EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0616

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/616 ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2022 lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Carne de Ávila” (TGFC))

C/2022/2401

IO L 115, 13.4.2022, p. 59–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/616/oj

13.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 115/59


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/616 ÓN gCOIMISIÚN

an 8 Aibreán 2022

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint (“Carne de Ávila” (TGFC))

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1), agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 53(1), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Spáinne maidir le formheas ar leasú ar shonraíocht an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint “Carne de Ávila” atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún (2), faoi mar a leasaíodh é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1006/2012 ón gCoimisiún (3).

(2)

Ós rud é gur leasú nach mion atá sa leasú i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin (4).

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Tá na leasuithe ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Carne de Ávila” (TGFC) formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 8 Aibreán 2022.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1107/96 ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 1996 maidir le tásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chlárú faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 ón gComhairle (IO L 148, 21.6.1996, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1006/2012 ón gCoimisiún an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena bhformheastar leasuithe nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint [Carne de Ávila (TGFC)] (IO L 302, 31.10.2012, lch. 5).

(4)  IO C 514, 21.12.2021, lch. 17.


Top