Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES)

Is é an comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh.

Féachtar léi:

  • síocháin a chaomhnú;
  • slándáil idirnáisiúnta a threisiú; agus
  • comhar idirnáisiúnta, daonlathas, smacht reachta agus meas ar chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn.

Tá seirbhís taidhleoireachta ag an Aontas Eorpach, an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), a seoladh go foirmiúil in 2011. Gníomhaíonn SEGS faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán de chuid an Choimisiúin (HR/VP), post atá ag Josep Borrell Fontelles faoi láthair. Cabhraíonn sé leis an HR/VP a sainordú a chomhlíonadh (mar iondaí do CBES agus mar chathaoirleach ar an gComhairle Gnóthaí Eachtracha, chomh maith lena ról mar Leas-Uachtarán ar an gCoimisiún, arb é atá ann na freagrachtaí atá curtha ar an gCoimisiún maidir le caidreamh seachtrach a chomhlíonadh).

Gníomhaíonn an Coiste Polaitiúil agus Slándála (CPS), lena gcuimsítear ambasadóirí ó na 27 dtír in AE, faoi údarás HR/VP freisin. Déanann sé faireachán ar an staid idirnáisiúnta a thagann faoi réim CBES agus tá ról lárnach aige i sainiú agus maidir le hobair leantach i gcás freagairt AE ar ghéarchéim.

Bunaíodh CBES in 1993 faoin gConradh Maastricht. Athneartaíodh é de réir a chéile faoi chonarthaí ina dhiaidh sin, Conradh Liospóin go háirithe (Teideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach). Ó theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin i mí na Nollag 2009, tá pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas (i.e. is féidir leis conarthaí idirnáisiúnta a shíniú).

FÉACH FREISIN

Top