EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0683

Cinneadh (AE) 2023/683 ón gComhairle an 17 Márta 2023 maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle um Chomhar arna bunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, i ndáil le Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt a chur ar bun agus téarmaí tagartha an Fhochoiste sin a ghlacadh

ST/7260/2023/INIT

IO L 89, 27/03/2023, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/683/oj

27.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 89/1


CINNEADH (AE) 2023/683 ÓN gCOMHAIRLE

an 17 Márta 2023

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, sa Chomhairle um Chomhar arna bunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, i ndáil le Fochoiste um Chomhar um Fhorbairt a chur ar bun agus téarmaí tagartha an Fhochoiste sin a ghlacadh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile (“an Comhaontú”), a thabhairt i gcrích ag an Aontas le Cinneadh (AE) 2018/1107 ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2018.

(2)

De bhun Airteagal 111(1) den Chomhaontú, bunaíodh Comhairle um Chomhar chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe. De bhun Airteagal 112(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Chomhairle um Chomhar a chinneadh aon fhochoiste speisialaithe nó aon chomhlacht speisialaithe a chur ar bun ar féidir leo cúnamh a thabhairt di a cuid cúraimí a chomhlíonadh. Socraíonn an Chomhairle um Chomhar comhdhéanamh agus cúraimí na gcoistí nó na gcomhlachtaí sin agus conas a fheidhmeoidh siad.

(3)

Chuir an tAontas agus an Iaráic araon in iúl gur spéis leo Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a chur ar bun chun idirphlé tiomnaithe ar gach gné den chomhar um fhorbairt idir an tAontas agus chun an Iaráic a éascú agus chun cur chun feidhme éifeachtach chláir forbartha an Aontais san Iaráic a chur chun cinn.

(4)

Tá an Chomhairle um Chomhar le cinneadh a ghlacadh maidir le Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a chur ar bun agus maidir lena théarmaí tagartha a ghlacadh le linn tríú seisiún de chuid na Comhairle um Chomhar, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh ré nó ina dhiaidh, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) dá Rialacha Nós Imeachta (2).

(5)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle um Chomhar a bhunú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ón gComahairle um Chomhar ina cheangal ar an Aontas,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle um Chomhar arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, i ndáil le Fochoiste speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a chur ar bun agus téarmaí tagartha an Fhochoiste sin a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhairle um Chomhar atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Márta 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. ROSWALL


(1)  Cinneadh (AE) 2018/1107 ón gComhairle an 20 Iúil 2018 maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hIaráice, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích, IO L 203, 10.8.2018, lch. 1.

(2)  Cinneadh Uimh. 1/2013 den Chomhairle um Chomhar idir an tAontas Eorpach agus an Iaráic an 8 Deireadh Fómhair 2013 lena nglactar a rialacha nós imeachta agus rialacha nós imeachta an Choiste um Chomhar (2013/802/EU) (IO L 352, 24.12.2013, lch. 68).


Top