EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1684

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1684 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála le haghaidh contrapháirtithe lárnacha sa Téaváin (Níor cheart an Cinneadh seo a léirmhíniú mar léiriú ar sheasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcúinsí ar bith maidir le stádas dlíthiúil na Téaváine.) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/6916

IO L 252, 30.9.2022, p. 82–86 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 30/09/2022

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1684/oj

30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 252/82


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1684 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2022

maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála le haghaidh contrapháirtithe lárnacha sa Téaváin (*) agus Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 25(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha (“CPLanna”) atá bunaithe i dtríú tíortha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, is é is aidhm dó i gcás CPLanna atá bunaithe agus údaraithe i dtríú tíortha a bhfuil a gcaighdeáin rialála coibhéiseach leo sin a leagtar síos sa Rialachán sin, a cheadú dóibh seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas. Dá bhrí sin, leis an nós imeachta sin maidir le haitheantas a thabhairt agus leis an gCinneadh coibhéise dá bhforáiltear ann, rannchuidítear le haidhm uileghabhálach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaint amach i ndáil leis an riosca sistéamach a laghdú, tríd an úsáid a bhaintear as CPLanna sábháilte fónta a leathnú chun conarthaí díorthacha thar an gcuntar a imréiteach, lena n-áirítear na cásanna ina bhfuil na CPLanna sin bunaithe agus údaraithe i dtríú tír.

(2)

Chun go measfaí córas dlí tríú tír a bheith coibhéiseach le córas dlí an Aontais i leith CPLanna, ba cheart toradh substainteach na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme a bheith coibhéiseach le ceanglais an Aontais i leith na gcuspóirí rialála a bhaintear amach leis na socruithe sin. Dá bhrí sin, is é is aidhm don mheasúnú coibhéise sin a fhíorú go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Téaváine nach ndéanfaidh CPLanna atá bunaithe agus údaraithe sa Téaváin comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a fhágáil neamhchosanta ar leibhéal riosca níos airde ná an leibhéal a bhféadfadh CPLanna atá údaraithe san Aontas na comhaltaí imréitigh agus na hionaid trádála sin a fhágáil neamhchosanta air agus, dá bhrí sin, nach mbaineann leibhéil riosca shistéamacha leo atá do-ghlactha san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, na rioscaí i bhfad níos ísle a bhaineann le gníomhaíochtaí imréitigh a dhéantar i margaí airgeadais ar lú iad ná margadh airgeadais an Aontais a chur san áireamh.

(3)

Ní bhaineann an Cinneadh seo ach le coibhéis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta le haghaidh tithe imréitigh todhchaíochtaí arna bhformheas agus arna gceadúnú faoin nGníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí (“FTA”) agus atá faoi mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais (“FSC”) ná ní bhaineann sé le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta le haghaidh CPLanna atá bunaithe sa Téaváin.

(4)

Le hAirteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, leagtar síos trí choinníoll is gá a chomhlíonadh sular féidir a chinneadh go bhfuil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta de chuid tríú tír maidir le CPLanna atá údaraithe inti coibhéiseach leis na socruithe sin a leagtar síos sa Rialachán sin.

(5)

De réir Airteagal 25(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór a áirithiú le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta dhlínse an tríú tír lena mbaineann go ndéanfaidh CPLanna atá údaraithe sa dlínse tríú tír sin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

(6)

Is éard atá sna ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus is infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa Téaváin an Gníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, arna fhorlíonadh leis na Rialacháin lena Rialaítear Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí (“na Rialacháin”) agus ag na Caighdeáin lena Rialaítear Bunú na dTithe Imréitigh Todhchaíochtaí (“na Caighdeáin”). Tá feidhm ag na rialacha breise a leagtar síos sna Rialacháin lena Rialaítear Bunú na gCóras Rialaithe Inmheánaigh ag Fiontair Seirbhíse i Margaí Urrús agus Todhchaíochtaí, agus ag na Rialacháin lena Rialaítear Malartáin Todhchaíochtaí agus na Rialacháin lena Rialaítear Ceannaithe Todhchaíochtaí an Choimisiúin, maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí atá ag oibriú sa Téaváin.

(7)

Ní mór do thithe imréitigh todhchaíochtaí formheas agus ceadúnas gnó a fháil ón gCoimisiúin um Maoirseacht Airgeadais sula mbunófar iad. Ní bhaineann an Cinneadh seo ach leis an gcóras is infheidhme maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí a dhéanann an tseirbhís airgeadais fhormheasta maidir le teach imréitigh todhchaíochtaí a oibriú sa Téaváin mar a shonraítear in Airteagal 2 de na Rialacháin agus a bhunaítear i gcomhréir leis na Caighdeáin.

(8)

Le hAirteagal 7 den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, a bhfuil feidhm aige mutatis mutandis maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 55 den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, foráiltear go ndéanfar teach imréitigh todhchaíochtaí “a bhunú chun leas an phobail a chur chun cinn agus chun cothroime idirbheart an mhargaidh todhchaíochtaí a chaomhnú”. Ina theannta sin, sonraítear in Airteagal 2 de na Rialacháin gurb iad “gnólachtaí tí imréitigh todhchaíochtaí an t-imréiteach agus an tsocraíocht maidir le trádáil todhchaíochtaí agus chun ráthaíocht a sholáthar maidir le feidhmiú an chonartha todhchaíochtaí” lena n-áirítear díorthaigh arna dtrádáil ar an malartán agus díorthaigh thar an gcuntar araon. Ní bhfaighidh teach imréitigh todhchaíochtaí a fhormheas ná an ceadúnas gnó dá bhunú ach amháin i gcás ina bhfuil an Coimisiún um Maoirseacht Airgeadais sásta, i measc nithe eile, go bhfuil caipiteal cuí agus fónta curtha i leataobh ag tionscnóirí tí imréitigh todhchaíochtaí, go bhfuil plean gnó cuí agus fónta acu ina sonraítear prionsabail na hoibríochta gnó, roinnt na heagraíochta inmheánaí, earcú agus oiliúint an phearsanra, a réamh-mheastacháin airgeadais don bhliain ina gcuirfear tús le hoibriú agus don bhliain ina diaidh sin, agus go bhfuil acmhainní daonna, trealamh próiseála sonraí agus saoráidí fisiceacha eile aige atá leordhóthanach chun gnóthaí tí imréitigh todhchaíochtaí a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún um Maoirseacht Airgeadais, agus cinneadh á dhéanamh aige an ndeonófar formheas agus ceadúnas gnó do theach imréitigh todhchaíochtaí, coinníollacha breise a fhorchur agus doiciméid bhreise a éileamh.

(9)

Leis an nGníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, ceanglaítear ar thithe imréitigh todhchaíochtaí rialacha oibriúcháin a ghlacadh lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais uile chun rialáil chuí a dhéanamh ar shaoráidí imréitigh agus socraíochta na dtithe imréitigh todhchaíochtaí, lena n-áirítear rialacha mainneachtana. Ceanglaítear ar thithe imréitigh todhchaíochtaí na rialacha oibriúcháin sin, agus aon leasú orthu, a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais sula gcuirfear chun feidhme iad. Is féidir leis an gCoimisiún um Maoirseacht Airgeadais na rialacha oibriúcháin sin a dhiúltú, nó leasuithe ar na rialacha sin a éileamh. Faoi Airteagal 47(2) den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, tá rialacha oibriúcháin na dtithe imréitigh todhchaíochtaí ceangailteach ó thaobh dlí de agus in-fhorfheidhmithe i gcoinne comhaltaí agus rannpháirtithe eile tar éis don Choimisiún um Maoirseacht Airgeadais iad a fhormheas.

(10)

Dá bhrí sin, is struchtúr dhá shraith atá sna ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus is infheidhme iad maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe sa Téaváin. Leis na croíphrionsabail sa Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, leagtar amach na caighdeáin ardleibhéil nach mór do thithe imréitigh todhchaíochtaí a chomhlíonadh chun údarú a fháil chun seirbhísí imréitigh a sholáthar sa Téaváin (le chéile, na “rialacha príomhúla”). Is éard atá sna rialacha príomhúla sin an chéad sraith de na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de sa Téaváin. Chun comhlíonadh na rialacha príomhúla a chruthú, le hAirteagal 47 den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí ceanglaítear ar thithe imréitigh todhchaíochtaí a rialacha oibriúcháin a bhunú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais lena bhformheas sula gcuirfear chun feidhme iad agus féadfaidh an Coimisiún um Maoirseacht Airgeadais iad a chosc, a dhícheadú nó a leasú. Is éard atá sna rialacha oibriúcháin sin an dara sraith de na ceanglais sa Téaváin.

(11)

Sa mheasúnú ar cé acu atá na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí sa Téaváin coibhéiseach le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó nach bhfuil, ba cheart a chur san áireamh freisin toradh an mhaolaithe riosca arna áirithiú ag na socruithe sin i dtéarmaí leibhéal an riosca a bhfuil comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas neamhchosanta air agus iad rannpháirteach i dtithe imréitigh todhchaíochtaí den sórt sin. Cinntear toradh an mhaolaithe riosca sin de réir an leibhéil riosca a bhaineann go dlúth leis na gníomhaíochtaí imréitigh a dhéanann an CPL lena mbaineann, ar leibhéal riosca é atá ag brath ar mhéid an mhargaidh airgeadais ina n-oibríonn sé, agus de réir oiriúnacht na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna chun an leibhéal riosca sin a mhaolú. Chun toradh maolaithe riosca atá coibhéiseach a bhaint amach, tá gá le ceanglais maidir le maolú riosca atá níos déine le haghaidh CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais níos mó, i gcás ina mbaineann leibhéal riosca níos airde leo ná mar a bhaineann le CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais níos lú, i gcás ina mbaineann leibhéal bunúsach riosca níos ísle leo.

(12)

Is lú go mór na margaí airgeadais ina ndéanann tithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe sa Téaváin a gcuid gníomhaíochtaí imréitigh ná na margaí ina mbíonn CPLanna atá bunaithe san Aontas gníomhach. Dá bhrí sin, nuair a bhíonn comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas rannpháirteach i dtithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe sa Téaváin, bíonn siad neamhchosanta ar rioscaí i bhfad níos ísle ná nuair a bhíonn siad rannpháirteach in CPLanna atá údaraithe san Aontas.

(13)

Na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe sa Téaváin, féadfar a mheas, dá bhrí sin, go bhfuil siad coibhéiseach le ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i gcás inarb iomchuí na socruithe sin chun an leibhéal riosca níos ísle sin a mhaolú. Leis na rialacha príomhúla is infheidhme maidir leis na tithe imréitigh todhchaíochtaí sin, arna gcomhlánú lena rialacha oibriúcháin, maolaítear an leibhéal riosca níos ísle atá sa Téaváin agus baintear amach toradh maolaithe riosca atá coibhéiseach leis an toradh a shaothraítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(14)

Dá bhrí sin, cinneann an Coimisiún go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Téaváine go gcomhlíonann tithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe inti ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(15)

De réir Airteagal 25(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór foráil a dhéanamh le socruithe maoirseachta dlínse tríú tír i ndáil le CPLanna atá údaraithe ann maidir le maoirseacht éifeachtach ar na CPLanna sin agus maidir leis na ceanglais sin a fhorfheidhmiú ar bhonn leanúnach.

(16)

A luaithe a bheidh teach imréitigh todhchaíochtaí formheasta agus ceadúnaithe, beidh sé faoi réir na gceanglas a leagtar síos sa Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí agus faoi réir mhaoirseacht an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais ar bhonn leanúnach, agus faoi réir fhormhaoirseacht bhanc ceannais na Téaváine laistigh de raon feidhme chúrsaí riaracháin an bhainc chomh maith. Déanann an Coimisiún um Maoirseacht Airgeadais faireachán ar thithe imréitigh todhchaíochtaí sa Téaváin chun comhlíonadh an chreata dhlíthiúil is infheidhme a áirithiú. Faoi Airteagail 100 agus 101 den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, tá an chumhacht chuimsitheach ag an gCoimisiún um Maoirseacht Airgeadais pionós a ghearradh ar thithe imréitigh todhchaíochtaí, lena n-áirítear, i measc nithe eile, an chumhacht formheas agus ceadúnas gnó tithe imréitigh todhchaíochtaí a tharraingt siar agus an chumhacht smachtbhannaí a fhorchur. Is é an Coimisiún um Maoirseacht Airgeadais a dhéanann maoirseacht laethúil i gcomhréir le hAirteagal 4 den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí. Leis an nGníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, tugtar cumhachtaí láidre don Choimisiún um Maoirseacht Airgeadais a dhlíthe agus a rialacha a fhorfheidhmiú i gcomhréir le hAirteagail 95 go 120 den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí. Tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún um Maoirseacht Airgeadais imscrúduithe a dhéanamh ar sháruithe amhrasta ar a rialacha, agus tá cumhachtaí aige cigireachtaí a dhéanamh, leabhair agus taifid a fháil go héigeantach agus iarraidh ar thithe imréitigh todhchaíochtaí a rialacha oibriúcháin a leasú.

(17)

Dá bhrí sin, cinneann an Coimisiún go bhfuil tithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe sa Téaváin faoi réir maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach.

(18)

De réir Airteagal 25(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, leis an gcreat dlíthiúil atá ag dlínse tríú tír ní mór foráil a dhéanamh maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe faoi chórais dlí tríú tír (“CPLanna tríú tír”).

(19)

CPLanna tríú tír ar mian leo díorthaigh a imréiteach sa Téaváin, ní mór dóibh iarratas ar fhormheas a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais i gcomhréir leis na Caighdeáin. De réir Airteagal 45(1), an dara cuid, den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, is féidir le “hinstitiúidí eile”, lena n-áirítear CPLanna atá bunaithe lasmuigh den Téaváin, formheas agus ceadúnas gnó a fháil chun teach imréitigh todhchaíochtaí a oibriú. I gcás CPLanna tríú tír den sórt sin, tá feidhm ag na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus is infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa Téaváin. Thairis sin, is féidir leis an gCoimisiún um Maoirseacht Airgeadais aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír i gcomhréir leis an Riail Aitheantais maidir le CPLanna Eachtracha agus is mar a leanas atá cur chuige dhá chás maidir le haitheantas: I gcás ina mbeidh na rialacháin maidir le maoirseacht agus an córas rialála atá ag CPL eachtrach i gcomhréir leis na Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais (PFMInna) arna n-eisiúint ag an gCoiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta (CPMI) agus ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) nó ag caighdeáin idirnáisiúnta eile atá aitheanta ag an gCoimisiún um Maoirseacht Airgeadais, agus ina mbeidh CPL eachtrach aitheanta ag údaráis inniúla tríú tír mar CPL Cáilitheach (QCCP), féadfaidh an CPL sin seirbhísí imréitigh díorthach thar an gcuntar a sholáthar d’institiúidí airgeadais de chuid na Téaváine. I gcás nár thug údarás inniúil an tríú tír aitheantas do CPL eachtrach mar CPL cáilitheach agus ina bhfuil sé ar intinn aige iarratas ar aitheantas mar CPL cáilitheach a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais, cuirfidh an CPL eachtrach iarratas faoi bhráid an Choimisiúin um Maoirseacht Airgeadais ina léireofar a cháilíocht mar CPL cáilitheach faoi cheanglais chaipitil Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht maidir le neamhchosaintí bainc ar chontrapháirtithe lárnacha. Leis sin, cuirtear ar chumas chomhaltaí imréitigh na Téaváine ualaí riosca níos ísle a chur i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí ar CPLanna tríú tír den sórt sin. De réir Airteagal 6 den Ghníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, tugtar de chumhacht don Choimisiún um Maoirseacht Airgeadais “comhaontuithe comhair a dhéanamh le gníomhaireachtaí rialtas eachtrach, le hinstitiúidí nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun cúrsaí a éascú amhail malartú faisnéise, comhar teicniúil, agus cúnamh imscrúdaithe”.

(20)

Dá bhrí sin, cinneann an Coimisiún go ndéantar foráil le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Téaváine maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír.

(21)

Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a bhaineann le tithe imréitigh todhchaíochtaí is infheidhme sa Téaváin tráth a ghlacfar an Cinneadh seo. Leanfaidh an Coimisiún agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí d’fhaireachán a dhéanamh go tráthrialta ar éabhlóid an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta le haghaidh tithe imréitigh todhchaíochtaí agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha arb iad is bonn do ghlacadh an Chinnidh seo.

(22)

Gach 3 bliana ar a laghad, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na forais ar ar a mbonn a mheastar socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Téaváine a bheith coibhéiseach le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an Aontais. Beidh athbhreithnithe rialta den sórt sin gan dochar do chumhacht an Choimisiúin athbhreithniú sonrach a dhéanamh tráth ar bith i gcás inar gá don Choimisiún, de bharr forbairtí ábhartha, athmheasúnú a dhéanamh ar an gcoibhéis idir na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta sin agus socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an Aontais. Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise thorthaí na n-athbhreithnithe sin, cinneadh a dhéanamh an Cinneadh seo a leasú nó a aisghairm tráth ar bith, go háirithe i gcás ina ndéanfaidh na forbairtí rialála agus maoirseachta sa Téaváin difear do na coinníollacha arb iad is bonn do ghlacadh an Chinnidh seo.

(23)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste Eorpaigh um Urrúis,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Téaváine arb é atá iontu an Gníomh maidir le Trádáil Todhchaíochtaí, na Rialacháin lena Rialaítear Tithe Imréitigh Todhchaíochtaí agus na Caighdeáin lena Rialaítear Bunú na dTithe Imréitigh Todhchaíochtaí, agus is infheidhme maidir le tithe imréitigh todhchaíochtaí atá údaraithe sa Téaváin, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 2

Faoin 28 Meán Fómhair 2022, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na forais ar a raibh an cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 1 bunaithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(*)  Níor cheart an Cinneadh seo a léirmhíniú mar léiriú ar sheasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcúinsí ar bith maidir le stádas dlíthiúil na Téaváine.

(1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.


Top