This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022L2380
Directive (EU) 2022/2380 of the European Parliament and of the Council of 23 November 2022 amending Directive 2014/53/EU on the harmonisation of the laws of the Member States relating to the making available on the market of radio equipment (Text with EEA relevance)
Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Treoir (AE) 2022/2380 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
PE/44/2022/REV/1
IO L 315, 7.12.2022, pp. 30–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
7.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 315/30 |
TREOIR (AE) 2022/2380 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Samhain 2022
lena leasaítear Treoir 2014/53/AE maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Ceann de chuspóirí Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) is ea dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. De bhun Airteagal 3(3), pointe (a), den Treoir sin, ceann de na ceanglais riachtanacha nach mór do threalamh raidió a chomhlíonadh is ea go n-idiroibríonn sé le gabhálais, go háirithe le luchtairí uilíocha. I ndáil leis sin, léirítear le Treoir 2014/53/AE go ndéanann idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus gabhálais amhail luchtairí úsáid trealaimh raidió a shimpliú agus dramhaíl neamhriachtanach agus costais neamhriachtanacha a laghdú agus gur gá luchtaire uilíoch a fhorbairt le haghaidh catagóirí nó aicmí áirithe trealaimh raidió, go háirithe ar mhaithe le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile. |
|
(2) |
Ó 2009 i leith, tá iarrachtaí á ndéanamh ar leibhéal an Aontais chun ilroinnt mhargadh na gcomhéadan luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca agus ítimí trealaimh raidió den tsamhail chéanna a theorannú. Cé gur méadaíodh leibhéal cóineasaithe na ngléasanna luchtúcháin, arb ionann iad agus cuid an tsoláthair cumhachta sheachtraigh de luchtairí, agus gur laghdaíodh líon na réiteach luchtúcháin éagsúil atá ar fáil ar an margadh, mar gheall ar thionscnaimh dheonacha a rinneadh le déanaí, leis na tionscnaimh sin, ní chomhlíontar go hiomlán cuspóirí beartais an Aontais maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú, dramhaíl leictreonach (r-dhramhaíl) a laghdú, agus ilroinnt mhargadh na ngléasanna luchtúcháin a sheachaint. |
|
(3) |
Tá an tAontas tiomanta d’úsáid éifeachtúil acmhainní a neartú trí bhogadh i dtreo geilleagar glan ciorclach trí thionscnaimh amhail Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a thabhairt isteach agus, le déanaí, tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, mar a leag an Coimisiún amach sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019, a thabhairt isteach. Is é is aidhm don Treoir seo laghdú a dhéanamh ar an r-dhramhaíl a ghintear trí threalamh raidió a dhíol, agus laghdú a dhéanamh ar eastóscadh amhábhar agus ar astaíochtaí CO2 a ghintear le táirgeadh, iompar agus diúscairt luchtairí, agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn ar an gcaoi sin. |
|
(4) |
Le Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach, a leagtar amach sa teachtaireacht uaidh an 11 Márta 2020, rinneadh foráil maidir le tionscnaimh ar feadh shaolré iomlán na dtáirgí, lena ndírítear ar dhearadh na dtáirgí sin, lena gcuirtear próisis an gheilleagair chiorclaigh chun cinn, lena gcothaítear an tomhaltas inbhuanaithe, agus arb é is aidhm dóibh a áirithiú go ndéanfar na hacmhainní a úsáidtear a choinneáil i ngeilleagar an Aontais chomh fada agus is féidir. |
|
(5) |
Rinne an Coimisiún measúnú tionchair, inar léiríodh nach bhfuil lántairbhe á baint as an margadh inmheánach, mar is é easpa áisiúlachta do thomhaltóirí agus méadú ar an r-dhramhaíl an toradh atá ar ilroinnt leanúnach mhargadh na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin le haghaidh gutháin phóca agus trealamh raidió eile den tsamhail chéanna. |
|
(6) |
Cuirtear bac ar idir-inoibritheacht idir trealamh raidió agus gabhálais, amhail luchtairí, ós rud é go bhfuil comhéadain dhifriúla luchtúcháin ann do chatagóirí áirithe nó d’aicmí áirithe de threalamh raidió a úsáideann luchtú sreinge, amhail gutháin phóca iniompartha, táibléid, ceamaraí digiteacha, cluasáin nó ceannfhearais, consóil físchluichí láimhe, callairí iniompartha, ríomhléitheoirí, méarchláir, lucha, córais loingseoireachta iniompartha, cluasáin bhachlóige agus ríomhairí glúine. Ina theannta sin, tá roinnt cineálacha prótacal cumarsáide mearluchtúcháin ann nach ndéantar íosleibhéal feidhmíochta a ráthú ina leith i gcónaí. Mar thoradh air sin, tá gá le gníomhaíocht ón Aontas chun leibhéal comhchoiteann idir-inoibritheachta a chur chun cinn, sin agus soláthar faisnéise a bhaineann le saintréithe luchtaithe trealaimh raidió do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. Dá bhrí sin, is gá ceanglais oiriúnacha a thabhairt isteach i dTreoir 2014/53/AE maidir leis na prótacail chumarsáide luchtúcháin, na comhéadain luchtúcháin, i.e. gabhdán luchtúcháin, de chatagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió, chomh maith leis an bhfaisnéis atá le soláthar do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile maidir le saintréithe luchtúcháin na gcatagóirí sin nó na n-aicmí sin de threalamh raidió, amhail faisnéis faoin gcumhacht íosta agus uasta is gá chun an trealamh raidió a luchtú. Ba cheart a léiriú, leis an gcumhacht íosta, suim na cumhachta a theastaíonn ón trealamh raidió chun a oibriú a chothabháil agus an chumhacht íosta a theastaíonn óna cheallra chun tús a chur le luchtú. Ba cheart a léiriú, leis an gcumhacht uasta, suim na cumhachta a theastaíonn ón trealamh raidió chun a oibriú a chothabháil agus an chumhacht is gá chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach. |
|
(7) |
Mar gheall ar an easpa comhchuibhithe i leith na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin, d’fhéadadh difríochtaí suntasacha a bheith ann idir forálacha nó cleachtais reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin na mBallstát maidir le hidir-inoibritheacht guthán póca agus catagóirí nó aicmí den tsamhail chéanna de threalamh raidió lena ngléasanna luchtúcháin, agus maidir le soláthar trealaimh raidió gan gléasanna luchtúcháin. |
|
(8) |
Mar gheall ar mhéid an mhargaidh inmheánaigh le haghaidh gutháin phóca in-athluchtaithe agus catagóirí nó aicmí den tsamhail chéanna de threalamh raidió, ar leathadh cineálacha éagsúla de ghléasanna luchtúcháin le haghaidh trealamh raidió den sórt sin, ar an easpa idir-inoibritheachta idir trealamh raidió agus gléasanna luchtúcháin agus ar thrádáil shuntasach trasteorann sna táirgí sin, tá gá le gníomhaíocht reachtach níos láidre ar leibhéal an Aontais seachas gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta nó beartais dheonacha, chun feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a bhaint amach, agus an áisiúlacht do thomhaltóirí á háirithiú agus dramhaíl chomhshaoil á laghdú ag an am céanna. |
|
(9) |
Na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin le haghaidh catagóirí sonracha nó aicmí sonracha de threalamh raidió a athluchtaítear trí bhíthin luchtú sreinge, is gá, dá bhrí sin, iad a chomhchuibhiú. Is gá freisin an bonn a sholáthar ionas gur féidir oiriúnú d’aon dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíoch amach anseo nó d’fhorbairtí sa mhargadh amach anseo, rudaí a ndéanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach orthu. Go háirithe, ba cheart tabhairt isteach chomhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin a bhreithniú amach anseo freisin i ndáil le trealamh raidió a d’fhéadfaí a luchtú ar aon mhodh seachas ar luchtú sreinge, lena n-áirítear luchtú trí bhíthin radathonnta (luchtú gan sreang). Thairis sin, ba cheart cuimsiú catagóirí nó aicmí breise trealaimh raidió a athluchtaítear trí bhíthin luchtú sreinge a bhreithniú go córasach i gcomhthéacs oiriúnú na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe amach anseo, ar choinníoll gurb indéanta go teicniúil comhtháthú na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe do na catagóirí nó na haicmí breise sin de threalamh raidió. Le comhchuibhiú, ba cheart na cuspóirí a shaothrú maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú, dramhaíl chomhshaoil a laghdú agus ilroinnt an mhargaidh a sheachaint idir comhéadain luchtúcháin éagsúla, prótacail chumarsáide luchtúcháin éagsúla, agus idir tionscnaimh ar bith ar an leibhéal náisiúnta, rudaí a d’fhéadfadh bacainní a chur ar thrádáil sa mhargadh inmheánach. Leis an oiriúnú a dhéanfar amach anseo ar chomhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin, ba cheart leanúint de na cuspóirí sin a shaothrú trína áirithiú go n-ionchorprófar leis na réitigh theicniúla is iomchuí le haghaidh comhéadain luchtúcháin agus prótacail chumarsáide luchtúcháin d’aon mhodh luchtúcháin. Ba cheart a léiriú, leis na réitigh luchtúcháin chomhchuibhithe an teaglaim is iomchuí idir glacadh an mhargaidh a bhaint amach mar aon leis na cuspóirí a bhaint amach maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú, an dramhaíl chomhshaoil a laghdú agus ilroinnt an mhargaidh a sheachaint. Ba cheart caighdeáin theicniúla ábhartha lena gcomhlíontar na cuspóirí sin agus a forbraíodh ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal idirnáisiúnta a úsáid go príomha chun réitigh luchtúcháin den sórt sin a roghnú. I gcásanna eisceachtúla ina bhfuil gá le sonraíocht theicniúil atá ann cheana a thabhairt isteach, a chur leis nó a mhodhnú in éagmais caighdeáin Eorpacha nó caighdeáin idirnáisiúnta atá ar fáil go poiblí lena gcomhlíontar na cuspóirí sin, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí teicniúla eile a leagan amach, ar choinníoll gur forbraíodh na sonraíochtaí teicniúla sin i gcomhréir le critéir na hoscailteachta, na comhthola agus na trédhearcachta, agus go gcomhlíontar leo ceanglais na neodrachta agus na cobhsaíochta, dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Ní mór do na geallsealbhóirí earnála ábhartha uile a bhfuil ionadaíocht acu ar Ghrúpa Saineolaithe an Choimisiúin maidir le Trealamh Raidió a bheith rannpháirteach sa phróiseas le linn oiriúnú na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe. |
|
(10) |
Bheadh comhchuibhiú den sórt sin neamhiomlán, áfach, mura gcomhcheanglófaí é le ceanglais maidir le díol comhcheangailte trealaimh raidió agus a luchtairí, agus maidir le faisnéis atá le soláthar do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. Le hilroinnt na gcineálacha cur chuige i measc na mBallstát maidir le margú na gcatagóirí nó na n-aicmí lena mbaineann de threalamh raidió agus a ngléasanna luchtúcháin, chuirfí bac ar thrádáil trasteorann na dtáirgí sin, mar shampla trína chur de cheangal ar oibreoirí eacnamaíocha a dtáirgí a athphacáistiú ag brath ar an mBallstát ina mbeadh na táirgí le soláthar. Is é an toradh a bheadh air sin go mbeadh tuilleadh mí-áisiúlachta ann do thomhaltóirí agus go nginfí r-dhramhaíl neamhriachtanach, rud a dhéanfadh na sochair a eascraíonn as comhchuibhiú na gcomhéadan luchtúcháin agus na bprótacal cumarsáide luchtúcháin a fhrithchúiteamh. Dá bhrí sin, is gá ceanglais a fhorchur chun a áirithiú nach mbeidh sé d’oibleagáid ar thomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile gléas luchtúcháin nua a cheannach gach uair a cheannaíonn siad guthán póca nua nó ítim de trealaimh raidió den tsamhail chéanna. Le díchuachadh gléasanna luchtúcháin ó dhíol trealaimh raidió, sholáthrófaí do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile roghanna inbhuanaithe, tarraingteacha, áisiúla a bheadh ar fáil. Agus leas á bhaint as an taithí a fuarthas ar chur i bhfeidhm na gceanglas, ar threochtaí an mhargaidh atá ag teacht chun cinn agus ar fhorbairtí teicneolaíocha, ba cheart don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar an gceanglas a leathnú i ndáil le gléasanna luchtúcháin a sholáthar in éineacht leis an trealamh raidió chuig cáblaí agus/nó díchuachadh éigeantach a thabhairt isteach chun a áirithiú go saothrófar ar an mbealach is éifeachtaí na cuspóirí maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí a áirithiú agus an dramhaíl chomhshaoil a laghdú. Chun éifeachtacht ceanglas den sórt sin a áirithiú, ba cheart do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí eile an fhaisnéis is gá maidir leis na saintréithe luchtaithe a fháil agus iad ag ceannach guthán póca nó ítim de threalamh raidió den tsamhail chéanna. Le picteagram tiomnaithe, chuirfí ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió sula gceannaítear é. Ba cheart an picteagram a bheith ar taispeáint i gcás gach cineáil soláthair, lena n-áirítear trí bhíthin ciandíola. |
|
(11) |
Tá sé indéanta go teicniúil a shainiú gurb é USB Type-C an gabhdán luchtúcháin uilíoch le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí ábhartha de threalamh raidió, go háirithe toisc go bhfuil siad in ann cheana an gabhdán sin a chomhtháthú. Glacadh an teicneolaíocht USB Type-C, teicneolaíocht atá in úsáid ar fud an domhain, ar leibhéal an chaighdeánaithe idirnáisiúnta agus rinne Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (Cenelec) í a thrasuí sa chóras Eorpach faoi Chaighdeán Eorpach EN IEC 62680-1-3:2021 “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta - Cuid 1-3: Comhpháirteanna coitianta – Sonraíocht um Chábla agus Nascóir USB Type-C®”. |
|
(12) |
Teicneolaíocht atá i gcoiteann cheana féin ag go leor catagóirí nó aicmí de threalamh raidió is ea USB Type-C toisc go soláthraítear leis luchtú ardchaighdeáin agus aistriú ardchaighdeáin sonraí. An gabhdán luchtúcháin USB Type-C, nuair a chomhcheanglaítear é leis an bprótacal cumarsáide luchtúcháin maidir le USB Power Delivery, tá sé in ann suas le 100 Vata de chumhacht a sholáthar, rud a fhágann, dá bhrí sin, go bhfuil neart solúbthachta ann fós chun réitigh mearluchtaithe a fhorbairt a thuilleadh, agus a fhágann ag an am céanna gur féidir cúram a dhéanamh sa mhargadh de ghléasanna íseal-leibhéil nach bhfuil gá acu leis an mearluchtú. Gutháin phóca agus trealamh raidió den tsamhail chéanna a bhfuil mearluchtú ar fáil dóibh, is féidir leo gnéithe USB Power Delivery a ionchorprú, gnéithe mar a thuairiscítear i gCaighdeán Eorpach EN IEC 62680-1-2:2021 “Comhéadain bus uilíoch shrathaigh le haghaidh sonraí agus cumhachta – Cuid 1-2: Comhpháirteanna coitianta - Sonraíocht maidir le USB Power Delivery”. Tá sonraíochtaí USB faoi réir forbairt leanúnach. Maidir leis sin, d’fhorbair Fóram Lucht Cur Chun Feidhme USB leagan cothrom le dáta den tsonraíocht USB Power Delivery, lena gcumasaítear cumhachtaí suas le 240 Vata a chur ar fáil. Rinneadh oiriúnuithe freisin ar shonraíocht USB Type-C, lena leathnófar na ceanglais maidir le nascóirí agus cáblaí a bheith ag freastal ar chumhachtaí suas le 240 Vata. Leis sin, beifear in ann trealamh raidió ar a mbíonn leibhéil chumhachta den sórt sin de dhíth a bhreithniú lena chur go hionchasach ar an liosta de threalamh raidió a chumhdaítear leis an Treoir seo. |
|
(13) |
Maidir le luchtú trí mhodhanna eile seachas luchtú sreinge, d’fhéadfaí réitigh éagsúla a fhorbairt amach anseo, réitigh a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar an idir-inoibritheacht, ar an áisiúlacht do thomhaltóirí agus ar an gcomhshaol. Cé go bhfuil sé róluath ceanglais shonracha a fhorchur ar réitigh den sórt sin ag an gcéim seo, ba cheart don Choimisiún gníomhú chun réitigh den sórt sin a chur chun cinn agus a chomhchuibhiú chun go seachnófar ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh amach anseo. |
|
(14) |
Ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú chun forálacha maidir le comhéadain luchtúcháin agus prótacail chumarsáide luchtúcháin a chur san áireamh. Ba cheart na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió a chumhdaítear go sonrach leis na forálacha nua a mhionsonrú a thuilleadh in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Treoir sin. Laistigh de na catagóirí nó na haicmí sin de threalamh raidió, ní bhaineann sé ach le trealamh raidió le ceallra inbhainte nó leabaithe in-athluchtaithe. A mhéid a bhaineann le ceamaraí digiteacha, is é an trealamh raidió lena mbaineann aon cheamara digiteach grianghraf agus físcheamara digiteach, lena n-áirítear ceamaraí gníomhaíochta. Maidir le ceamaraí digiteacha a dheartar go heisiach d’earnáil an chlosamhairc nó don earnáil slándála agus faireachais, níor cheart ceangal a bheith orthu an réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a chomhtháthú. A mhéid a bhaineann le cluasáin bhachlóige, déantar an trealamh raidió lena mbaineann a mheas in éineacht lena chás luchtúcháin tiomnaithe nó lena bhosca luchtúcháin tiomnaithe, ós rud é gurb annamh go ndéantar cluasáin bhachlóige a dhealú óna gcás luchtúcháin ná óna mbosca luchtúcháin nó ós rud é nach ndéantar iad a dhealú riamh uathu mar gheall ar a méid sonrach agus a gcruth sonrach. Ní mheastar gur cuid den ghléas luchtúcháin é an cás luchtúcháin nó an bosca luchtúcháin le haghaidh an chineáil shonraigh trealaimh raidió sin. A mhéid a bhaineann le ríomhairí glúine, is é an trealamh raidió lena mbaineann aon ríomhaire iniompartha, lena n-áirítear ríomhairí glúine, ríomhairí ultrai-iniompartha, ríomhairí hibrideacha nó ríomhairí in-chomhshóite agus mionríomhairí glúine. |
|
(15) |
Ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú freisin chun ceanglais a thabhairt isteach maidir le soláthar catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió gan gléasanna luchtúcháin. Ba cheart na catagóirí nó aicmí lena mbaineann de threalamh raidió, chomh maith leis na sonraíochtaí a bhaineann le réitigh luchtúcháin, a shonrú in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Treoir sin. |
|
(16) |
Le Treoir 2014/53/AE, déantar foráil maidir le faisnéis a áireamh sna treoracha úsáide a ghabhann le trealamh raidió agus, dá bhrí sin, ba cheart ceanglais bhreise faisnéise a chur isteach san airteagal ábhartha den Treoir sin. Ba cheart inneachar na gceanglas nua a shonrú in iarscríbhinn nua a ghabhann leis an Treoir sin. Ba cheart faisnéis áirithe a sholáthar i bhfoirm amhairc do gach cineál soláthair, lena n-áirítear trí bhíthin ciandíola. Le lipéad tiomnaithe lena léirítear na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha, chuirfí ar chumas tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a chinneadh cén gléas luchtúcháin is iomchuí a bheadh ag teastáil chun a dtrealamh raidió a luchtú. Chun foinse tagartha úsáidí a sholáthar le linn shaolré an trealaimh raidió, ba cheart an fhaisnéis faoi na sonraíochtaí a bhaineann leis na cumais luchtúcháin agus na gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha a áireamh freisin sna treoracha agus san fhaisnéis sábháilteachta a ghabhann leis an trealamh raidió. Ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann na ceanglais faisnéise sin a oiriúnú amach anseo chun aon athrú ar na ceanglais lipéadaithe a léiriú, go háirithe do ghléasanna luchtúcháin, arb athruithe iad a d’fhéadfaí a thabhairt isteach faoi Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Leis na ceanglais faisnéise sin, ba cheart, go háirithe, forbairt na réiteach luchtúcháin comhchuibhithe a léiriú agus ba cheart na ceanglais sin a oiriúnú dá réir. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí smaoineamh freisin ar chóras cód dathanna a áireamh. |
|
(17) |
Agus é á chur san áireamh go bhféadfadh allmhaireoirí agus dáileoirí trealamh raidió a sholáthar go díreach do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile freisin, ba cheart iad a bheith faoi réir oibleagáidí arb ionann iad agus na hoibleagáidí is infheidhme maidir le monaróirí i ndáil leis an bhfaisnéis atá le soláthar nó le taispeáint. Ba cheart a cheangal ar gach oibreoir eacnamaíoch an oibleagáid a chomhlíonadh i ndáil leis an bpicteagram lena léirítear cé acu atá nó nach bhfuil gléas luchtúcháin san áireamh leis an trealamh raidió agus trealamh raidió á chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile. Dá bhrí sin, d’féadfadh allmhaireoirí agus dáileoirí cuachta a thairiscint, lena n-áireofaí an trealamh raidió agus a ghléas luchtúcháin, fiú nuair a sholáthraíonn an monaróir trealamh raidió den sórt sin gan gléas luchtúcháin, ar choinníoll go dtabharfadh na hallmhaireoirí agus na dáileoirí an deis do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile freisin an trealamh raidió a fháil gan aon ghléas luchtúcháin. |
|
(18) |
Le Treoir 2014/53/AE, leagtar amach na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta. Ba cheart í a leasú chun tagairtí do cheanglais riachtanacha nua a chur isteach. Dá bhrí sin, ba cheart an rogha a bheith ag monaróirí nós imeachta um rialú inmheánach táirgthe a úsáid chun a léiriú go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha nua. |
|
(19) |
Chun a áirithiú go mbeidh na modhanna nós imeachta ag na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh chun comhlíonadh na gceanglas nua maidir leis na comhéadain luchtúcháin chomhchuibhithe agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin a fhorfheidhmiú, chomh maith leis na ceanglais sin maidir le trealamh raidió a sholáthar faoi réir comhchuibhiú den sórt sin, ba cheart Treoir 2014/53/AE a oiriúnú dá réir. Go háirithe, ba cheart tagairt shainráite a áireamh d’easpa chomhlíonadh na gceanglas fíor-riachtanach, lena n-áirítear freisin na forálacha nua maidir le sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin agus le gléasanna luchtúcháin chomhoiriúnacha. Ós rud é go mbaineann na forálacha nua sin le gnéithe idir-inoibritheachta, is é an cuspóir a bheadh ann léirmhínithe éagsúla a sheachaint i dtaobh an bhféadfaí an nós imeachta a leagtar síos i dTreoir 2014/53/AE a thionscnamh freisin i leith trealamh raidió nach baol é do shláinte ná do shábháilteacht daoine nó do ghnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí. |
|
(20) |
Le Treoir 2014/53/AE, leagtar amach cásanna de neamhchomhlíonadh foirmiúil. Ós rud é go dtugtar isteach leis an Treoir seo ceanglais nua is infheidhme maidir le catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió, ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú ionas go mbeidh na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh in ann comhlíonadh na gceanglas nua a fhorfheidhmiú go héifeachtach. |
|
(21) |
Ba cheart Treoir 2014/53/AE a leasú freisin chun na tagairtí atá inti a oiriúnú do na ceanglais nua a thugtar isteach leis an Treoir seo. |
|
(22) |
Is gá an idir-inoibritheacht uilíoch íosta a áirithiú idir trealamh raidió agus na gléasanna luchtúcháin do threalamh raidió den sórt sin, agus aghaidh a thabhairt ar aon fhorbairtí sa mhargadh a bheidh ann amach anseo, amhail teacht chun cinn catagóirí nua nó aicmí nua de threalamh raidió ar ina leith a tharlaíonn méid suntasach ilroinnte maidir leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin, agus ar aon fhorbairtí sa teicneolaíocht luchtúcháin. Is gá freisin leasuithe a dhéanfar amach anseo ar cheanglais lipéadaithe, amhail le haghaidh gléasanna luchtúcháin nó cáblaí luchtúcháin, nó aon dul chun cinn teicneolaíoch eile a léiriú. Ba cheart, dá bhrí sin, an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasú a dhéanamh ar chatagóirí nó aicmí de threalamh raidió agus na sonraíochtaí a bhaineann leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin do gach aon cheann acu agus i dtaca le leasú a dhéanamh ar na ceanglais faisnéise maidir leis na comhéadain luchtúcháin agus na prótacail chumarsáide luchtúcháin. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (7). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
(23) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/53/AE a leasú dá réir. |
|
(24) |
Ba cheart dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha chun dul ar aghaidh leis na hoiriúnuithe riachtanacha a dhéanamh ar an trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme na Treorach seo, trealamh a bhfuil sé beartaithe acu é a chur ar mhargadh an Aontais, |
TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Treoir 2014/53/AE mar a leanas:
|
(1) |
leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(2) |
cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach: “Airteagal 3a Deis do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile catagóirí nó aicmí áirithe de threalamh raidió a fháil gan gléas luchtúcháin
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Cuid III d’Iarscríbhinn Ia a leasú mar thoradh ar leasuithe ar Chodanna I agus II den Iarscríbhinn sin, nó mar thoradh ar leasuithe a dhéanfar amach anseo ar cheanglais lipéadaithe, nó i bhfianaise dul chun cinn teicneolaíoch, trí aon eilimintí grafacha nó téacsúla a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur léi nó a bhaint.” |
|
(3) |
in Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 8: “8. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis an trealamh raidió. Áireofar sna treoracha an fhaisnéis is gá chun trealamh raidió a úsáid i gcomhréir leis an úsáid atá beartaithe dó. Áireofar ar fhaisnéis den sórt sin, i gcás inarb infheidhme, tuairisc ar ghabhálais agus ar chomhpháirteanna, lena náirítear bogearraí, lenar féidir leis an trealamh raidió oibriú mar atá beartaithe. Beidh treoracha agus faisnéis sábháilteachta den sórt sin, chomh maith le haon lipéadú, soiléir sothuigthe inléite. Áireofar an fhaisnéis seo a leanas freisin sna treoracha i gcás trealamh raidió a astaíonn radathonnta d’aon ghnó:
I gcás trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4), beidh faisnéis sna treoracha faoi na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin an trealaimh raidió agus na gléasanna luchtúcháin comhoiriúnacha, mar a leagtar amach i gCuid II d’Iarscríbhinn Ia. Chomh maith le bheith san áireamh sna treoracha, nuair a chuireann na monaróirí trealamh raidió den sórt sin ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, déanfar an fhaisnéis a thaispeáint ar lipéad freisin, mar a leagtar amach i gCuid IV d’Iarscríbhinn Ia. Déanfar an lipéad a priontáil sna treoracha agus ar an bpacáistíocht, nó déanfar é a ghreamú den phacáistíocht mar ghreamán. In éagmais pacáistíochta, déanfar an greamán ar a bhfuil an lipéad a ghreamú den trealamh raidió. Nuair a chuirfear an trealamh raidió ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, beidh an lipéad ar taispeáint ar bhealach infheicthe agus inléite agus, i gcás ciandíola, gar don léiriú praghais. I gcás nach féidir a mhalairt a dhéanamh de bharr mhéid nó chineál an trealaimh raidió, féadfar an lipéad a phriontáil mar dhoiciméad ar leithligh a ghabhann leis an trealamh raidió. Na treoracha agus an fhaisnéis sábháilteachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, sa dara fomhír agus sa tríú fomhír den mhír seo, beidh siad i dteanga is féidir le tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh eile a thuiscint gan stró, teanga arna cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 44 chun Codanna II agus IV d’Iarscríbhinn Ia a leasú, mar thoradh ar leasuithe ar Chuid I den Iarscríbhinn sin, nó mar thoradh ar leasuithe a dhéanfar amach anseo ar cheanglais lipéadaithe, nó i bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch, trí aon mhionsonraí maidir leis an bhfaisnéis nó na heilimintí grafacha nó téacsúla, mar a leagtar amach san Airteagal seo, a thabhairt isteach, a mhodhnú, a chur leo nó a bhaint.” |
|
(4) |
in Airteagal 12(4), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Agus an trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4) á chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, áiritheoidh allmhaireoirí an méid seo a leanas:
|
|
(5) |
in Airteagal 13(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis: “Agus an trealamh raidió dá dtagraítear in Airteagal 3(4) á chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí deiridh eile, áiritheoidh dáileoirí an méid seo a leanas:
|
|
(6) |
in Airteagal 17(2), an chuid réamhráiteach, cuirtear na focail “Airteagal 3(1) agus (4)” in ionad na bhfocal “Airteagal 3(1)”; |
|
(7) |
leasaítear Airteagal 40 mar a leanas:
|
|
(8) |
in Airteagal 43, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
(9) |
leasaítear Airteagal 44 mar a leanas:
|
|
(10) |
in Airteagal 47, cuirtear an mhír seo a leanas leis: “3. Faoin 28 Nollaig 2026, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le tionchar na féidearthachta trealamh raidió a fháil gan aon ghléas luchtúcháin agus gan cháblaí, go háirithe maidir leis an áisiúlacht do thomhaltóirí, an laghdú ar dhramhaíl chomhshaoil, athruithe iompraíochta agus forbairt chleachtais an mhargaidh. Beidh togra reachtach chun an Treoir seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin, más iomchuí, chun díchuachadh éigeantach díol gléasanna luchtúcháin agus cáblaí ó dhíol trealaimh raidió a thabhairt isteach.” |
|
(11) |
an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo, cuirtear isteach é mar Iarscríbhinn Ia. |
Airteagal 2
1. Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 28 Nollaig 2023. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.
Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 28 Nollaig 2024 le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí de threalamh raidió dá dtagraítear i gCuid I, pointí 1.1 go 1.12. d’Iarscríbhinn Ia, agus ón 28 Aibreán 2026 le haghaidh na gcatagóirí nó na n-aicmí de threalamh raidió dá dtagraítear i gCuid I, pointe 1.13. d’Iarscríbhinn Ia.
Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Cinnfidh na Ballstáit an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.
2. Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 4
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.
Arna déanamh in Strasbourg, an 23 Samhain 2022.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) IO C 152, 6.4.2022, lch. 82.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 4 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2022.
(3) Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62).
(4) Treoir 2012/19/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach (DTLL) (IO L 197, 24.7.2012, lch. 38).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(6) Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais éicidhearthóireachta do tháirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN Ia
SONRAÍOCHTAÍ AGUS FAISNÉIS A BHAINEANN LE LUCHTÚ IS INFHEIDHME MAIDIR LE CATAGÓIRÍ NÓ AICMÍ ÁIRITHE DE THREALAMH RAIDIÓ
CUID I
SONRAÍOCHTAÍ A BHAINEANN LE CUMAIS LUCHTÚCHÁIN
|
1. |
Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i bpointí 2 agus 3 den Chuid seo maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió seo a leanas:
|
|
2. |
A mhéid is féidir iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge, maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió seo a leanas dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo:
|
|
3. |
A mhéid is féidir iad a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 Volta, sruthanna is airde ná 3 Aimpéar nó cumhachtaí is airde ná 15 Vata, maidir leis na catagóirí nó na haicmí de threalamh raidió dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo:
|
CUID II
FAISNÉIS FAOI SHONRAÍOCHTAÍ A BHAINEANN LE CUMAIS LUCHTÚCHÁIN AGUS NA GLÉASANNA LUCHTÚCHÁIN COMHOIRIÚNACHA
I gcás trealamh raidió a thagann faoi raon feidhme Airteagal 3(4), an chéad fhomhír, léireofar an fhaisnéis seo a leanas i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10(8), agus féadfar í a chur ar fáil freisin trí bhíthin cóid QR nó réitigh leictreonacha chomhchosúla:
|
(a) |
i gcás gach catagóire nó aicme de threalamh raidió atá faoi réir na gceanglas a leagtar amach i gCuid I, tuairisc ar riachtanais chumhachta na ngléasanna luchtúcháin sreinge is féidir a úsáid leis an trealamh raidió sin, lena n-áirítear an chumhacht íosta is gá chun an trealamh raidió a luchtú, agus an chumhacht uasta is gá chun an trealamh raidió a luchtú ag an luas uasta luchtúcháin arna shloinneadh i Vatanna tríd an téacs seo a leanas a thaispeáint: “an chumhacht arna soláthar leis an luchtaire, ní mór di a bheith idir [xx] Vata ar a laghad, a theastaíonn ón trealamh raidió, agus [yy] Vata ar a mhéad chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach”. Le líon na Vatanna, léireofar, faoi seach, an chumhacht íosta a theastaíonn ón trealamh raidió, agus an chumhacht uasta a theastaíonn ón trealamh raidió chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach; |
|
(b) |
i gcás trealamh raidió atá faoi réir na gceanglas a leagtar amach i bpointe 3 de Chuid I, tuairisc ar na sonraíochtaí a bhaineann le cumais luchtúcháin an trealaimh raidió, a mhéid is féidir é a athluchtú trí bhíthin luchtú sreinge ag voltais is airde ná 5 Volta, ag sruthanna is airde ná 3 Aimpéar nó ag cumhachtaí is airde ná 15 Vata, tuairisc lena n-áirítear léiriú go bhfuil an prótacal luchtúcháin maidir le USB Power Delivery ar fáil don trealamh raidió tríd an téacs “mearluchtú USB PD” a thaispeáint agus léiriú maidir le haon phrótacal luchtúcháin eile atá ar fáil trína ainm a thaispeáint i bhformáid téacs. |
CUID III
PICTEAGRAM LENA LÉIRÍTEAR CÉ ACU ATÁ NÓ NACH BHFUIL GLÉAS LUCHTÚCHÁIN SAN ÁIREAMH LEIS AN TREALAMH RAIDIÓ
|
1. |
Beidh an picteagram sna formáidí seo a leanas:
|
|
2. |
Féadfar cuma éagsúil a bheith ar an bpicteagram (e.g. ó thaobh a dhatha nó a thiúis líne de nó bíodh sé soladach nó cuasach), ar choinníoll go bhfanann sé infheicthe agus inléite. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an picteagram, cloífear leis na comhréireanna a leagtar amach sna líníochtaí i bpointe 1 den Chuid seo. Beidh an toise “a” dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo níos mó ná 7 mm nó cothrom leis, gan beann ar an athrú. |
CUID IV
INNEACHAR AGUS FORMÁID AN LIPÉID
|
1. |
Beidh an lipéad san fhormáid seo a leanas:
|
|
2. |
Cuirfear an figiúr a chomhfhreagraíonn don chumhacht íosta a theastaíonn ón trealamh raidió chun é a luchtú in ionad na litreacha “XX”, lena gcinntear an chumhacht íosta nach mór do ghléas luchtúcháin a sholáthar chun an trealamh raidió a luchtú. Cuirfear an figiúr a chomhfhreagraíonn don chumhacht uasta a theastaíonn ón trealamh raidió chun an luas uasta luchtúcháin a bhaint amach in ionad na litreacha “YY”, lena gcinntear an chumhacht mach mór do ghléas luchtúcháin a sholáthar ar a laghad chun an luas uasta luchtúcháin sin a bhaint amach. Léireofar an giorrúchán “USB PD” (USB Power Delivery) má tá an prótacal cumarsáide luchtúcháin sin ar fáil don trealamh raidió. Is prótacal é “USB PD” lena rialaítear an seachadadh srutha is tapúla ón ngléas luchtúcháin go dtí an trealamh raidió gan saolré an cheallra a ghiorrú. |
|
3. |
Féadfar cuma éagsúil a bheith ar an bpicteagram (e.g. ó thaobh a dhatha nó a thiúis líne de nó bíodh sé soladach nó cuasach), ar choinníoll go bhfanann sé infheicthe agus inléite. Má laghdaítear nó má mhéadaítear an lipéad, cloífear leis na comhréireanna a leagtar amach sa líníocht i bpointe 1 den Chuid seo. Beidh an toise “a” dá dtagraítear i bpointe 1 den Chuid seo níos mó ná 7 mm nó cothrom leis, gan beann ar an athrú. |