This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D0009
Council Decision (EU) 2022/9 of 2 December 2021 on the position to be taken on behalf of the European Union at the 22nd meeting of the Contracting Parties to the Convention for the Protection of the Marine Environment and the Coastal Region of the Mediterranean (Barcelona Convention) and its Protocols as regards the adoption of a decision to amend the Annex to the Protocol for the Prevention and Elimination of Pollution of the Mediterranean Sea by Dumping from Ships and Aircraft or Incineration at Sea (Dumping Protocol)
Cinneadh (AE) 2022/9 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (Prótacal Dumpála)
Cinneadh (AE) 2022/9 ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (Prótacal Dumpála)
ST/13970/2021/INIT
IO L 4, 7.1.2022, p. 4–5
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
7.1.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 4/4 |
CINNEADH (AE) 2022/9 ÓN gCOMHAIRLE
an 2 Nollaig 2021
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) gona Phrótacail a mhéid a bhaineann le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (Prótacal Dumpála)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Trí bhíthin Chinneadh 77/585/CEE ón gComhairle (1), thug an tAontas i gcrích an Prótacal a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cosaint Mhuirthimpeallacht agus Réigiún Cósta na Meánmhara (“Coinbhinsiún Barcelona”) maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú (“an Prótacal Dumpála”), agus is ar an 15 Aibreán 1978 a tháinig sé i bhfeidhm. |
(2) |
De bhun Airteagal 18(2), pointe (iii), de Choinbhinsiún Barcelona, tá cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail le leasuithe a ghlacadh ar na hiarscríbhinní a ghabhann leis na Prótacail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
(3) |
Ag an 22ú cruinniú dá gcuid, ón 7 go dtí an 10 Nollaig 2021, táthar ag súil go nglacfaidh na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail cinneadh (“Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha”) lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal Dumpála maidir leis na tosca a bheidh le breithniú agus critéir á mbunú lena rialófar eisiúint ceadanna chun ábhar a dhumpáil ar muir, agus Airteagal 6 den Phrótacal Dumpála á chur san áireamh. |
(4) |
Is le cosaint an chomhshaoil, ar inniúlacht chomhroinnte í idir an tAontas agus na Ballstáit faoi Airteagal 4(2), pointe (e), den Chonradh, a bhaineann Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha. Ní chuimsítear Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha faoi aon réimse a chumhdaítear den chuid is mó le rialacha an Aontais maidir leis an gcosaint sin. Níl sé de rún ag an Aontas úsáid a bhaint as an bhféidearthacht a inniúlacht sheachtrach a fheidhmiú maidir le réimsí a chumhdaítear le Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha, nár feidhmíodh a inniúlacht go hinmheánach ina leith go fóill. |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail a bhunú ó tharla go mbaineann Cinneadh ó na Páirtithe Conarthacha le leasuithe a ghlacadh ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal Dumpála a bheidh ina gceangal ar an Aontas. |
(6) |
Toisc go ndéanfar i ngeall ar na leasuithe atá beartaithe ar an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal Dumpála ceanglais a bhaineann le cosaint na Meánmhara a nuashonrú, difear do ghealltanais agus uaillmhianta idirnáisiúnta an Aontais, agus feabhas a chur ar chosaint an chomhshaoil, ba cheart don Aontas tacú le glacadh an Chinnidh ó na Páirtithe Conarthacha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail tacú le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótacal maidir le Truailliú na Meánmhara trí Dhumpáil ó Longa agus ó Aerárthaí nó trí Loscadh ar Muir a Chosc agus a Dhíothú.
Airteagal 2
I bhfianaise forbairtí ag an 22ú cruinniú de na Páirtithe Conarthacha i gCoinbhinsiún Barcelona gona Phrótacail, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mhionchoigeartú le linn na gcruinnithe comhordaithe a bheidh ar siúl ar an láthair gan cinneadh dá éis sin ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. VRTOVEC
(1) Cinneadh 77/585/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1977 lena dtugtar i gcrích an Coinbhinsiún chun an Mheánmhuir a chosaint i gcoinne truailliú agus an Prótacal maidir le truailliú na Meánmhara trí dhumpáil ó longa agus ó aerárthaí a chosc (IO L 240, 19.9.1977, lch. 1).