EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012J003

IONSTRAIMi dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach - Airteagal 3

IO L 300, 9.11.2013, p. 22–22 (HR)
IO L 112, 24.4.2012, p. 21–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/acc_2012/act_1/art_3/sign

24.4.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

6


IONSTRAIM

i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Cróite agus na n-oiriúnuithe ar an gConradh ar an Aontas Eorpach, ar an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ar an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach

CUID A hAON

PRIONSABAIL

Airteagal 3

1.   Aontaíonn an Chróit do na cinntí agus do na comhaontuithe a ghlac Ceannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí.

2.   Aontaíonn an Chróit do na cinntí agus do na comhaontuithe a ghlac ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle.

3.   Tá an Chróit sa chás céanna leis na Ballstáit láithreacha i leith dearbhuithe nó rún nó seasamh eile de chuid na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle, agus i leith na ndearbhuithe, na rún nó na seasamh sin a ghlac na Ballstáit de thoil a chéile maidir leis an Aontas. Dá réir sin urramóidh an Chróit na prionsabail agus na treoirlínte a chineann ó na dearbhuithe sin, na rúin sin nó na seasaimh eile sin agus glacfaidh sí cibé bearta is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

4.   Aontaíonn an Chróit do na coinbhinsiúin agus do na prótacail a liostaítear in Iarscríbhinn I. Tiocfaidh na coinbhinsiúin agus na prótacail sin i bhfeidhm i ndáil leis an gCróit ar an dáta a chinnfidh an Chomhairle sna cinntí dá dtagraítear i mír 5.

5.   Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar mholadh ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, gach oiriúnú is gá de thoradh an aontachais ar na coinbhinsiúin agus na prótacail dá dtagraítear i mír 4 agus déanfaidh sí na téacsanna oiriúnaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

6.   Gabhann an Chróit uirthi féin, i leith na gcoinbhinsiún agus na bprótacal dá dtagraítear i mír 4, socruithe riaracháin agus socruithe eile a thabhairt isteach, ar nós na socruithe a bheidh glactha faoi dháta an aontachais ag na Ballstáit láithreacha nó ag an gComhairle, agus comhar praiticiúil a éascú idir institiúidí agus eagraíochtaí de chuid na mBallstát.

7.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, Iarscríbhinn I a fhorlíonadh leis na coinbhinsiúin, na comhaontuithe agus na prótacail ábhartha arna síniú roimh dháta an aontachais.


Top