Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1936

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1936 ón gCoimisiún an 9 Samhain 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe atá le cur de Ficus carica L. agus de Persea americana Mill. de thionscnamh Iosrael, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin atá le cur a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena gceartaítear an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213

    C/2021/7864

    IO L 396, 10.11.2021, p. 27–35 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1936/oj

    10.11.2021   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 396/27


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1936 ÓN gCOIMISIÚN

    an 9 Samhain 2021

    lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 a mhéid a bhaineann le plandaí áirithe atá le cur de Ficus carica L. agus de Persea americana Mill. de thionscnamh Iosrael, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta chun na plandaí sin atá le cur a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais agus lena gceartaítear an Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 42(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (2), bunaítear, ar bhonn réamh-mheasúnú, liosta plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

    (2)

    Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún (3) rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca dá dtagraítear in Airteagal 42(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 a dhéanamh ar na plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo.

    (3)

    Tar éis réamh-mheasúnú a dhéanamh, áiríodh 35 phlanda atá le cur, de thionscnamh na dtríú tíortha uile, san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar phlandaí a mbaineann ardriosca leo, agus tá an speiceas Ficus carica L. agus an géineas Persea Mill ar chuid acu.

    (4)

    I gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/2031, má fhaightear ina leith, bunaithe ar mheasúnú riosca, go mbaineann riosca lotnaidí do-ghlactha le planda, táirge planda nó réad eile de thionscnamh tríú tír, grúpa de thríú tíortha nó limistéar sonrach den tríú tír lena mbaineann, ach go bhféadfaí an riosca sin a laghdú go leibhéal inghlactha trí bhearta áirithe a chur i bhfeidhm, ní mór don Choimisiún an planda, an táirge planda nó an réad eile sin a bhaint den liosta a bunaíodh leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus é a chur leis an liosta dá dtagraítear in Airteagal 41(2) de Rialachán (AE) 2016/2031.

    (5)

    Leagtar amach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún (4) na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile áirithe a thabhairt isteach i gcríoch an Aontais, ar ábhair iad a baineadh den liosta a bunaíodh leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019.

    (6)

    An 18 Meán Fómhair 2019, chuir Iosrael iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun plandaí fréamhloma suanacha gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais agus gearrthóga fhréamhaithe gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L. a onnmhairiú chuig an Aontas. Cuireadh an sainchomhad teicniúil lena mbaineann isteach leis an iarratas sin.

    (7)

    An 26 Samhain 2020, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Ficus carica L. atá le cur de thionscnamh Iosrael (5). Shainaithin an tÚdarás Aonidiella orientalis, Colletotrichum siamense, Euwallacea fornicatus sensu lato, Hypothenemus leprieuri, Icerya aegyptiaca, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus mangiferus, Phenacoccus solenopsis, Plicosepalus acaciae, Retithrips syriacus, Russellaspis pustulans, Scirtothrips dorsalis agus Spodoptera frugiperda mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin atá le cur, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis na lotnaidí sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh siad saor ó lotnaidí.

    (8)

    An 1 Meán Fómhair 2019, chuir Iosrael iarratas faoi bhráid an Choimisiúin chun onnmhairiú a dhéanamh chuig an Aontas de phlandaí beangaithe fréamhaithe a bhfuil duilleoga orthu agus atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais agus gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí atá le cur de Persea americana Mill. Cuireadh an sainchomhad teicniúil lena mbaineann isteach leis an iarratas sin.

    (9)

    An 26 Samhain 2020, ghlac an tÚdarás tuairim eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Persea americana Mill. atá le cur de thionscnamh Iosrael (6). Shainaithin an tÚdarás Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Avocado sunblotch viroid, Bemisia tabaci, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Euwallacea fornicatus, Icerya aegyptiaca, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Penthimiola bella, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus, Scirtothrips dorsalis agus Tetraleurodes perseae mar lotnaidí atá ábhartha maidir leis na plandaí sin atá le cur, rinne sé meastóireacht ar na bearta maolaithe riosca faoina ndéantar tuairisc sa sainchomhad i dtaca leis na lotnaidí sin agus rinne sé meastachán ar an dóchúlacht atá ann go mbeadh siad saor ó lotnaidí.

    (10)

    Ar bhonn na dtuairimí sin, ba cheart na bearta riachtanacha chun aghaidh a thabhairt ar an riosca a bhaineann leis na lotnaidí sonraithe a ghlacadh mar cheanglais allmhairiúcháin fíteashláintíochta, chun a áirithiú go ndéanfar an riosca fíteashláintíochta a eascraíonn as na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas a laghdú go leibhéal inghlactha. Dá bhrí sin, maidir le plandaí fréamhloma suanacha gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L. agus gearrthóga fréamhaithe, gan duilleoga orthu, de phlandaí atá aon bhliain d’aois atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L., de thionscnamh Iosrael, agus plandaí fréamhaithe beangaithe, a bhfuil duilleoga orthu atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Persea americana Mill. agus gearrthóga gan fréamhacha de phlandaí atá le cur de Persea americana Mill., de thionscnamh Iosrael, ba cheart na plandaí sin a bhaint den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus ba cheart na bearta iomchuí fíteashláintíochta maidir le hallmhairiú a chur leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213.

    (11)

    I bhfianaise an lín mhóir lotnaidí a shainaithnítear maidir le gach ceann de na plandaí sonraithe agus na héiginnteachtaí a shainaithin an tÚdarás, meastar mura ndéantar ach na bearta atá molta ag Iosrael sna sainchomhaid a chur i bhfeidhm, nach leor sin chun an riosca a bhaineann leis na plandaí sonraithe a thabhairt isteach san Aontas a laghdú go leibhéal inghlactha. Chun an riosca fíteashláintíochta a laghdú go leibhéal inghlactha, agus gan dochar do na ceanglais allmhairiúcháin a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (7), ba cheart a cheangal go bhfásfaí na plandaí sin i suíomhanna táirgthe atá saor ó lotnaidí a bhfuil cosaint fhisiceach acu i gcoinne thabhairt isteach na lotnaidí feithidí sonraithe agus go ndéanfaí cigireacht oifigiúil orthu chun na lotnaidí sin a bhrath. Ina theannta sin, maidir le gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí atá le cur de Persea americana Mill. de thionscnamh Iosrael, nach sonraítear an trastomhas uasta ag bonn an ghais ina leith sa sainchomhad, ba chóir glacadh le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais i gcás na bplandaí sin a thíolactar lena n-allmhairiú isteach san Aontas. Ba cheart an chigireacht a dhéantar ar choinsíneachtaí na bplandaí sonraithe díreach roimh onnmhairiú a neartú freisin i gcomparáid leis an iniúchadh a léiríonn na sainchomhaid arna gcur isteach ag Iosrael.

    (12)

    Liostaítear Bemisia tabaci, Euwallacea fornicatus sensu lato (a bhaineann le fine Scolytidae (neamh-Eorpach)), Hypothenemus leprieuri (a bhaineann le fine Scolytidae (neamh-Eorpach)), Scirtothrips dorsalis agus Spodoptera frugiperda mar lotnaidí coraintín an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072. Ní áirítear fós Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Avocado sunblotch viroid, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Icerya aegyptiaca, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus mangiferus, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Penthimiola bella, Phenacoccus solenopsis, Plicosepalus acaciae, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus, Russellaspis pustulans agus Tetraleurodes perseae i liosta lotnaidí coraintín an Aontais in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, ach d’fhéadfaidís na coinníollacha a bhaineann le bheith san áireamh a chomhlíonadh nuair a bheidh measúnú riosca iomlán déanta. Ar an gcúis sin, tá gá leis na bearta fíteashláintíochta thuasluaite freisin i dtaca leis na lotnaidí sin, go dtí go ndéanfar measúnú iomlán.

    (13)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 agus (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

    (14)

    San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 tá roinnt earráidí ann agus tagairt á déanamh do reachtaíocht eile de chuid an Aontais maidir le sláinte plandaí.

    (15)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 a leasú dá réir.

    (16)

    Chun oibleagáidí an Aontais a chomhlíonadh, ar oibleagáidí iad a eascraíonn as Comhaontú na hEagraíochta Trádála Domhanda maidir le bearta sláintíochta agus fíteashláintíochta, ba cheart tús a chur le hallmhairiú na dtráchtearraí sin arís a luaithe is féidir. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (17)

    Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Leasuithe agus ceartúcháin ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 3

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena mbunaítear liosta sealadach plandaí, táirgí plandaí agus réad eile a mbaineann ardriosca leo, de réir bhrí Airteagal 42 de Rialachán (AE) 2016/2031 agus liosta plandaí nach bhfuil deimhnithe fíteashláintíochta ag teastáil ina leith lena dtabhairt isteach san Aontas, de réir bhrí Airteagal 73 den Rialachán sin (IO L 323, 19.12.2018, lch. 10).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2018 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun an measúnú riosca a dhéanamh ar phlandaí, táirgí plandaí agus réada eile a mbaineann ardriosca leo, de réir bhrí Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 323, 19.12.2018, lch. 7).

    (4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún an 21 Lúnasa 2020 a mhéid a bhaineann leis na bearta fíteashláintíochta maidir le plandaí, táirgí plandaí agus réada eile a thabhairt isteach san Aontas, ar ábhair iad a baineadh den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 (IO L 275, 24.8.2020, lch. 5).

    (5)  Painéal PLH EFSA (Painéal an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia maidir le Sláinte Plandaí), Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar phlandaí Ficus carica de thionscnamh Iosrael, Iris EFSA 2021;19(1):6353, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6353

    (6)  Painéal PLH EFSA, Tuairim Eolaíoch maidir leis an measúnú riosca tráchtearraí ar Persea americana de thionscnamh Iosrael, Iris EFSA 2021;19(2):6354, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2021.6353

    (7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme, a mhéid a bhaineann le bearta cosanta i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear pointe 1, tábla, dara colún, “Tuairisc”, den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘Ficus carica L.’:

    “‘Ficus carica L.’, seachas plandaí fréamhloma suanacha gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois agus atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L., agus gearrthóga fréamhaithe gan duilleoga orthu at bhfuiltear lena gcur atá aon bhliain d’aois le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Ficus carica L., de thionscnamh Iosrael”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le ‘Persea Mill.’:

    “‘Persea Mill.’, seachas beangáin fhréamhaithe a bhfuil duilleoga orthu atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais de Persea americana Mill., agus gearrthóga neamhfhréamhaithe atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm de Persea americana Mill., de thionscnamh Iosrael”.


    IARSCRÍBHINN II

    CUID A

    Leasaítear an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an iontráil seo a leanas isteach tar éis an dara hiontráil a bhaineann le Albizia julibrissin Durazzini, plandaí fréamhloma suanacha beangaithe atá le cur, le trastomhas uasta 2,5 cm:

    Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

    Cód CN

    Tríú tíortha tionscnaimh

    Bearta

    Ficus carica L., plandaí fréamhloma suanacha gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm ag bonn an ghais, agus gearrthóga fréamhaithe gan duilleoga orthu atá aon bhliain d’aois atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais

     

    ex 0602 20 20

     

    ex 0602 20 80

     

    ex 0602 90 45

     

    ex 0602 90 46

     

    ex 0602 90 48

     

    ex 0602 90 50

     

    ex 0602 90 70

    Iosrael

    (a)

    Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

    (i)

    go bhfuil na plandaí saor ó Aonidiella orientalis, Colletotrichum siamense, Euwallacea fornicatus sensu lato, Hypothenemus leprieuri, Icerya aegyptiaca, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus mangiferus, Phenacoccus solenopsis, Plicosepalus acaciae, Retithrips syriacus, Russellaspis pustulans, Scirtothrips dorsalis agus Spodoptera frugiperda;

    (ii)

    gur fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láthair tháirgthe atá cláraithe agus a bhfuil na láithreáin táirgthe atá ina gcuid di cláraithe agus faoi mhaoirseacht ag eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí na tíre tionscnaimh;

    (iii)

    gur fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láithreán a bhfuil cosaint fhisiceach aige ar thabhairt isteach Aonidiella orientalis, Icerya aegyptiaca, Nipaecoccus viridis, Oligonychus mangiferus, Phenacoccus solenopsis, Retithrips syriacus agus Russellaspis pustulans, ar láithreán é a bhí faoi réir cigireachtaí oifigiúla gach 45 lá agus nár aimsíodh aon cheann de na lotnaidí ann a liostaítear i bpointe (i); i gcás ina raibh amhras faoi aon cheann de na lotnaidí a liostaítear i bpointe (i) sa láithreán táirgthe, go ndearnadh cóireálacha iomchuí lena áirithiú nárbh ann do na lotnaidí; agus

    (iv)

    go díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go raibh na coinsíneachtaí plandaí faoi réir cigireacht oifigiúil chun Aonidiella orientalis, Icerya aegyptiaca, Nipaecoccus viridis, Oligonychus mangiferus, Phenacoccus solenopsis, Plicosepalus acaciae, Retithrips syriacus agus Russellaspis pustulans, a aimsiú agus go raibh an sampla ar a laghad ar mhéid leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % a bhrath ar leibhéal muiníne 99 %, agus go raibh siad faoi réir cigireacht oifigiúil chun Colletotrichum siamense agus Neoscytalidium dimidiatum a aimsiú, lena n-airítear trí shampláil randamach agus trí thástáil a dhéanamh ar na plandaí;

    (b)

    go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’:

    (i)

    an ráiteas seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún’;

    (ii)

    sonraíocht an láithreáin táirgthe chláraithe nó na láithreán táirgthe cláraithe.”;

    (2)

    cuirtear isteach na hiontrálacha seo a leanas i ndiaidh na hiontrála a bhaineann le Jasminum polyanthum Franchet, gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí atá le cur:

    Plandaí, táirgí plandaí nó réada eile

    Cód CN

    Tríú tíortha tionscnaimh

    Bearta

    Persea americana Mill., plandaí beangaithe fréamhaithe a bhfuil duilleoga orthu, plandaí atá le cur, le damhna fáis agus le trastomhas uasta 1 cm ag bonn an ghais

     

    ex 0602 90 41

     

    ex 0602 90 45

     

    ex 0602 90 48

     

    ex 0602 90 50

    Iosrael

    (a)

    Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

    (i)

    tá na plandaí saor ó Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Avocado sunblotch viroid, Bemisia tabaci, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Euwallacea fornicatus sensu lato, Icerya aegyptiaca, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Penthimiola bella, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus, Scirtothrips dorsalis agus Tetraleurodes perseae;

    (ii)

    gur fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láthair tháirgthe atá cláraithe agus a bhfuil na láithreáin táirgthe atá ina gcuid di cláraithe agus faoi mhaoirseacht ag eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí na tíre tionscnaimh;

    (iii)

    fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láithreán a bhfuil cosaint fhisiceach aige ar thabhairt isteach Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Icerya aegyptiaca, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Penthimiola bella, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus agus Tetraleurodes perseae, ar láithreán é a bhí faoi réir cigireachtaí oifigiúla gach 45 lá agus nár aimsíodh aon cheann de na lotnaidí ann a liostaítear i bpointe (i); i gcás ina raibh amhras faoi aon cheann de na lotnaidí a liostaítear i bpointe (i) sa láithreán táirgthe, go ndearnadh cóireálacha iomchuí lena áirithiú nárbh ann do na lotnaidí; agus

    (iv)

    go díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go raibh na coinsíneachtaí plandaí faoi réir cigireacht oifigiúil chun Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Icerya aegyptiaca, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Penthimiola bella, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus agus Tetraleurodes perseae a aimsiú agus go raibh an sampla ar a laghad ar mhéid leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % a bhrath ar leibhéal muiníne 99 %, agus go raibh siad faoi réir cigireacht oifigiúil chun Avocado sunblotch viroid, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Neoscytalidium dimidiatum a aimsiú, lena n-airítear trí shampláil randamach agus trí thástáil a dhéanamh ar na plandaí;

    (b)

    go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’:

    (i)

    an ráiteas seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún’;

    (ii)

    sonraíocht an láithreáin táirgthe chláraithe nó na láithreán táirgthe cláraithe.

    Persea americana Mill., gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí atá le cur, le trastomhas uasta 2 cm

    ex 0602 10 90

    Iosrael

    (a)

    Ráiteas oifigiúil ina ndeirtear:

    (i)

    go bhfuil na plandaí saor ó Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Avocado sunblotch viroid, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Euwallacea fornicatus sensu lato, Icerya aegyptiaca, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Neocosmospora euwallaceae, Neoscytalidium dimidiatum, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii, Retithrips syriacus agus Scirtothrips dorsalis;

    (ii)

    gur fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láthair tháirgthe atá cláraithe agus a bhfuil na láithreáin táirgthe atá ina gcuid di cláraithe agus faoi mhaoirseacht ag eagraíocht náisiúnta cosanta plandaí na tíre tionscnaimh;

    (iii)

    fásadh na plandaí ar feadh a saoil i láithreán a bhfuil cosaint fhisiceach aige ar thabhairt isteach Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Icerya aegyptiaca, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii agus Retithrips syriacus, , ar láithreán é a bhí faoi réir cigireachtaí oifigiúla gach 45 lá agus nár aimsíodh aon cheann de na lotnaidí ann a liostaítear i bpointe (i); i gcás ina raibh amhras faoi aon cheann de na lotnaidí a liostaítear i bpointe (i) sa láithreán táirgthe, go ndearnadh cóireálacha iomchuí lena áirithiú nárbh ann do na lotnaidí; agus

    (iv)

    go díreach sula ndearnadh onnmhairiú, go raibh na coinsíneachtaí plandaí faoi réir cigireacht oifigiúil chun Aonidiella orientalis, Aulacaspis tubercularis, Icerya aegyptiaca, Maconellicoccus hirsutus, Milviscutulus mangiferae, Nipaecoccus viridis, Oligonychus perseae, Paracoccus marginatus, Pseudococcus cryptus, Pulvinaria psidii agus Retithrips syriacus, a aimsiú agus go raibh an sampla ar a laghad ar mhéid leordhóthanach chun leibhéal inmhíolaithe 1 % a bhrath ar leibhéal muiníne 99 %, agus go raibh siad faoi réir cigireacht oifigiúil chun Avocado sunblotch viroid, Colletotrichum aenigma, Colletotrichum alienum, Colletotrichum fructicola, Colletotrichum perseae, Colletotrichum siamense, Colletotrichum theobromicola, Lasiodiplodia pseudotheobromae, Neoscytalidium dimidiatum a aimsiú, lena n-airítear trí shampláil randamach agus trí thástáil a dhéanamh ar na plandaí;

    (b)

    go n-áirítear i ndeimhnithe fíteashláintíochta na bplandaí sin faoin gceannteideal ‘Dearbhú Breise’:

    (i)

    an ráiteas seo a leanas: ‘Comhlíonann an choinsíneacht Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún’;

    (ii)

    sonraíocht an láithreáin táirgthe chláraithe nó na láithreán táirgthe cláraithe.”.

    CUID B

    Ceartaítear an tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 mar a leanas:

    (1)

    sa dá iontráil a bhaineann le Acer japonicum Thunberg, Acer palmatum Thunberg agus Acer shirasawanum Koidzumi, ar plandaí iad atá fréamhlom suanach gan duilleoga orthu, iad beangaithe nó le bachlóga orthu, atá aon bhliain go trí bliana d’aois agus atá le cur, sa cheathrú colún “Bearta”, i bpointe (b)(i), cuirtear “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún” in ionad na tagartha “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1362 ón gCoimisiún”;

    (2)

    san iontráil a bhaineann le Jasminum polyanthum Franchet, gearrthóga neamhfhréamhaithe de phlandaí a bhfuiltear lena gcur, sa cheathrú colún “Bearta”, i bpointe (b)(i), cuirtear “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1213 ón gCoimisiún” in ionad na tagartha “Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/419 ón gCoimisiún”.


    Top