EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1625

Cinneadh (CBES) 2022/1625 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 maidir le hiarmhairtí an chinnidh ón Ardionadaí maidir le struchtúir bainistithe géarchéime sibhialtaí a atheagrú sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i ndáil le feidhm an Cheannasaí Oibríochta Sibhialtacha do mhisin bainistithe géarchéime sibhialtaí

ST/11588/2022/INIT

IO L 244, 21.9.2022, p. 15–16 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1625/oj

21.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 244/15


CINNEADH (CBES) 2022/1625 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Meán Fómhair 2022

maidir le hiarmhairtí an chinnidh ón Ardionadaí maidir le struchtúir bainistithe géarchéime sibhialtaí a atheagrú sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí i ndáil le feidhm an Cheannasaí Oibríochta Sibhialtacha do mhisin bainistithe géarchéime sibhialtaí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh ADMIN(2022) 50 an 3 Lúnasa 2022, chinn Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) atheagrú a dhéanamh ar riarachán lárnach na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), go háirithe a mhéid a bhaineann le bainistiú an chumais shibhialtaigh pleanála agus seolta (CPCC) dá dtagraítear in Airteagal 4(3), pointe (a), an tríú fleasc de Chinneadh 2010/427/AE ón gComhairle (1).

(2)

Go háirithe, chinn an tArdionadaí, amhail ón 16 Meán Fómhair 2022, go gcuirfear CPCC faoi údarás Stiúrthóra Bainistíochta agus nach gcuirfear faoi údarás Stiúrthóra é a thuilleadh.

(3)

Déanfaidh Stiúrthóir Bainistíochta an CPCC, ar bhonn gach cinnidh ón gComhairle lena mbunaítear misean bainistithe géarchéime sibhialtaí de bhun Airteagal 42(4) agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus i gcomhréir leis na cinntí sin, feidhm an Cheannasaí Oibríochta Sibhialtacha a fheidhmiú freisin.

(4)

Mar thoradh air sin, agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, ba cheart gach tagairt do Stiúrthóir CPCC sna cinntí ón gComhairle atá ann cheana lena mbunaítear misean bainistithe géarchéime sibhialtaí a léamh, amhail ón 16 Meán Fómhair 2022, mar thagairtí do Stiúrthóir Bainistíochta CPCC. Leis na cinntí a dhéanfaidh an Chomhairle amach anseo lena mbunófar misean bainistithe géarchéime sibhialtaí, ba cheart go bhforálfaí go ndéanfaidh Stiúrthóir Bainistíochta CPCC feidhm an Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha a fheidhmiú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Mar thoradh ar chinneadh an Ardionadaí an cumas sibhialta pleanála agus seolta (CPCC) a chur faoi chuimsiú SEGS faoi údarás Stiúrthóir Bainistíochta, beidh feidhm ag forálacha ábhartha na gcinntí ón gComhairle atá ann cheana lena mbunaítear misean bainistithe géarchéime sibhialtaí, ar forálacha iad lena bhforáiltear gurb é Stiúrthóir CPCC a bheidh mar Cheannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha, maidir le Stiúrthóir Bainistíochta CPCC.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 16 Meán Fómhair 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Cinneadh 2010/427AE ón gComhairle an 26 Iúil 2010 lena mbunaítear eagrúchán agus feidhmiú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (IO L 201, 3.8.2010, lch. 30).


Top