This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R1393
Commission Regulation (EU) 2022/1393 of 11 August 2022 amending Regulation (EC) No 1881/2006 as regards maximum levels of delta-9-tetrahydrocannabinol (Δ9-THC) in hemp seeds and products derived therefrom (Text with EEA relevance)
Rialachán (AE) 2022/1393 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 maidir le huasleibhéil dheilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC) i síolta cnáibe agus i dtáirgí a dhíorthaítear astu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
Rialachán (AE) 2022/1393 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 maidir le huasleibhéil dheilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC) i síolta cnáibe agus i dtáirgí a dhíorthaítear astu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
C/2022/5699
IO L 211, 12.8.2022, p. 83–85
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915
12.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 211/83 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1393 ÓN gCOIMISIÚN
an 11 Lúnasa 2022
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 maidir le huasleibhéil dheilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC) i síolta cnáibe agus i dtáirgí a dhíorthaítear astu
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia. |
(2) |
In 2015, ghlac Painéal an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra tuairim eolaíoch i ndáil leis na rioscaí do shláinte an duine a bhaineann le teitrihidreacannaibionól (THC) a bheith i mbainne agus i mbia eile de bhunadh ainmhíoch (3). Is é THC, nó níos cruinne, Δ9-THC, ar an gcomhábhar is ábhartha den phlanda cnáibe Cannabis sativa. Shocraigh an tÚdarás an ghéardháileog thagartha (ARfD) arb é atá inti 1 μg Δ9-THC/kg de mheáchan coirp (bw). |
(3) |
Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le láithreacht Δ9-THC agus réamhtheachtaithe neamh-shícighníomhacha ábhartha eile i mbianna a dhíorthaítear ó chnáib agus i mbianna ina bhfuil cnáib nó comhábhair a dhíorthaítear ó chnáib, glacadh Moladh (AE) 2016/2115 ón gCoimisiún (4). |
(4) |
An 7 Eanáir 2020, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil eolaíoch ina ndearnadh measúnú ar ghéarnochtadh an duine do Δ9-THC (5), agus na sonraí tarluithe a gineadh trí Mholadh (AE) 2016/2115 á gcur san áireamh. I meastacháin áirithe ghéarnochta, sáraíodh an ARfD 1 μg/kg bw. Maidir leis na meastacháin nochta, cé go bhfuiltear ag súil go ndéanfaí rómheastachán ar mheastacháin ghéarnochta Δ9-THC san Aontas, is ábhar imní féideartha don tsláinte é an nochtadh do Δ9-THC atá ann faoi láthair. |
(5) |
Dá bhrí sin, ba cheart uasleibhéil a shocrú maidir le síolta cnáibe agus le táirgí a dhíorthaítear de shíl chnáibe chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú. Ós rud é gur féidir (Δ9-THC) a dhéanamh d’aigéad deilte-9-teitrihidreacannaibionólach (Δ9-THCA) trí phróiseáil, ba cheart uasleibhéil a shocrú do shuim Δ9-THC agus Δ9-THCA arna shloinneadh mar choibhéisí Δ9-THC. |
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin. |
(7) |
Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil i bhfeidhm. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh earraí bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. |
(8) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an 1 Eanáir 2023, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).
(3) European Food Safety Authority (EFSA) Journal [Iris an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA)] 2015;13(6):4141
(4) Moladh (AE) 2016/2115 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 maidir le faireachán a dhéanamh ar láithreacht Δ9-teitrihidreacannaibionóil, a réamhtheachtaithe agus cannaibionóidigh eile i mbia (IO L 327, 2.12.2016, lch. 103).
(5) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), Arcella D, Cascio C agus Mackay K, 2020. Measúnú ar ghéarnochtadh an duine do teitrihidreacannaibionól (Δ9-THC). EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(1):5953, lch. 41 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.5953.
IARSCRÍBHINN
I Roinn 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear isteach an iontráil 8.6 seo a leanas:
“Earraí bia (1) |
Uasleibhéal (mg/kg) |
|
8.6. |
Coibhéisí deilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC) (*1) |
|
8.6.1. |
Síolta cnáibe |
3,0 |
8.6.2. |
Síolta cnáibe meilte, síol cnáibe díshaillte (go páirteach) agus táirgí eile díorthaithe/próiseáilte ó shíolta cnáibe (*2) cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in 8.6.3. |
3,0 |
8.6.3. |
Ola síolta cnáibe |
7,5 |
(*1) tagraíonn an t-uasleibhéal do shuim deilte-9-teitrihidreacannaibionól (Δ9-THC) agus aigéad deilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THCA) arna shloinneadh mar Δ9-THC. Cuirtear fachtóir 0.877 le leibhéal an Δ9-THCA agus tagraíonn an t-uasleibhéal do shuim Δ9-THC + 0.877 x Δ9-THCA (i gcás cinntiúchán leithleach agus cainníochtú Δ9-THC agus Δ9-THCA).
(*2) tagann táirgí díorthaithe/próiseáilte ó shíolta cnáibe as síolta cnáibe amháin.”