Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12004V436

    Treaty establishing a Constitution for Europe - PART III — THE POLICIES AND FUNCTIONING OF THE UNION - TITLE VII — COMMON PROVISIONS - Article III-436

    IO C 310, 16.12.2004, p. 184–185 (ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document Date of entry into force unknown (pending notification) or not yet in force.

    ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tcons_2004/art_436/oj

    12004V436



    Official Journal 310 , 16/12/2004 P. 0184 - 0185


    Airteagal III-435

    Ní dhéanfaidh an Bunreacht difear do na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh an 1 Eanáir 1958, nó, i dtaca le Stáit aontacha, roimh dháta a n-aontachais, idir Ballstát amháin nó níos mó de thaobh amháin agus tríú tír amháin nó níos mó den taobh eile.

    Sa mhéid nach bhfuil na comhaontuithe sin ag luí leis an mBunreacht, glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit i dtrácht gach slí iomchuí chun an neamhluí arna shuíomh a dhíchur. Nuair is gá, cabhróidh na Ballstáit le chéile chuige sin agus glacfaidh siad comhdhearcadh nuair is iomchuí sin.

    Ag cur na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad mhír i bhfeidhm dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cuid dhílis den Aontas na buntáistí atá deonaithe faoin mBunreacht ag gach Ballstát agus uime sin go bhfuil siad i ndlúthnasc doscartha le bunú institiúidí, a bhfuil cumhachtaí tugtha leis an mBunreacht dóibh, agus le buntáistí comhionanna a bheith á ndeonú orthu ag na Ballstáit eile go léir.

    --------------------------------------------------

    Top