This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2054
Commission Implementing Decision (EU) 2022/2054 of 21 October 2022 on the unresolved objections regarding the conditions for granting an authorisation for the biocidal product Preventol A 12 TK 50 in accordance with Regulation (EU) No 528/2012 of the European Parliament and of the Council (notified under document C(2022) 7408) (Text with EEA relevance)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2054 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge Preventol A 12 TK 50 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7408) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2054 ón gCoimisiún an 21 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge Preventol A 12 TK 50 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7408) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/7408
IO L 275, 25.10.2022, pp. 77–79
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
25.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 275/77 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2054 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Deireadh Fómhair 2022
maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú don táirge Preventol A 12 TK 50 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 7408)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 36(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 29 Samhain 2016, chuir an chuideachta Lanxess Deutschland GmbH (“an t-iarratasóir”) iarratas isteach ar aitheantas frithpháirteach comhthreomhar le haghaidh an táirge bhithicídigh Preventol A 12 TK 50 (“an táirge bithicídeach”) chuig na húdaráis inniúla i roinnt Ballstát, lena n-áirítear an Fhrainc, an tSualainn agus an Ghearmáin, i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Is leasaitheach sceo de chineál táirge 7 é an táirge bithicídeach, táirge ina bhfuil própaconasól mar shubstaint ghníomhach agus atá le húsáid ag úsáideoirí tionsclaíocha chun péinteanna agus bratuithe uisce-bhunaithe agus bunaithe ar thuaslagóirí a chaomhnú. Is í an Ísiltír an Ballstát tagartha atá freagrach as meastóireacht a dhéanamh ar an iarratas dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(2) |
An 16 Meán Fómhair 2020, tharchuir an Ghearmáin agóidí chuig an ngrúpa comhordúcháin inar léiríodh nach n-áirithítear le coinníollacha an údaraithe a leag an Ísiltír síos go gcomhlíonann an táirge bithicídeach na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointe (b)(iii), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(3) |
An 17 Meán Fómhair 2020, d’iarr rúnaíocht an ghrúpa comhordúcháin ar na Ballstáit eile lena mbaineann agus ar an iarratasóir barúlacha i scríbhinn a chur isteach maidir leis an tarchur. Chuir an t-iarratasóir barúlacha i scríbhinn isteach an 29 Meán Fómhair 2020. Pléadh an tarchur sa ghrúpa comhordúcháin an 21 Deireadh Fómhair 2020 agus bhí an t-iarratasóir rannpháirteach ann. |
|
(4) |
Maidir le bearta maolaithe riosca i ndáil le hearraí a cóireáladh leis an táirge nó a chuimsíonn an táirge sin a chur ar an margadh, measann an Ghearmáin nach féidir na bearta sin a chur san áireamh in údarú táirge bhithicídigh ach amháin má tagraíodh dóibh sna coinníollacha maidir le substaint ghníomhach a fhormheas. Ós rud é nach n-áirítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 ón gCoimisiún (2) na bearta maolaithe riosca is gá chun earraí a cóireáladh leis an táirge nó a chuimsíonn an táirge a chur ar an margadh, measann an Ghearmáin nach féidir na bearta maolaithe riosca a mhol an Ísiltír i ndáil le hearraí cóireáilte a chur ar an margadh a áireamh in údarú an táirge bhithicídigh. Dá bhrí sin, de réir na Gearmáine, ós rud é nach féidir aghaidh cheart a thabhairt in údarú an táirge bhithicídigh ar éifeachtaí do-ghlactha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol a d’eascródh as úsáid an táirge bhithicídigh, níor cheart an táirge a údarú. |
|
(5) |
Ós rud é nár tháinig an grúpa comhordúcháin ar aon chomhaontú maidir leis an agóid a rinne an Ghearmáin, an 16 Nollaig 2021 tharchuir an Ísiltír an agóid nach raibh réitithe chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 36(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Ar an gcaoi sin chuir sí ráiteas mionsonraithe faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an tsaincheist faoinar theip ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú agus na cúiseanna a bhí lena n-easaontas. Cuireadh an ráiteas sin ar aghaidh chuig na Ballstáit lena mbaineann agus chuig an iarratasóir. |
|
(6) |
Foráiltear le hAirteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 gur ceann de na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú is ea go suitear, de réir na gcomhphrionsabal le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar na sainchomhaid do tháirgí bithicídeacha a leagtar síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán sin, nach bhfuil aon éifeacht dho-ghlactha ag an táirge bithicídeach féin, ná mar thoradh ar a iarmhair, ar shláinte daoine agus ainmhithe, ná ar an gcomhshaol. |
|
(7) |
In Airteagal 19(2), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, déantar foráil gur cheart a chur san áireamh sa mheastóireacht ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann táirge bithicídeach na critéir a leagtar amach i mír 1, pointe (b), den Airteagal sin, an chaoi a bhféadfar earraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó ina bhfuil an táirge bithicídeach a úsáid. |
|
(8) |
Foráiltear le hAirteagal 58(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 nach gcuirfear earra cóireáilte ar an margadh mura rud é go n-áirítear gach substaint ghníomhach atá sa táirge bithicídeach lenar cóireáladh é nó a chuimsíonn iad ar an liosta a tarraingíodh suas i gcomhréir le hAirteagal 9(2) den Rialachán sin, i gcás an chineáil táirge ábhartha agus na húsáide ábhartha, nó in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin, agus foráiltear leis go gcomhlíonfaí aon choinníoll nó srian a shonraítear ann. Tháinig an Ísiltír ar an gconclúid go n-eascródh éifeachtaí do-ghlactha ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol as úsáid an táirge bhithicídigh, ar éifeachtaí iad a fhágann go mbeidh gá le bearta maolaithe riosca a chur san áireamh in údarú an táirge bhithicídigh, bearta maidir le hearraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó a chuimsíonn an táirge bithicídeach a chur ar an margadh agus a úsáid. Sna coinníollacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 ní áirítear bearta sonracha maolaithe riosca i ndáil le hearraí a cóireáladh le própaconasól nó a chuimsíonn própaconasól a chur ar an margadh, agus ní fhoráiltear sa Rialachán Cur Chun Feidhme sin go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát na bearta maolaithe riosca sin a leagan síos in údarú táirgí bithicídeacha ina bhfuil própaconasól maidir le cineál táirge 7, bearta a mbeadh gá leo chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí do-ghlactha arna sainaithint do shláinte an duine agus don chomhshaol a d’eascródh as úsáid earraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó a chuimsíonn an táirge bithicídeach. |
|
(9) |
Tar éis don Choimisiún an fhaisnéis uile a scrúdú go cúramach, tuigeann sé nach féidir comhlíonadh na gcoinníollacha in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir leis an táirge bithicídeach a áirithiú trí choinníollacha a fhorchur ar úsáid na dtáirgí bithicídeacha sna hearraí cóireáilte gan oibleagáidí a fhorchur go comhuaineach ar na daoine a chuireann earraí cóireáilte a chuimsíonn na táirgí bithicídeacha sin ar an margadh. Mar sin féin, ós rud é nár leagadh síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 na coinníollacha nó na srianta is gá chun úsáid shábháilte an táirge bhithicídigh a áirithiú inar cuireadh san áireamh an chaoi ar féidir earraí a cóireáladh leis an táirge bithicídeach nó ina bhfuil an táirge bithicídeach a úsáid, agus ós rud é nach féidir iad a leagan síos in údarú an táirge bhithicídigh, dá n-úsáidfí an táirge bithicídeach sna hearraí cóireáilte bheadh éifeachtaí do-ghlactha aige sin ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol. |
|
(10) |
Dá bhrí sin, ós rud é nach féidir úsáid shábháilte an táirge bhithicídigh in earraí cóireáilte a áirithiú trí choinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na dtáirgí bithicídeacha sna hearraí cóireáilte gan oibleagáidí a fhorchur go comhuaineach ar dhaoine a chuireann earraí cóireáilte ar an margadh amháin, measann an Coimisiún nach gcomhlíonann an táirge na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. |
|
(11) |
An 21 Meitheamh 2022, thug an Coimisiún an deis don iarratasóir barúlacha i scríbhinn a chur ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 36(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. An 18 Iúil 2022, chuir an t-iarratasóir barúlacha i scríbhinn ar fáil agus chuir an Coimisiún san áireamh iad. |
|
(12) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ós rud é nach féidir úsáid shábháilte an táirge bhithicídigh in earraí cóireáilte a áirithiú ach amháin trí choinníollacha a fhorchur maidir le húsáid na dtáirgí bithicídeacha sna hearraí cóireáilte, ní chomhlíonann an táirge bithicídeach a shainaithnítear leis an gcásuimhir BC-HHH028132-58 sa Chlár do Tháirgí Bithicídeacha na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 19(1), pointí (b)(iii) agus (b)(iv), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 21 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
Stella KYRIAKIDES
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1609 ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2015 lena bhformheastar própaconasól mar shubstaint ghníomhach atá ann cheana lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 7 (IO L 249, 25.9.2015, lch. 17).