This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2289
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/2289 of 21 December 2021 laying down rules for the application of Regulation (EU) 2021/2115 of the European Parliament and of the Council on the presentation of the content of the CAP Strategic Plans and on the electronic system for the secure exchange of information
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2289 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise
C/2021/9601
IO L 458, 22.12.2021, p. 463–485
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 26/07/2024
22.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 458/463 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2289 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Nollaig 2021
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir leis an gcóras leictreonach um malartú slán faisnéise
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha i dtaca le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Fhorbairt Talmhaíochta (CEFT) agus ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 117 agus Airteagal 150(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 104(1) de Rialachán (AE) 2021/2115, bunóidh na Ballstáit Pleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir leis an Rialachán sin chun tacaíocht ón Aontas atá á maoiniú ag CERT agus CETFT a chur chun feidhme. Ba cheart rialacha maidir le cur i láthair ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT a leagan síos, bunaithe go háirithe ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 107 go 115 den Rialachán sin. |
(2) |
Chun gur féidir leis an gCoimisiún measúnú comhsheasmhach iomlán a dhéanamh ar ábhar na bPleananna Straitéiseacha CBT, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit iarscríbhinní breise a áireamh nach gceanglaítear de bhun Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus nach bhfuil faoi réir a bhformheasta i gcomhréir le hAirteagal 118 agus Airteagal 119 den Rialachán sin. |
(3) |
Foráiltear le hAirteagal 150(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 go mbunóidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, córas faisnéise chun go bhféadfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát sonraí comhleasa a mhalartú eatarthu ar bhealach slán. Is gá foráil a dhéanamh maidir le rialacha le haghaidh oibriú an chórais sin, agus go háirithe sciar na bhfreagrachtaí atá ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit i ndáil leis sin. Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha sin maidir leis an bhfaisnéis atá le cur isteach i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 nó leis na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin. |
(4) |
Ós rud é nach mór rialacha a bheith ag na Ballstáit maidir le cur i láthair ghnéithe na bPleananna Straitéiseacha CBT agus maidir le tarchur na bpleananna sin agus iad á gcur faoi bhráid an Choimisiúin acu lena bhformheas, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar an Phlean Straitéisigh CBT
Cuirfidh na Ballstáit i láthair ábhar an Phlean Straitéisigh CBT dá bhforáiltear i dTeideal V, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2115 mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Iarscríbhinní breise a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT
Féadfaidh na Ballstáit faisnéis bhreise a chur isteach mar iarscríbhinní ar leith a ghabhann lena bPlean Straitéiseach CBT de bhreis ar na hiarscríbhinní a leagtar amach in Airteagal 115 de Rialachán (AE) 2021/2115.
Ní bheidh feidhm ag formheas an Phlean Straitéisigh CBT i gcomhréir le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus ag leasú a fhormheastar ar an bPlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119(10) den Rialachán sin maidir leis na hiarscríbhinní breise sin.
Airteagal 3
Córas leictreonach um malartú slán faisnéise
Déanfaidh na Ballstáit malartuithe faisnéise atá le déanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/2115 nó i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin sin trí bhíthin an chórais leictreonaigh um malartú slán faisnéise ar a dtugtar “SFC2021”, a bhfuil freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát ina leith leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
De mhaolú ar mhír 1, faisnéis a bhaineann le Teideal III, Caibidil III, de Rialachán (AE) 2021/2115 atá le seoladh ag na Ballstáit de bhun an ghnímh cur chun feidhme atá le glacadh ar bhonn Airteagal 143(4) den Rialachán sin, tarchuirfear an fhaisnéis sin i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún (2) agus trí bhíthin an chórais atá bunaithe ar an teicneolaíocht faisnéise arna chur ar fáil ag an gCoimisiún de bhun an Rialacháin Cur Chun Feidhme sin.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh..
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 435, 6.12.2021, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1185 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le fógraí a thabhairt don Choimisiún faoi fhaisnéis agus doiciméid agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear roinnt Rialachán ón gCoimisiún (IO L 171, 4.7.2017, lch. 113).
IARSCRÍBHINN I
Cur i láthair ábhar an Phlean Straitéisigh CBT
1. Ráiteas straitéiseach
Tabharfar achoimre san fhorléargas ar an bPlean Straitéiseach CBT ar a bhfuil sé d’aidhm ag CBT a bhaint amach i gcríoch an Bhallstáit. Díreofar ann ar na príomhthorthaí agus na príomhidirghabhálacha a bhfuil coinne leo, lena n-áirítear gnéithe ábhartha den ailtireacht ghlas, i bhfianaise na riachtanas sainaitheanta, agus déanfar achoimre ar roghanna tábhachtacha maidir le leithdháileadh airgeadais. Léireofar ann conas a bhaineann na gnéithe sin le chéile. Féadfar príomhphointí a sholáthar maidir leis an gcaoi ar tugadh aghaidh ar na príomhghnéithe a soláthraíodh sna moltaí ón gCoimisiún i dtaca leis an bPlean Straitéiseach CBT.
2. Measúnú ar riachtanais, straitéis idirghabhála, táscairí comhthéacs agus plean sprice
2.1. Measúnú ar riachtanais
Maidir le gach cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2115, san fhoroinn seo den Phlean Straitéiseach CBT beidh na nithe seo a leanas:
(a) |
achoimre ar an staid i dtéarmaí láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí (“an anailís SWOT”) ina ceithre chuid (láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí); |
(b) |
sainaithint gach riachtanais agus tuairisc ar gach riachtanas, gan beann ar cé acu a thugtar nó nach dtugtar aghaidh orthu le hidirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT. Áireofar leis sin:
|
Saineofar san fhoroinn seo ar leibhéal an Phlean Straitéisigh CBT:
(a) |
ord tosaíochta na riachtanas, lena n-áirítear údar maith leis na roghanna arna ndéanamh agus an modh agus na critéir a úsáideadh; |
(b) |
i gcás inarb ábhartha, míniú ar na cúiseanna nach dtugtar aghaidh ar riachtanais áirithe nó a dtugtar aghaidh orthu go pointe áirithe sa Phlean Straitéiseach CBT; |
(c) |
i gcás inarb ábhartha, measúnú ar riachtanais na limistéar geografach sonrach, amhail na réigiúin is forimeallaí, limistéir shléibhtiúla agus oileánacha. |
2.2. Straitéis idirghabhála
San fhoroinn seo beidh an méid seo a leanas maidir le gach cuspóir sonrach dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2115:
(a) |
tuairisc ar an straitéis idirghabhála, lena mínítear an chaoi a meastar go n-oibreoidh an meascán d’idirghabhálacha, agus gnéithe tábhachtacha eile den Phlean Straitéiseach CBT, le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais, lena n-áirítear gnéithe críochacha, conas a rannchuidíonn idirghabhálacha ar bhealach díreach agus suntasach leis an gcuspóir sonrach agus conas a nascann siad le hionstraimí ábhartha eile lasmuigh den Phlean Straitéiseach CBT; |
(b) |
rogha de na táscairí toraidh ar bhonn an mheasúnaithe ar riachtanais, lena n-áirítear an t-údar leis na spriocanna agus na garspriocanna gaolmhara le haghaidh an Phlean Straitéisigh CBT iomláin, bunaithe ar an liosta in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115. Beidh na naisc idir táscairí toraidh agus cuspóirí comhsheasmhach leis an measúnú ar riachtanais agus leis an loighic idirghabhála, agus cuirfear san áireamh na naisc idir idirghabhálacha agus táscairí toraidh. Socróidh na Ballstáit spriocluach amháin in aghaidh an táscaire toraidh le haghaidh thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT. Nuair is cóimheas atá sa sprioc, soláthróidh na Ballstáit an t-uimhreoir agus an t-ainmneoir. Beidh luachanna na spriocanna agus na ngarspriocanna bliantúla comhleanúnach agus comhoiriúnach leis na riachtanais agus le luachanna aschuir bheartaithe na n-idirghabhálacha a bhfuil baint acu leis na táscairí toraidh comhfhreagracha agus áireofar iontu, i gcás inarb ábhartha, an maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(c) |
míniú ar an gcaoi a mbeifear in ann na spriocanna a bhaint amach leis na hidirghabhálacha agus ar an gcaoi a bhfuil na hidirghabhálacha comhleanúnach le chéile agus comhoiriúnach dá chéile; |
(d) |
réasúnú go bhfuil na leithdháiltí airgeadais ar na hidirghabhálacha leordhóthanach chun na spriocanna atá leagtha amach a bhaint amach, agus go bhfuil siad comhsheasmhach leis an bplean airgeadais; |
(e) |
i gcás inarb ábhartha, an t-údar atá le InvestEU a úsáid agus a rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus a roghnaítear faoin bPlean Straitéiseach CBT a bhaint amach. Áireofar san fhoroinn seo freisin míniú ar an ranníocaíocht náisiúnta chun spriocanna an Aontais le haghaidh 2030 a leagtar amach sa Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” agus i Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais a bhaint amach ionas go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht agus ar rannchuidiú an Phlean Straitéisigh CBT atá beartaithe le reachtaíocht agus gealltanais chomhshaoil agus aeráide an Aontais agus, go háirithe, le spriocanna ábhartha an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit tuilleadh faisnéise a chur in iarscríbhinn bhreise a ghabhfaidh leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 2 den Rialachán seo. |
2.3. Táscairí comhthéacs
Maidir leis na táscairí comhthéacs a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a úsáidtear mar ainmneoirí táscairí toraidh, soláthrófar san fhoroinn seo an luach bonnlíne agus an bhliain bhonnlíne, trí úsáid a bhaint as na sonraí is déanaí atá ar fáil.
2.4. Plean Sprice
Maidir le gach táscaire toraidh a roghnaítear le haghaidh na loighce idirghabhála i gcomhréir le foroinn 2.2, pointe (b), léireofar san fhoroinn seo, i dtábla achoimreach, an spriocluach agus na garspriocanna bliantúla.
3. Comhsheasmhacht na straitéise
Maidir le gach foroinn, soláthrófar sa roinn seo forléargas ar shineirgí agus ar chomhlántachtaí a eascraíonn as meascán d’idirghabhálacha agus de choinníollacha a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach CBT.
Áireofar sa roinn seo na foranna seo a leanas:
3.1. Forléargas ar an ailtireacht chomhshaoil agus aeráide
Áireofar san fhoroinn seo tuairisc ar:
(a) |
rannchuidiú foriomlán na coinníollachta leis na cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an gcomhshaol agus leis an aeráid; |
(b) |
an chomhlántacht idir na coinníollacha bunlíne ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 31(5) agus Airteagal 70(3) de Rialachán (AE) 2021/2115, an choinníollacht agus na hidirghabhálacha éagsúla lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e), agus pointe (f), den Rialachán sin; |
(c) |
an bealach a mheastar a bhainfear amach an uaillmhian mhéadaithe maidir le cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid, mar a leagtar amach in Airteagal 105 de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(d) |
míniú ar an gcaoi a rannchuidíonn an ailtireacht chomhshaoil agus aeráide leis na spriocanna náisiúnta fadtéarmacha a leagtar amach sna gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 nó a eascraíonn astu, agus míniú ar an gcaoi a bhfuil sí comhsheasmhach leis na spriocanna sin; |
(e) |
maidir le gach DRTC, tuairisc ar an mbealach a gcuirtear caighdeán an Aontais chun feidhme, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas: achoimre ar an gcleachtas ar an bhfeirm, ar an raon feidhme críochach, ar an gcineál feirmeoirí atá faoi réir an chaighdeáin agus, i gcás inar gá, tuairisc ar an gcaoi a rannchuidíonn an cleachtas le príomhchuspóir an chaighdeáin DRTC a bhaint amach. Áireofar sa tuairisc sin an fhaisnéis seo a leanas:
|
(f) |
nuair a leagann na Ballstáit caighdeáin bhreise DRTC síos sa bhreis ar na caighdeáin a leagtar síos in Iarscríbhinn III a bhaineann le príomhchuspóirí na hIarscríbhinne sin, de bhun Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, míniú ar an gcleachtas ar an bhfeirm, an raon feidhme críochach, an cineál feirmeoirí atá faoi réir an chaighdeáin agus tuairisc ar an gcaoi a rannchuidíonn an caighdeán leis an gcuspóir a bhaint amach; |
(g) |
i gcás inarb ábhartha, míniú ar rannchuidiú CBT le tacaíocht a ghiaráil agus cur le Tionscadail Straitéiseacha Dúlra chomhtháite a théann chun tairbhe do phobail na bhfeirmeoirí dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). |
3.2. Forléargas ar na hidirghabhálacha agus na coinníollacha ábhartha le haghaidh feirmeoirí óga
Soláthrófar san fhoroinn seo na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 109(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 agus, i gcás inarb ábhartha, míniú ar rannchuidiú CBT i leith shoghluaisteacht foghlama trasnáisiúnta na ndaoine i réimse na forbartha talmhaíochta agus tuaithe agus béim á leagan ar fheirmeoirí óga agus ar mhná i gceantair thuaithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).
3.3. Forléargas ar an gcaidreamh idir tacaíocht ioncaim chúpláilte agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3)
Soláthrófar san fhoroinn seo na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 109(2), pointe (c), de Rialachán (AE) 2021/2115.
3.4. Forléargas maidir leis an aidhm i ndáil le dáileadh níos cothroime agus spriocdhíriú níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar thacaíocht ioncaim
Soláthrófar san fhoroinn seo na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 109(2), pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2115.
3.5. Forléargas ar na hidirghabhálacha a bhaineann leis an earnáil
Soláthrófar san fhoroinn seo na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 109(2), pointe (e), de Rialachán (AE) 2021/2115. Ina theannta sin, áireofar san fhorléargas in aghaidh na hearnála i gcás inarb ábhartha, comhlántacht le gnéithe na coinníollachta.
3.6. Forléargas ar na hidirghabhálacha a rannchuidíonn le cur chuige comhleanúnach agus comhtháite a áirithiú i ndáil le bainistíocht riosca
Míneofar san fhoroinn seo an meascán d’idirghabhálacha, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, an rogha a leagtar síos in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/2115, atá ceaptha chun rannchuidiú le cur chuige comhleanúnach agus comhtháite maidir leis an mbainistíocht riosca a áirithiú.
3.7. Idirghníomhú idir idirghabhálacha agus gnéithe náisiúnta agus réigiúnacha
Áireofar san fhoroinn seo:
(a) |
i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar an idirghníomhú idir na hidirghabhálacha náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear dáileadh na leithdháiltí airgeadais in aghaidh na hidirghabhála agus in aghaidh an chiste; |
(b) |
i gcás ina mbunaítear gnéithe den Phlean Straitéiseach CBT ar an leibhéal réigiúnach, míniú ar an gcaoi a n-áirithítear leis an straitéis idirghabhála comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na ngnéithe sin le gnéithe an Phlean Straitéisigh CBT atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta. |
3.8. Forléargas ar an rannchuidiú leis an gcuspóir maidir le feabhas a chur ar leas ainmhithe agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (i), de Rialachán (AE) 2021/2115
Soláthrófar san fhoroinn seo na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 109(2), pointe (h), de Rialachán (AE) 2021/2115.
3.9. Míniú ar an gcaoi a rannchuidíonn na hidirghabhálacha agus na gnéithe atá i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha le simpliú le haghaidh na dtairbhithe deiridh agus leis an ualach riaracháin a laghdú
Áireofar leis an míniú sin go háirithe bearta a dhéanfar i gcur chun feidhme an CBT tríd an teicneolaíocht agus trí shonraí a chuidíonn le bainistíocht agus riarachán CBT a shimpliú, agus trí dhearadh na n-idirghabhálacha sa Phlean Straitéiseach CBT a shimpliú.
4. Gnéithe i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha
4.1. Sainmhínithe agus íoscheanglais
Áireofar san fhoroinn seo an méid seo a leanas:
(a) gníomhaíocht talmhaíochta
Maidir leis an sainmhíniú ar tháirgeadh talmhaíochta, ní sholáthróidh na Ballstáit faisnéis ach amháin i gcás ina leasaíonn siad an sainmhíniú i gcomparáid le hAirteagal 4(1), pointe (c)(i), de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).
Maidir leis an sainmhíniú ar chothabháil an limistéir talmhaíochta, soláthrófar sainmhíniú den sórt sin le haghaidh gach cineál limistéir talmhaíochta (talamh arúil, barra buana agus féarthalamh buan). I gcás ina sainíonn na Ballstáit ceanglais ar leith maidir le talamh branair, sonrófar an méid sin;
(b) limistéar talmhaíochta
Soláthrófar gnéithe comhlántacha an tsainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115 i gcás inarb ábhartha.
Go háirithe, soláthrófar faisnéis maidir leis na gnéithe seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
(i) |
gnéithe na gcóras agrafhoraoiseachta nuair a bhunófar ar an limistéar talmhaíochta iad nó nuair a dhéanfar iad a chothabháil ar an limistéar talmhaíochta, agus sonrófar na gnéithe sin maidir le gach cineál limistéar talmhaíochta (talamh arúil, barra buana agus féarthalamh buan); |
(ii) |
an sainmhíniú ar iasclanna; |
(iii) |
an sainmhíniú ar roschoill ghearruainíochta, lena n-áireofar ar a laghad an timthriall buainte, liosta na speiceas nó na gcatagóirí plandaí agus an dlús plandála; |
(iv) |
maidir le féarthalamh buan, tuairisc ar gach gné aonair a úsáidtear sa sainmhíniú air, amhail curaíocht, treabhadh, athshíolú le cineálacha éagsúla féar, nó cleachtais áitiúla sheanbhunaithe; |
(c) heicteár incháilithe
Soláthrófar gnéithe comhlántacha an tsainmhínithe a leagtar síos i Rialachán (AE) 2021/2115, go háirithe maidir leis na gnéithe seo a leanas, i gcás inarb ábhartha:
(i) |
critéir chun iomadúlacht na gníomhaíochta talmhaíochta a bhunú i gcás ina n-úsáidtear an talamh le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta freisin; |
(ii) |
critéir chun a áirithiú go bhfuil an talamh ar fáil don fheirmeoir; |
(iii) |
tréimhse nach mór an limistéar an sainmhíniú ar “heicteár incháilithe” a chomhlíonadh; |
(iv) |
mura féidir limistéir a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta ach gach dara bliain, an t-údar atá le cinneadh den sórt sin bunaithe ar chúiseanna a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an mbithéagsúlacht agus leis an aeráid; |
(v) |
más féidir gnéithe tírdhreacha nach bhfuil cosanta faoi DRTC a áireamh, tuairisc orthu sin, amhail a n-uasmhéid agus sciar uasta na dáileachta a fhéadfaidh na gnéithe tírdhreacha sin a áitiú i gcás inarb infheidhme; |
(vi) |
má chuirtear comhéifeachtaí laghdaithe seasta i bhfeidhm maidir le féarthalamh buan a bhfuil gnéithe scaipthe neamh-incháilithe acu chun an limistéar a mheastar a bheith incháilithe a chinneadh, tuairisc ar phrionsabail a chuirtear i bhfeidhm taobh thiar de na comhéifeachtaí laghdaithe; |
(vii) |
i gcás ina gcinntear incháilitheacht na limistéar a bhí incháilithe roimhe sin a choinneáil i gcás nach gcomhlíonann siad an sainmhíniú ar “heicteár incháilithe” de bhun Airteagal 4(4), pointe (a) agus pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2115 mar thoradh ar chur chun feidhme na scéimeanna náisiúnta, tuairisc ar na scéimeanna náisiúnta sin lena n-áirítear:
|
(d) feirmeoir gníomhach
Maidir leis an sainmhíniú ar fheirmeoir gníomhach, soláthrófar na nithe seo a leanas:
(i) |
critéir chun na feirmeoirí a bhfuil íosleibhéal gníomhaíochta talmhaíochta ar siúl acu a shainaithint; |
(ii) |
i gcás ina n-úsáidtear liosta diúltach de ghníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta mar uirlis chomhlántach, an tuairisc air; |
(iii) |
i gcás inarb ábhartha, méid na n-íocaíochtaí díreacha (nach mó ná EUR 5 000) agus an t-údar atá le méid na n-íocaíochtaí díreacha sin faoina mheasfar feirmeoirí mar “fheirmeoirí gnóthacha” in aon chás; |
(e) feirmeoir óg
Maidir leis an sainmhíniú ar fheirmeoir óg, soláthrófar na nithe seo a leanas:
(i) |
an uasteorainn aoise; |
(ii) |
na coinníollacha faoina ndeimhnítear “ceann an ghabháltais”; |
(iii) |
an oiliúint agus/nó na scileanna iomchuí is gá; |
(f) feirmeoir nua
Maidir leis an sainmhíniú ar fheirmeoir nua, soláthrófar na nithe seo a leanas:
(i) |
na coinníollacha faoina ndeimhnítear “ceann an ghabháltais” den chéad uair; |
(ii) |
an oiliúint nó na scileanna iomchuí is gá; |
(g) na híoscheanglais chun íocaíochtaí díreacha a fháil
Maidir leis na híoscheanglais i dtaca le híocaíochtaí díreacha a fháil, soláthrófar tuairisc ar na tairseacha agus an t-údar atá leo; soláthrófar na tairseacha sin, i gcás inarb infheidhme, i heicteáir le dhá dheachúil agus/nó, in euro le dhá dheachúil;
(h) ceantar tuaithe
Áireofar an sainmhíniú nó na sainmhínithe ar limistéir thuaithe agus ar an infheidhmeacht ar fud an Phlean Straitéisigh CBT;
(i) sainmhínithe eile ar an bPlean Straitéiseach CBT
I gcás ina n-úsáidtear sainmhínithe eile is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, forbairt tuaithe nó tacaíocht earnála ó thús deireadh an Phlean Straitéisigh CBT, tabharfar tuairisc ar na sainmhínithe sin, lena n-áirítear tuairisc ar raon feidhme sonrach a n-infheidhmeachta.
4.2. Gnéithe a bhaineann le hidirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha
Áireofar san fhoroinn seo:
(a) críochú
I gcás inarb ábhartha, tuairisc ar gach grúpa críoch lena n-áirítear an míniú ar na dálaí socheacnamaíocha nó agranamaíocha comhchosúla;
(b) teidlíochtaí íocaíochta
Más infheidhme, maidir leis an tuairisc ar chóras na dteidlíochtaí íocaíochta, agus feidhmiú an chúlchiste, léiriú ar an gcéad bhliain gan teidlíocht má tá sé beartaithe deireadh a chur le teidlíochtaí de réir a chéile;
(c) córas an chóineasaithe inmheánaigh
Maidir le gach grúpa críoch más ábhartha, agus mura n-úsáidtear ráta comhréidh ón gcéad bhliain, tuairisc ar mhodh an chóineasaithe inmheánaigh, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas:
(i) |
an spriocbhliain le haghaidh an uasleibhéil maidir le luach na dteidlíochtaí íocaíochta agus an t-uasleibhéal maidir le luach na dteidlíochtaí íocaíochta aonair, dá dtagraítear in Airteagal 24(3) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(ii) |
céimeanna cóineasaithe, dá dtagraítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(iii) |
i gcás inarb ábhartha, an luach ar ráta comhréidh a baineadh amach sa spriocbhliain, dá dtagraítear in Airteagal 24(4) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(iv) |
an spriocbhliain le haghaidh an chéatadáin cóineasaithe íosta agus an luach aonaid íosta mar chéatadán den mheán-aonadmhéid atá beartaithe maidir leis an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta le haghaidh na spriocbhliana, dá dtagraítear in Airteagal 24(5) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(v) |
maoiniú an chóineasaithe, dá dtagraítear in Airteagal 24(6) de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(vi) |
i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar an laghdú ar chuid de na teidlíochtaí íocaíochta a sháraíonn an meán-aonadmhéid atá beartaithe, dá dtagraítear in Airteagal 24(6), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115; |
(vii) |
i gcás inarb ábhartha, an céatadán den laghdú uasta ar luach aonaid na teidlíochta, dá dtagraítear in Airteagal 24(7) de Rialachán (AE) 2021/2115. |
(d) feidhmiú an chúlchiste
Maidir le gach grúpa críoch más ábhartha, míneofar feidhmiú an chúlchiste, agus sonrófar na gnéithe seo a leanas go háirithe:
(i) |
tuairisc ar an gcóras chun an cúlchiste a bhunú; |
(ii) |
tuairisc ar na catagóirí éagsúla feirmeoirí incháilithe, an rochtain ghaolmhar atá acu ar an gcúlchiste, leithdháileadh na teidlíochta íocaíochta nuaí nó méadú ar luach na teidlíochta íocaíochta atá ann cheana agus a n-ord tosaíochta; |
(iii) |
na rialacha maidir le hathshlánú airgeadais an chúlchiste; |
(iv) |
na rialacha maidir le dul in éag na dteidlíochtaí íocaíochta agus filleadh ar an gcúlchiste; |
(e) na rialacha a bhaineann le teidlíochtaí íocaíochta a aistriú
I gcás inarb ábhartha, na rialacha a bhaineann le teidlíochtaí íocaíochta a aistriú;
(f) laghdú ar íocaíochtaí díreacha
I gcás inarb ábhartha, tuairisc ar an laghdú ar íocaíochtaí agus caidhpeáil, lena n-áirítear go háirithe:
(i) |
na tráinsí, céatadáin an laghdaithe agus an míniú a thugtar orthu; |
(ii) |
i gcás inarb ábhartha, an modh chun costais saothair a dhealú; |
(iii) |
an toradh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí díreacha agus ar chaidhpeáil le haghaidh gach bliana, agus a leithdháileadh beartaithe; |
(g) tairseacha nó teorainneacha a chur i bhfeidhm ar leibhéal na ndaoine dlítheanacha, ar leibhéal ghrúpaí na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha nó ar leibhéal ghrúpaí na n-eintiteas cleamhnaithe
Cinntí agus réasúnuithe na dtairseach nó na dteorainneacha a leagtar síos ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine dlítheanacha nó ghrúpaí na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó ar leibhéal ghrúpa na n-eintiteas dlítheanach cleamhnaithe, de bhun Airteagal 110, pointe (d)(iii), de Rialachán (AE) 2021/2115, maidir le gach cineál idirghabhála i gcás inarb ábhartha, rud a léiríonn cé na hidirghabhálacha lena mbaineann;
(h) rannchuidiú le huirlisí bainistíochta riosca
I gcás inarb ábhartha, tuairisc ar chur chun feidhme beartaithe Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2021/2115, lena n-áirítear an cinneadh maidir le céatadán na n-íocaíochtaí díreacha atá le sannadh dó.
4.3. Cúnamh teicniúil
Áireofar go háirithe san fhoroinn seo maidir leis an tuairisc ar úsáid an chúnaimh theicniúil:
(a) |
cuspóirí an chúnaimh theicniúil; |
(b) |
a raon feidhme agus pleanáil tháscach gníomhaíochtaí; |
(c) |
tairbhithe an chúnaimh theicniúil; |
(d) |
an céatadán de ranníocaíocht iomlán an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) leis an bPlean Straitéiseach CBT atá le húsáid chun gníomhaíochtaí an chúnaimh theicniúil a mhaoiniú mar chéatadán aonair thar thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, agus dhá dheachúil leis. |
4.4. Líonra CBT
Áireofar go háirithe san fhoroinn seo maidir leis an tuairisc ar an líonra CBT:
(a) |
achoimre ar an líonra náisiúnta CBT agus cuspóirí an líonra náisiúnta CBT, lena n-áirítear tuairisc ar ghníomhaíochtaí chun tacú leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil (CEN) agus sreabha eolais laistigh de AKIS agus líonrú Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla faoi fhorbairt áitiúil faoi stiúir LEADER/an phobail; |
(b) |
struchtúr, rialachas agus oibriú an líonra náisiúnta CBT, lena n-áirítear cé acu atá nó nach bhfuil aon chomhpháirt ar an leibhéal réigiúnach sa líonra; sciar tháscach de chistiú an chúnaimh theicniúil a leithdháileadh ar an líonra agus ar an mbuiséad táscach le haghaidh na tréimhse agus an amlíne tháscach maidir le seoladh an líonra náisiúnta CBT. |
4.5. Comhordú, críochú agus comhlántachtaí idir CETFT agus Cistí eile an Aontais atá gníomhach i gceantair thuaithe
Áireofar san fhoroinn seo forléargas ar an gcomhordú, críochú agus comhlántachtaí idir CETFT agus Cistí eile an Aontais atá gníomhach i gceantair thuaithe, lena n-áirítear tuairisc ar chomhsheasmhacht fhoriomlán na tacaíochta i gceantair thuaithe a sholáthraítear le Cistí an Aontais, agus leagfar béim ar an gcaoi a ndéantar an úsáid a bhaintear astu a bharrfheabhsú agus míneofar na sásraí críochaithe agus comhordúcháin.
4.6. Ionstraimí airgeadais
Soláthrófar san fhoroinn seo tuairisc ghinearálta ar na hionstraimí airgeadais i gcás inarb ábhartha agus an t-údar atá lena n-úsáid, lena n-áirítear:
(a) |
cineál an chur chun feidhme, lena n-áirítear an rialachas; |
(b) |
bainisteoir féideartha an Chiste; |
(c) |
an cineál táirgí airgeadais a thairgtear (iasacht, ráthaíocht, cothromas); |
(d) |
na buntáistí a chuireann an ionstraim airgeadais ar fáil do na faighteoirí deiridh; |
(e) |
cumhdach críochach, i gcás inarb ábhartha; |
(f) |
rialacha teicniúla eile is coiteann do gach idirghabháil, amhail gnéithe comhcheangail. |
4.7. Gnéithe coiteanna na n-idirghabhálacha le haghaidh forbairt tuaithe nó na n-idirghabhálacha in earnálacha áirithe
Áireofar san fhoroinn seo:
(a) |
roghanna maidir le ráta ranníocaíochta CETFT is infheidhme ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, ag brath ar na cineálacha réigiún dá dtagraítear in Airteagal 91(2) de Rialachán (AE) 2021/2115, agus le haghaidh catagóirí áirithe idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 91(3) den Rialachán sin; |
(b) |
liosta ginearálta na n-infheistíochtaí neamh-incháilithe a théann thar na hinfheistíochtaí a leagtar síos in Airteagal 73(3) de Rialachán (AE) 2021/2115, i gcás inarb ábhartha; |
(c) |
gnéithe eile atá ábhartha maidir le cur chun feidhme roinnt idirghabhálacha le haghaidh forbairt tuaithe nó idirghabhálacha in earnálacha áirithe nach cuid den tuairisc ar idirghabhálacha iad, i gcás inarb ábhartha. |
5. Tuairisc ar na hidirghabhálacha
Áireofar an fhaisnéis seo a leanas sa roinn seo maidir leis na hidirghabhálacha a shonraítear sa straitéis dá dtagraítear in Airteagal 111 de Rialachán (AE) 2021/2115, lena n-áirítear na hidirghabhálacha a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach:
(a) |
sainaithint na hidirghabhála:
|
(b) |
ranníocaíocht leis an straitéis:
|
(c) |
tuairisc agus coinníollacha incháilitheachta:
|
(d) |
faisnéis airgeadais:
|
(e) |
tacaíocht do thairbhithe:
|
(f) |
faisnéis bhreise a bhaineann go sonrach le cineálacha áirithe idirghabhála:
|
(g) |
Comhlíonadh EDT, lena n-áirítear:
|
6. Plean Airgeadais
Áireofar sa roinn seo an méid seo a leanas:
6.1. Tábla forléargais
Soláthróidh na Ballstáit na gnéithe a leagtar síos in Airteagal 112(2) de Rialachán (AE) 2021/2115.
Na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as an bhféidearthacht leithdháiltí a aistriú idir na Cistí dá bhforáiltear in Airteagal 103 de Rialachán (AE) 2021/2115, soláthróidh siad an fhaisnéis sin le haghaidh gach bliana de thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT inar mian leo an tsolúbthacht sin a úsáid. Féadfaidh na Ballstáit a gcinneadh a athbhreithniú in 2025 maidir lena leithdháiltí le haghaidh na bliana airgeadais 2027.
Leis an bhfaisnéis a sholáthraítear sa tábla forléargais ceadófar seiceáil a dhéanamh gur cuireadh i leataobh i gceart na leithdháiltí is gá chun na ceanglais íosta caiteachais dá bhforáiltear in Airteagail 92, 93, 95, 97 agus 98 de Rialachán (AE) 2021/2115 a urramú.
Beidh an fhaisnéis sin ina bonn chun na huasteorainneacha airgeadais a ríomh, uasteorainneacha a eascraíonn as na méideanna a chuir na Ballstáit i leataobh chun na ceanglais íosta caiteachais a leagtar amach in Airteagail 92, 93, 95, 97 agus 98 de Rialachán (AE) 2021/2115 (uasteorainneacha droim ar ais) a urramú.
Ríomhfar na híosmhéideanna agus na huasmhéideanna dá dtagraítear in Airteagail 92 go 98 de Rialachán (AE) 2021/2115 bunaithe i gcónaí ar imchlúdaigh na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 87, Airteagal 88 agus Airteagal 89 de Rialachán (AE) 2021/2115 tar éis aistrithe féideartha.
Má chinneann na Ballstáit cistí a leithdháileadh ar InvestEU, LIFE agus/nó Erasmus, áfach, soláthrófar na méideanna bliantúla faoi seach sa tábla forléargais. Ní leasófar Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 agus déanfar gach oibleagáid maidir le leithdháiltí íosta a sheiceáil i gcomparáid le hIarscríbhinn XI a ghabhann leis an Rialachán sin, agus ní eisiafar na leithdháiltí sonracha sin ann.
Ós rud é go bhféadfaidh CERT agus CETFT an ceanglas ar fheirmeoirí óga maidir leis an leithdháileadh airgeadais íosta a chomhlíonadh, na Ballstáit a dhéanann cinneadh méid níos airde ná an t-íosmhéid a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a leithdháileadh, cuirfidh siad in iúl na méideanna atá le húsáid, faoi gach ceann de na Cistí, chun an t-íoscheanglas a bhaint amach. Beidh sé sin ina bhonn chun na huasteorainneacha droim ar ais a ríomh.
6.2. Faisnéis mhionsonraithe airgeadais agus miondealú in aghaidh na hidirghabhála agus aschur a phleanáil
Sa phlean mionsonraithe airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 112(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 déanfar foráil maidir le forléargas ar an leibhéal táscach lena bhfuil coinne i dtaca le híocaíochtaí leithdháiltí na mBallstát le linn thréimhse chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT agus faisnéis maidir le rátaí cómhaoinithe CETFT.
7. Córais rialachais agus córais chomhordúcháin
7.1. Comhlachtaí rialachais, údaráis bainistíochta agus comhlachtaí eile a shainaithint
Áireofar san fhoroinn seo:
(a) |
i gcás gach cineál comhlachta (údaráis inniúla, údaráis bainistíochta, gníomhaireachtaí íocaíochta, comhlacht comhordúcháin, i gcás inarb ábhartha, agus comhlachtaí deimhniúcháin) léiriú ar na cistí a bhfuil siad freagrach astu, chomh maith le hainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine freagracha; soláthrófar an fhaisnéis chéanna le haghaidh comhlachtaí eile amhail an coiste/na coistí faireacháin, comhlachtaí tarmligthe agus idirmheánacha i gcás inarb ábhartha, chomh maith leis na struchtúir ábhartha chomhordúcháin le haghaidh AKIS, le haghaidh Oifigeach Cumarsáide an Phlean CBT, dá dtagraítear in Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2021/1060, agus le haghaidh líonra CBT. Sonrófar freisin ról na gcomhlachtaí tarmligthe agus idirmheánacha; |
(b) |
gearrthuairisc ar leagan amach agus eagrú an údaráis inniúil; |
(c) |
nuair a tharmligtear cur chun feidhme ionstraimí airgeadais chuig údaráis réigiúnacha, tuairisc ar na socruithe rialachais maidir leis an oibríocht ionstraime airgeadais (cúraimí an údaráis bainistíochta agus na gníomhaireachta íocaíochta a tharmligean, amhail tairbhí a roghnú, tuairisciú, íocaíochtaí, rialú). |
7.2. Tuairisc ar na córais faireacháin agus tuairiscithe
Gearrthuairisc ar na córais faireacháin agus tuairiscithe a bunaíodh chun an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT a thaifeadadh, a choinneáil, a bhainistiú agus a thuairisciú, lena n-áirítear an córas tuairiscithe a cuireadh i bhfeidhm chun críocha na tuarascála feidhmíochta bliantúla faoi Airteagal 134 de Rialachán (AE) 2021/2115.
7.3. Faisnéis maidir leis na córais rialaithe agus pionóis
(a) CCRR
Áireofar san fhaisnéis maidir le CCRR:
(i) |
sonraíochtaí maidir leis an raon feidhme, go háirithe maidir le cé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear le haghaidh earnáil an fhíona é, mar a leagtar síos in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2021/2115 agus le haghaidh na coinníollachta; |
(ii) |
sainmhíniú ar dháileacht talmhaíochta, lena n-áirítear talamh talmhaíochta, i gcás inarb ábhartha; |
(iii) |
deimhniú maidir le hoibríocht CCRR ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, agus deimhniú go gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil II de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9); |
(iv) |
faisnéis maidir leis na córais chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú dá dtagraítear in Airteagal 65(4), pointe (c), agus in Airteagal 66(1), pointe (g), de Rialachán (AE) 2021/2116; |
(v) |
cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear córas éilimh uathoibríoch i bhfeidhm; |
(vi) |
tuairisc ar na córais rialaithe agus pionós, lena mínítear go háirithe cé acu a áirítear nó nach n-áirítear leis an gcóras seiceálacha córasacha a dhíríonn freisin ar réimsí inar mó an riosca go ndéanfar earráidí, agus conas a áirithítear le leibhéal na seiceálacha bainistíocht éifeachtach rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2021/2116. Maidir le pionóis, míneofar san fhaisnéis pionóis dá bhforáiltear maidir le neamhchomhlíonadh na gcritéar incháilitheachta i dtaca le hidirghabhálacha a shainítear sa Phlean Straitéiseach CBT. Má chuirtear córais éagsúla rialaithe agus pionóis i bhfeidhm le haghaidh idirghabhálacha éagsúla, soláthrófar faisnéis maidir le gach ceann de na córais. |
Féadfar faisnéis bhreise a sholáthar maidir leis an gcóras sainaitheanta le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, an córas iarratais geospásúil agus ainmhí-bhunaithe agus an córas faireacháin limistéir i gcás ina measann an Ballstát go bhfuil sé sin tábhachtach.
(b) Córas rialaithe agus pionóis le haghaidh idirghabhálacha nach gcumhdaítear le CCRR
Maidir le hidirghabhálacha CERT agus CETFT nach gcumhdaítear le CCRR, áireofar san fhaisnéis na nithe seo a leanas:
(i) |
gearrthuairisc ar an gcóras pionóis i gcomhréir le prionsabail na héifeachtachta, na comhréireachta agus na hathchomhairleachta; |
(ii) |
gearrthuairisc ar na córais rialaithe, lena n-áirítear sonraíochtaí le haghaidh ionstraimí airgeadais, i gcás inarb ábhartha; |
(iii) |
míniú gearr maidir leis an gcaoi a gcomhlíontar rialacha an tsoláthair phoiblí. |
(c) An córas rialaithe agus pionóis maidir leis an gcoinníollacht
Áireofar san fhoroinn seo na nithe seo a leanas:
(i) |
tuairisc ar an gcóras rialála maidir leis an gcoinníollacht; |
(ii) |
léiriú ar na cineálacha seiceálacha le haghaidh gach CRB agus DRTC; |
(iii) |
tuairisc ar an gcóras pionóis; |
(iv) |
sainmhíniú ar phrionsabail an atarlaithe agus na hintinntiúlachta agus cur i bhfeidhm na bprionsabal sin; |
(v) |
léiriú ar chur i bhfeidhm córais rialaithe simplithe le haghaidh feirmeoirí beaga; |
(vi) |
faisnéis maidir leis na comhlachtaí rialaithe inniúla atá freagrach as na seiceálacha ar chaighdeáin na coinníollachta agus ar cheanglais reachtúla bainistíochta. |
(d) An choinníollacht shóisialta
Áireofar san fhoroinn seo na nithe seo a leanas:
(i) |
tuairisc ar an gcóras rialaithe maidir leis an gcoinníollacht shóisialta; |
(ii) |
tuairisc ar an gcóras pionóis maidir leis an gcoinníollacht shóisialta. I gcás ina gcuirtear an choinníollacht shóisialta i bhfeidhm ó 2024 nó 2025 ar aghaidh, soláthrófar an tuairisc dá dtagraítear i bpointe (i) agus pointe (ii) ar a dhéanaí sa Phlean Straitéiseach CBT arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 119 de Rialachán (AE) 2021/2115 roimh chéad bhliain chur i bhfeidhm na coinníollachta sóisialta. |
8. Nuachóiriú: AKIS agus digitiú
8.1. Leagan amach eagraíochtúil foriomlán AKIS
Áireofar san fhoroinn seo míniú ar chur chuige straitéiseach foriomlán AKIS bunaithe ar an anailís SWOT agus ar an measúnú ar riachtanais lena dtugtar achoimre ar an gcaoi a n-oibreoidh na hidirghabhálacha agus na gníomhaíochtaí le chéile chun rannchuidiú leis an gcuspóir idirdhisciplíneach dá dtagraítear in Airteagal 6(2) de Rialachán (AE) 2021/2115.
8.2. Tuairisc ar an gcaoi a n-oibreoidh seirbhísí comhairleacha, taighde, líonraí CBT agus idirghabhálacha le chéile laistigh de chreat AKIS
Áireofar san fhoroinn seo míniú ar eagrú chomhar na gcomhairleoirí, na dtaighdeoirí agus líonraí CBT. Cuirfear in iúl má tá na gníomhaíochtaí atá beartaithe comhcheangailte le bearta ábhartha eile nó le hionstraimí i raon feidhme an Phlean Straitéisigh CBT nó lasmuigh de.
8.3. Tuairisc ar eagrú na gcomhairleoirí feirme
Áireofar san fhoroinn seo míniú ar an gcaoi a bhfuil soláthar na comhairle eagraithe, lena gcomhtháthófar na comhairleoirí uile agus lena gcumhdófar na gnéithe uile dá dtagraítear in Airteagal 15(2) agus (4) de Rialachán (AE) 2021/2115, agus comhlíonfar freisin na ceanglais maidir leis an neamhchlaontacht a leagtar síos in Airteagal 15(3) den Rialachán sin.
8.4. Tuairisc ar an gcaoi a soláthraítear tacaíocht nuálaíochta
Áireofar san fhoroinn seo míniú ar an gcaoi a bhfuil tacaíocht nuálaíochta agus sreabha eolais laistigh de AKIS eagraithe.
8.5. An straitéis um dhigitiú
Áireofar san fhoroinn seo míniú ar an gcur chuige straitéiseach chun borradh a chur faoin digitiú, lena n-áirítear tuairisc ar an gcur chuige maidir leis an gcaoi a gcuirtear bearta faoin straitéis um dhigitiú in oiriúint chun deighiltí digiteacha a sheachaint nó a mhaolú idir réigiúin, cineálacha gnólachtaí agus grúpaí daonra.
9. Iarscríbhinní a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT
9.1. Iarscríbhinn I maidir leis an meastóireacht ex ante agus an measúnú straitéiseach comhshaoil (MSC) dá dtagraítear i dTreoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10)
In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 115(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 beidh achoimre ar thorthaí na meastóireachta ex ante agus príomh-mholtaí na meastóireachta ex ante agus an mheasúnaithe straitéisigh comhshaoil.
De réir ghnéithe an Phlean Straitéisigh CBT nach mór measúnú a dhéanamh orthu sa mheastóireacht ex ante sin, déanfar na moltaí a aicmiú de réir:
— |
anailís SWOT, measúnú ar riachtanais; |
— |
loighic idirghabhála/rannchuidiú le cuspóirí; |
— |
comhleanúnachas seachtrach/inmheánach; |
— |
leithdháileadh acmhainní buiséadacha; |
— |
aschur, torthaí agus bunú garspriocanna agus spriocanna; |
— |
bearta chun an t-ualach riaracháin a laghdú; |
— |
ionstraimí airgeadais; |
— |
moltaí sonracha MSC; |
— |
eile. |
Luafar go soiléir conas a tugadh aghaidh ar na moltaí nó áireofar an t-údar atá leis an bhfáth nár cuireadh san áireamh iad.
Soláthrófar naisc chuig an meastóireacht iomlán ex ante agus chuig tuarascálacha MSC.
9.2. Iarscríbhinn II maidir leis an anailís SWOT ar staid reatha an limistéir a chumhdaítear leis an bPlean Straitéiseach CBT
In Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 115(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 leagfar amach in anailís SWOT na gnéithe a leagtar síos san fhoráil sin maidir le gach cuspóir de réir Airteagal 6(1) agus (2) den Rialachán sin. Cuirfear an anailís SWOT in iúl de réir ceithre phríomhghné: láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí agus léireofar san anailís foinsí na sonraí a úsáidtear seachas na táscairí comhthéacs.
9.3. Iarscríbhinn III maidir leis an gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe
Áireofar in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 115(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 torthaí an chomhairliúcháin leis na comhpháirtithe, agus go háirithe leis na húdaráis ábhartha ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus gearrthuairisc ar an gcaoi a ndearnadh an comhairliúchán.
9.4. Iarscríbhinn IV maidir le hidirghabhálacha le haghaidh na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis
In Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 115(4) de Rialachán (AE) 2021/2115 beidh na nithe seo a leanas:
Coinníollacha incháilitheachta chun comhsheasmhacht leis an anailís SWOT/measúnú ar riachtanais agus le hidirghabhálacha eile a áirithiú, go háirithe:
|
téacs |
||||||
Comhlántacht na híocaíochta i leith barr sonrach le haghaidh an chadáis leis na hidirghabhálacha eile sa Phlean Straitéiseach CBT. |
téacs |
9.5. Iarscríbhinn V maidir le maoiniú náisiúnta breise
In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2021/2115, comhlánófar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh gach idirghabhála san fhorbairt tuaithe dá ndeonaítear maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), agus in Airteagal 146, an chéad mhír, de Rialachán (AE) 2021/2115:
An tAirteagal i dTeideal III, Caibidil IV de Rialachán (AE) 2021/2115 ar dá réir a dheonaítear an maoiniú |
téacs |
||||||
An bunús dlí náisiúnta maidir leis an maoiniú a dheonú |
téacs |
||||||
An idirghabháil sa Phlean Straitéiseach CBT dá ndeonaítear an maoiniú |
téacs |
||||||
Buiséad iomlán an mhaoinithe (in euro) |
uimhir |
||||||
Léiriú ar chomhlíonadh na gceanglas ábhartha de Rialachán (AE) 2021/2115 |
TÁ/NÍL |
||||||
Comhlántacht:
|
Cuir in iúl na cinn atá i bhfeidhm agus tabhair faisnéis bhreise, más ábhartha. |
||||||
A chumhdaítear le hAirteagal 42 CFAE |
CUMHDAÍTEAR/NÍ CHUMHDAÍTEAR (más NÍ CHUMHDAÍTEAR an freagra, cuir in iúl ionstraim an imréitigh Státchabhrach) |
I ndáil leis an earnáil torthaí agus glasraí, comhlánófar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh an chúnaimh airgeadais náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 53 de Rialachán (AE) 2021/2115:
Méid measta bliantúil an chúnaimh airgeadais náisiúnta san earnáil torthaí agus glasraí in aghaidh an réigiúin lena mbaineann agus iomlán an chúnaimh le haghaidh an Bhallstáit. |
téacs |
9.6. Iarscríbhinn VI maidir le cabhair idirthréimhseach náisiúnta (i gcás inarb infheidhme)
In Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 115(6) de Rialachán (AE) 2021/2115 áireofar na gnéithe a leagtar síos san fhoráil sin maidir le gach cabhair idirthréimhseach náisiúnta aonair in aghaidh na hearnála, i gcás inarb infheidhme.
(a) |
an t-imchlúdach airgeadais bliantúil earnáilsonrach le haghaidh gach earnála dá ndeonaítear cabhair idirthréimhseach náisiúnta;
|
(b) |
i gcás inarb ábhartha, maidir le gach earnáil, an t-uasráta aonaid tacaíochta le haghaidh gach bliana den tréimhse, agus an t-uasráta aonaid á urramú;
|
(c) |
i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir leis an tréimhse thagartha arna modhnú i gcomhréir le hAirteagal 147(2)„ an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2115;
|
(d) |
gearrthuairisc ar chomhlántacht na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta le hidirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT. |
(1) Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).
(2) Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).
(3) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta laistigh de chreat an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).
(5) Léarscáil na limistéar uile, arna hainmniú de bhun Airteagal 32(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(7) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
(8) IO L 147, 18.6.1993, lch. 26.
(9) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).
(10) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).
IARSCRÍBHINN II
Freagrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a bhaineann le SFC2021
1. Freagrachtaí an Choimisiúin
1.1. |
Feidhmiú córais leictreonaigh um malartú oifigiúil agus slán faisnéise idir an Ballstát agus an Coimisiún a áirithiú, dá ngairtear “SFC2021” anseo feasta. In SFC2021 beidh ar a laghad an fhaisnéis a shonraítear sna teimpléid arna mbunú de bhun Rialachán (AE) 2021/2115. |
1.2. |
Na tréithe seo a leanas de SFC2021 a áirithiú:
|
1.3. |
Beartas slándála teicneolaíochta faisnéise a áirithiú le haghaidh SFC2021 is infheidhme maidir leis an bpearsanra a úsáideann an córas i gcomhréir le rialacha ábhartha an Aontais, go háirithe Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún (2). |
1.4. |
Duine nó daoine a ainmniú a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm ceart an bheartais slándála i leith SFC2021 a shainmhíniú, a choinneáil ar bun agus a áirithiú. |
2. Freagrachtaí na mBallstát
2.1. |
A áirithiú go ndéanfaidh údaráis chláir an Bhallstáit arna sainaithint i gcomhréir le Teideal VI de Rialachán (AE) 2021/2115, chomh maith leis na comhlachtaí arna sainaithint chun cúraimí áirithe a dhéanamh faoi fhreagracht an údaráis bainistíochta, an fhaisnéis a bhfuil freagracht orthu í a tharchur, agus aon nuashonrú ar an bhfaisnéis sin, a iontráil in SFC2021. |
2.2. |
Fíorú na faisnéise arna cur isteach ag duine nach é an duine a d’iontráil na sonraí le haghaidh an tarchuir sin a áirithiú. |
2.3. |
Socruithe a dhéanamh le haghaidh dheighilt na gcúraimí dá dtagraítear i bpointe 2.1 agus pointe 2.2 trí chórais bainistíochta agus rialaithe faisnéise an Bhallstáit atá ceangailte go huathoibríoch le SFC2021. |
2.4. |
Duine nó daoine a cheapadh a bheidh freagrach as cearta rochtana chun na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích a bhainistiú:
|
2.5. |
Socruithe a dhéanamh chun cosaint príobháideachais agus cosaint sonraí pearsanta a urramú i gcás daoine aonair, agus rúndacht tráchtála a urramú i gcás eintitis dhlítheanacha i gcomhréir le Treoir 2002/58/CE (3), agus Rialacháin (AE) 2016/679 (4) agus (AE) 2018/1725 (5) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
2.6. |
Beartais slándála faisnéise náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a ghlacadh i dtaca le rochtain ar SFC2021 bunaithe ar mheasúnú riosca is infheidhme maidir le gach údarás a úsáideann SFC2021 agus a thugann aghaidh ar na gnéithe seo a leanas:
|
2.7. |
An doiciméad nó na doiciméid ina bhfuil na beartais dá dtagraítear i bpointe 2.6 a chur ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin. |
2.8. |
Duine nó daoine a cheapadh a bheidh freagrach as cur i bhfeidhm na mbeartas slándála TF náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a choinneáil ar bun agus a áirithiú agus as bheith mar phointe teagmhála leis an duine nó na daoine atá ainmnithe ag an gCoimisiún agus dá dtagraítear i bpointe 1.4. |
3. Freagrachtaí comhpháirteacha an Choimisiúin agus na mBallstát
3.1. |
Inrochtaineacht a áirithiú, bíodh sin go díreach trí chomhéadan úsáideora idirghníomhach (i.e. feidhmchlár gréasáin) nó trí chomhéadan teicniúil agus úsáid á baint as prótacail réamhshainithe (i.e. seirbhísí gréasáin) a fhágann gur féidir sioncronú agus tarchur uathoibríoch sonraí a dhéanamh idir córais faisnéise na mBallstát agus SFC2021. |
3.2. |
Foráil a dhéanamh maidir le dáta tharchur leictreonach na faisnéise ón mBallstát chuig an gCoimisiún agus vice versa sa mhalartú sonraí leictreonacha, arb é an dáta cur isteach an doiciméid lena mbaineann é. |
3.3. |
A áirithiú go ndéanfar sonraí oifigiúla a mhalartú trí SFC2021, ach amháin má bhíonn cás force majeure ann, agus nach gcuirtear sonraí neamh-struchtúrtha in ionad na faisnéise arna soláthar sna foirmeacha leictreonacha atá leabaithe in SFC2021 (“sonraí struchtúrtha”), agus, i gcás neamhréire, go mbeidh tús áite ag sonraí struchtúrtha thar shonraí neamhstruchtúrtha.
I gcás force majeure, mífheidhmiú SFC2021 nó easpa naisc le SFC2021, féadfaidh an Ballstát, ach faomhadh an Choimisiúin a fháil roimh ré, na doiciméid a sheoladh i bhfoirm eile, faoi na coinníollacha a leagfaidh an Coimisiún síos. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcúis a bhí leis an force majeure iontrálfaidh an páirtí lena mbaineann an fhaisnéis a tugadh cheana féin i bhfoirm páipéir in SFC2021 gan mhoill. |
3.4. |
A áirithiú go gcomhlíonfar na téarmaí agus na coinníollacha slándála TF arna bhfoilsiú ar thairseach SFC2021, agus go gcomhlíonfar na bearta arna gcur chun feidhme in SFC2021 ag an gCoimisiún chun tarchur na sonraí a dhaingniú, go háirithe i ndáil le húsáid an chomhéadain theicniúil mar chuid de chórais bainistíochta agus rialaithe faisnéise an Bhallstáit dá dtagraítear i bpointe 2.3. |
3.5. |
Éifeachtacht na mbeart slándála, arna nglacadh chun na sonraí a stóráiltear agus a tharchuirtear trí SFC2021 a chosaint, a chur chun feidhme agus a áirithiú. |
3.6. |
Nuashonrú agus athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar bheartas slándála TF SFC2021 agus ar na beartais ábhartha slándála TF náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla i gcás athruithe ar an teicneolaíocht, bagairtí nua a shainaithnítear nó forbairtí ábhartha eile. |
(1) Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
(2) Cinneadh (AE, Euratom) 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach (IO L 6, 11.1.2017, lch. 40).
(3) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(4) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).