Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D0011

Cinneadh (AE) 2022/11 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaighag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiúnmaidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara(Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadhlena leasaítear Iarscríbhinní I, II, III agus IV agus Iarscríbhinn VII, roinn A,a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliúó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaíagus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (Prótacal Eischósta)

ST/13972/2021/INIT

IO L 4, 7.1.2022, p. 8–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/11/oj

7.1.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 4/8


CINNEADH (AE) 2022/11 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaighag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiúnmaidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara(Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadhlena leasaítear Iarscríbhinní I, II, III agus IV agus Iarscríbhinn VII, roinn A,a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliúó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaíagus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (Prótacal Eischósta)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9),

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (“Coinbhinsiún Barcelona”) i dtaca le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach (“an Prótacal Eischósta”), thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Chinneadh 2013/5/AE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 29 Márta 2013.

(2)

De bhun Airteagal 18(2), pointe (iii), de Choinbhinsiún Barcelona, tá cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona agus sna Prótacail a ghabhann leis le leasuithe a ghlacadh ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis na Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún.

(3)

Ag an 22ú cruinniú dá gcuid, ón 7 go dtí 10 Nollaig 2021, táthar ag súil go nglacfaidh na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail cinneadh (“Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha”) lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, III agus IV agus Iarscríbhinn VII, roinn A, a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta.

(4)

Baineann cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha le cosaint an chomhshaoil, ar inniúlacht chomhroinnte í idir an tAontas agus na Ballstáit faoi Airteagal 4(2)(e) den Chonradh. Ní chuimsítear an Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha faoi aon réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha an Aontais maidir leis an gcosaint sin. Níl sé de rún ag an Aontas úsáid a bhaint as an bhféidearthacht a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir le réimsí a chumhdaítear le Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha nár feidhmíodh a inniúlacht go hinmheánach ina leith go fóill.

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail a bhunú ó tharla go mbaineann Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha le leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinní I, II, III, IV agus Iarscríbhinn VII, roinn A, a ghabhann leis an bPrótacal Eischósta a bheidh ina gceangal ar an Aontas.

(6)

Toisc go nuashonrófar ceanglais a bhaineann le cosaint na Meánmhara, go ndéanfar difear do ghealltanais agus d’uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais agus go bhfeabhsófar cosaint an chomhshaoil leis na leasuithe ar Iarscríbhinní I, II, III, agus IV agus Iarscríbhinn VII, roinn A, don Phrótacal Eischósta atá beartaithe, ba cheart don Aontas tacú le glacadh Chinnidh ó na Páirtithe Conarthacha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail tacú le glacadh cinneadh lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, agus IV agus Iarscríbhinn VII, roinn A, a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Cosaint na Meánmhara ar Thruailliú ó Thaiscéalaíocht agus ó Shaothrú na Scairbhe Ilchríochaí agus Ghrinneall na Farraige agus a Fho-ithreach.

Airteagal 2

I bhfianaise forbairtí ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mhionchoigeartú le linn na gcruinnithe comhordaithe a bheidh ar siúl ar an láthair gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Cinneadh 2013/5/AE ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 maidir le haontachas an Aontais Eorpaigh leis an bPrótacal chun an Mheánmhuir a chosaint i gcoinne truailliú de dheasca ar thaiscéalaíocht agus ar shaothrú na Scairbhe ilchríochaí agus ghrinneall na farraige agus a fho-ithreach (IO L 4, 9.1.2013, lch. 13).


Top