na forála seo é cóir dhifreálach atá réasúnta agus oibiachtúil, agus é mar aidhm cuspóir dlisteanach a bhaint amach, mar aon le bearta speisialta sealadacha a bheith á nglacadh ag na Feisirí atá dírithe ar dhlús a chur le comhionannas de facto idir fir agus mná.


IARSCRÍBHINN 2

INF/SDR/3/Rev.1 an 2 Nollaig 2021

TIONSCNAMH COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ SCEIDIL NA nGEALLTANAS SONRACH

Athbhreithniú  (*1)

Sa doiciméad seo tá liosta de Sceidil na nGealltanas Sonrach a bhaineann le disciplíní i ndáil le rialáil intíre seirbhísí.

 

COMHALTA

DÁTA AN TÍOLACTHA

SIOMBAIL AN DOICIMÉID

1.

An Albáin

22.11.2021

INF/SDR/IDS/ALB/Rev.1

2.

An Airgintín

29.10.2021

INF/SDR/FG/ARG

3.

An Astráil

19.10.2021

INF/SDR/IDS/AUS/Rev.1

4.

Bairéin, Ríocht Bhairéin

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022

 

5.

An Bhrasaíl

12.11.2021

INF/SDR/IDS/BRA/Rev.1

6.

Ceanada

22.10.2021

INF/SDR/IDS/CAN/Rev.1

7.

An tSile

29.10.2021

INF/SDR/IDS/CHL/Rev.1

8.

An tSín

29.10.2021

INF/SDR/IDS/CHN/Rev.1

9.

An Cholóim

29.10.2021

INF/SDR/IDS/COL/Rev.1

10.

Cósta Ríce

17.11.2021

INF/SDR/IDS/CRI/Rev.1

11.

An tSalvadóir

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2022

 

12.

An tAontas Eorpach

29.10.2021

INF/SDR/IDS/EU/Rev.1

13.

Hong Cong, an tSín

2.11.2021

INF/SDR/IDS/HKG/Rev.1

14.

An Íoslainn

29.10.2021

INF/SDR/IDS/ISL/Rev.1

15.

Iosrael

29.10.2021

INF/SDR/IDS/ISR/Rev.1

16.

An tSeapáin

28.10.2021

INF/SDR/IDS/JPN/Rev.1

17.

An Chasacstáin

26.11.2021

INF/SDR/IDS/KAZ/Rev.1

18.

Poblacht na Cóiré

28.10.2021

INF/SDR/IDS/KOR/Rev.1

19.

Lichtinstéin

10.11.2021

INF/SDR/IDS/LIE/Rev.1

20.

Oileán Mhuirís

27.10.2021

INF/SDR/IDS/MUS/Rev.1

21.

Meicsiceo

1.11.2021

INF/SDR/IDS/MEX/Rev.1

22.

An Mholdóiv (Poblacht na Moldóive)

29.10.2021

INF/SDR/IDS/MDA/Rev.1

23.

Montainéagró

16.11.2021

INF/SDR/IDS/MNE/Rev.1

24.

An Nua-Shéalainn

29.10.2021

INF/SDR/IDS/NZL/Rev.1

25.

An Nigéir

23.11.2021

INF/SDR/IDS/NGA/Rev.1

26.

An Mhacadóin Thuaidh

16.11.2021

INF/SDR/IDS/MDK/Rev.1

27.

An Iorua

28.10.2021

INF/SDR/IDS/NOR/Rev.1

28.

Paragua

19.11.2021

INF/SDR/IDS/PRY/Rev.1

29.

Peiriú

17.11.2021

INF/SDR/IDS/PER/Rev.1

30.

Na hOileáin Fhilipíneacha

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 28 Feabhra 2022

 

31.

Cónaidhm na Rúise

Le cur isteach tráth nach déanaí ná an 28 Feabhra 2022

 

32.

Ríocht na hAraibe Sádaí

22.11.2021

INF/SDR/IDS/KSA/Rev.1

33.

Singeapór

3.11.2021

INF/SDR/IDS/SGP/Rev.1

34.

An Eilvéis

1.11.2021

INF/SDR/IDS/CHE/Rev.1

35.

Críoch Custam Leithleach na Téaváine, Penghu, Kinmen agus Matsu

27.10.2021

INF/SDR/IDS/TPKM/Rev.1

36.

An Téalainn

25.11.2021

INF/SDR/IDS/THA

37.

An Tuirc

28.10.2021

INF/SDR/IDS/TUR/Rev.1

38.

An Úcráin

5.11.2021

INF/SDR/IDS/UKR/Rev.1

39.

An Ríocht Aontaithe

27.10.2021

INF/SDR/IDS/GBR

40.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

22.10.2021

INF/SDR/IDS/USA

41.

Uragua

29.10.2021

INF/SDR/IDS/URY/Rev.1

INF/SDR/IDS/EU/Rev.1

TIONSCNAMH COMHPHÁIRTEACH MAIDIR LE RIALÁIL INTÍRE SEIRBHÍSÍ TEACHTAIREACHT ÓN AONTAS EORPACH

Sceideal Réamhchríochnaitheach na nGealltanas Sonrach

Fuarthas an teachtaireacht seo a leanas dar dáta an 29 Deireadh Fómhair 2021 ó thoscaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh.

1.

Déanann an tAontas Eorpach an dréacht-sceideal atá i gceangal leis seo a thíolacadh mar rannchuidiú uaidh le bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht faoin Tionscnamh Comhpháirteach maidir le Rialáil Intíre Seirbhísí.

2.

Léiríonn an Sceideal seo cur chuige sceidealaithe an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Roinn I de dhoiciméad INF/SDR/1.

AN tAONTAS EORPACH SCEIDEAL RÉAMHCHRÍOCHNAITHEACH NA nGEALLTANAS SONRACH

Is forlíonadh é an téacs seo ar na hiontrálacha a bhaineann leis na Gealltanais Chothrománacha atá sna doiciméid seo a leanas:

An tAontas Eorpach: GATS/SC/157 (7 Bealtaine 2019),

An Bhulgáir: GATS/SC/122 (21 Bealtaine 1997), GATS/SC/122/S1(11 Aibreán 1997), GATS/SC/122/S2 (26 Feabhra 1998),

An Rómáin: GATS/72 (15 Aibreán 1994), GATS/SC/72/S1 (11 Aibreán 1997), GATS/SC/72/S2 (26 Feabhra 1998),

An Chróit: GATS/SC/130 (22 Nollaig 2000).

SCEIDEAL RÉAMHCHRÍOCHNAITHEACH NA nGEALLTANAS SONRACH – AN tAONTAS EORPACH

Modhanna Soláthair: (1) Soláthar trasteorann (2) Tomhaltas thar lear (3) Láithreacht tráchtála (4) Láithreacht daoine nádúrtha

Earnáil nó Fo-earnáil

Teorainneacha le Rochtain ar an Margadh

Teorainneacha le Cóireáil Náisiúnta

Gealltanais Bhreise

I. GEALLTANAIS CHOTHROMÁNACHA

GACH EARNÁIL ATÁ AR ÁIREAMH SA SCEIDEAL SEO

 

 

Gabhann an tAontas Eorpach air féin, mar ghealltanais bhreise, na disciplíní atá i Roinn II de dhoiciméad INF/SDR/1 le haghaidh gach earnála a áirítear sa sceideal seo, cé is moite de sheirbhísí airgeadais.

Gabhann an tAontas Eorpach air féin, mar ghealltanais bhreise, na disciplíní atá i Roinn III de dhoiciméad INF/SDR/1 le haghaidh na n-earnálacha seirbhísí airgeadais atá san áireamh sa sceideal seo.


(*1)  Is é an t-athbhreithniú seo an tSalvadóir a chur le liosta na nGealltanas Sonrach.


Top