Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Smachtbhannaí (bearta sriantacha)

I gcomhthéacs chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh, tugtar cead le hAirteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) do Chomhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh a ghlacadh maidir leis na smachtbhannaí sin — ar a dtugtar bearta sriantacha go minic freisin — a fhorchur ar thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, ar eintitis neamh–stáit nó ar dhaoine aonair.

Ní bearta pionósacha iad na bearta sin agus forchuirtear iad maidir le hathrú ar bheartas nó ar ghníomhaíocht a dhéanann an spriocpháirtí (nó spriocpháirtithe) atá freagrach as an iompar lena mbaineann (e.g. mura bhfuil an dlí náisiúnta nó cearta an duine á n–urramú, nó tabhairt faoi bheartais nó faoi ghníomhaíochtaí nach gcloíonn leis an smacht reachta nó le prionsabail dhaonlathacha). Ní foláir nó go dtiocfaidh na bearta le cuspóirí ghníomhaíochtaí seachtracha an Aontais, arna leagan síos in Airteagal 21 den CAE.

Faoi Airteagal 29 den CAE, glacann an Chomhairle cinntí maidir le córais smachtbhannaí a ghlacadh, a athnuachan nó a bhaint d’aontoil, ar bhonn tograí ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Cuirtear gnéithe eacnamaíocha agus airgeadais na gcinntí sin (e.g. srianta allmhairiúcháin/onnmhairiúcháin agus reo sócmhainní) chun feidhme le rialacháin arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 215 den CFAE (tromlach cáilithe), ar thogra comhpháirteach arna dhéanamh ag an Ardionadaí agus ag an gCoimisiún.

Féadfar smachtbhannaí AE a fhorchur i gcur chun feidhme beart chun rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme nó ar bhonn neamhspleách, i.e. as stuaim an Aontais Eorpaigh féin.

D’fhéadfadh siad seo a leanas a bheith i gceist le smachtbhannaí:

  • toirmisc ar onnmhairiú arm agus ar threalamh gaolmhar
  • srianta ar iontráil (cosc ar víosaí/ar thaisteal)
  • bearta eacnamaíocha amhail srianta ar allmhairí agus ar onnmhairí
  • reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar leis na daoine aonair nó eintitis spriocdhírithe iad.

Tá an Coimisiún freagrach as a áirithiú, trí fhaireachán, go gcuirfidh na Ballstáit na rialacháin lena bhforchuirtear bearta sriantacha arna nglacadh faoi Airteagal 215 den CFAE chun feidhme agus go bhforfheidhmeoidh siad iad. Tacaíonn sé le daoine aonair, gnólachtaí, oibreoirí daonnúla agus Ballstáit chomh maith lena n–iarrachtaí smachtbhannaí a chur i bhfeidhm, trí nótaí treorach a fhoilsiú agus freagra a thabhairt ar cheisteanna arna n–ardú ag údaráis náisiúnta inniúla.

FÉACH FREISIN

Top