EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023X0417(10)

Dearbhú Aontaobhach ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023 maidir leis an sásra um thoiliú daonlathach in Airteagal 18 de Chreat Windsor (Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.)

PUB/2023/429

IO L 102, 17.4.2023, p. 98–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

17.4.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 102/98


DEARBHÚ AONTAOBHACH ÓN RÍOCHT AONTAITHE SA CHOMHCHOISTE A BUNAÍODH LEIS AN GCOMHAONTÚ MAIDIR LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN A BHEITH AG TARRAINGT SIAR AS AN AONTAS EORPACH AGUS AS AN GCOMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH

an 24 Márta 2023

maidir leis an sásra um thoiliú daonlathach in Airteagal 18 de Chreat Windsor (1)

Tugann an Ríocht Aontaithe dá haire go bhfuil sé beartaithe na réitigh chomhpháirteacha a fógraíodh in Windsor a bheith ina sraith beart praiticiúil agus inbhuanaithe chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach cinntitheach, ar easnaimh agus ar chásanna gan choinne a tháinig chun cinn ó tháinig an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann (“an Prótacal”) i bhfeidhm.

Aithníonn an Ríocht Aontaithe a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh na socruithe sin i gcónaí in ann an tacaíocht is leithne is féidir a fháil ar fud an phobail i dTuaisceart Éireann, i gcomhréir leis an bhfreagracht atá uirthi seasamh le Comhaontú Aoine an Chéasta nó le Comhaontú Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998, lena n-áirítear na comhaontuithe agus na socruithe cur chun feidhme a rinneadh ina dhiaidh sin, ina codanna uile — agus maidir leis na freagrachtaí sonracha atá uirthi céannacht, éiteas agus mianta an dá phobal a urramú. Leis an sásra um thoiliú daonlathach in Airteagal 18 de Chreat Windsor, soláthraítear coimirce leanúnach agus thábhachtach ina leith sin, agus tá gealltanas tugtha ag an Ríocht Aontaithe go ndéanfaidh sí athbhreithniú neamhspleách a choimisiúnú sna himthosca a leagtar amach ina Dearbhú Aontaobhach maidir le toiliú (2). In aon imthoisc den sórt sin, bíodh sé tar éis chéadfheidhmiú an tsásra um thoiliú daonlathach nó ina dhiaidh, geallann an Ríocht Aontaithe moltaí an athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Chomhchoiste, agus aitheantas á thabhairt don fhreagracht atá ar an gComhchoiste faoi Airteagal 164 den Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach chun aon ábhar leasa a bhaineann le limistéar a chumhdaítear le Creat Windsor a mheas, agus bealaí agus modhanna iomchuí a lorg chun fadhbanna a chosc, fadhbanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn i réimsí a chumhdaítear le Creat Windsor.


(1)  Féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023.

(2)  Dearbhú ó Rialtas a Soilse Banríon Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le hoibriú na forála maidir le “Toiliú daonlathach i dTuaisceart Éireann” den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann.


Top