EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D1013

Cinneadh (AE) 2023/1013 ón gComhairle an 16 Bealtaine 2023 maidir le maolú ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/1072

ST/8018/2023/INIT

IO L 136, 24/05/2023, p. 69–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1013/oj

24.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 136/69


CINNEADH (AE) 2023/1013 ÓN gCOMHAIRLE

an 16 Bealtaine 2023

maidir le maolú ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/1072

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 301, an tríú mír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (AE) 2021/1072 ón gComhairle (1), tugadh isteach maolú sealadach ar Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2013/471/AE ón gComhairle (2) a mhéid a bhaineann le liúntais laethúla a íoc agus speansais taistil a aisíoc le comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (‘an Coiste’) agus lena gcomhaltaí malartacha (dá ngairtear le chéile ‘na tairbhithe’), lena dtugtar teidlíocht do thairbhithe a chianfhreastalaíonn ar chruinnithe trí mhéan leictreonach ar liúntas laethúil.

(2)

Measadh go raibh gá leis an maolú sealadach chun a ráthú go bhféadfaí gníomhaíochtaí an Choiste a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus inbhuanaithe i gcónaí chun leanúnachas institiúideach a áirithiú ar feadh thréimhse na ndeacrachtaí leanúnacha taistil nó na srianta leanúnacha sláintíochta ar chruinnithe fisiciúla a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas.

(3)

Léiríodh sna tuarascálacha a thíolaic an Coiste maidir le cur i bhfeidhm an mhaolaithe shealadaigh na sochair bhuiséadacha agus chomhshaoil maidir le liúntas laethúil a bheith ag na tairbhithe a chianfhreastalaíonn ar chruinnithe trí mheán leictreonach chomh maith leis na buntáistí agus na gnóthachain éifeachtúlachta a bhaineann le leanúnachas institiúideach agus gnó an Choiste. Tá na sochair sin fós ábhartha beag beann ar chásanna nach mbaineann le deacrachtaí taistil a d’eascair as paindéim COVID-19 san Aontas, mar a léirítear san iarraidh ón gCoiste ar an gComhairle ar réiteach struchtúrach lena bhféadfaí liúntas laethúil a dheonú do thairbhithe a chianfhreastalaíonn ar chineálacha áirithe cruinnithe den Choiste trí mheán leictreonach.

(4)

Is iomchuí, dá bhrí sin, réiteach struchtúrach a chur in ionad an mhaolaithe shealadaigh a thugtar isteach le Cinneadh (AE) 2021/1072, réiteach lena bhféadfaí liúntas laethúil a dheonú do thairbhithe a chianfhreastalaíonn trí mheán leictreonach ar na cruinnithe sin arna n-údarú go cuí i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choiste, cé is moite de chruinnithe den Bhiúró, seisiúin iomlánacha an Tionóil, cruinnithe de rannóga agus den Choimisiúin Chomhairleach um Athruithe Tionsclaíoch. Is iomchuí freisin, i gcás imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, i gcás nach féidir cruinnithe an Choiste a eagrú go hiomlán agus na baill a bheith i láthair go fisiciúil, an liúntas laethúil do na tairbhithe i gcomhair cianfhreastail trí mheán leictreonach a dheonú i ndáil le aon cruinniú eile arna údarú go cuí den Choiste a bhfuil bunriachtanach chun leanúnachas institiúideach agus gnó an Choiste a ráthú.

(5)

Is ísle na costais riaracháin iarbhír a thabhaíonn tairbhí a chianfhreastalaíonn ar chruinniú trí mheán leictreonach ná ráta an liúntais laethúil is infheidhme faoi láthair maidir le freastal go fisiciúil ar chruinnithe, bíodh is gur mar a chéile an t-achar ama a chaitheann tairbhí ag an gcruinniú. Ós mar sin atá, is iomchuí go n-oiriúnófaí dá réir an liúntas laethúil a dheonaítear leis na tairbhithe a dhéanann cianfhreastal ar chruinnithe.

(6)

Ba cheart don Choiste rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le deonú an liúntais laethúil do thairbhithe a chianfhreastalaíonn cruinnithe trí mheán leictreonach, d’fhonn na tairbhí a eascraíonn as cianfhreastal a uasmhéadú agus, ag an am céanna, a áirithiú nach bhfuil méadú gan údar ar líon na gcruinnithe a eagraíonn an Coiste.

(7)

Ba cheart don Choiste tuarascálacha rialta a chur faoi bhráid na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an liúntais laethúil do thairbhithe a chianfhreastalaíonn ar chruinnithe trí mheán leictreonach ionas gur féidir leis an gComhairle meastóireacht a dhéanamh ar a thionchar sin, i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe mar a leagtar amach i gCinneadh 2013/471/AE iad. Ba cheart a léiriú sna tuarascálacha sin, go háirithe, an fhorbairt ar líon na gcruinnithe a chianfhreastail an Coiste orthu trí mheán leictreonach agus an fad a mhair siad, agus an choigilt bhuiséadach agus chomhshaoil a bhaineann leis na cruinnithe sin.

(8)

Ba cheart an Cinneadh seo a chur san áireamh in athbhreithniú cuimsitheach arna dhéanamh amach anseo ar Chinneadh 2013/471/AE, roimh dheireadh théarma oifige reatha an Choiste.

(9)

Ba cheart do Chinneadh (AE) 2021/1072 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   De mhaolú ar Airteagail 2, 3 agus 4 de Chinneadh 2013/471/AE, beidh na tairbhithe a chianfhreastalaíonn ar chruinnithe den Choiste trí mheán leictreonach i dteideal liúntas laethúil arna shocrú ag EUR 145.

2.   Ní bheidh deonú an liúntais laethúil dá dtagraítear i mír 1 infheidhme ach amháin maidir le cruinnithe a údaraíodh i gcomhréir le rialacha inmheánacha an Choiste, cé is moite de chruinnithe den Bhiúró, de sheisiúin iomlánacha an Tionóil, de chruinnithe na rannóga agus cruinnithe an Choimisiúin Chomhairleach um Athruithe Tionsclaíocha.

3.   In imthosca eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo, déanfar an liúntas laethúil dá dtagraítear i mír 1 a dheonú freisin d’aon chruinniú eile arna údarú go cuí, cé is moite de chruinnithe a ndeonaítear an liúntais laethúil ina leith i gcomhréir le mír 2, ar choinníoll nach féidir an cruinniú sin a eagrú go hiomlán agus na baill a bheith i láthair go fisiciúil agus go bhfuil sé fíor-riachtanach chun leanúnachas institiúideach agus gnó an Choiste a ráthú,

Airteagal 2

Glacfaidh an Coiste forálacha mionsonraithe lena gcuirfear Airteagal 1 chun feidhme faoin 26 Iúil 2023.

Airteagal 3

Déanfar an tuairisciú ar chur i bhfeidhm an liúntais laethúil dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh seo a áireamh sna ceanglais tuairiscithe faoi Airteagal 9 de Chinneadh 2013/471/AE.

Airteagal 4

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2021/1072.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Bealtaine 2023.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

E. SVANTESSON


(1)  Cinneadh (AE) 2021/1072 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2021 maidir le maolú sealadach ar Chinneadh 2013/471/AE maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus dá gcomhaltaí malartacha agus maidir le haisíocaíocht speansas taistil na gcomhaltaí sin i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 230, 30.6.2021, lch. 30).

(2)  Cinneadh 2013/471/AE ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2013 maidir le liúntais laethúla a dheonú do chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus maidir le haisíoc speansas taistil chomhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus a gcomhaltaí malartacha (IO L 253, 25.9.2013, lch. 22).


Top