EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2258

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/2258 ón gCoimisiún an 9 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch a mhéid a bhaineann le táirgí iascaigh, le huibheacha agus le táirgí an-mhínphróiseáilte áirithe, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le moilisc dhébhlaoscacha áirithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/4999

IO L 299, 18.11.2022, p. 5–13 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2022/2258/oj

18.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 299/5


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/2258 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear agus lena gceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais shonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch a mhéid a bhaineann le táirgí iascaigh, le huibheacha agus le táirgí an-mhínphróiseáilte áirithe, agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le moilisc dhébhlaoscacha áirithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (1), agus go háirithe Airteagal 10(1), an dara mír, pointí (d), (e) agus (g) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 18(7), pointe (g), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, leagtar síos rialacha sonracha maidir le sláinteachas i ndáil le bia de bhunadh ainmhíoch le haghaidh oibreoirí gnólachta bia.

(2)

Ceadaítear le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 éanlaith chlóis a mharú ar an bhfeirm faoi réir ceanglas áirithe, lena n-áirítear an ceanglas go mbeidh deimhniú le bheith ag gabháil leis na hainmhithe maraithe i gcomhréir leis an tsamhail a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (3). Tagraíonn Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 don deimhniú mícheart, áfach, agus ba cheart an tagairt sin a cheartú dá bhrí sin.

(3)

Le Rialachán (AE) 2017/625, arna leasú le Rialachán (AE) 2021/1756 (4), leathnaítear an fhéidearthacht chun maolú ar an gceanglas maidir leis na limistéir táirgthe agus athsheachadta a aicmiú chuig gach eicínideirmeach nach scagbheathóirí iad, agus ní chuig súmairí cladaigh amháin. Dá dheasca sin, ba cheart Roinn VII, Caibidlí IX agus X, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú chun an fhéidearthacht sin a chur san áireamh.

(4)

Ina theannta sin, le hIarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 leagtar síos ceanglais maidir le teocht agus coinníollacha iompair le haghaidh táirgí iascaigh. Foráiltear leis, inter alia, go bhfuil táirgí iascaigh le hiompar ag leátheocht oighir, i gcás táirgí iascaigh fuaraithe, nó ag – 18 °C, i gcás táirgí iascaigh reoite. Tá teicnící nua iompair ar fáil anois lena n-íslítear teocht an éisc go teocht idir reophointe tosaigh na n-iasc agus thart ar 1 °C go 2 °C níos ísle agus ligtear leis sin don iasc a iompar i mboscaí gan oighear, chomh maith le sárfhuarú. Ba cheart foráil a dhéanamh maidir leis na teicnící nua sin i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus a n-úsáid agus Tuairim Eolaíochta an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) an 28 Eanáir 2021 a chur san áireamh ar úsáid na teicníce “sárfhuarú” mar a thugtar uirthi chun táirgí iascaigh úra a iompar (5).

(5)

I gcomhréir le Roinn VIII, Caibidil III, Cuid A, in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, tá táirgí iascaigh úra le stóráil faoi oighear i saoráidí iomchuí agus déanfar athoighriú a mhinice agus is gá. Thairis sin, féadfar táirgí iascaigh úra iomlána agus dí-innithe a iompar agus a stóráil in uisce fuaraithe go dtí go mbaineann siad amach an chéad bhunaíocht ar talamh a dhéanann aon ghníomhaíocht seachas iompar nó sórtáil.

(6)

D’iarr oibreoirí gnólachta bia a oibríonn in earnáil na dtáirgí iascaigh go leasófaí Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 chun táirgí iascaigh úra iomlána agus dí-innithe a iompar in uisce fuaraithe a cheadú tar éis dóibh an chéad bhunaíocht ar talamh a bhaint amach. Ba cheart an t-iompar seo a dhéanamh i “dtobáin”, is é sin boscaí poileitiléine trí-chiseal, a líontar le huisce agus le hoighear.

(7)

An 19 Márta 2020, ghlac EFSA Tuairim Eolaíochta ar úsáid tobán chun táirgí iascaigh úra a iompar agus a stóráil (6). Sa Tuairim sin, tháinig EFSA ar an gconclúid nach bhfuil aon difríocht suntasach don tsláinte phoiblí idir stóráil agus iompar táirgí iascaigh úra i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i Roinn VIII, Caibidil III, Cuid A, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus úsáid tobán, agus thug sé roinnt moltaí maidir lena n-úsáid. Ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú, dá bhrí sin, chun táirgí iascaigh úra iomlána agus dí-innithe a iompar in uisce agus in oighear a cheadú tar éis dóibh an chéad bhunaíocht ar talamh a bhaint amach a dhéanann aon ghníomhaíocht eile seachas iompar agus sórtáil.

(8)

Le Roinn VIII, Caibidil VIII, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le táirgí iascaigh a iompar. Go háirithe, ní mór táirgí iascaigh úra a choinneáil, agus iad á n-iompar, ag teocht atá gar do leátheocht oighir agus ní mór táirgí iascaigh reoite a choinneáil le linn iompair ag teocht nach mó ná – 18 °C i ngach cuid den táirge, agus seans go mbeadh luaineachtaí gearra aníos nach mó iad ná 3 °C ann.

(9)

An 10 Nollaig 2020, ghlac EFSA Tuairim Eolaíochta ar úsáid na teicníce “sárfhuarú” mar a thugtar uirthi chun táirgí iascaigh úra a iompar (7). Sa Tuairim sin, rinne EFSA comparáid idir teocht táirgí iascaigh úra sárfhuaraithe i mboscaí gan oighear, agus táirgí atá faoi réir an chleachtais údaraithe atá i bhfeidhm faoi láthair i mboscaí le hoighear. Tháinig EFSA ar an gconclúid, faoi choinníollacha iomchuí, nach bhfuil aon difríocht ó thaobh na sláinte poiblí de idir na teochtaí traidisiúnta iompair agus na teicnící sárfhuaraithe. A mhéid a bhaineann le modhanna anailíse lenar féidir cé acu a chuirtear, nó nach gcuirtear, iasc a reoitear roimhe seo i láthair go tráchtála mar iasc sárfhuaraithe a bhrath, d’aithin EFSA cúig mhodh a d’fhéadfaí a mheas a bheith oiriúnach dá gcuspóir. Ba cheart, dá bhrí sin, úsáid na teicníce sárfhuaraithe a cheadú faoi choinníollacha áirithe chun táirgí iascaigh úra a iompar dá dtagraítear i Roinn VIII, Caibidil VIII, pointe 1, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004.

(10)

Le Roinn X, Caibidil I, in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 leagtar síos rialacha sláinteachais chun uibheacha a tháirgeadh. Is é Salmonella Enteritidis, an phríomhphataigin a bhfuil baol mór ann maidir le galair ubh-iompartha san Aontas, agus bíonn tionchar dearfach ag an teocht le linn stórála agus iompair uibheacha ar a fhás in uibheacha. Toisc nach bhfuil aon cheanglais ann i mórán Ballstát maidir le coinníollacha ama agus coinníollacha teochta le linn stórála agus iompair uibheacha, tá sé tábhachtach go ndéanfaí “dáta íosmharthanachta”, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2), pointe (r), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) maidir le huibheacha a leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, chun bunús aonfhoirmeach a sholáthar do na tomhaltóirí deiridh chun roghanna eolasacha a dhéanamh agus an úsáid is sábháilte a bhaint as a gcuid bia. I dTuairim EFSA an 10 Iúil 2014 maidir leis na rioscaí sláinte poiblí a bhaineann le huibheacha boird mar gheall ar mheathlú agus mar gheall ar fhorbairt pataiginí (9) tagtar ar an gconclúid gur cheart dáta ar fearr roimhe d’uibheacha a bheireann cearca an speicis Gallus gallus a shocrú ag 28 lá ar a mhéad, mar go dtiocfaidh méadú ar an riosca coibhneasta tinnis as aon mhéadú ar sheilfré na n-uibheacha sin thar 28 lá. Is é an ceanglas atá i bhfeidhm faoi láthair a leagtar síos i Roinn X, Caibidil I, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 go ndéanfar uibheacha a sheachadadh don tomhaltóir laistigh de 21 lá ar a mhéad ón uair a bheirtear iad agus is caighdeán margaíochta é seo a bhfuil tionchar teoranta aige ar shábháilteacht na n-uibheacha agus é ag rannchuidiú le cur amú bia ag leibhéal miondíola. Leis an tréimhse sin a mhéadú ó 21 lá go 28 lá, laghdódh go mór an cur amú bia sin, go háirithe maidir le huibheacha a bheireann cearca an speicis Gallus gallus mar go mbainfí na huibheacha sin óna ndíol an tráth céanna agus a rachadh a ndáta ar fearr roimhe in éag.

(11)

Le Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, leagtar síos ceanglais shonracha maidir le táirgí an-mhínphróiseáilte áirithe a ceapadh lena gcaitheamh ag an duine a tháirgeadh i gcás ina gcuirtear deireadh le haon riosca ar shláinte phoiblí nó sláinte ainmhithe a bhuí le cóireáil ar an amhábhar. Tá díorthaigh shaille áirithe, amhail colaistéaról agus Vitimín D3 a dhíorthaítear ó úsc olla, faoi réir cóireálacha sonracha freisin a chuireann deireadh le rioscaí den sórt sin agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a mheas mar tháirgí an-mhínphróiseáilte.

(12)

Úsáidtear blastáin i mbia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10). Sa mhodh monaraíochta a bhaineann leo, cuimsítear próiseas casta fisiceach, einsímeach nó micribhitheolaíoch a chuireann deireadh, ar bhonn na fianaise eolaíche atá ar fáil, le haon riosca ar shláinte phoiblí nó le riosca ar shláinte ainmhithe. Ba cheart, dá bhrí sin, blastáin a dhíorthaítear ó tháirgí de bhunadh ainmhíoch a mheas mar tháirgí an-mhínphróiseáilte.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a leasú dá réir.

(14)

Leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún (11) rialacha sonracha maidir le feidhmíocht na rialuithe oifigiúla dá dtagraítear in Airteagal 18(1) de Rialachán (AE) 2017/625. Go háirithe, baineann Airteagal 1, pointe (v), agus Airteagal 11 den Rialachán Tarmligthe sin le rialacha maidir le maoluithe ar Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le haicmiú limistéar táirgthe agus athsheachadta i ndáil le Pectinidae, gastrapóid mhuirí agus súmairí cladaigh. Le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2017/625, arna leasú le Rialachán (AE) 2021/1756, leathnaítear an fhéidearthacht le haghaidh maoluithe ar an gceanglas maidir leis na limistéir táirgthe agus athsheachadta a aicmiú chuig gach eicínideirmeach nach scagbheathóirí iad, agus ní chuig súmairí cladaigh amháin. Dá réir sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leasú ionas nach mbeidh gá le haicmiú limistéar táirgthe agus athsheachadta i ndáil le buaint eicínideirmeach nach scagbheathóirí iad.

(15)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leasú in aon Rialachán Tarmligthe amháin, mar go bhfuil roinnt de na leasuithe atá le déanamh orthu nasctha leis na leasuithe a rinneadh le déanaí ar Rialachán (AE) 2017/625 le Rialachán (AE) 2021/1756. Ina theannta sin, is de chineál coimhdeach é an leasú atá le déanamh ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 maidir le heicínideirmigh, mar nach bhfuil ann ach ailíniú le leasú a rinneadh ar Rialachán (AE) 2017/625 le Rialachán (AE) 2021/1756. Thairis sin, ar mhaithe le comhsheasmhacht rialacha an Aontais, ba cheart éifeacht a bheith ag na leasuithe atá le déanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ar an dáta céanna.

(16)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe agus ceartúcháin ar Rialachán (CE) Uimh. 853/2004

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(v):

“(v)

maoluithe ar Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le haicmiú limistéar táirgthe agus athsheachadta i ndáil le Pectinidae, gastrapóid mhuirí agus eicínideirmigh;”

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

“Airteagal 11

Rialuithe oifigiúla ar Pectinidae, ar ghastrapóid mhuirí agus ar eicínideirmigh, nach scagbheathóirí iad, a bhuantar ó limistéir táirgthe nach n-aicmítear i gcomhréir le hAirteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2017/625

De mhaolú ar Airteagal 18(6) de Rialachán (AE) 2017/625, ní bheidh gá le haicmiú limistéar táirgthe agus athsheachadta i ndáil le Pectinidae, gastrapóid mhuirí agus eicínideirmigh nach scagbheathóirí iad a bhuaint, i gcás ina ndéanann na húdaráis inniúla rialuithe oifigiúla ar na hainmhithe sin i gceantanna iasc, i lárionad seolta agus i mbunaíochtaí próiseála.

Fíorófar le rialuithe oifigiúla den sórt go gcomhlíontar an méid seo a leanas:

(a)

na caighdeáin sláinte do mhoilisc dhébhlaoscacha bheo a leagtar síos i Roinn VII, Caibidil V, d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(b)

na ceanglais shonracha maidir le Pectinidae, gastrapóid mhuirí agus eicínideirmigh nach scagbheathóirí a shaothraítear lasmuigh de limistéar táirgthe aicmithe iad, a leagtar síos i gCaibidil IX den Roinn sin.”

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 139, 30.4.2004, lch. 55.

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 an 16 Nollaig 2020 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, samhlacha de dheimhnithe oifigiúla agus samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla, i dtaca le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus lena ngluaiseacht laistigh den Aontas, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Chur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/1756 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla ar ainmhithe agus ar tháirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas chun comhlíonadh an toirmisc ar úsáidí áirithe frithmhiocróbach a áirithiú agus Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 a mhéid a bhaineann le soláthar díreach feola ó éanlaith chlóis agus ó ghiorriaigh (IO L 357, 8.10.2021, lch. 27).

(5)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(1):6378.

(6)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(4):6091.

(7)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2021;19(1):6378.

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún Eorpach, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2002/67/CE agus 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lch. 18).

(9)  EFSA Journal [Iris EFSA] 2014;12(7):3782.

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).

(11)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/624 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2019 maidir le rialuithe sonracha chun rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar tháirgeadh feola agus ar limistéir táirgthe agus athsheachadta moileasc débhlaoscach beo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 131, 17.5.2019, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear agus ceartaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 mar a leanas:

(1)

i Roinn II, i gCaibidil VI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 7:

“7.

Mar aon leis an bhfaisnéis i dtaobh leis an mbiashlabhra atá le cur isteach i gcomhréir le Roinn III d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, ní mór an deimhniú sláinte ainmhithe a leagtar amach i gCaibidil 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 a bheith ag gabháil leis an ainmhí maraithe chuig an seamlas nó chuig an ionad spólta, nó a bheith seolta roimh ré i bhformáid ar bith.”;

(2)

leasaítear Roinn VII mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil IX:

“CAIBIDIL IX:   CEANGLAIS SHONRACHA MAIDIR LE PECTINIDAE, GASTRAPÓID MHUIRÍ AGUS EICÍNIDEIRMIGH NACH SCAGBHEATHÓIRÍ A SHAOTHRAÍTEAR LASMUIGH DE LIMISTÉIR THÁIRGTHE AICMITHE IAD

Maidir le hoibreoirí gnó bia a shaothraíonn pectinidae, gastrapóid mhuirí agus eicínideirmigh nach scagbheathóirí lasmuigh de limistéir tháirgthe aicmithe iad nó a láimhseálann pectinidae agus/nó gastrapóid mhuirí agus/nó eicínideirmigh den sórt sin, ní mór dóibh na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

1.

Peictinidae, gastrapóid mhuirí agus eicínideirmigh nach beathaithe scagaire iad, níor cheart iad a chur ar an margadh mura ndéantar iad a bhuaint agus a láimhseáil i gcomhréir le Caibidil II, Cuid B, agus mura gcomhlíonann siad na caighdeáin atá leagtha síos i gCaibidil V, faoi mar a léirítear le córas féinseiceálacha a dhéanann oibreoirí gnó bia a oibríonn ceant éisc, lárionad seolta nó bunaíocht phróiseála;

2.

I dteannta phointe 1, i gcás ina gcuireann sonraí ó chláir faireacháin oifigiúla ar a chumas don údarás inniúil meánna iascaireachta a aicmiú — i gcomhar le hoibreoirí gnó bia i gcás inarb iomchuí — beidh feidhm ag forálacha Chaibidil II, Cuid A, maidir le pectinidae de réir analaí;

3.

Ní ceadmhach pectinidae, gastrapóid mhuirí agus eicínideirmigh nach scagbheathóirí iad a chur ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine ach amháin trí cheant éisc, trí lárionad seolta nó trí bhunaíocht phróiseála. Le linn dóibh pectinidae agus/nó gastrapóid mhuirí den sórt sin agus/nó eicínideirmigh a láimhseáil, ní mór d’oibreoirí gnó bia a oibríonn bunaíochtaí den sórt sin an údarás inniúil a chur ar an eolas faoi sin agus, a mhéid a bhaineann le lárionaid sheolta, ní mór dóibh ceanglais ábhartha Chaibidlí III agus IV a chomhlíonadh;

4.

Oibreoirí i ngnó an bhia a bhíonn ag láimhseáil pectinidae, gastrapód muirí agus eicínideirmeach nach beathaithe scagaire iad, ní mór dóibh na ceanglais seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

ceanglais dhoiciméadacha Chaibidil I, pointí 3 go 7, i gcás inarb infheidhme. Sa chás sin, ní mór láthair an limistéir inar saothraíodh na pectinidae beo agus/nó na gastrapóid mhuirí bheo agus/nó na eicínideirmigh bheo a léiriú go soiléir ar an doiciméad clárúcháin, agus an córas a úsáidtear sa chur síos ar na comhordanáidí a shonrú; nó

(b)

ceanglais Chaibidil VI, pointe 2, maidir le dúnadh gach pacáiste pectinidae beo, gastrapód muirí beo agus eicínideirmeach beo a sheoltar lena miondíol agus ceanglais Chaibidil VII maidir le marcáil sainaitheantais agus lipéadú.”;

(b)

i gCaibidil X, sa tsamhail de dhoiciméad clárúcháin na moileasc débhlaoscach beo, na n-eicínidéirmeach beo, na dtúiniceach beo agus na ngastrapód muirí beo, leasaítear na nótaí míniúcháin mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ábhar bhosca I.3:

Soláthróir

Sonraigh an t-ainm agus an seoladh (an tsráid, an chathair agus an réigiún/cúige/stát, de réir mar is iomchuí), an tír agus cód tíre ISO na bunaíochta tionscnaimh. I gcás na limistéar táirgthe, sonraigh gur limistéar é atá údaraithe ag na húdaráis inniúla, le do thoil. I gcás pectinidae beo, gastrapóid mhuirí, nó eicínideirmeach, sonraigh suíomh an limistéir táirgthe.

I gcás inarb infheidhme, sonraigh uimhir chláraithe nó uimhir formheasa na bunaíochta. Sonraigh an ghníomhaíocht (cnuasaitheoir, lárionad íonaithe, lárionad seolta, halla ceantála, nó gníomhaíochta idirghabhála).

I gcás ina seoltar ó ionad íonaithe/lárionad seachadta baisc na moileasc débhlaoscach beo, nó i gcás na pectinidae, na ngastrópód muirí agus na n-eicínideirmeach nach beathaithe scagaire iad a buaineadh lasmuigh de limistéir tháirgthe aicmithe, ó cheant iasc, sonraigh uimhir formheasa agus seoladh an lárionaid íonaithe/lárionaid sheolta nó an cheant éisc.”;

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ábhar bhosca I.7:

Ó lárionad íonaithe/lárionad seolta nó ceant iasc

I gcás ina seoltar baisc de mhoilisc dhébhlaoscacha bheo ó lárionad íonaithe/lárionad sheolta, nó i gcás pectinidae, gastrópód muirí, agus eicínideirmeach nach beathaithe scagaire iad lasmuigh de limistéir tháirgthe aicmithe, ó halla ceantála, sonraigh an uimhir formheasa agus seoladh an lárionaid íonaithe/lárionaid sheolta nó an halla cheantála.

Má sheoltar ó lárionad íonaithe, fad an íonaithe agus an dá dháta a cuireadh an bhaisc isteach agus amach as an ionad íonaithe. Scrios de réir mar is iomchuí.”;

(3)

leasaítear Roinn VIII mar a leanas:

(a)

sa chuid tosaigh, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Ní bheidh feidhm ag an Roinn seo maidir le moilisc dhébhlaoscacha, le heicínideirmigh, le túinicigh ná le gastrapóid mhuirí i gcás ina mbíonn siad fós beo nuair a chuirtear ar an margadh iad. Cé is moite de Chaibidlí I agus II, beidh feidhm aici maidir le hainmhithe den sórt sin i gcás nach mbíonn siad beo nuair a chuirtear ar an margadh iad agus, sa chás sin, ní mór go bhfuarthas iad i gcomhréir le Roinn VII.

Chun críche na Roinne seo, ciallaíonn ‘sárfhuarú’ próiseas trína n-íslítear teocht an táirge iascaigh úir go dtí idir reophointe tosaigh na n-iasc agus thart ar 1 go 2 °C níos ísle.

Beidh feidhm ag an Roinn seo maidir le táirgí iascaigh neamhphróiseáilte díreoite agus le táirgí iascaigh úra ar cuireadh breiseáin bhia leo i gcomhréir leis an reachtaíocht iomchuí de chuid an Aontais.”;

(b)

i gCaibidil III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe A:

“A.

CEANGLAIS MAIDIR LE TÁIRGÍ IASCAIGH ÚRA

1.

Féadfar táirgí iascaigh iomlána agus dí-innithe a iompar agus a stóráil in uisce fuaraithe ar bord soithí. Féadfar leanúint le hiad a iompar in uisce fuaraithe freisin tar éis iad a thabhairt i dtír, agus iad a iompar ó bhunaíochtaí dobharshaothraithe, go dtí go mbaineann siad amach an bhunaíocht ar talamh a dhéanann aon ghníomhaíocht seachas iompar nó sórtáil. I gcás ina n-úsáidtear coimeádáin phoileitiléine trí-chiseal atá líonta le huisce agus le hoighear, féadfar na táirgí iascaigh úra iomlána agus dí-innithe a iompar tar éis dóibh an bhunaíocht ar talamh a bhaint amach, bunaíocht a dhéanann gníomhaíocht eile seachas iompar ar choinníoll go gcomhlíontar ceanglais Chaibidil VIII, pointe 1(a).

2.

I gcás nach ndéantar táirgí fuaraithe, neamhphacáistithe a dháileadh, a sheoladh, a ullmhú ná a phróiseáil díreach tar éis bunaíocht ar talamh a bhaint amach, ní mór iad a stóráil faoi oighear i saoráidí iomchuí nó i gcás táirgí iascaigh úra iomlána nó dí-innithe, i gcoimeádáin phoileitiléine trí-chiseal déanta as ábhar inslithe a líontar le hoighear agus le huisce.

3.

Ní mór athoighriú a dhéanamh a mhinice is gá. I gcás ina n-úsáidtear coimeádáin phoileitiléine trí-chiseal atá líonta le huisce agus le hoighear, ní mór dóibh a bheith glan agus gan damáiste. Ní mór do theocht an uisce a bheith chomh gar do 0 °C agus is féidir agus ní mór don uisce na héisc uile a chumhdach. Cumhdóidh oighear dromchla iomlán an uisce laistigh de choimeádáin, ag áirithiú go bhfuil gach iasc faoin gciseal oighir.

4.

Ní mór táirgí iascaigh úra pacáistithe a fhuarú go teocht atá gar do leátheocht oighir.

5.

Ní mór oibríochtaí amhail baint an chinn agus dí-inniú a dhéanamh ar bhealach sláinteach. I gcás inar féidir dí-inniú a dhéanamh ón taobh teicniúil agus tráchtála de, ní mór é a dhéanamh a luaithe is féidir tar éis na táirgí a ghabháil nó a thabhairt i dtír. Ní mór na táirgí a ní go maith díreach tar éis na n-oibríochtaí sin.

6.

Ní mór oibríochtaí amhail filléadú agus gearradh a dhéanamh chun éilliú nó milleadh filléad agus slisní a sheachaint. Ní ceadmhach filléid agus slisní a fhágáil ar na boird oibre tar éis na tréimhse ama is gá chun iad a ullmhú. Ní mór filléid agus slisní a chlúdach agus, i gcás inar gá, a phacáistiú agus ní mór iad a fhuarú a luaithe is féidir tar éis iad a ullmhú.

7.

Maidir le coimeádáin a úsáidtear chun táirgí iascaigh úra neamhullmhaithe atá stóráilte faoi oighear a sheoladh nó a stóráil, ní mór a áirithiú go ndéantar an t-uisce leáite a dhraenáil astu ionas nach bhfanfaidh sí i dteagmháil le haon táirgí iascaigh.”

(c)

i gCaibidil VIII, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Le linn iompair, ní mór táirgí iascaigh a choinneáil ag an teocht riachtanach. Go háirithe:

(a)

ní mór táirgí iascaigh úra, táirgí iascaigh neamhphróiseáilte díreoite agus táirgí cócaráilte agus fuaraithe ó chrústaigh agus ó mhoilisc a choinneáil ag teocht atá gar do leátheocht oighir. I gcás ina n-úsáidtear coimeádáin phoileitiléine trí-chiseal a líontar le huisce agus le hoighear chun táirgí iascaigh úra iomlána agus dí-innithe a iompar, ní mór oighear a bheith i láthair le linn na stórála/an iompair ar fad, nach mór a dhéanamh ag teocht rialaithe. Ní fhéadfaidh iompar agus stóráil táirgí iascaigh úra iomlána agus dí-innithe i gcoimeádáin phoileitiléine trí-chiseal a líontar le huisce agus le hoighear a bheith níos faide ná 3 lá.

(b)

le linn iompair, maidir le táirgí iascaigh reoite, seachas iasc iomlán a reodh ar dtús i sáile agus atá ceaptha chun bia stánaithe a mhonarú, ní mór iad a choinneáil ag teocht sheasta nach mó í ná – 18 °C i ngach cuid den táirge, agus seans go mbeadh luaineachtaí gearra aníos nach mó iad ná 3 °C a bheith ann.

(c)

i gcás ina n-úsáidtear an próiseas sárfhuaraithe chun táirgí iascaigh úra a iompar, ceadófar iad a iompar i mboscaí gan oighear ar choinníoll go léireoidh na boscaí sin go soiléir go bhfuil táirgí iascaigh sárfhuaraithe iontu. Le linn iompair, ní mór do tháirgí iascaigh sárfhuaraithe na ceanglais maidir le teocht a áirítear raon teochta idir – 0,5 agus – 2 °C i gcroílár an táirge a urramú. Ní fhéadfaidh iompar agus stóráil táirgí iascaigh sárfhuaraithe a bheith níos faide ná 5 lá.”;

(4)

leasaítear Roinn X mar a leanas

(a)

I gCaibidil I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Ní mór uibheacha a sheachadadh don tomhaltóir laistigh de theorainn ama uasta de 28 lá ón uair a bheirtear iad.”

(b)

I gCaibidil I, cuirtear isteach an pointe 4 seo a leanas:

“4.

Maidir le huibheacha a bheireann cearca an speicis Gallus gallus, socrófar an ‘dáta ar fearr roimhe’ mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2), pointe (r), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ag tráth nach mó ná 28 lá ón uair a bheirtear iad. I gcás ina sonraítear an tréimhse bhreithe, cinnfear an dáta sin ón gcéad lá den tréimhse sin.”

(5)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn XVI:

“ROINN   XVI: TÁIRGÍ AN-MHÍNPHRÓISEÁILTE

(1)

Ní mór d’oibreoirí gnólacht bia a mhonaraíonn na táirgí an-mhínphróiseáilte de bhunadh ainmhíoch seo a leanas a áirithiú go gcuireann an cóireáil ar na hamhábhair a úsáidtear deireadh le haon riosca ar shláinte ainmhithe nó riosca ar shláinte poiblí:

(a)

sulfáit chondróitine;

(b)

aigéad hialúrónach;

(c)

táirgí eile loingeáin hidrealaithe;

(d)

ciotósán;

(e)

glúcósaimín;

(f)

binid;

(g)

iascghlae;

(h)

aimínaigéid a údaraítear mar bhreiseáin bhia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

(i)

blastáin a údaraítear i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

(j)

díorthaigh shaill.

(2)

Na hamhábhair a úsáidtear chun na táirgí an-mhínphróiseáilte dá dtagraítear i bpointe 1 a mhonarú, ní mór dóibh a bheith díorthaithe ó:

(a)

ainmhithe, lena n-áirítear a gcleití, a maraíodh i seamlas agus ar cinneadh go bhfuil a bhfeoil oiriúnach lena caitheamh ag an duine tar éis cigireacht réamhbháis agus iarbháis, nó

(b)

táirgí iascaigh a chomhlíonann Roinn VIII, nó

(c)

saillte leáite agus geirdheascadh a chomhlíonann Roinn XII, nó olann, má chuirtear na táirgí sin faoi cheann de na próisis seo a leanas:

(1)

tras-eistearúchán nó hidrealú ag teocht 200 °C ar a laghad, faoi bhrú iomchuí comhfhreagrach, ar feadh 20 nóiméad ar a laghad (gliocról, aigéid sailleacha agus eistir);

(2)

gallúnú le NaOH 12M:

i mbaiscphróiseas ag 95 °C ar feadh 3 uair an chloig; nó

i bpróiseas leanúnach ag 140 °C 2 bharr (2 000 hPa) ar feadh 8 nóiméad; nó

(3)

hidriginiú ag 160 °C ag 12 bharr (12 000 hPa) ar feadh 20 nóiméad.

Ní fhéadfar gruaig an duine a úsáid mar fhoinse chun aimíonaigéid a mhonarú.

(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16)."

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).”."


(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bhia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16).

(*2)  Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu agus atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna (IO L 354, 31.12.2008, lch. 34).”.”


Top