Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0259

Cás C-259/21: Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Parlaimint na hEorpa v Comhairle an Aontais Eorpaigh (Caingean le haghaidh neamhniú – Comhbheartas iascaigh – Rialachán (AE) 2021/92 – Socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad – Acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla – Airteagail 15 go 17 agus 20 agus an dara mír d'Airteagal 59 – Airteagal 43(3) CFAE – Mí-úsáid cumhachtaí – Prionsabal an chomhair dhílis)

IO C 24, 23.1.2023, pp. 7–8 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/7


Breithiúnas na Cúirte (an Tríú Dlísheomra) an 24 Samhain 2022 – Parlaimint na hEorpa v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás C-259/21) (1)

(Caingean le haghaidh neamhniú - Comhbheartas iascaigh - Rialachán (AE) 2021/92 - Socraítear le haghaidh 2021 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme in uiscí an Aontais agus i gcás soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí áirithe nach uiscí de chuid an Aontais iad - Acmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla - Airteagail 15 go 17 agus 20 agus an dara mír d'Airteagal 59 - Airteagal 43(3) CFAE - Mí-úsáid cumhachtaí - Prionsabal an chomhair dhílis)

(2023/C 24/09)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: I. Liukkonen agus I. Terwinghe, i gcáil Gníomhairí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Falek, F. Naert agus A. Nowak-Salles, i gcáil Gníomhairí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: A. Dawes, A. Stobiecka-Kuik agus K. Walkerová, i gcáil Gníomhairí)

An chuid oibríochtúil

1.

Diúltaítear don chaingean;

2.

Ordaítear do Pharlaimint na hEorpa, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh a íoc;

3.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach a chostais féin a íoc.


(1)  IO C 217, 7.6.2021.


Top