Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1675

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1675 ón gCoimisiún an 29 Meán Fómhair 2022 lena socraítear na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le molás in earnáil an tsiúcra ón 1 Deireadh Fómhair 2022 amach

    IO L 252, 30.9.2022, p. 14–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 30/09/2023; Arna aisghairm le 32023R2092

    ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1675/oj

    30.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 252/14


    RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1675 ÓN gCOIMISIÚN

    an 29 Meán Fómhair 2022

    lena socraítear na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le molás in earnáil an tsiúcra ón 1 Deireadh Fómhair 2022 amach

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 183 agus 193a de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 (2) ón gCoimisiún, go measfar gurb é an praghas allmhairiúcháin CAL (costas, árachas agus last-táille) le haghaidh molás den cháilíocht chaighdeánach a shainmhínítear in Airteagal 27 den Rialachán sin an ‘praghas ionadaíoch’.

    (2)

    Chun na praghsanna ionadaíocha a shocrú, ní mór gach faisnéis dá bhforáiltear in Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 a chur san áireamh, seachas sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 30 den Rialachán sin agus ba cheart na praghsanna sin a shocrú, i gcás inarb iomchuí, i gcomhréir leis an modh dá bhforáiltear in Airteagal 33 den Rialachán sin.

    (3)

    Ba cheart praghsanna nach mbaineann leis an gcáilíocht chaighdeánach a choigeartú suas nó síos, de réir cháilíocht an mholáis a thairgtear, i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006.

    (4)

    De bhun Airteagal 40 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006, i gcás inar mó an praghas ionadaíoch ar mholás dá dtagraítear in Airteagal 34(2) móide an dleacht allmhairiúcháin is infheidhme maidir le molás cána a thagann faoi chód AC 1703 10 00, nó maidir le molás biatais a thagann faoi chód AC 1703 90 00, ná EUR 8.21/100 kg, le haghaidh an táirge atá i gceist, cuirfear na dleachtanna allmhairiúcháin ar fionraí agus cuirfear méid na difríochta a chinnfidh an Coimisiún ina n-ionad.

    (5)

    Má chuirtear na dleachtanna allmhairiúcháin ar fionraí de bhun Airteagal 40 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006, ba cheart méideanna sonracha le haghaidh na ndleachtanna sin a shocrú an tráth céanna a shocraítear na praghsanna ionadaíocha.

    (6)

    I gcás ina mbeidh difríocht idir an truicearphraghas le haghaidh an táirge lena mbaineann agus an praghas ionadaíoch, ba cheart dleachtanna allmhairiúcháin breise a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006.

    (7)

    Ba cheart na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le hallmhairí moláis a chumhdaítear le cóid AC 1703 10 00 agus 1703 90 00 a shocrú i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 40 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006.

    (8)

    Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme 2016/1733 (3) ón gCoimisiún a aisghairm.

    (9)

    Toisc gur gá a áirithiú go mbeidh feidhm ag an mbeart seo a thúisce is féidir ach a mbeidh na sonraí nuashonraithe ar fáil, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagtar amach na praghsanna ionadaíocha, na dleachtanna allmhairiúcháin agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le hallmhairiúchán moláis a chumhdaítear le cód AC 1703 10 00 agus le cód AC 1703 90 00 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

    Airteagal 2

    Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1733.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Meán Fómhair 2022

    Thar ceann an Choimisiún,

    Ar son an Uachtaráin,

    Wolfgang BURTSCHER

    An tArd-Stiúrthóir

    Ard-Stiúrthóireacht na Talmhaíochta agus na Forbartha Tuaithe


    (1)  IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 951/2006 ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 318/2006 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le trádáil le tríú tíortha in earnáil an tsiúcra (IO L 178, 1.7.2006, lch. 24).

    (3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1733 ón gCoimisiún an 28.9.2016 lena socraítear na praghsanna ionadaíocha agus na dleachtanna allmhairiúcháin breise is infheidhme maidir le molás in earnáil an tsiúcra ón 1 Deireadh Fómhair 2016 amach (IO L 262, 29.9.2016, lch. 27).


    IARSCRÍBHINN

    PRAGHSANNA IONADAÍOCHA, DLEACHTANNA ALLMHAIRIÚCHÁIN AGUS DLEACHTANNA ALLMHAIRIÚCHÁIN BREISE IS INFHEIDHME MAIDIR LE MOLÁS IN EARNÁIL AN tSIÚCRA ÓN 1 DEIREADH FÓMHAIR 2022 AMACH

    (in EUR)

    Cód AC

    Praghas ionadaíoch in aghaidh 100 kg (glanmheáchan) den táirge lena mbaineann

    Dleacht allmhairiúcháin in aghaidh 100 kg (glanmheáchan) den táirge lena mbaineann (1)

    Dleacht bhreise in aghaidh 100 kg (glanmheáchan) den táirge lena mbaineann

    1703 10 00  (2)

    22,96

    0

    -

    1703 90 00  (2)

    14,30

    0

    -


    (1)  I gcomhréir le hAirteagal 40 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006, cuirtear an méid seo in ionad ráta dleachta na Comhtharaife Custaim a shocraítear le haghaidh na dtáirgí seo.

    (2)  Le haghaidh na cáilíochta caighdeánaí a shainmhínítear in Airteagal 27 de Rialachán (CE) Uimh. 951/2006.


    Top