EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0656

Cinneadh (AE) 2022/656 ón gComhairle an 11 Aibreán 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna Coistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme, agus i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh faoin gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh

ST/7496/2022/INIT

IO L 119, 21.4.2022, p. 103–107 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/656/oj

21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 119/103


CINNEADH (AE) 2022/656 ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Aibreán 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna Coistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme, agus i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh faoin gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1), d’fhormheas an tAontas an Comhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme (an Comhaontú maidir le Luacháil Chustaim) agus an Comhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

(2)

Le hAirteagal 18(2) den Chomhaontú maidir le Luacháil Chustaim, bunaítear, faoi choimirce na Comhairle um Chomhar Custaim, Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim, d’fhonn, de bhun phointe 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, aonfhoirmeacht maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim a áirithiú ar an leibhéal teicniúil.

(3)

De bhun phointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, tá an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim freagrach as scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna teicniúla sonracha a eascraíonn as córas luachála custaim na gComhaltaí a riar ó lá go lá agus tá sé freagrach as tuairimí comhairleacha a thabhairt maidir le réitigh iomchuí bunaithe ar na fíricí a chuirtear ina láthair.

(4)

De bhun phointe 2(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, tá an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim freagrach as staidéar a dhéanamh, arna iarraidh sin, ar dhlíthe, nósanna imeachta agus cleachtais luachála a mhéid a bhaineann siad leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim agus tá sé freagrach as tuarascálacha a ullmhú maidir le torthaí na staidéar sin.

(5)

De bhun phointe 2(d) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, tá an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim freagrach as faisnéis agus comhairle den sórt sin a sholáthar maidir le haon ábhar a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim arna iarraidh sin d’aon Chomhalta nó don Choiste um Luacháil Chustaim arna bhunú faoi Airteagal 18(1) den Chomhaontú maidir le Luacháil Chustaim. Féadfaidh faisnéis nó comhairle den sórt sin a bheith i bhfoirm tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí nó nótaí míniúcháin.

(6)

Le hAirteagal 4(2) den Chomhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh, bunaítear, faoi choimirce na Comhairle um Chomhar Custaim, Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh atá leis an obair theicniúil a dhéanamh a fhorordaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

(7)

De bhun phointe 1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh, tá an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna teicniúla sonracha a eascraíonn as rialacha tionscnaimh na gComhaltaí a riar ó lá go lá agus tá sé freagrach as tuairimí comhairleacha a thabhairt maidir le réitigh iomchuí bunaithe ar na fíricí a chuirtear ina láthair.

(8)

De bhun phointe 1(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh, tá an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh freagrach as faisnéis agus comhairle a sholáthar i dtaobh aon ábhar a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh arna iarraidh sin d’aon Chomhalta nó don Choiste um Rialacha Tionscnaimh arna bhunú le hAirteagal 4(1) den Chomhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

(9)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim a bhunú i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin maidir le hábhar ar bith a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim chun aonfhoirmeacht a chinntiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim, de bhrí go bhféadfadh gníomhartha den sórt sin tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon, Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (3) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (4) a bhaineann le luach earraí chun críoch custaim agus leis an luach sin a chinneadh.

(10)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh a bhunú i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh chun aonfhoirmeacht a chinntiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh, de bhrí go bhféadfadh gníomhartha den sórt sin tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar dhlí an Aontais, eadhon, Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 a bhaineann le tionscnamh earraí agus leis an tionscnamh sin a chinneadh.

(11)

Is chun leas an Aontais é go ndéanfar na seasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim a bhunú de réir prionsabail, critéir agus treoshuíomhanna lena rialaítear luacháil earraí allmhairithe chun críoch custaim agus go ndéanfar iad siúd atá le cur in iúl sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh a bhunú de réir prionsabail, critéir agus treoshuíomhanna lena rialaítear an cinneadh maidir le tionscnamh earraí. Is chun leas an Aontais é freisin go mbunaítear seasaimh den chineál sin go tapa chun go gceadófar don Aontas a chearta a fheidhmiú sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh.

(12)

I bhfianaise a theicniúla atá ábhair a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim agus a theicniúla atá ábhair a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh, i bhfianaise líon ard na gceisteanna a phléitear i gcruinnithe an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh a reáchtáiltear gach bliain, agus i bhfianaise na tréimhse giorra a bhíonn ar fáil chun na doiciméid a eisíonn Rúnaíocht na hEagraíochta Domhanda Custaim agus comhaltaí an Choiste Theicniúil um Luacháil nó comhaltaí an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh a mheas mar ullmhúchán do chruinnithe an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim nó an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh agus an gá a bhíonn ann, dá bhrí sin, an fhaisnéis nua a chuirtear i láthair roimh chruinnithe den sórt sin agus lena linn a chur san áireamh agus gníomhú go héifeachtúil dá réir, ba cheart na céimeanna is gá a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), le haghaidh seasamh an Aontais a shonrú.

(13)

Ó tharla gur go déanach, arís agus arís eile, a bhíonn fáil ar na doiciméid oibre roimh chruinnithe an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh, agus chun cearta agus leasanna an Aontais sna coistí sin a chaomhnú, ba cheart don Choimisiún a dhícheall a dhéanamh a iarraidh ar Rúnaíocht na hEagraíochta Domhanda Custaim a áirithiú go mbeidh doiciméid oibre ar fáil i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh faoi seach, ionas go seolfar na doiciméid sin 30 lá ar a laghad roimh thús an tseisiúin ábhartha.

(14)

Chun a áirithiú go mbeidh an Chomhairle in ann, ar bhonn rialta, measúnú a dhéanamh ar an mbeartas atá sa Chinneadh seo agus, i gcás inarb iomchuí, é a athbhreithniú, agus de réir mheon an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) CAE, ba cheart teorainn ama a chur le bailíocht an Chinnidh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim, arna bhunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme, agus leis na gníomhartha sin a ullmhú, beidh sé bunaithe i gcomhréir leis na prionsabail, critéir agus treoshuíomhanna a leagtar síos i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh faoi Airteagal 1 a shonrú, déanfar é i gcomhréir leis an tsonraíocht a leagtar síos i Roinn II den Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil maidir le Rialacha Tionscnaimh, arna bhunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le tionscnamh earraí faoin gComhaotú maidir le Rialacha Tionscnaimh, agus leis na gníomhartha sin a ullmhú, beidh sé bunaithe i gcomhréir leis na prionsabail, critéir agus treoshuíomhanna a leagtar síos i Roinn I den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 4

Maidir le seasamh an Aontais atá le glacadh faoi Airteagal 3 a shonrú, déanfar é i gcomhréir leis an tsonraíocht a leagtar síos i Roinn II den Iarscríbhinn.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2025.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 11 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi chuimsiú a inniúlachta, na gcomhaontuithe ar ar thángthas i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994) (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe i dtaca le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 1).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).


IARSCRÍBHINN

I.   

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna Coistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme, agus i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh faoin gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh

1.   PRIONSABAIL

Faoi chuimsiú na gCoistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, déanfaidh an tAontas mar a leanas:

(a)

luacháil earraí allmhairithe chun críoch custaim agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme (an Comhaontú maidir le Luacháil Chustaim) a chur chun cinn agus a éascú agus rannchuideoidh sé leis an méid sin;

(b)

tionscnamh earraí a chinneadh agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh a chur chun cinn agus a éascú agus rannchuideoidh sé leis an méid sin;

(c)

oibreoidh sé i dtreo rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí sa tréimhse ullmhúcháin le haghaidh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéir, staidéir, faisnéis nó comhairle maidir le haon ábhar a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim nó le tionscnamh earraí a chinneadh, nó gníomhartha eile den sórt sin ón gCoiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus ón gCoiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh, agus a áirithiú go bhfuil gníomhartha den sórt sin i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim agus leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh, faoi seach;

(d)

áiritheoidh sé go mbeidh na bearta a ghlacfar sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim comhsheasmhach leis an Réamhthráchtaireacht Ghinearálta a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim agus leis na Nótaí Léirmhínitheacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim;

(e)

seasaimh atá comhsheasmhach le beartais agus dea-chleachtais an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear an cuspóir maidir le leasanna airgeadais an Aontais chomh maith le gealltanais idirnáisiúnta eile an Aontais sa réimse lena mbaineann a chosaint.

2.   CRITÉIR

Na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais:

(a)

beidh siad bunaithe de réir an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim, an Réamhthráchtaireacht Ghinearálta a ghabhann leis agus na Nótaí Léirmhínitheacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, a mhéid a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim;

(b)

beidh siad bunaithe de réir an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh, a mhéid a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh;

(c)

i gcás inarb infheidhme, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(i)

cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim agus le tionscnamh earraí a chinneadh,

(ii)

ionstraimí a ghlac an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh cheana agus atá infheidhme fós,

(iii)

creat dlíthiúil an Aontais maidir le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim agus maidir le tionscnamh earraí a chinneadh,

(iv)

na hionstraimí treoraíochta a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim arna bhforbairt faoi chuimsiú Rannóg Luachála an tSainghrúpa Custaim,

(v)

na hionstraimí treoraíochta a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh arna bhforbairt faoi chuimsiú Rannóg Tionscnaimh an tSainghrúpa Custaim,

(vi)

aon ghníomh dlí nó treoirlíne eile a bhaineann le hearraí a luacháil chun críoch custaim agus tionscnamh earraí a chinneadh arna bhforbairt ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún.

3.   TREOSHUÍOMHANNA

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)

féachfaidh an tAontas le tacú le glacadh, ag an gCoiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus ag an gCoiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh, tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéir, staidéir, faisnéis agus comhairle, nó gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim nó le tionscnaimh earraí a chinneadh, chun aonfhoirmeacht maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim agus an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh a áirithiú ar an leibhéal teicniúil;

(b)

molfaidh agus ullmhóidh an tAontas ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a).

II.

Sonraíocht an tseasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna Coistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, agus i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh faoin gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh

1.

Roimh gach cruinniú den Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó den Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh a n-iarrfar ar an gCoiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó ar an gCoiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh lena linn tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéir, staidéir, faisnéis agus comhairle, nó gníomhartha den sórt sin, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ar an Aontas a ghlacadh, glacfar na céimeanna is gá ionas go gcuirfear san áireamh an fhaisnéis theicniúil agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a tarchuireadh chuig an gCoimisiún, i gcomhréir leis na prionsabail, critéir agus treoshuíomhanna a leagtar amach i Roinn I. Chun cearta agus leasanna an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Custaim a chaomhnú, tabharfaidh an Coimisiún dá aire go háirithe go mbeidh fáil ar dhoiciméid oibre i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh.

2.

Chuige sin agus bunaithe ar an bhfaisnéis a tarchuireadh chuig an gCoimisiún faoi phointe 1, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, in am trátha roimh gach cruinniú den Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus den Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh dá dtagraítear i bpointe 1, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe maidir le seasamh an Aontais le go bpléifear agus go bhformhuineofar sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais. Scrúdóidh an Chomhairle doiciméid an Choimisiúin a luaithe agus is féidir. Mura bhformhuineoidh an Chomhairle cuid shonrach den togra, ní thíolacfaidh an Coimisiún seasamh thar ceann an Aontais maidir leis an gcuid sin sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh.

3.

I gcás ina mbeidh difear, ó thaobh substainte de, idir seasamh an Aontais agus na tuairimí comhairleacha, na tráchtaireachtaí, na nótaí míniúcháin, na cás-staidéir, na staidéir agus gníomhartha den sórt sin a mholtar sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó idir seasamh an Aontais agus tuairimí comhairleacha, faisnéis agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a mholtar sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh, is é an seasamh a chuirfidh an Coimisiún in iúl, thar ceann an Aontais, nach gcomhlíonann an gníomh i gceist an chomhthoil is gá le go nglacfadh an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh é.

4.

Chun cearta an Aontais a chaomhnú agus chun cinneadh a sheachaint maidir le hábhar nach féidir leis an gComhairle seasamh a ghlacadh ina leith sula n-iarrtar ar chomhaltaí an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus ar chomhaltaí an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh a seasamh críochnaitheach a chur in iúl i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, iarrfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais go leanfar den ghníomh atá beartaithe a phlé sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh.


Top