EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1683

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1683 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2022 maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála i ndáil le contrapháirtithe lárnacha sa Cholóim agus ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/6915

IO L 252, 30.9.2022, p. 78–81 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1683/oj

30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 252/78


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1683 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2022

maidir leis an gcoibhéis idir an creat rialála i ndáil le contrapháirtithe lárnacha sa Cholóim agus ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe Airteagal 25(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do chontrapháirtithe lárnacha (“CPLanna”) atá bunaithe i dtríú tíortha a leagtar amach in Airteagal 25 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, is é is aidhm dó, i gcás CPLanna atá bunaithe agus údaraithe i dtríú tíortha a bhfuil a gcaighdeáin rialála coibhéiseach leo sin a leagtar síos sa Rialachán sin, a cheadú dóibh seirbhísí imréitigh a sholáthar do chomhaltaí imréitigh nó d’ionaid trádála atá bunaithe san Aontas. Dá bhrí sin, leis an nós imeachta sin maidir le haitheantas a thabhairt agus leis an gcinneadh coibhéise dá bhforáiltear ann, rannchuidítear le haidhm uileghabhálach Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 a bhaint amach i ndáil leis an riosca sistéimeach a laghdú, tríd an úsáid a bhaintear as CPLanna sábháilte fónta a leathnú chun conarthaí díorthach thar an gcuntar a imréiteach, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil na CPLanna sin bunaithe agus údaraithe i dtríú tír.

(2)

Chun go measfaí córas dlí tríú tír a bheith coibhéiseach le córas dlí an Aontais i leith CPLanna, ba cheart toradh substainteach na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta is infheidhme a bheith coibhéiseach le ceanglais an Aontais i leith na gcuspóirí rialála a bhaintear amach leis na socruithe sin. Dá bhrí sin, is é is aidhm don mheasúnú coibhéise sin a fhíorú an áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír lena mbaineann nach ndéanfaidh na CPLanna atá bunaithe agus údaraithe sa tríú tír sin comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a fhágáil neamhchosanta ar leibhéal riosca is airde ná an leibhéal a bhféadfadh CPLanna atá údaruithe san Aontas a fhágáil neamhchosanta air agus, dá bhrí sin, nach mbaineann leibhéil riosca shistéimigh leo atá do-ghlactha san Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, na rioscaí i bhfad níos ísle a bhaineann le gníomhaíochtaí imréitigh a dhéantar i margaí airgeadais ar lú iad ná margadh airgeadais an Aontais a chur san áireamh.

(3)

An measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Colóime coibhéiseach le socruithe an Aontais, ba cheart é a bhunú ní hamháin ar anailís chomparáideach ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus a bhfuil feidhm acu maidir le CPLanna sa Cholóim, ach ar mheasúnú ar thoradh na gceanglas sin freisin. Ba cheart don Choimisiún leordhóthanacht na gceanglas sin a sheiceáil chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí a bhféadfadh comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a bheith neamhchosanta orthu, agus aird á tabhairt ar mhéid an mhargaidh airgeadais ina bhfeidhmíonn CPLanna atá údaraithe sa Cholóim. Tá gá le ceanglais um maolú riosca atá níos déine le haghaidh CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos mó ar airde an leibhéal riosca a bhaineann leo ná mar atá i gcás CPLanna a dhéanann a gcuid gníomhaíochtaí i margaí airgeadais atá níos lú ar ísle an leibhéal riosca a bhaineann leo.

(4)

In Airteagal 25(6), pointí (a), (b) agus (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, socruithe dlíthiúla agus maoirseachta tríú tír maidir le CPLanna atá údaraithe inti, leagtar síos trí choinníoll is gá a chomhlíonadh chun a chinneadh go bhfuil siad coibhéiseach leis na socruithe a leagtar síos sa Rialachán sin.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 25(6), pointe (a), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, ní mór do CPLanna atá údaraithe i dtríú tír ceanglais a chomhlíonadh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV den Rialachán sin.

(6)

Na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa Cholóim, leagtar síos iad i nDlí uimh. 964 de 2005 lena rialáiltear imréiteach agus glanadh ionstraimí airgeadais (“na rialacha príomhúla”) agus sna rialacha ginearálta a leagtar síos i bhForaithne 2555 de 2010 i Leabhar 13 de Chuid 2 agus i gciorcláin a eisíonn an Superintendencia Financiera (“SFC”) (“na rialacha tánaisteacha”). Leis na rialacha sin le chéile, leagtar amach na caighdeáin agus na ceanglais a bhfuil ar CPLanna atá údaraithe sa Cholóim a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

(7)

Leis na rialacha príomhúla, leagtar amach, i measc nithe eile, rialacha maidir le socruithe rialachais, scairshealbhóirí agus comhaltaí a bhfuil sealúchais cháilitheacha acu, ciste mainneachtana agus glanadh, agus bunaítear na ceanglais íosta ar gá rialacha oibriúcháin CPLanna iad a chomhlíonadh. Thairis sin, de bhun Chiorclán Básica Jurídica - CE 29 de 2014, ní mór do CPLanna údaraithe na caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha a bhaineann le córais um imréiteach agus um ghlanadh a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, go háirithe na Prionsabail le haghaidh Bhonneagair an Mhargaidh Airgeadais (“PFMI”) a eisíonn an Coiste ar Chórais Íocaíochta agus Socraíochta agus Coiste Teicniúil na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (2).

(8)

Chun a bheith údaraithe sa Cholóim, ní mór do CPL a rialacha oibriúcháin a chur faoi bhráid SFC, chomh maith le staidéar ar leordhóthanacht gach córais atá á bhainistiú aige. Le rialacha oibriúcháin de chuid CPL, is gá sonraí saintreoracha a sholáthar faoin gcaoi a bhfuil an CPL leis na caighdeáin agus na ceanglais ardleibhéil a leagtar amach sna rialacha príomhúla agus sa PFMI a chomhlíonadh freisin. Ní mór a áireamh sna rialacha oibriúcháin forálacha maidir le ceanglais rannpháirtíochta, córais chumarsáide, an cineál ionstraimí airgeadais is féidir a imréiteach, nósanna imeachta bainistíochta riosca, nósanna imeachta um shocraíocht thráthúil, comhthaobhacht atá le soláthar ag rannpháirtithe, bearta atá le déanamh i gcás ina sáraíonn rannpháirtithe a n-oibleagáidí, eagrú agus oibriú na gcoistí iniúchta agus riosca agus leanúnachas oibríochtúil. A luaithe is a údaraíonn SFC na rialacha oibriúcháin, déanann SFC measúnú ar chumas an CPL oibríochtaí a thosú, i dtéarmaí saoráidí, acmhainní proifisiúnta agus teicneolaíochta, nósanna imeachta agus rialuithe. A luaithe is a údaraítear an CPL, éiríonn a rialacha oibriúcháin ceangailteach air ó thaobh an dlí de. Ní mór aon leasú ar na rialacha oibriúcháin a fhormheas ag SFC.

(9)

Dá bhrí sin, is struchtúr dhá shraith atá sna ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de atá infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa Cholóim. Is é atá sa chéad sraith Dlí uimh. 964 de 2005, chomh maith leis na rialacha ginearálta agus na ciorcláin a eisíonn SFC, ar lena chéile a leagtar amach na caighdeáin agus ceanglais ardleibhéil, lena n-áirítear PFMI, nach mór CPLanna údaraithe a chomhlíonadh, agus sonraí saintreoracha faoin gcaoi a bhfuil an CPL leis na caighdeáin agus ceanglais ardleibhéil sin a chomhlíonadh. Is é atá sa dara sraith rialacha oibriúcháin na CPLanna.

(10)

Tá margadh airgeadais na Colóime i bhfad níos lú ná an margadh airgeadais a bhfuil CPLanna atá bunaithe san Aontas gníomhach ann. Le 3 bliana anuas, bhí luach iomlán na n-idirbheart díorthach thar an gcuntar a imréitíodh sa Cholóim cothrom le níos lú ná 1 % de luach iomlán na n-idirbheart díorthach thar an gcuntar a imréitíodh san Aontas. Dá bhrí sin, an rannpháirtíocht in CPLanna atá údaraithe sa Cholóim, is rud é sin lena bhfágtar comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas neamhchosanta ar rioscaí atá i bhfad níos ísle ná an a rannpháirtíocht in CPLanna atá údaraithe san Aontas. Leis na rialacha príomhúla agus tánaisteacha atá infheidhme maidir le CPLanna atá údaraithe sa Cholóim, a chomhlánaítear leis na rialacha oibriúcháin ceangailteacha, ar lena chéile a gcuirtear PFMI chun feidhme, maolaítear go leordhóthanach an leibhéal níos ísle riosca a bhféadfadh comhaltaí imréitigh agus ionaid trádála atá bunaithe san Aontas a bheith neamhchosanta air agus, dá bhrí sin, is féidir a mheas go mbaintear toradh maolaithe riosca amach atá coibhéiseach leis an toradh a shaothraítear le Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i ngeall orthu sin.

(11)

Is é conclúid an Choimisiúin go n-áirithítear le socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Colóime go gcomhlíonfaidh CPLanna atá údaraithe sa Cholóim ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus atá coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i dTeideal IV de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

(12)

Le hAirteagal 25(6), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, maidir leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta i leith CPLanna atá údaraithe i dtríú tír, ceanglaítear nach mór foráil a dhéanamh maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach i ndáil le CPLanna ar bhonn leanúnach.

(13)

De bhun Airteagal 6 de Dhlí uimh. 964 de 2005, tá sé de chumhacht ag SFC maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí na CPLanna sa Cholóim agus faireachán a dhéanamh ar na CPLanna sin chun comhlíonadh na rialacha príomhúla agus rialacha agus nósanna imeachta inmheánacha na CPLanna a áirithiú ar bhonn leanúnach. Tá sraith chuimsitheach cumhachtaí ag SFC chun CPL údaraithe a rialú agus a phionósú, lena n-áirítear, inter alia, an chumhacht chun faisnéis agus sonraí a iarraidh, cigireachtaí ar an láthair agus lasmuigh den láthair a dhéanamh agus iarraidh ar CPL údaraithe ceartúcháin a dhéanamh agus orduithe agus treoracha a eisiúint. I gcomhréir le hAirteagal 53 de Dhlí uimh. 964 de 2005, féadfaidh SFC rabhaidh, fíneálacha, fionraí nó dícháiliú bainisteoirí arna gceapadh de chuid CPL údaraithe a fhorchur. Féadfaidh sé freisin oibríochtaí CPL a chur ar fionraí nó údarú CPL a tharraingt siar i gcás ina sárófar ceanglas dlíthiúil éigeantach. Thairis sin, ní mór do CPLanna féinmheasúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann siad PFMI gach 3 bliana ar a laghad agus tuarascáil a sholáthar a fhoilsíonn SFC agus a ndéanann SFC athbhreithniú tréimhsiúil uirthi i gcomhréir lena phlean maoirseachta.

(14)

Is é conclúid an Choimisiúin go bhforáiltear leis na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta i leith CPLanna atá údaraithe sa Cholóim maidir le maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach.

(15)

I gcomhréir le hAirteagal 25(6), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, le creat dlíthiúil tríú tír ní mór foráil a dhéanamh maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaruithe faoi chórais dlí tríú tír (“CPLanna tríú tír”).

(16)

Sa Cholóim, i gcomhréir le Ciorclán Seachtrach Uimh. 019 de 2022, is é atá in “CPL tríú tír coibhéiseach” CPL a oibríonn i ndlínse ina dtugann SFC comhlíontacht ábhair le PFMI faoi deara, is CPL atá faoi réir maoirseacht éifeachtach agus lena bhfuil socrú comhair idir an maoirseoir tríú tír agus SFC ann. CPLanna tríú tír a n-aithníonn SFC iad mar CPLanna tríú tír coibhéiseacha, liostaítear iad i dtaifead poiblí a ndéantar measúnú air chun an chomhlíontacht le PFMI a sheiceáil. De bhun Chiorclán Seachtrach Uimh. 019 de 2022, neamhchosaintí bhainc na Colóime ar CPLanna tríú tír coibhéiseacha, baineann siad tairbhe as láimhseáil fhabhrach caipitil, agus tá neamhchosaintí ar CPLanna tríú tír a meastar nach CPLanna tríú tír coibhéiseacha iad faoi réir ualú riosca pionósach. Go praiticiúil, ualú riosca chomh hard sin le haghaidh CPLanna tríú tír nach CPLanna tríú tír coibhéiseacha iad, tá sé toirmeascach agus is beag banc Colómach, más ann dóibh ar chor ar bith, ar féidir coinne a bheith leis go n-imréiteodh sé ag CPLanna tríú tír nach CPLanna tríú tír coibhéiseacha iad. Thairis sin, dá gcinnfeadh bainc na Colóime go n-imréiteoidís in CPL tríú tír nach CPL tríú tír coibhéiseach é, maolófaí aon riosca a bhaineann lena neamhchosaintí ag an ualú riosca ard. I bhfianaise na láimhseála caipitil is infheidhme maidir le neamhchosaintí ar CPLanna nach CPLanna coibhéiseacha iad faoi Chiorclán Seachtrach Uimh. 019 de 2022, is féidir a mheas go soláthraítear le córas na Colóime córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír.

(17)

Is é conclúid an Choimisiúin go ndéantar foráil le creat dlíthiúil na Colóime maidir le córas coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt do CPLanna tríú tír.

(18)

Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, go gcomhlíonann socruithe dlíthiúla agus maoirseachta na Colóime is infheidhme maidir le CPLanna na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Ba cheart a mheas go bhfuil na socruithe dlíthiúla agus maoirseachta sin coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán sin dá réir sin.

(19)

Tá an Cinneadh seo bunaithe ar na ceanglais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de agus a bhfuil feidhm acu maidir le CPLanna sa Cholóim tráth a ghlacfar an Cinneadh seo. Leanfaidh an Coimisiún, bunaithe, inter alia, ar fhaisnéis a sholáthar an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) de bhun Airteagal 25(6b) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhonn rialta ar éabhlóid an chreata dhlíthiúil agus maoirseachta is infheidhme maidir le CPLanna sa Cholóim agus ar chomhlíonadh na gcoinníollacha ar an mbonn ar ar glacadh an Cinneadh seo.

(20)

Féadfaidh an Coimisiún, i bhfianaise na dtorthaí a thiocfaidh as athbhreithniú tráthrialta nó sonrach, cinneadh a dhéanamh an Cinneadh seo a leasú nó a aisghairm tráth ar bith, go háirithe i gcás ina ndéanfaidh forbairtí difear do na coinníollacha arb iad is bonn do ghlacadh an Chinnidh seo.

(21)

Chun a áirithiú gur féidir le ESMA tús a chur gan mhoill leis an nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do CPLanna atá údaraithe sa Cholóim, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(22)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste Eorpach um Urrúis,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha Airteagal 25(6) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, socruithe dlíthiúla agus maoirseachta Phoblacht na Colóime is infheidhme maidir le contrapháirtithe lárnacha, ina bhfuil Dlí uimh. 964 de 2005 arna chomhlánú leis na rialacha ginearálta agus na ciorcláin arna n-eisiúint ag Superintendencia Financiera, measfar iad a bheith coibhéiseach leis na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  An Coiste um Íocaíochtaí agus um Bonneagar Margaidh, Páipéar Uimh. 101 an 16 Aibreán 2012.


Top