This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32021R2290
Commission Implementing Regulation (EU) 2021/2290 of 21 December 2021 laying down rules on the methods for the calculation of the common output and result indicators set out in Annex I to Regulation (EU) 2021/2115 of the European Parliament and of the Council establishing rules on support for strategic plans to be drawn up by Member States under the common agricultural policy (CAP Strategic Plans) and financed by the European Agricultural Guarantee Fund (EAGF) and by the European Agricultural Fund for Rural Development (EAFRD) and repealing Regulations (EU) No 1305/2013 and (EU) No 1307/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2290 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2021 lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013
C/2021/9604
IO L 458, 22.12.2021, p. 486–493
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force: This act has been changed. Current consolidated version: 16/02/2024
Relation | Act | Comment | Subdivision concerned | From | To |
---|---|---|---|---|---|
Modified by | 32023R2141 | Athchur | iarscríbhinn pointe 3 pointe (b) pointe (i) fleasc 1 | 23/10/2023 | |
Modified by | 32023R2141 | Athchur | iarscríbhinn pointe 3 pointe (a) | 23/10/2023 | |
Modified by | 32023R2141 | Athchur | iarscríbhinn pointe 2 | 23/10/2023 | |
Modified by | 32023R2141 | Cur le | iarscríbhinn pointe 3 pointe (b) pointe (i) fleasc 2 | 16/02/2024 |
22.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 458/486 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2290 ÓN gCOIMISIÚN
an 21 Nollaig 2021
lena leagtar síos rialacha maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagal 133 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2115, leagtar síos creat dlíthiúil nua maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) chun feabhas a chur ar an gcaoi a mbaintear cuspóirí an Aontais amach leis. Leagtar síos leis an Rialachán sin cuspóirí an Aontais i ndáil le CBT agus sainítear ann na cineálacha idirghabhála mar aon le ceanglais choiteanna an Aontais is infheidhme maidir leis na Ballstáit agus, san am céanna, solúbthacht á fágáil faoi na Ballstáit i gceapadh na n-idirghabhálacha atá le soláthar ina bPleananna Straitéiseacha CBT. Ní mór do na Ballstáit na Pleananna Straitéiseacha CBT a tharraingt suas agus a dtograí le haghaidh na bpleananna sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2022. |
(2) |
De bhun Airteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2115, bunófar creat feidhmíochta chun gur féidir tuairisciú, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT le linn a chur chun feidhme. Chun na críche sin, leagtar amach comhtháscairí aschuir agus toraidh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115, comhtháscairí atá mar bhonn le sásra an imréitigh feidhmíochta agus le sásra an athbhreithnithe feidhmíochta, agus atá mar bhonn le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT. Is gá rialacha soiléire coiteanna a leagan síos maidir leis na modhanna chun na táscairí sin a ríomh. |
(3) |
Ós rud é gur gá do na Ballstáit rialacha a bheith acu maidir leis na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a ríomh agus a ndréachtphleananna straitéiseacha CBT á bhforbairt acu lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Eanáir 2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
(4) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
San Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a leagtar síos na modhanna chun na comhtháscairí aschuir agus toraidh a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/2115 a ríomh.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
IARSCRÍBHINN
MODHANNA CHUN NA COMHTHÁSCAIRÍ ASCHUIR AGUS TORAIDH A LEAGTAR AMACH IN IARSCRÍBHINN I A GHABHANN LE RIALACHÁN (AE) 2021/2115 A RÍOMH
TÁSCAIRÍ ASCHUIR
Modhanna ríofa le haghaidh táscairí aschuir atá le húsáid i gcás imréiteach feidhmíochta
1. |
Agus táscairí á ríomh chun críche imréitigh feidhmíochta, cuirfidh na Ballstáit an méid seo a leanas san áireamh:
|
Tuairisciú airleacan i dtáscairí aschuir atá le húsáid i gcás imréiteach feidhmíochta
2. |
Maidir le hidirghabhálacha a ndearnadh íocaíocht lena n-aghaidh i bhfoirm airleacan dá dtagraítear in Airteagal 32(4) pointe (a), agus (5) agus in Airteagal 44(3) de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) roimh sheachadadh an aschuir chomhfhreagraigh, ní áireofar iad sin sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2115 le haghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta inar íocadh an t-airleacan. Déanfar na hairleacain sin a thuairisciú le haghaidh na bliana airgeadais talmhaíochta ina n-íocfar as an aschur ina iomláine. |
Tuairisciú luachanna comhiomlána táscairí aschuir agus luachanna tháscairí aschuir O.3 agus O.34 atá le húsáid chun críoch faireacháin, cumarsáide agus meastóireachta
3. |
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas agus luachanna comhiomlána táscairí aschuir mar aon le luachanna aschuir eile á dtuairisciú:
|
Modhanna ríofa le haghaidh luachanna comhiomlána táscairí aschuir atá le húsáid chun críoch faireacháin, cumarsáide agus meastóireachta
4. |
Agus luachanna comhiomlána táscairí aschuir á ríomh, déanfar na haschuir a áireamh mar seo a leanas:
|
Maoiniú náisiúnta breise le haghaidh táscairí aschuir
5. |
I gcás ina ndeonaítear tacaíocht mar mhaoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5) de Rialachán (AE) 2021/2115 (‘an maoiniú náisiúnta breise’), beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
Rialacha maidir le háireamh dúbailte a sheachaint i dtáscairí aschuir atá le húsáid chun críoch faireacháin, cumarsáide agus meastóireachta
6. |
Chun luachanna comhiomlána táscairí aschuir a ríomh gan áireamh dúbailte, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
TÁSCAIRÍ TORAIDH
Nasc idir cuspóirí sonracha, táscairí toraidh agus idirghabhálacha
7. |
Ina bPlean Straitéiseach CBT, sainaithneoidh na Ballstáit naisc idir cuspóirí sonracha, táscairí toraidh agus idirghabhálacha mar seo a leanas:
|
Modhanna ríofa mionsonraithe le haghaidh táscairí toraidh
8. |
Agus táscairí toraidh á bpleanáil agus á dtuairisciú sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht, cuirfear na pointí seo a leanas san áireamh:
|
Rialacha maidir le háireamh dúbailte a sheachaint i dtáscairí toraidh
9. |
Chun táscairí toraidh a ríomh gan áireamh dúbailte, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
|
Ainmneoirí táscairí toraidh
10. |
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le hainmneoirí:
|
Miondealú ar tháscairí toraidh le haghaidh an tuairiscithe
11. |
Ní thuairisceofar na Ballstáit ach luach amháin in aghaidh an táscaire toraidh ábhartha. De mhaolú ar an gcéad abairt, tá gá leis na miondealuithe seo a leanas:
|
Comhéifeachtaí chun ainmhithe a thiontú ina n-aonaid beostoic
12. |
Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le comhéifeachtaí tiontúcháin a úsáid:
|
(1) Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).
(3) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha comhchoiteanna maidir le Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste um Aistriú Cóir agus leis an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo siúd agus maidir leis an gCiste um Tearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, leis an gCiste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Thacaíocht Airgeadais do Bhainistíocht Teorann agus Beartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).