This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0122
Case C-122/22 P: Appeal brought on 18 February 2022 by Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV against the judgment of the General Court (Seventh Chamber) delivered on 8 December 2021 in Case T-127/19, Dyson and Others v Commission
Cás C-122/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Feabhra 2022 ag Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-127/19, Dyson agus páirtithe eile v an Coimisiún
Cás C-122/22 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Feabhra 2022 ag Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-127/19, Dyson agus páirtithe eile v an Coimisiún
IO C 207, 23.5.2022, p. 17–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 207, 23.5.2022, p. 16–17
(GA)
23.5.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 207/16 |
Achomharc arna thabhairt an 18 Feabhra 2022 ag Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV i gcoinne Ordú na Cúirte Ginearálta (an Seachtú Dlísheomra) a fógraíodh an 8 Nollaig 2021 i gCás T-127/19, Dyson agus páirtithe eile v an Coimisiún
(Cás C-122/22 P)
(2022/C 207/24)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Achomharcóirí: Dyson Ltd, Dyson Technology Ltd, Dyson Operations Pte Ltd, Dyson Manufacturing Sdn Bhd, Dyson Spain, SL, Dyson Austria GmbH, Dyson sp. z o.o., Dyson Ireland Ltd, Dyson GmbH, Dyson, Dyson Srl, Dyson Sweden AB, Dyson Denmark ApS, Dyson Finland Oy, Dyson BV (ionadaithe: E. Batchelor, T. Selwyn Sharpe agus M. Healy, Dlíodóirí)
Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarann na hachomharcóirí ar an gCúirt:
— |
An breithiúnas atá faoi chonspóid a neamhniú ina iomláine; |
— |
A rialú go ndearna an Coimisiún sárú sách tromchúiseach ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus an t-iarratas ar dhamáistí a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta; agus |
— |
A ordú don Choimisiún a chostais féin agus costais Dyson a íoc i ndáil leis na himeachtaí seo agus leis na himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Ar an gcéad dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta cur síos mícheart ar shaincheisteanna Dyson agus níor luaigh sí a réasúnaíocht. Díríodh saincheist Dyson ar earráid thromchúiseach agus fhollasach an Choimisiúin, agus air sin amháin i. gur roghnaigh sé an t-aon mhodh tástála ba léir a bheith lasmuigh dá rogha féin, is é sin tástáil gan deannach ar bith. Níor thug an Chúirt Ghinearálta aghaidh ar an tsaincheist sin;
Ar an dara dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta earráid agus an cásdlí maidir le sárú sách tromchúiseach á chur i bhfeidhm aici, a mhéid nár thug sí tábhacht chinntitheach dá conclúid gur sháraigh an Coimisiún ceanglas neamhroghnach faoi Airteagal 10 den Mháthairthreoir;
Ar an tríú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú a bhí sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart agus rinne sí cur síos mícheart ar an bhfianaise trí theacht ar an gconclúid gur tháinig deacrachtaí léirmhínithe as an tsonraíocht “le linn úsáide” sa Mháthairthreoir;
Ar an gceathrú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid gur tháinig castacht rialála as an tsonraíocht “le linn úsáide” sa Mháthairthreoir;
Ar an gcúigiú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabal na córa comhionainne;
Ar an séú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabail an riaracháin fhónta agus/nó gníomhú go dícheallach;
Ar an seachtú dul síos, rinne an Chúirt Ghinearálta an dlí maidir le sárú a bhí sách tromchúiseach a chur i bhfeidhm go mícheart trí theacht ar an gconclúid nach raibh aon earráid thromchúiseach agus fhollasach maidir le sárú an Choimisiúin ar bhunphrionsabal an chirt chun trádáil nó gnó a shaothrú.