Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Eagraíocht idir–rialtasach is ea CSTE a bunaíodh in 1960 le Coinbhinsiún CSTE, lena gcuirtear saorthrádáil agus lánpháirtíocht eacnamaíoch chun cinn idir a bhaill, laistigh den Eoraip agus ar fud an domhain.
Bhí 7 dtír bhunaidh ann: An Danmhairg, an Iorua, an Ostair, an Phortaingéil, an Ríocht Aontaithe (RA), agus an tSualainn. Chuaigh an Íoslainn leo in 1970, an Fhionlainn in 1986 agus Lichtinstéin in 1991. Idir an dá linn, in 1973 ghlac an Danmhairg agus an Ríocht Aontaithe ballraíocht san Aontas Eorpach; in 1986 ghlac an Phortaingéil ballraíocht san Aontas Eorpach, agus in 1995, ghlac an Fhionlainn, an Ostair agus an tSualainn páirt san Aontas Eorpach, agus d’fhág siad CSTE dá réir sin.
Tá 4 bhallstát in CSTE faoi láthair: An Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.
Tá ceann de na líonraí is mó de Chomhaontuithe Saorthrádála forbartha ag tíortha CSTE. Clúdaítear os cionn 60 tír agus críoch sna comhaontuithe saorthrádála sin, lena n–áirítear AE.
Is í Comhairle CSTE an comhlacht rialaithe is airde de chuid CSTE. Tagann sí le chéile go ginearálta 8 n–uaire in aghaidh na bliana agus dhá uair in aghaidh na bliana ar leibhéal na n–airí.
Tá ceanncheathrú Rúnaíocht CSTE lonnaithe sa Ghinéiv, agus tá oifigí aici sa Bhruiséil agus i Lucsamburg. Cuidíonn an Rúnaíocht sa Ghinéiv le Comhairle CSTE maidir leis an gcaidreamh idir na 4 Stát CSTE a bhainistiú, agus déileálann sí le hidirbheartaíocht agus oibriú chomhaontuithe saorthrádála CSTE agus Dearbhuithe Comhpháirteacha maidir le Comhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Soláthraíonn an Rúnaíocht sa Bhruiséil tacaíocht do bhainistíocht Chomhaontú LEE, lena n–áirítear reachtaíocht úr a ullmhú agus cúnamh a thabhairt le hionchur a chur ar fáil i gcinnteoireacht AE. Cuireann Oifig Staidrimh CSTE i Lucsamburg le córas staidrimh leathan comhtháite Eorpach a fhorbairt.
Déanann Údarás Faireacháin CSTE monatóireacht ar chomhlíonadh rialacha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin. Tá cumhachtaí comhchosúil le cumhachtaí an Choimisiúin Eorpaigh aige maidir le faireachas agus cur i bhfeidhm dhlí LEE.
Tá an inniúlacht agus an údarás ag Cúirt CSTE, atá bunaithe i Lucsamburg, díospóidí inmheánacha agus seachtracha a réiteach maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm nó forléiriú chomhaontú LEE. Comhfhreagraíonn a dlínsí do dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcúrsaí a bhaineann le tíortha CSTE LEE.