Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí–úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (CBES) 2020/1999 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí–úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

Rialachán (AE) 2020/1998 maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí–úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaíonn Cinneadh (CBES) 2020/1999 agus Rialachán (AE) 2020/1998 córas smachtbhannaí domhanda de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) i gcás sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine.
  • Cuireadh Rialachán (AE) 2020/1998 i bhfeidhm go huathoibríoch agus go haonfhoirmeach ar Bhallstáit uile AE a luaithe a tháinig sé i bhfeidhm, gan gá lena thrasuí sa dlí náisiúnta. Leasaíodh é roinnt uaireanta, agus an uair is déanaí, i mBealtaine 2024, le Rialachán (AE) 2025/1256.
  • Chun comhsheasmhacht a áirithiú ar fud chóras smachtbhannaí an AE, mar aon leis na bearta arna nglacadh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSC), leasaítear Cinneadh (CBES) 2025/1110 agus2025/1255 ón gComhairle Cinneadh (CBES) 2020/1999.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuirtear bunús dlí ar fáil le córas domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine (EUGHRSR) maidir le daoine aonair, cuideachtaí agus comhlachtaí — lena n-áirítear iad siúd atá bainteach le rialtais náisiúnta agus iad siúd nach bhfuil — atá freagrach as, a bhfuil baint acu leo nó páirteach i sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine ar fud an domhain, is cuma cén áit a dtarlaíonn siad.

Raon feidhme

Clúdaíonn an EUGHRSR roinnt mí–úsáidí ar chearta an duine, lena n–áirítear:

  • cinedhíothú;
  • coireanna in aghaidh na daonnachta;
  • céastóireacht nó íde nó pionós eile atá cruálach, mídhaonna nó náireach;
  • sclábhaíocht;
  • básuithe agus maruithe seachbhreithiúnacha, achomair nó treallacha;
  • fuadach forfheidhmithe daoine agus gabhálacha treallacha nó coinneáil threallach.

Clúdaítear sa chóras smachtbhannaí freisin gníomhartha atá forleathan, córasach nó ar ábhar imní tromchúiseach iad i ndáil le spriocanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála (CBES), mar atá leagtha amach in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Áirítear leo sin:

  • gáinneáil ar dhaoine;
  • mí–úsáidí maidir le cearta an duine arna ndéanamh ag smuigléirí imirceacha;
  • foréigean gnéasach agus foréigean inscne;
  • sáruithe nó mí–úsáidí maidir leis na saoirsí maidir le:
    • saoirse comhthionóil síochánta agus saoirse comhlachais,
    • tuairimíocht agus tuairimí a nochtadh,
    • reiligiún nó creideamh.

Smachtbhannaí agus eisceachtaí

Áireofar le bearta sriantacha toirmeasc taistil do dhaoine aonair agus reo cistí do dhaoine aonair agus d’eintitis araon. Ina theannta sin, beidh cosc ar dhaoine aonair agus ar eintitis in AE cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá liostaithe, go díreach nó go hindíreach.

Féadfaidh na Ballstáit eisceachtaí a thabhairt ó na bearta le haghaidh taistil mar gheall ar:

  • riachtanas daonnúil práinneach;
  • freastal ar chruinnithe idir–rialtasacha nó ar chruinnithe arna gcur chun cinn nó arna n–óstáil ag an Aontas Eorpach;
  • rannpháirtíocht i bpróis bhreithiúnach.

Ag léiriú spiorad Rún 2664 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus atá ceaptha chun a chinntiú go seachadtar cúnamh daonnúil nó gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine go tráthúil, tugtar isteach le leasú Chinneadh (CBES) 2024/1025ón gComhairle díolúine óbhearta reo sócmhainní is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá ainmnithe faoi Chinneadh (CBES) 2020/1999, agus ó na srianta ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Baineann an díolúine seo le gníomhaíochtaí a dhéanann eagraíochtaí amhail:

  • Na Náisiúin Aontaithe, a gníomhaireachtaí agus a cláir;
  • eagraíochtaí idirnáisiúnta;
  • eagraíochtaí daonnúla le stádas breathnóra thionól Ginearálta NA;
  • eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí ar thug AE an deimhniú comhpháirtíochta daonnúla dóibh nó atá deimhnithe nó aitheanta ag Ballstát de réir nósanna imeachta náisiúnta;
  • Sainghníomhaireachtaí na mBallstát.

Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát eisiúint cistí reoite nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a údarú, nuair a chinnfidh siad go bhfuil gá leis na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a sholáthar chun seachadadh tráthúil cúnaimh dhaonnúil a áirithiú nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile lena dtacaítear le riachtanais bhunúsacha an duine.

An liosta a leasú

Féadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus na Ballstáit leasuithe ar an liosta a mholadh.

Cinneann Comhairle an Aontais Eorpaigh leasuithe agus fógraítear go poiblí iad.

Ailíniú tíortha áirithe nach tíortha den Aontas Eorpach iad le bearta sriantacha AE

Tá na tíortha is iarrthóirí an Albáin, an tSeoirsia, an Mholdóiv, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an Úcráin, agus tíortha Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua (ar baill den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch iad freisin), ag teacht leis an gcinneadh seo. Cinnteoidh siad go gcloíonn a mbeartais náisiúnta leis an gcinneadh seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

Tá siad i bhfeidhm ón .

Síneadh na bearta atá leagtha amach i gCinneadh (CBES) 2020/1999 go dtí le Cinneadh leasaitheach (CBES) 2023/2721.

CÚLRA

Bhí an EUGHRSR ina chuid de na gealltanais maidir le dul i ngleic le sáruithe agus mí–úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine a leagtar amach i bplean gníomhaíochta AE maidir le cearta an duine agus an daonlathas 2020-2024.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (CBES) 2020/1999 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I, , lgh. 13-19).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CBES) 2020/1999 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2020/1998 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha in aghaidh sáruithe agus mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine (IO L 410I, , lgh. 1-12).

Féach an leagan comhdhlúite.

nuashonrú deireanach

Top