Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012J030

    Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach - Airteagal 30

    IO L 112, 24.4.2012, p. 29–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO L 300, 9.11.2013, p. 30–30 (HR)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2012/act_1/art_30/sign

    24.4.2012   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    6


    IONSTRAIM

    i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

    CUID A CEATHAIR

    FORÁLACHA SEALADACHA

    TEIDEAL III

    FORÁLACHA AIRGEADAIS

    Airteagal 30

    1.   Ar feadh na chéad bhliana tar éis an aontachais, soláthróidh an tAontas cúnamh airgeadais sealadach (dá ngairtear an “Áis Trasdula” anseo feasta) don Chróit ar mhaithe lena cumas riaracháin agus breithiúnach a fhorbairt agus a neartú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú agus ar mhaithe le malartú an dea-chleachtais idir piaraí a chothú. Cisteofar leis an gcúnamh sin tionscadail tógála institiúidí agus infheistíochtaí teoranta mionscála a bheidh coimhdeach leo.

    2.   Cuirfear cúnamh ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar an ngá leanúnach atá ann cumas institiúideach a neartú i réimsí áirithe trí ghníomhaíocht nach féidir a mhaoiniú trí na Cistí Struchtúracha ná trí na Cistí Forbartha Tuaithe.

    3.   I gcás tionscadal um nascadh idir riaracháin phoiblí d'fhonn institiúidí a thógáil, leanfaidh an nós imeachta chun tograí a ghlaoch trí ghréasán na bpointí tadhaill sna Ballstáit d'fheidhm a bheith aige.

    4.   Is é EUR 29 milliún san iomlán in 2013, de réir praghsanna reatha, na leithreasaí tiomantais don Áis Trasdula le haghaidh na Cróite chun aghaidh a thabhairt ar thosaíochtaí náisiúnta agus cothrománacha.

    5.   Déanfar cúnamh faoin Áis Trasdula a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1085/2006 ón gComhairle nó ar bhonn forálacha teicniúla eile is gá le haghaidh oibriú na hÁise Trasdula, a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún.

    6.   Maidir le comhlántacht iomchuí le tacaíocht bheartaithe Chiste Sóisialta na hEorpa i ndáil le hathchóiriú riaracháin agus le cumas institiúideach, tabharfar aird ar leith ar í a chinntiú.


    Top