EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1393

Rialachán (AE) 2022/1393 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 maidir le huasleibhéil dheilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC) i síolta cnáibe agus i dtáirgí a dhíorthaítear astu (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/5699

OJ L 211, 12.8.2022, p. 83–85 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 24/05/2023; Arna aisghairm go hintuigthe ag 32023R0915

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1393/oj

12.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 211/83


RIALACHÁN (AE) 2022/1393 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Lúnasa 2022

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 maidir le huasleibhéil dheilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC) i síolta cnáibe agus i dtáirgí a dhíorthaítear astu

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CEE) Uimh. 315/93 ón gComhairle an 8 Feabhra 1993 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le héilleáin i mbia (1), agus go háirithe Airteagal 2(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún (2) socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia.

(2)

In 2015, ghlac Painéal an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra tuairim eolaíoch i ndáil leis na rioscaí do shláinte an duine a bhaineann le teitrihidreacannaibionól (THC) a bheith i mbainne agus i mbia eile de bhunadh ainmhíoch (3). Is é THC, nó níos cruinne, Δ9-THC, ar an gcomhábhar is ábhartha den phlanda cnáibe Cannabis sativa. Shocraigh an tÚdarás an ghéardháileog thagartha (ARfD) arb é atá inti 1 μg Δ9-THC/kg de mheáchan coirp (bw).

(3)

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir le láithreacht Δ9-THC agus réamhtheachtaithe neamh-shícighníomhacha ábhartha eile i mbianna a dhíorthaítear ó chnáib agus i mbianna ina bhfuil cnáib nó comhábhair a dhíorthaítear ó chnáib, glacadh Moladh (AE) 2016/2115 ón gCoimisiún (4).

(4)

An 7 Eanáir 2020, d’fhoilsigh an tÚdarás tuarascáil eolaíoch ina ndearnadh measúnú ar ghéarnochtadh an duine do Δ9-THC (5), agus na sonraí tarluithe a gineadh trí Mholadh (AE) 2016/2115 á gcur san áireamh. I meastacháin áirithe ghéarnochta, sáraíodh an ARfD 1 μg/kg bw. Maidir leis na meastacháin nochta, cé go bhfuiltear ag súil go ndéanfaí rómheastachán ar mheastacháin ghéarnochta Δ9-THC san Aontas, is ábhar imní féideartha don tsláinte é an nochtadh do Δ9-THC atá ann faoi láthair.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart uasleibhéil a shocrú maidir le síolta cnáibe agus le táirgí a dhíorthaítear de shíl chnáibe chun ardleibhéal cosanta do shláinte an duine a áirithiú. Ós rud é gur féidir (Δ9-THC) a dhéanamh d’aigéad deilte-9-teitrihidreacannaibionólach (Δ9-THCA) trí phróiseáil, ba cheart uasleibhéil a shocrú do shuim Δ9-THC agus Δ9-THCA arna shloinneadh mar choibhéisí Δ9-THC.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 a leasú dá réir sin.

(7)

Chun é a chur ar a gcumas d’oibreoirí eacnamaíocha ullmhú do na rialacha nua arna dtabhairt isteach leis an Rialachán seo, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le tréimhse réasúnach go dtí go mbeidh na huasleibhéil i bhfeidhm. Is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse le haghaidh earraí bia a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Earraí bia a liostaítear san Iarscríbhinn a chuirtear ar an margadh go dleathach roimh an 1 Eanáir 2023, féadfaidh siad fanacht ar an margadh go dtí an dáta íosmharthanachta nó an dáta deiridh úsáide.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Lúnasa 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 37, 13.2.1993, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2006 lena socraítear uasleibhéil le haghaidh éilleáin áirithe in earraí bia (IO L 364, 20.12.2006, lch. 5).

(3)  European Food Safety Authority (EFSA) Journal [Iris an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA)] 2015;13(6):4141

(4)  Moladh (AE) 2016/2115 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 maidir le faireachán a dhéanamh ar láithreacht Δ9-teitrihidreacannaibionóil, a réamhtheachtaithe agus cannaibionóidigh eile i mbia (IO L 327, 2.12.2016, lch. 103).

(5)  EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), Arcella D, Cascio C agus Mackay K, 2020. Measúnú ar ghéarnochtadh an duine do teitrihidreacannaibionól (Δ9-THC). EFSA Journal [Iris EFSA] 2020;18(1):5953, lch. 41 https://doi.org/10.2903/j.efsa.2020.5953.


IARSCRÍBHINN

I Roinn 8 den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1881/2006, cuirtear isteach an iontráil 8.6 seo a leanas:

“Earraí bia (1)

Uasleibhéal (mg/kg)

8.6.

Coibhéisí deilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THC)  (*1)

 

8.6.1.

Síolta cnáibe

3,0

8.6.2.

Síolta cnáibe meilte, síol cnáibe díshaillte (go páirteach) agus táirgí eile díorthaithe/próiseáilte ó shíolta cnáibe  (*2) cé is moite de tháirgí dá dtagraítear in 8.6.3.

3,0

8.6.3.

Ola síolta cnáibe

7,5


(*1)  tagraíonn an t-uasleibhéal do shuim deilte-9-teitrihidreacannaibionól (Δ9-THC) agus aigéad deilte-9-teitrihidreacannaibionóil (Δ9-THCA) arna shloinneadh mar Δ9-THC. Cuirtear fachtóir 0.877 le leibhéal an Δ9-THCA agus tagraíonn an t-uasleibhéal do shuim Δ9-THC + 0.877 x Δ9-THCA (i gcás cinntiúchán leithleach agus cainníochtú Δ9-THC agus Δ9-THCA).

(*2)  tagann táirgí díorthaithe/próiseáilte ó shíolta cnáibe as síolta cnáibe amháin.”


Top