Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2385

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2385 ón gComhairle an 6 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

ST/14513/2022/INIT

IO L 315, 7.12.2022, pp. 87–88 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2385/oj

7.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 315/87


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2385 ÓN gCOMHAIRLE

an 6 Nollaig 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1) agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 168 de Threoir 2006/112/CE bunaítear ceart an duine inchánach cáin bhreisluacha (“CBL”) a mhuirearaítear ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a n-idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Leagtar síos in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach an duine inchánach nó foireann an duine inchánach nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ghnó, go gcaithfear leis sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin agus, dá bhrí sin, go bhfuil sé faoi réir CBL.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle (2), údaraítear don Pholainn, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint maidir le mótarfheithiclí bóthair áirithe a cheannach, a fháil laistigh den Chomhphobal, a allmhairiú, a fhruiliú, nó a léasú, agus caiteachas a bhaineann leis sin, i gcás nach n-úsáidtear na feithiclí sin chun críoch gnó amháin, agus faoiseamh a thabhairt do dhaoine inchánacha ón ngá atá le caitheamh le húsáid neamhghnó feithiclí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 26(1), pointe (a), de Threoir 2006/112/CE (“na bearta speisialta”).

(3)

Tá Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE le dul in éag an 31 Nollaig 2022.

(4)

Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 18 Feabhra 2022, d’iarr an Pholainn údarú chun leanúint de na bearta speisialta a chur i bhfeidhm go ceann tréimhse eile go dtí an 31 Nollaig 2025.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 3, an dara mír, de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, chuir an Pholainn tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, in éineacht leis an iarraidh, maidir le cur i bhfeidhm na mbeart speisialta, lenar áiríodh athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an gceart CBL a asbhaint. Ar bhonn na tuarascála sin, measann an Pholainn go bhfuil údar cuí fós le ráta 50 %. Measann sí freisin go bhfuil gá fós leis an maolú ar an gceanglas in Airteagal 26(1)(a) de Threoir 2006/112/CE chun cánachas dúbailte a sheachaint. Tá údar cuí leis na bearta speisialta sin mar gheall ar an ngá atá ann simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le CBL a bhailiú agus cosc a chur ar imghabháil cánach mar thoradh ar choimeád taifead mícheart agus dearbhuithe cánach bréagacha.

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh arna déanamh ag an bPolainn chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 15 Márta 2022. Le litir dar dáta an 16 Márta 2022, thug an Coimisiún fógra don Pholainn go raibh an fhaisnéis ar fad aige a bhí riachtanach chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.

(7)

Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag cur i bhfeidhm na mbeart speisialta tar éis an 31 Nollaig 2022 ar mhéid foriomlán ioncam cánach a bhailíonn an Pholainn ag céim an tomhaltais deiridh agus ní dhéanfaidh sé dochar d’acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL.

(8)

Is iomchuí, dá bhrí sin, síneadh a chur leis an údarú a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE. Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh na mbearta speisialta ionas go mbeidh an Coimisiún in ann meastóireacht a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus ar a mhéid is iomchuí an teorannaithe céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart asbhainte CBL.

(9)

Ba cheart dá bhrí sin a údarú don Pholainn leanúint de chur i bhfeidhm na mbeart speisialta go dtí an 31 Nollaig 2025.

(10)

I gcás ina measann an Pholainn go bhfuil gá leis na bearta speisialta a choinneáil i bhfeidhm go ceann níos faide ná dul in éag Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE, agus chun a áirithiú go ndéanfar scrúdú tráthúil ar aon iarraidh i leith síneadh a chur leis na bearta speisialta, is gá ceanglais a leagan síos maidir le hiarraidh den sórt sin.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE:

“Airteagal 3

Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2025.

Déanfar aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025. Beidh tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh sin, lena n-áireofar athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a chuirtear i bhfeidhm ar an gceart CBL a asbhaint ar bhonn an Chinnidh seo.”.

Airteagal 2

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an lá a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 3

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Polainne.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)   IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2013/805/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena n-údaraítear do Phoblacht na Polainne bearta a thabhairt isteach de mhaolú ar phointe (a) d’Airteagal 26(1)agus ar Airteagal 168 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 353, 28.12.2013, lch. 51).


Top