This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Bronnann an Chomhairle Eorpach an stádas “tír is iarrthóir” ar thír bunaithe ar thuairim an Choimisiúin Eorpaigh, a dhréachtaítear nuair a dhéanann an tír sin iarratas ar bhallraíocht an Aontais Eorpaigh (AE).
Nuair a bhronntar an stádas “tír is iarrthóir” ar thír, ní hionann é sin agus ceart uathoibríoch a bheith aici chun bheith rannpháirteach san Aontas Eorpach. Déanann an Coimisiún mionscrúdú ar iarratas na tíre bunaithe ar na critéir aontachais (critéir Chóbanhávan), agus ní chuirtear tús leis an bpróiseas aontachais go dtí go ndéantar cinneadh d’aon toil sa Chomhairle Eorpach chun tús a chur le hidirbheartaíocht.
Ag brath ar na cúinsí, féadfar a éileamh ar an tír is iarrthóir tús a chur le próiseas athchóirithe chun a áirithiú go mbeidh a cuid reachtaíochta ag teacht le corpas reatha dhlíthe agus hcaighdeán AE (ar a dtugtar an acquis) agus chun a bonneagar agus a riarachán a fheabhsú. Le linn an phróisis aontachais, tugtar cúnamh airgeadais agus teicniúil don tír is iarrthóir chun cabhrú léi ullmhú do bhallraíocht AE.
Is í Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais an bealach a bhfuil an tAontas ag tacú le hathchóirithe sa réigiún um méadú le cúnamh airgeadais agus teicniúil ó 2007 i leith. Glacadh leis an leagan is déanaí den ionstraim, IPA III, i mí Mheán Fómhair 2021, nuair a rinneadh na céimeanna riachtanacha ar an leibhéal teicniúil tar éis an comhaontú polaitiúil a bheith bainte amach le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh an 2 Meitheamh 2021.
FÉACH FREISIN