AN COIMISIÚN EORPACH
Strasbourg, 29.5.2018
COM(2018) 375 final
2018/0196(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
An 2 Bealtaine 2018, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2021-2027. Sainíodh an simpliú riaracháin mar chuspóir ríthábhachtach sa pháipéar machnaimh maidir le beartas airgeadais an Aontais Eorpaigh, sa mheastóireacht ex post agus sa chomhairliúchán poiblí. Tugtar le tuiscint ón taithí atá faighte go bhfuil na rialacha róchasta agus ilroinnte idir cistí agus foirmeacha maoinithe, rud a fhágann go bhfuil ualach neamhriachtanach ar bhainisteoirí clár agus ar thairbhithe deiridh.
Sa togra seo le haghaidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna leagfar amach forálacha coiteanna maidir le seacht gcinn de chistí atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ní ghabhfaidh an togra seo ionad Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, leanfaidh an Rialachán sin de na cláir arna nglacadh le linn na tréimhse 2014-2020 a rialú. Laghdóidh an togra ilroinnt na rialacha, sa dóigh go mbeidh sraith choiteann de rialacha bunúsacha ann do na seacht gcistí:
·CC:
an Ciste Comhtháthaithe
·CEMI:
an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
·CFRE:
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
·CSE+:
Ciste Sóisialta na hEorpa Plus
·CTIL:
an Ciste um Thearmann agus Imirce
·IBTV:
an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí
·CSI:
Ciste Slándála Inmheánaí
Foráiltear leis na tograí seo gurb é an 1 Eanáir 2021 an dáta teacht i bhfeidhm agus tá siad á dtíolacadh d’Aontas ina mbeidh 27 mBallstát, i gcomhréir leis an bhfógra a fuair an Chomhairle Eorpach an 29 Márta 2017 ón Ríocht Aontaithe go bhfuil sé beartaithe ag an Ríocht Aontaithe tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ó Euratom bunaithe ar Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Foráiltear in Airteagal 317 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil ar an gCoimisiún an buiséad a chur chun feidhme i gcomhar leis na Ballstáit, i gcomhréir le forálacha na rialachán arna ndéanamh de bhun Airteagal 322 CFAE. Is é Airteagal 322(1)(a) CFAE an bunús dlí le rialacháin a ghlacadh chun na rialacha airgeadais a leagan síos lena gcinntear, go háirithe, an nós imeachta atá le glacadh le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus le haghaidh cuntais a chur i láthair agus a iniúchadh. Ní bhaineann prionsabal na coimhdeachta leis na rialacha airgeadais, óir is léir nach féidir ach leis an Aontas gníomhú ina leith sin, agus gur faoin Aontas amháin atá sé sin a dhéanamh.
Tá údar le gníomhaíocht ón Aontas maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ar fhorais na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE. Tá an ceart gníomh a dhéanamh cumhdaithe in Airteagal 175 CFAE, Airteagal ina niarrtar go sainráite ar an Aontas an beartas sin a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as na Cistí Struchtúracha, in éineacht le hAirteagal 177, a shainíonn ról an Chiste Comhtháthaithe. Tá aidhmeanna CSE, CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe sainithe in Airteagail 162, 176 agus 177 den CFAE faoi seach. Tugann Airteagal 39 CFAE bonn údair do na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascach.
Luaitear in Airteagal 174 CFAE, gur cheart aird faoi leith a thabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. Ar na réigiúin dheireanacha sin tá na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus na réigiúin oileánacha, na réigiún trasteorann agus na réigiúin shléibhteacha.
Sonraítear in Airteagal 349 CFAE go nglacfar bearta sonracha chun aird a thabhairt ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na réigiún is forimeallaí, staid is measa fós mar gheall ar ghnéithe sonracha áirithe a chuireann srian mór lena bhforbairt.
Tá an Rialachán lena mbunaítear an Ciste Tearmainn agus Imirce bunaithe ar Airteagal 78(2) agus ar Airteagal 79(2) agus (4) CFAE. An Rialachán lena mbunaítear an ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorainneacha agus do víosaí, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, is ar Airteagal 77(2) CFAE atá sé bunaithe. Tá an Rialachán lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí bunaithe ar Airteagal 82(1), Airteagal 84 agus ar Airteagal 87(2) CFAE. Foráiltear in Airteagal 317 CFAE maidir leis an mbunús dlí don sraith choiteann rialacha maidir le cur chun feidhme an bhuiséid, i gcomhar leis na Ballstáit. In Airteagal 322 CFAE, sainítear an raon feidhme agus na nósanna imeachta chun an tsraith choiteann sin a leagan síos.
Leagtar a amach coimhdeacht agus comhréireacht na gcistí aonair sa mheabhrán míniúcháin do gach ciste ar leith. Mar sin féin, rannchuidiú breise atá i Rialachán na bhForálacha Coiteanna:
·maidir leis an gcoimhdeacht, tríd an mbainistíocht chomhroinnte a chur chun cinn: sa mhéid nach nach bhfuil na cláir faoi bhainistíocht dhíreach ag an gCoimisiún, ach ina ionad sin cuirtear chun feidhme iad i gcomhar leis na Ballstáit.
·maidir leis an gcomhréireacht, trí na rialacha a aontú agus a chomhdhlúthú (rud a laghdaíonn an tualach ar na geallsealbhóirí).
Deirtear in Airteagal 11 CFAE gur cheart na ceanglais cosanta comhshaoil a chomhtháthú le sainiú agus le cur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais go háirithe d’fhonn an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus tugtar aghaidh air sin sa Rialachán seo.
3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
Tá ag roinnt cistí meastóireachtaí a bhaineann leo féin agus is do na rialacháin a bhaineann go sonrach leo is ábhartha torthaí na meastóireachtaí sin. Seo thíos na torthaí tábhachtacha a bhaineann le Rialachán na bhForálacha Coiteanna.
1. Simpliú: an gá an tualach riaracháin a laghdú. Toradh príomha athfhillteach ab ea é sin i meastóireacht na gcistí uile:
·Léirigh na meastóireachtaí ex post ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe go raibh na córais bhainistithe, rialaithe agus iniúchóireachta róchasta. Ba fhoinse éiginnteachta riaracháin agus moille ar chur chun feidhme í an chastacht sin. Saincheist ar leith a bhí sa chastacht i dtíortha AE-15 áit a bhfuil an cistiú níos lú, rud a thugann le fios gur gá comhréireacht a bheith ann.
·Léirigh meastóireacht CSE gur ghá simpliú a dhéanamh ar an tírdhreach cistiúcháin (i.e. raon agus meascán na nionstraimí) agus an próiseas cur chun feidhme araon.
·Léirigh meastóireacht CEMI go raibh an tualach riaracháin róthrom freisin. Díspreagadh a bhí ann ag céim an iarratais, a d’fhág nár cuireadh iarratais isteach. Thairis sin, is cosúil gur dhíspreag castacht tionscadal áirithe tairbhithe áirithe, go háirithe i gcásanna ina raibh líonra mór comhpháirtithe rannpháirteach.
·Léirigh meastóireachtaí eatramhacha ar chomhpháirteanna ábhartha de CTI, IBTV agus CSI go raibh gá le simpliú freisin. Moladh ar leith ba ea roghanna costais simplithe a úsáid.
Tugtar aghaidh ar an bponc sin i Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ar na samplaí suntasacha tá Teideal V (e.g. roghanna costais simplithe, íocaíochtaí bunaithe ar choinníollacha, deireadh le rialacha sonracha maidir le tionscadail mhóra agus infheistíochtaí a ghineann ioncam) agus Teideal VI (rialú agus iniúchadh simplithe agus níos comhréirí).
2. An gá le solúbthacht chun freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn:
·Sa mheastóireacht ex post ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe léiríodh gur éirigh thar barr, sa tréimhse 2007-2013, le hoiriúnú na gclár le linn na géarchéime eacnamaíche, agus gur cheart forbairt air sin.
·Sonraíodh sa mheastóireacht ex post ar CSE go raibh an tsolúbthacht ar cheann de na nithe ba mhó ba ghá a fheabhsú.
·Léirigh na meastóireachtaí eatramhacha ar réamhtheachtaithe CTIL, IBTV agus CSI gur thug na cistí sin freagra leormhaith ar na géarchéimeanna imirce agus slándála. Is gá sásraí níos solúbtha, áfach, chun cistiú a leithdháileadh.
Tugtar aghaidh ar an bponc sin i dTeideal III (lena gceadaítear aistrithe sách beag a dhéanamh gan an clár a mhodhnú) agus i dTeideal II (leagtar amach leithdháiltí na gclár do na chéad 5 bliana, agus ansin na leithdháiltí don dá bhliain dheireanacha ar bhonn athbhreithnithe), agus déantar rialacha comhlántacha maidir le CTIL, IBTV agus CSI a leagan amach sna Rialacháin Chiste-shonracha. Thairis sin, is mó an tsolúbthacht do na Ballstáit a bhuí leis an deis leas a bhaint as saoráid ráthaíochta InvestEU.
3. Poitéinseal ionstraimí airgeadais:
·Léiríodh sna meastóireacht ex post ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe go raibh sé de phoitéinseal in ionstraimí airgeadais a bheith ina modh níos éifeachtúla le hinfheistíocht a chistiú i réimsí beartais áirithe, ach tá moilleanna cur chun feidhme ann agus dúshlán atá ann a núsáid a scaipeadh.
·Léirigh meastóireacht meántéarma EaSI gur dheacair, de dheasca éagsúlacht rialacha, leas a bhaint as comhlántachtaí idir an dá chiste. Mhol an mheastóireacht na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais a chuíchóiriú agus a ailíniú.
Tugtar aghaidh ar an bponc sin i dTeideal V lena simplítear cur chun feidhme na nionstraimí airgeadais, trí chuid mhaith de na forálacha a ailíniú leis na forálacha maidir le deontais.
•Comhairliúcháin phoiblí
Rinne an Coimisiún na comhairliúcháin phoiblí seo a leanas:
·Cistí AE i réimse an bheartais comhtháthaithe (an 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018)
·Comhairliúchán leis na geallsealbhóirí i gcomhthéacs na meastóireachta ex post ar CEMI (Feabhra go Bealtaine 2016).
·Cistí AE i réimse na himirce (an 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Bealtaine 2018)
·Cistí AE i réimse na slándála (an 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Bealtaine 2018)
Bhí na comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí ar aon dul leis na meastóireachtaí ex post – ba é an conclúid b’ábharthaí i dtaca le Rialachán na bhForálacha Coiteanna gur ghá simpliú ( go háirithe ó thaobh nósanna imeachta iniúchóireachta agus rialaithe de), agus ansin solúbthacht:
·Sa chomhairliúchán faoin mbeartas comhtháthaithe, mheas na geallsealbhóirí gurbh iad na nósanna imeachta casta an bac ba mhó ar fad ar an rath, agus ansin na ceanglais throma maidir le hiniúchadh agus rialú, an easpa solúbthachta, an deacracht inbhuanaitheacht airgeadais a áirithiú agus moilleanna ar íocaíochtaí
·I gcás CEMI, meastar go bhfuil castacht an riaracháin ar an easnamh is mó agus d’iarr a lán geallsealbhóirí mórshimpliú agus solúbthacht. Meastar go bhfuil loighic na hidirghabhála ródhocht, sa dóigh nach féidir leis na Ballstáit díriú ar a sainiúlachtaí féin.
·Léirigh na comhairliúcháin i réimsí na himirce agus na slándála gur thacaigh na freagróirí go mór le seachadadh níos simplí agus le tuilleadh solúbthachta (go sonrach, i ndáil leis an gcumas gníomhú i dtaca le géarchéimeanna imirce agus slándála).
Tugtar aghaidh ar na ceisteanna b’ábhar imní do an geallsealbhóirí sna bearta simpliúcháin atá i Rialachán na bhForálacha Coiteanna (féach thíos).
•Saineolas agus costais riaracháin
Ó thaobh an tsaineolais de, tionóladh an “Grúpa Ardleibhéil” de shaineolaithe chun simpliú an bheartais comhtháthaithe a phlé. Ba iad seo a leanas a chonclúidí:
·Ailíniú na rialacha idir Cistí AE. Tugtar aghaidh ar an gceist sin, i bpáirt, le raon feidhme an rialacháin seo.
·Níos lú clásal, agus iad a bheith níos soiléire agus níos giorra. Mar a luadh thuas, tá roinnt simplithe sa rialachán seo.
·Fíor-choimhdeacht agus fíor-chomhréireacht: bheith ag brath i bhfad níos mó ar chórais náisiúnta agus ar nósanna imeachta náisiúnta le haghaidh bainistiú agus rialú. Tugtar aghaidh air sin i dTeideal VI (féach thíos).
·Creat atá cobhsaí agus solúbtha freisin: gan riachtanas institiúidí a athcheapadh don chéad chlárthréimhse eile. Ba cheart gurbh fhusa na cláir a mhodhnú freisin. Tugtar aghaidh air sin i dTeideal VI agus i dTeideal III faoi seach.
·Prionsabal an iniúchta aonair: síneadh phrionsabal an iniúchta aonair. Tugtar aghaidh air sin i dTeideal VI.
Go deimhin, tá fianaise ann go bhfuil costais mhóra riaracháin ag gabháil le CFAE agus leis an gCiste Comhtháthaithe, figiúr arna mheas i staidéar a rinneadh le déanaí a bheith cothrom le 3 % de mheánchostais cláir le haghaidh CFAE agus cothrom le 2.2 % maidir leis an gCiste Comhtháthaithe. Tá na hualaí riaracháin ar thairbhithe (lena náiritear FBManna) níos airde.
Is deacair cuid mhór de na simplithe i Rialachán na bhForálacha Coiteanna a chainníochtú roimh ré ó thaobh airgeadais de, ach rinneadh na meastacháin seo a leanas sa staidéar:
·Go bhféadfadh costais iomlána riaracháin a laghdú go mór dá mbainfí a thuilleadh úsáide as roghanna costais simplithe (nó íocaíochtaí bunaithe ar choinníollacha) maidir le CFAE agus an Ciste Comhtháthaithe – laghdú idir 20 % agus 25 % má chuirtear na roghanna sin i bhfeidhm ar bhonn ginearálta.
·Go laghdófaí go mór líon na bhfíoruithe agus an tualach iniúchóireachta ar na cláir “riosca ísil” de thoradh an chur chuige níos comhréirí maidir le rialuithe agus iniúchtaí, sa dóigh go laghdófar na costais riaracháin iomlána do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe 2-3 % agus go laghdófar i bhfad níos mó ná sin na costais do na cláir ábhartha.
•Measúnú tionchair
Ní dhearnadh measúnú tionchair ar Rialachán na bhForálacha Coiteanna féin, óir leagtar síos ann rialacha coiteanna agus sásra seachadta i gcomhair beartais eile. Tá a measúnú tionchair féin ag gabháil le gach ceann de na cistí lena mbaineann.
•Ríomh-chomhtháthú agus malartú sonraí
Do chláir na tréimhse 2014-2020, diomaite de réamhtheachtaithe CTIL, IBTV agus CSI, bhí ceanglas ann maidir le córas malartaithe sonraí leictreonacha idir tairbhithe agus údaráis bhainistithe agus idir údaráis éagsúla an chórais bainistithe agus rialaithe. Cuireann an Rialachán seo leis sin agus déantar gnéithe áirithe den bhailiú sonraí a fhorbairt a thuilleadh ann. Na sonraí uile is gá chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme lena náirítear torthaí agus feidhmíocht clár, traschuirfear go leictreonach chuig an gCoimisiún iad feasta agus sin gach dara mhí, rud a fhágann go ndéanfar an tardán sonraí oscailte a nuashonrú i bhfíor-am nach mór.
Cuirfear sonraí maidir le tairbhithe agus oibríochtaí ar fáil go poiblí ar an mbonn céanna i bhfoirm leictreonach, ar shuíomh gréasáin tiomnaithe arna reáchtáil ag an údarás bainistíochta. Fágfaidh sin go mbeidh na gnóthachain níos infheicthe agus go mbeidh an chumarsáid níos fearr.
•Cearta bunúsacha
Trí choinníoll cumasaithe a thabhairt isteach lena náirithiú go nurramaítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, beidh tionchar dearfach ag an Rialachán seo ar urramú agus ar chosaint na gceart bunúsach uile i ndáil le bainistiú na seacht gciste.
Tá urramú an smachta reachta cumhdaithe i rialachán neamplspeách bunaithe ar Airteagal 322 CFAE.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Leagtar amach sa togra ón gCoimisiún maidir le creat airgeadais ilbhliantúil EUR 330 billiún do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach le haghaidh na tréimhse 2021-2027.
Clúdaigh CFRE, CC agus CSE+ do 2021-27 i milliúin
Iomlán don bheartas comhtháthaithe
|
330 624
|
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)
|
200 629
|
·Infheistíocht le haghaidh fáis agus post
|
190 752
|
·An comhar críochach Eorpach
|
8 430
|
·Na réigiúin is forimeallaí agus na ceantair inar tearc an daonra
|
1 447
|
Ciste Comhtháthaithe (CC)
|
41 349
|
·ranníocaíocht le hIompar SCE
|
10 000
|
Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (1)
|
88 646
|
(1) Ní chuimsíonn an méid seo an méid le haghaidh sláinte, fostaíochta agus nuálaíocht shóisialta (EUR 1 042 milliún).
Is iad sin na ceannteidil airgeadais is mó a chumhdaítear le Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Déanfar togra an Choimisiúin le haghaidh mhaoiniú CEMI, CTIL, IBTV agus CSI a áireamh sna Rialacháin Chiste-shonracha le haghaidh gach Ciste.
5.ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí struchtúir agus fhorálacha Rialachán na bhForálacha Coiteanna mar atá sé beartaithe:
1.Ualach riaracháin neamhriachtanach ar thairbhithe agus ar chomhlachtaí bainistíochta a laghdú go mór, agus ardleibhéal dearbhaithe a chaomhnú maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht. Is é sin an príomhphrionsabal is treoir don athchóiriú, agus cuimsíonn sé líon mór simplithe agus ailínithe sna rialacháin trí chéile – go háirithe maidir leis an méid seo:
i.Leanúint d’úsáid córas bainistithe agus rialaithe (agus bearta eile a éascaíonn tosú clár). Tuilleadh úsáide a bhaint as “socruithe comhréireacha”, a fhágann gur féidir le cláir ar beag an riosca a bhaineann leo, gur féidir leo brath níos mó ar na córais náisiúnta.
ii.Úsáid roghanna costais simplithe agus íocaíochtaí bunaithe ar choinníollacha.
iii.Ionstraimí airgeadais.
2.An tsolúbthacht a mhéadú chun cuspóirí agus acmhainní na gclár a choigeartú i bhfianaise athruithe ar chúinsí agus, ina theannta sin, i ndáil le ranníocaíochtaí deonacha le hionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach ar leibhéal AE.
3.Na cláir a ailíniú ar bhealach níos dlúithe le tosaíochtaí an Aontais agus a néifeachtacht a mhéadú. Áirítear air sin:
i.Loighic na hidirghabhála a ailíniú leis an tuairisciú faoi cheannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na ceanglais comhdhlúthaithe ar réimsí tosaíochta a mhéadú.
ii.Nasc níos láidre a dhéanamh le próiseas an tSeimeastair Eorpaigh.
iii.Coinníollacha cumasaithe níos fónta a leagan síos nach mór a chomhlíonadh feadh na tréimhse cur chun feidhme.
Teideal I: Cuspóirí agus tacaíocht ghinearálta
Tugtar le chéile i Rialachán na bhForálacha Coiteanna seacht gcinn de Chistí Eorpacha a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte. Is é an aidhm sraith choiteann de rialacha simplithe agus comhdhlúthaithe a chruthú, d’fhonn an tualach riaracháin a laghdú ar údaráis na gclár agus ar na tairbhithe.
Is ansin a leagtar síos an bonn le haghaidh na béime láidre ar an mbainistíocht chomhroinnte agus ar an gcomhpháirtíocht atá le sonrú ar na rialacháin trí chéile. Airteagal 5 is bunús leis an mbainistíocht chomhroinnte, Airteagal 6 is bunús leis an gcomhpháirtíocht le húdaráis réigiúnacha agus áitiúla, údaráis uirbeacha agus phoiblí, comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, an tsochaí shibhialta agus comhlachtaí a chuireann chun cinn an cuimsiú sóisialta, na cearta bunúsacha, an comhionannas inscne, an neamh-idirdhealú agus cearta na ndaoine faoi mhíchumas.
Sa togra ón gCoimisiún maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 leagadh síos sprioc níos uaillmhianaí le haghaidh príomhshruthú aeráide i gcláir uile an Aontais, maille leis an sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas an Aontais a bheith ag rannchuidiú le cuspóirí aeráide. Déanfar rannchuidiú an chláir seo le gnóthú na sprice foriomláine sin a rianú le córas marcóirí aeráide de chuid an Aontais ar leibhéal iomchuí imdhealaithe, lena náirítear modheolaíochtaí níos cruinne a úsáid má tá fáil orthu. Leanfaidh an Coimisiún den fhaisnéis a chur i láthair go bliantúil i dtéarmaí leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhthéacs an dréachtbhuiséid bhliantúil.
Chun tacú le leas iomlán a bhaint as poitéinseal an chláir rannchuidiú le cuspóirí aeráide, féachfaidh an Coimisiún le gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint i rith phróisis ullmhúcháin, cur chun feidhme, athbhreithnithe agus meastóireachta an chláir.
Teideal II: Cur chuige straitéiseach
Rinneadh aon cheann déag de chuspóirí téamacha a úsáid in 2014-2020 a shimpliú sa rialachán seo, sa dóigh go bhfuil cúig chuspóir beartais fhollasacha anois ann:
1.Eoraip níos cliste – claochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste.
2.Eoraip níos glaise a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin.
3.Eoraip níos nasctha – an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC.
4.Eoraip níos sóisialta – cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.
5.Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh – forbairt inbhuanaithe chomhtháite limistéar uirbeach, tuaithe agus cósta trí thionscnaimh áitiúla.
Ina theannta sin, tá na cuspóirí beartais do CTIL, IBTV agus CSI leagtha amach sna Rialacháin Chiste-shonracha.
A bhuí leis an simpliú sin beifear in ann sineirgí agus solúbthacht a a aimsiú idir sraitheanna éagsúla laistigh de chuspóir áirithe, deireadh a chur le idirdhealuithe saorga idir beartais éagsúla a rannchuidíonn leis an aon chuspóir amháin. Is bunús freisin é leis an gcomhdhlúthú téamach do CFRE agus do CSE.
In áit na “coinníollachtaí ex ante” a bhí ann in 2014-2020 tá “coinníollacha cumasaithe” anois ann. Is lú a líon, agus tá siad níos dírithe ar spriocanna an chiste lena mbaineann agus – murab ionann le tréimhse 2014-2020 – déanfar faireachán orthu agus cuirfear i bhfeidhm iad ar feadh na tréimhse ar fad. Neartófar an prionsabal: ní bheidh na Ballstáit in ann caiteachas a dhearbhú a bhaineann le cuspóirí sonracha go dtí go gcomhlíonfar an coinníoll cumasaithe. Áiritheofar ar an dóigh sin go mbeidh gach oibríocht chómhaoinithe i gcomhréir le creat beartais an Aontais.
Chun cur leis an dea-chleachtas arb é an díriú ar fheidhmíocht é, tá sé beartaithe an creat feidhmíochta a choinneáil ach ar bhealach cuíchóirithe agus níos soiléire. Ar an dóigh chéanna, déanfar an choinníollacht i ndáil leis an Seimeastar Eorpach a choinneáil ar bhealach simplithe. Go háirithe, déanfar na moltaí tír-shonracha a chur san áireamh dhá uair ar a laghad le linn an chlársceidealaithe: ag tús an chlársceidealaithe agus le linn an athbhreithnithe meántéarma.
Coinneofar ba bearta lena gcuirtear chun cinn an rialachas eacnamaíoch fónta. Beidh an fhionraíocht nasctha leis na gealltanais amháin, áfach, seachas leis na híocaíochtaí, ionas nach ndéanfar géarchéimeanna eacnamaíocha níos measa fós.
Cruthóidh Rialachán na bhForálacha Coiteanna solúbthacht do CFRE, CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe. Ní chlársceidealófar ach na chéad 5 bliana i dtosach. Déanfar na leithdháiltí don 2 bhliain dheireanacha ar bhonn athbhreithniú substaintiúil domhain as a dtiocfaidh ath-chlársceidealú comhfhreagrach in 2025. Amharcfaidh an tathbhreithniú ar na tosaíochaí agus ar na cuspóirí a bhí ag na cláir i dtosach agus cuirfear an méid seo san áireamh: dul chun cinn i dtaca le gnóthú cuspóirí faoi dheireadh 2024; athruithe ar an staid shoch-eacnamaíoch; dúshláin nua arna sainaithint i moltaí tír-shonracha. Forbairt é sin ar choincheap an chreata feidhmíochta agus an chúlchiste feidhmíochta agus treiseoidh sé a thuilleadh gné na feidhmíochta den bheartas, tríd an ath-chlársceidealú freisin. Cuirfear deireadh leis an gcúlchiste feidhmíochta, áfach.
Cothófar sineirgí idir ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais trí phróiseas na pleanála straitéisí, ina sainaithneofar cuspóirí coiteanna agus réimsí coiteanna le haghaidh gníomhaíochtaí i gcláir éagsúla, e.g. leis an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT); Fís Eorpach; an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE); an Clár nua don Eoraip Dhigiteach (CED); Clár Erasmus+; Ciste InvestEU; LIFE; Erasmus+ agus leis an Ionstraim Sheachtrach.
Teideal III: Clársceidealú
Beidh inneachar na gclár níos cuíchóirithe agus straitéisí. Chun próiseas an chlársceidealaithe a chomhchuibhiú agus a dhéanamh níos tapa, mar aon leis an gcur chun feidhme ag tús na tréimhse, tá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo clártheimpléad coiteann do chláir CFRE, an Chiste Comhtháthaithe, CSE+ agus CEMI agus clártheimpléad ar leith do chláir CTIL, IBTV agus CSI. Le go mbeidh an clársceidealú níos solúbtha, beidh tairseach 5 % ann ar leibhéal na tosaíocht a mbeifear in ann leithdháiltí a choigeartú faoina bun laistigh den chlár gan leasú foirmiúil a dhéanamh ar an gclár.
Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha ar an leibhéal foréigiúnach agus áitiúil, tabharfar isteach le Rialachán na bhForálacha Coiteanna cur chuige simplithe maidir le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail (lena náirítear an fhéidearthacht ciste ceannasach a ainmniú, an tualach riaracháin ar na tairbhithe a laghdú). Le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, comhchuibheofar an cur chuige maidir le huirlisí críochacha eile, lena náirítear na hinfheistíochtaí comhtháite críochacha atá ann cheana.
Tá forálacha i Rialachán na bhForálacha Coiteanna freisin lena gceadófar aistriú deonach acmhainní chuig na cúig ionú beartais atá ag ionstraimí InvestEU le leas a bhaint as sásra ráthaíochta buiséadaí ar leibhéal an Aontais. Thairis sin, d’fhéadfadh na Ballstáit a iarraidh go naistreofar suas le 5 % de leithdháiltí airgeadais cláir ó aon cheann de na cistí chuig aon chiste eile atá faoi bhainistíocht chomhroinnte nó chuig aon ionstraim atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach. Ba cheart go néascódh sin gnóthú na gcuspóirí arna socrú do na cláir le linn a gcur chun feidhme.
Simplíodh an cur chuige maidir le cúnamh teicniúil do na Ballstáit. Tabharfar isteach sásra ráta chomhréidh lena bhféadfar gach íocaíocht eatramhach a bhreisiú idir 2.5 % agus 6 % ag brath ar an gciste agus sa dóigh sin nasctar íocaíocht an chúnaimh theicniúil ón Aontas le dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme. Ina theannta sin, féadfar leanúint de ghníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta riaracháin i bhfoirm íocaíochtaí bunaithe ar choinníollacha.
Teideal IV: Faireachán, meastóireacht, faisnéis agus cumarsáid
Éascaíonn sonraí leictreonacha an simpliú agus an trédhearcacht araon. Sa chlárthréimhse 2014-2020, diomaite de réamhtheachtaithe CTIL, IBTV agus CSI, bhí ceanglas ann córas malartaithe sonraí leictreonacha a bhunú idir tairbhithe agus údaráis bhainistithe agus idir údaráis éagsúla an chórais bainistithe agus rialaithe. Cuireann an Rialachán seo leis sin agus déantar gnéithe áirithe a fhorbairt a thuilleadh ann ó thaobh sonraí a bhailiú de. Na sonraí uile is gá chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme lena náirítear torthaí agus feidhmíocht clár, traschuirfear go leictreonach iad feasta agus sin gach dara mhí, rud a fhágann go ndéanfar an tardán sonraí oscailte a nuashonrú i bhfíor-am nach mór.
Tá sé beartaithe ról níos suntasaí a thabhairt do na coistí faireacháin i maoirsiú fheidhmíocht an chláir agus na dtosca uile a imríonn tionchar air sin. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, beidh sé ina cheangal na doiciméid a chuirfear faoi bhráid na gcoistí faireacháin a chur ar fáil go poiblí.
I gcás na gcistí ar fad, tráth a bheidh san athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht le comhphlé beartais a dhéanamh maidir le saincheisteanna tábhachtacha i ndáil le cur chun feidhme agus feidhmíocht na gclár. Beifear in ann próiseas an athbhreithnithe ar fheidhmíocht a shimpliú de thoradh sonraí a bheith á dtarchur go minic. I gcás cistí an bheartais comhtháthaithe, fágann sin gur féidir deireadh a chur le doiciméad na tuarascála bliantúla – is ar bhonn na dtorthaí is déanaí agus sraith theoranta den fhaisnéis cháilíochtúil a cuireadh isteach a reáchtálfar an cruinniú athbhreithnithe bliantúil.
Neartófar freagrachtaí údaráis na gclár agus na dtairbhithe araon maidir le hinfheictheacht agus cumarsáid. Le ceanglais choiteanna maidir le cumarsáid, trédhearcacht agus infheictheacht áiritheofar gníomhaíochtaí cumarsáide a bheidh níos comhsheasmhaí, éifeachtaí agus éifeachtúla.
Déanfar meastóireachtaí i gcomhréir le mír 22 agus mír 23 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016, inar dheimhnigh na trí institiúid gur cheart do mheastóireachtaí ar reachtaíocht agus beartais atá ann cheana an bunús a sholáthar do mheasúnuithe tionchair ar na roghanna atá ann chun gníomhaíocht bhreise a dhéanamh. Déanfaidh na meastóireachtaí measúnú ar éifeachtaí clár ar an talamh bunaithe ar tháscairí agus spriocanna cláir agus ar mhionanailís maidir lena ábhartha, a éifeachtaí agus a éifeachtúil atá an clár agus mionanailís maidir leis an méid a dtugtar breisluach Eorpach agus a mhéid atá sé comhleanúnach le beartais eile an Aontais Eorpaigh. Áireofar ar na meastóireachtaí na ceachtanna a foghlaimíodh, fadhbanna agus deiseanna chun na gníomhaíochtaí agus a dtionchar a fheabhsú.
Teideal V: Tacaíocht airgeadais
Chun an tualach riaracháin a laghdú, déanann Rialachán na bhForálacha Coiteanna úsáid na roghanna costais simplithe a chorasú agus a mhéadú, i.e. aisíocaíochtaí ráta chomhréidh, scálaí caighdeánacha costas aonaid nó cnapshuimeanna. Le go mbeidh sé níos fusa na roghanna sin a chur i bhfeidhm, déanann Rialachán na bhForálacha Coiteanna rialacha agus modhanna ríofa a shimpliú, ag soláthar níos mó roghanna réamhdhéanta i gcomhréir le togra Omnibus ón gCoimisiún.
Ina theannta sin, cuirfidh an rogha íocaíochtaí a bheith bunaithe ar choinníollacha leis an díriú ar fheidhmíocht, sa dóigh gur féidir íocaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar an bhfeidhmíocht atá bainte amach agus fíoraithe.
Beidh ionstraimí airgeadais ina bpríomhshásra seachadta d’infheistíochtaí in 2021-2027, agus ginfidh siad ioncam agus laghdú costais; cuíchóiríodh agus tugadh cothrom le dáta na forálacha maidir lena núsáid chun a áirithiú gur fearr agus gur fusa an cur chun feidhme, agus gur tapúla an cur ar bun:
·Is fearr mar a bheidh ionstraimí airgeadais comhtháite leis an bpróiseas clársceidealaithe agus cur chun feidhme ón tús agus déanfar an measúnú ex ante a chuíchóiriú dá réir;
·Beidh na bunroghanna solúbtha cur chun feidhme ag na húdaráis bhainistíochta – bainistíocht faoi chúram an údaráis bainistíochta nó bainistíocht dhíreach ag an údarás bainistíochta – ach simplíodh na coinníollacha a bhaineann leis sin;
·Beifear in ann acmhainní ón Aontas a chomhcheangal faoi shraith amháin rialacha; ní bheidh an iliomad rialacha éagsúla ann a thuilleadh i ndáil le staideanna atá inchurtha le chéile;
·Tá solúbthacht beartaithe maidir le deontais a chomhcheangal le hionstraimí airgeadais;
·Soiléiríodh na rialacha maidir le hincháilitheacht, agus simplíodh na rialacha maidir le costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta, ach tá siad fós bunaithe ar fheidhmíocht chun bainistíocht éifeachtach a spreagadh;
·Tá simpliú nach beag déanta ar na rialacha maidir le híocaíochtaí, ach coinníodh an nasc ríthábhachtach idir íocaíochtaí le hionstraimí airgeadais agus na híocaíochtaí amach comhfhreagracha leis na faighteoirí deiridh;
·Códaíodh go simplí athshreabha agus athchúrsáil cistí, le gur réidhe an taistriú ó thréimhse go chéile.
·Ní bheidh aon tuairisciú breise ar leithligh ar ionstraimí airgeadais mar tá siad cuimsithe sa chóras tuairiscithe céanna leis an maoiniú de gach foirm eile.
Ar na simplithe eile tá:
·Tá comhcheangal cistí éagsúla – agus ionstraimí airgeadais agus deontais – códaithe le rialacha simplí;
·Ní bheidh rialacha sonracha ann a thuilleadh maidir le hinfheistíochtaí a ghineann ioncam;
·Ní bheidh aon phróiseas ann do mhórthionscadail (seachas sin, leanfaidh an coiste faireacháin tionscadail straitéiseacha).
·Simpleofar an cistiú, le cur chuige an tSéala Barr Feabhais mar shampla.
Le comórtais dhiomailteacha do fhóirdheontais a sheachaint, neartaíodh na forálacha maidir le hathlonnú gnólachtaí.
Teideal VI: Bainistíocht agus rialú
Leagtar amach ar bhealach níos soiléire cúraimí agus freagrachtaí na gcomhlachtaí éagsúla sa chóras bainistithe agus rialaithe. Níl aon cheanglas ann maidir leis an bpróiseas ainmniúcháin a dhéanamh; cuireann na forálacha chun cinn leanúint d’úsáid na gcóras atá ann cheana agus rialacha níos simplithe maidir le comhlachtaí nua a shainaithint.
Cuidiú a bheidh sna ceanglais incháilitheachta lena áirithiú nach dtabharfar tacaíocht ach d’oibríochtaí ardcháilíochta a rannchuideoidh go mór leis na cuspóirí comhaontaithe de réir an chóimheasa costas-sochair is fearr. Tá sé beartaithe freisin seiceáil go córasach an bhfuil an oibríocht inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de agus an raibh an scagadh comhshaoil ina leith bunaithe ar na ceanglais is déanaí.
Laghdófar go mór líon na rialuithe agus na niniúchtaí. Laghdóidh sé sin an tualach riaracháin ar údaráis na gclár agus ar na tairbhithe. Sa bhreis ar na forálacha sna teidil roimhe seo lena laghdaítear an tualach iniúchóireachta, laghdóidh an teideal seo an tualach sin a thuilleadh ar na dóigheanna seo:
·Síneadh phrionsabal an iniúchta aonair;
·Níos lú rialuithe;
·I gcás clair a bhfuil ráta earráidí íseal acu, cur chuige comhréireach feabhsaithe bunaithe ar chóras náisiúnta a fheidhmíonn go maith maille le socrú íos-iniúchóireachta chun críocha an dearbhaithe.
Na tograí ar thionscadail a gheobhaidh Séala Barr Feabhais faoi Fhís Eorpach, ní bheidh orthu dul faoin dara próiseas iarratais agus roghnúcháin má tá siad ag teacht le straitéis an chláir um speisialtóireacht chliste. Laghdóidh sin an tualach ar bhainisteoirí agus ar thairbhithe araon. Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfaí an cur chuige sin a leathnú chuig ionstraimí eile de chuid an Aontais, amhail LIFE+ nó Erasmus+.
Teideal VII – bainistíocht airgeadais, cuntais a chur isteach agus a scrúdú agus ceartuithe airgeadais
Coinneofar córas na gcuntas bliantúil, lena náirítear 10 % de na méideanna arna ndearbhú in íocaíochtaí eatramhacha a choinneáil siar. Cuirfear iarratais ar íocaíocht isteach de réir sceideal rialta agus déanfar ceithre huair sa bhliain é. Ní bheidh a mhacasamhail de nós imeachta de dhíth i gcás cuntais nialais.
Cuimsíonn an roinn seo rialacha maidir le saoradh freisin. Ós rud é go bhfágfaidh an simpliú gur fusa ag na cláir moilleanna a laghdú agus chun an bhainistíocht fhónta airgeadais a chur chun cinn, chomh maith le cur chun feidhme prapúil, tá riail “n+2” ar áireamh i Rialachán na bhForálacha Coiteanna. Ar an gcúis chéanna, laghdaíodh leibhéal an réamh-mhaoinithe go dtí íocaíocht bhliantúil 0.5 % bunaithe ar an tacaíocht iomlán ó na Cistí. Sa chomhthéacs sin, chun leordhóthain acmhainní a áirithiú, d’fhéadfadh sé gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe réamh-mhaoinithe bliantúla do 20140-2020 maidir le CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus CEMI.
Teideal III – creat airgeadais
Leagtar amach anseo leithdháiltí airgeadais agus cómhaoiniú bunaithe ar chatagóirí réigiún agus tá feidhm aige maidir le CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe.
Ina theannta sin, fillfidh na rátaí cómhaoinithe faoi Rialachán na bhForálacha Coiteanna ar na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim airgeadais, i gcás na dtrí Chiste sin. Tháinig méadú ar rátaí cómhaoinithe an Aontais i gcás na dtrí Chiste sin sa tréimhse 2007-2013. Freagairt ar an ngéarchéim airgeadais a bhí ann sin, chun infheistíochtaí bunriachtanacha a chaomhnú tráth a bhí na buiséid phoiblí faoi bhrú. Ní gá rátaí cómhaoinithe arda ón Aontas a thuilleadh, agus le rátaí níos ísle cuirtear an “úinéireacht” chun cinn. Ina theannta sin, le rátaí cómhaoinithe níos ísle ón Aontas laghdaítear an buiséad foriomlán don bheartas comhtháthaithe, ag cur na ranníocaíochtaí náisiúnta san áireamh. Cuireann sin leis an tsolúbthacht airgeadais atá ag na Ballstáit freisin, óir d’fhéadfaí na rátaí cómhaoinithe ar leibhéal an chláir agus na tosaíochta a shocrú ar bhealach solúbtha.
Teideal IX – tarmligean cumhachta, forálacha cur chun feidhme, idirthréimhseacha agus deiridh
Chun a áirithiú go gcuirfear tús luath leis an gcur chun feidhme sa chéad tréimhse eile, cuimseofar na forálacha reachtacha uile is gá sa phacáiste reachtach (i Rialachán na bhForálacha Coiteanna nó sna Rialacháin Chiste-shonracha).
Go háirithe, tá laghdú mór déanta ar líon na gcumhachtuithe agus coinníodh ar íosmhéid iad. Cuirfidh sé sin cosc le moilleanna a d’fhéadfadh a theacht chun cinn agus reachtaíocht thánaisteach á tarraingt suas agus á glacadh. Ina theannta sin, áiritheoidh sé go bhfuil comhleanúnachas inmheánach idir na forálacha reachtacha agus go bhfuil intuarthacht ann do na geallsealbhóirí óir beidh na rialacha uile is infheidhme de chuid an Aontais le fáil in aon áit amháin.
Tugadh isteach coinníollacha maidir le hoibríochtaí atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe d’fhonn soiléir agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil maidir leis na cúinsí ina nglacfar le céimniú.
2018/0196 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177, Airteagal 322(1)(a) agus Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an méid seo a leanas:
(1)Ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú, foráiltear le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún nó na noileán is mídheisiúla a laghdú, agus go bhfuil aird ar leith le tabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh, agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. Ceanglaítear le hAirteagal 175 CFAE go bhfuil an tAontas le tacú leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, trí Chiste Sóisialta na hEorpa, trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí ionstraimí eile. Is é Airteagal 322 CFAE an bunús le rialacha airgeadais a ghlacadh lena gcinntear an nós imeachta atá le glacadh le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus le haghaidh cuntais a chur i láthair agus a iniúchadh, mar aon le seiceálacha a dhéanamh ar fhreagracht gníomhaithe airgeadais.
(2)Le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chomhordú agus ar chomhchuibhiú chur chun feidhme na gcistí de chuid an Aontais a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, mar atá Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, bearta arna maoiniú faoi bhainistíocht comhroinnte sa Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), an Ciste Tearmainn agus Imirce (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus an Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBTV), ba cheart rialacha airgeadais bunaithe ar Airteagal 322 CFAE a leagan síos do na Cistí sin uile (‘na Cistí’), ina sonrófar go soiléir raon feidhme chur i bhfeidhm na bhforálacha éagsúla. Ina theannta sin, ba cheart forálacha coiteanna bunaithe ar Airteagal 177 CFAE a leagan síos chun rialacha maidir le beartais shonracha a chumhdach i gcás CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMI.
(3)I ngeall ar na sainiúlachtaí a bhaineann le gach Ciste, ba cheart rialacha sonracha is infheidhme maidir le gach Ciste agus maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) faoi CFRE a leagan síos i Rialacháin ar leithligh (‘Rialacháin Chiste-shonracha’) chun forálacha an Rialacháin seo a chomhlánú.
(4)Ba cheart go rachadh bearta sonracha agus maoiniú breise chun tairbhe na réigiún is forimeallaí agus na réigiún tuaisceartach inar tearc an daonra, de bhun Airteagal 349 CFAE agus Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.
(5)Na prionsabail chothrománacha a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus in Airteagal 10 CFAE, lena náirítear prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE, ba cheart iad a urramú agus na Cistí á gcur chun feidhme, ag cur san áireamh Cháirt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na hoibleagáidí a urramú a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas agus an inrochtaineacht a áirithiú i gcomhréir leis an dlí de chuid an Aontais lena gcomhchuibhítear ceanglais inrochtaineachta i gcás táirgí agus seirbhísí. Ba cheart é a bheith mar aidhm ag na Ballstáit agus ag an gCoimisiún neamh-chomhionannais a dhíothú agus comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn agus gné na hinscne a chomhtháthú, chomh maith le hidirdhealú bunaithe ar ghnéas, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó ar chreideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar threoshuíomh gnéasach a chomhrac. Níor cheart do na Cistí tacú le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le hidirdheighilt d’aon chineál. Ba cheart cuspóirí na gCistí a shaothrú faoi chuimsiú na forbartha inbhuanaithe agus mar chuid den chur chun cinn a dhéanann an tAontas ar an aidhm cáilíocht an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú mar a leagtar amach in Airteagal 11 agus in Airteagal 191(1) CFAE, agus an prionsabal ‘íoc mar a thruaillítear’ á chur san áireamh. Chun sláine an mhargaidh inmheánaigh a chosaint, cloífidh oibríochtaí a théann chun tairbhe do ghnóthais le rialacha an Aontais maidir leis an státchabhair mar a leagtar amach in Airteagal 107 agus in Airteagal 108 CFAE iad.
(6)Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag na rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar na rialacha sin síos sa Rialachán Airgeadais agus is iad a chinneann, go háirithe, an nós imeachta le haghaidh an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear iontu maidir le seiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE le cosaint bhuiséad an Aontais ar easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, óir réamhchoinníoll bunriachtanach le haghaidh na bainistíochta fónta airgeadais is ea urramú an smachta reachta.
(7)I gcás ina leagfar síos teorainn ama le haghaidh an Coimisiún beart a dhéanamh i leith Ballstáit, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis agus na doiciméid uile is gá a chur san áireamh ar bhealach prapúil éifeachtúil. Má tá na haighneachtaí ó na Ballstáit neamhiomlán nó nach gcomhlíonann siad ceanglais an Rialacháin seo agus ceanglais na Rialachán Ciste-shonrach, sa dóigh nach féidir leis an gCoimisiún beart lánfheasach a dhéanamh, ba cheart an teorainn ama sin a chur ar fionraí go dtí go gcomhlíonfaidh na Ballstáit na ceanglais rialála.
(8)Chun rannchuidiú le tosaíochtaí an Aontais, ba cheart na Cistí a dtacaíocht a dhíriú ar líon teoranta cuspóirí beartais atá i gcomhréir lena misin Chiste-shonracha de bhun a gcuspóirí atá bunaithe ar na Conarthaí. Ba cheart na cuspóirí do CTIL, CSI agus IBTV a leagan amach sna rialacháin Chistí-shonracha a bhaineann leo.
(9)Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuidiú a bheidh sna Cistí chun an ghníomhaíocht ar son na haeráide a phríomhshruthú agus chun sprioc fhoriomlán 25 % de chaiteachas buiséid an Aontais a bhaint amach maidir leis an tacaíocht do chuspóirí aeráide.
(10)Cuid den bhuiséad de chuid an Aontais a leithdháiltear ar na Cistí, ba cheart don Choimisiún é a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit de réir bhrí Rialachán (AE, Euratom) [uimhir an Rialacháin Airgeadais nua] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán Airgeadais’). Dá bhrí sin, agus na Cistí á gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit cloí leis na prionsabail dá dtagraítear sa Rialachán Airgeadais, amhail an bhainistíocht fhónta airgeadais, an trédhearcacht agus an neamh-idirdhealú.
(11)Bunghné de chur chun feidhme na gCistí is ea prionsabal na comhpháirtíochta, ag tógáil ar chur chuige an rialachais il-leibhéal agus ag áirithiú go bhfuil an tsochaí shibhialta agus na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach. Chun leanúnachas a sholáthar maidir le heagrú na comhpháirtíochta, leanfar d’fheidhm a bheith ag Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún.
(12)Ar leibhéal an Aontais, is é an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch an creat a úsáidtear chun tosaíochtaí náisiúnta athchóiriúcháin a shainaithint agus chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na dtosaíochtaí sin. Ceapann na Ballstáit a gcuid straitéisí infheistíochta ilbhliantúla náisiúnta féin sa dóigh is go dtacaíonn siad le cur chun feidhme na dtosaíochtaí athchóiriúcháin sin. Ba cheart na straitéisí sin a chur i láthair in éineacht leis na cláir náisiúnta bhliantúla um athchóiriú chun na tionscadail infheistíochta tosaíochta a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh le cistiú náisiúnta agus cistiú ón Aontas, chun sin a achoimriú agus a chomhordú. Ba cheart leas a bhaint astu, freisin, chun cistiú ón Aontas a úsáid ar dhóigh chomhleanúnach agus chun a oiread tairbhe is féidir a bhaint as breisluach na tacaíochta airgeadais atá le fáil, go háirithe, ó na Cistí, ón Sásra Eorpach um Chobhsú Infheistíochtaí agus ó InvestEU.
(13)Ba cheart do na Ballstáit a chinneadh cén chaoi a ndéantar na moltaí tír-shonracha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus na moltaí ábhartha ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE a chur san áireamh agus doiciméid clársceidealaithe á nullmhú. Le linn chlárthréimhse 2021-2027 (‘clárthréimhse’) ba cheart do na Ballstáit an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme na gclár lena saothraítear na moltaí tír-shonracha a chur i láthair don choiste faireacháin agus don Choimisiún. Le linn athbhreithniú lárthéarma, ba cheart do na Ballstáit, i measc nithe eile, féachaint ar an ngá le modhnuithe ar chláir chun freastal ar aon mholtaí tír-shonracha ábhartha arna nglacadh nó arna modhnú ó bhí tús na clárthréimhse ann.
(14)Ba cheart do na Ballstáit aird a thabhairt ar a bhfuil ina ndréacht-Phlean Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid, plean atá le forbairt faoin Rialachán maidir le rialachas an Aontais Fuinnimh, agus ar thoradh an phróisis a thugann moltaí ón Aontas maidir leis na pleananna sin, i gcomhair a gclár, agus i gcomhair na riachtanas airgeadais arna leithdháileadh le haghaidh infheistíochtaí íseal-charbóin.
(15)An Comhaontú Comhpháirtíochta, arna ullmhú ag gach Ballstát, ba cheart é a bheith ina dhoiciméad straitéiseach a threoródh an chaibidlíocht idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann maidir le ceapadh clár. Chun an tualach riaracháin a laghdú, níor cheart é a bheith riachtanach Comhaontuithe Comhpháirtíochta a leasú le linn na clárthréimhse. Chun an clársceidealú a éascú agus ionas nach mbeidh forluí idir inneachar na ndoiciméad clársceidealaithe, is féidir Comhaontuithe Comhpháirtíochta a áireamh mar cuid de chlár.
(16)Ba cheart solúbthacht a bheith ann do gach Ballstát maidir lena rannchuidiú le InvestEU chun ráthaíochtaí buiséadacha a sholáthar le haghaidh infheistíochtaí sa Bhallstát sin.
(17)Na réamhriachtanais is gá le haghaidh úsáid éifeachtach éifeachtúil na tacaíochta a thugann an tAontas tríd na Cistí, chun iad a áirithiú, ba cheart liosta teoranta de choinníollacha cumasaithe a leagan síos chomh maith le sraith ghonta agus uileghabhálach de chritéir oibiachtúla chun iad a mheas. Ba cheart na coinníollacha cumasaithe sin a bheith nasctha le cuspóir sonrach agus ba cheart iad a bheith infheidhme go huathoibríoch i gcás ina roghnófar an cuspóir sonrach sin le haghaidh tacaíochta. I gcás nach gcomhlíonfar na coinníollacha sin, an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí faoin gcuspóir sonracha lena mbaineann, níor cheart é a áireamh in iarratais ar íocaíocht. Chun creat infheistíochta fabhrach a chaomhnú, ba cheart faireachán a dhéanamh go rialta go bhfuiltear fós ag comhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe. Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéanfar na hoibríochtaí a roghnófar le haghaidh tacaíochta a chur chun feidhme de réir na straitéisí agus na ndoiciméad pleanála atá ann agus ar bunús iad leis an gcoinníoll cumasaithe a bheith comhlíonta, sa dóigh go náiritheofar go bhfuil gach oibríocht chómhaoinithe i gcomhréir le creat beartais an Aontais.
(18)Ba cheart do na Ballstáit creat feidhmíochta a bhunú le haghaidh gach cláir lena gcumhdaítear na táscairí, na garspriocanna agus na spriocanna uile a bhfuil faireachán le déanamh orthu, a bhfuil tuairisc le tabhairt mar gheall orthu agus a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chláir.
(19)Ba cheart do na Ballstáit athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar gach clár a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe. Leis an athbhreithniú, ba cheart coigeartú iomlán ar na cláir a chur ar fáil bunaithe ar fheidhmíocht an chláir féin, agus ag an am céanna deis a chur ar fáil chun dúshláin nua agus moltaí tír-shonracha ábhartha arna neisiúint in 2024 a chur san áireamh. Go comhthreomhar, ba cheart don Choimisiún in 2024, in éineacht le coigeartuithe teicniúla do 2025, athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile faoi sprioc “na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post” den bheartas comhtháthaithe do 2025, 2026 agus 2027, ag cur an mhodha leithdháilte a leagtar amach sa bhunghníomh ábhartha i bhfeidhm. Is éard ba cheart a theacht as an athbhreithniú sin, mar aon le toradh an athbhreithnithe lárthéarma, leasuithe cláir lena nathrófar na leithdháiltí airgeadais do 2025, 2026 agus 2027.
(20)Sásraí lena áirithiú go bhfuil nasc idir beartais chistiúcháin an Aontais agus rialachas eacnamaíoch an Aontais, ba cheart iad a chóiriú a thuilleadh, ionas gur féidir leis an gCoimisiún togra a chur chuig an gComhairle maidir le cuid de na gealltanais, nó na gealltanais uile, do chlár amháin nó níos mó de chuid an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar fionraí mura ndéanfaidh an Ballstát sin bearta éifeachtacha i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch. Chun cur chur chun feidhme aonfhoirmeacha a áirithiú agus i bhfianaise thábhacht éifeachtaí airgeadais na mbeart atá á bhforchur, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún agus ba cheart dó gníomhú ar bhonn togra ón gCoimisiún. Chun gur fusa cinntí a ghlacadh a bhfuil gá leo chun gníomhaíocht éifeachtach a áirithiú i gcomhthéacs phróiseas an rialachais eacnamaíoch, ba cheart vótáil trí thromlach cáilithe aisiompaithe a úsáid.
(21)Is gá riachtanais choiteanna a leagan amach maidir le hinneachar na gclár ag cur san áireamh chineál sonrach gach Ciste. Féadfaidh na riachtanais choiteanna sin a chomhlánú le rialacha Ciste-shonracha. I Rialachán (AE) Uimh. [XXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘Rialachán CCE’) ba cheart forálacha sonracha a leagan amach maidir le hinneachar na gclár faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).
(22)Ionas go mbeidh solúbthacht i gcur chun feidhme na gclár agus ionas go laghdófar an tualach riaracháin, ba cheart aistrithe airgeadais teoranta a cheadú idir tosaíochtaí an aon chláir amháin gan aon ghá le cinneadh ón gCoimisiún ag leasú an chláir. Ba cheart na táblaí airgeadais athbhreithnithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a áirithiú go bhfuil faisnéis chothrom le dáta aige maidir leis na leithdháiltí airgeadais do gach tosaíocht.
(23)Chun an cur chuige comhtháite forbartha críochaí a neartú, infheistíochtaí i bhfoirm uirlisí críochacha amhail infheistíochtaí críochacha comhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó aon uirlis chríochach eile faoin gcuspóir beartais “Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh” a thacaíonn le tionscnaimh arna gceapadh ag na Ballstáit le haghaidh infheistíochtaí arna gclársceidealú do CFRE, ba cheart iad a bheith bunaithe ar straitéisí forbartha críochacha agus áitiúla. Ar mhaithe le hinfheistíochtaí críochacha comhtháite agus uirlisí críochacha arna gceapadh ag na Ballstáit, ba cheart íoscheanglais a leagan amach maidir le hinneachar na straitéisí críochacha. Ba cheart na húdaráis ábhartha nó na comhlachtaí ábhartha a bheith freagrach as na straitéisí críochacha sin a fhorbairt agus a fhormhuiniú. Chun a áirithiú go bhfuil na húdaráis ábhartha nó na comhlachtaí ábhartha rannpháirteach i gcur chun feidhme na straitéisí críochacha, ba cheart na húdaráis sin nó na comhlachtaí sin a bheith freagrach as roghnú na noibríochtaí a dtabharfar tacaíocht dóibh, nó a bheith rannpháirteach sa roghnú sin.
(24)Chun leas níos fearr a bhaint as an bpoitéinseal atá ann ar an leibhéal áitiúil, is gá forbairt áitiúil faoi cheannas an phobail a neartú agus a éascú. Ba cheart na riachtanais áitiúla agus an poitéinseal áitiúil a chur san áireamh freisin, chomh maith leis na saintréithe soch-chultúrtha ábhartha, agus foráil a dhéanamh maidir le hathruithe struchtúracha, acmhainneacht an phobail a mhéadú agus an nuálaíocht a spreagadh. Ba cheart neartú a dhéanamh ar an dlúthchomhar agus ar an úsáid chomhtháite idir Cistí chun straitéisí forbartha áitiúla a chur i bhfeidhm. Mar phrionsabal bunúsach, an fhreagracht as straitéisí ‘forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail’ a cheapadh agus a chur chun feidhme ba cheart í a thabhairt do ghrúpaí gníomhaíochta áitiúla a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an phobail. Chun éascaíocht a dhéanamh do thacaíocht chomhordaithe ó Chistí éagsúla chuig straitéisí ‘forbairt áitiúil faoi cheannas an phobail’, ba cheart úsáid chur chuige an ‘Chiste Cheannasaigh’ a éascú.
(25)Chun an tualach riaracháin a laghdú, ba cheart cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Bhallstáit a chur chun feidhme ar ráta comhréidh bunaithe ar an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir. Féadfar an cúnamh teicniúil sin a chomhlánú le bearta spriocdhírithe chun an acmhainneacht riaracháin a fhothú ag úsáid modhanna aisíocaíochta nach bhfuil nasctha le costais. Féadfar gníomhaíochtaí agus táirgí insoláthartha chomh maith leis na híocaíochtaí ón Aontas a bhaineann leo a aontú i dtreochlár agus féadfar íocaíochtaí as torthaí ar an talamh a dhéanamh mar gheall orthu.
(26)Is tráthúil a shoiléiriú gur cheart, i gcás ina molfaidh Ballstát don Choimisiún go ndéanfaí tacaíocht a thabhairt do thosaíocht de chuid cláir, nó do chuid de thosaíocht den sórt sin, trí scéim mhaoiniúcháin nach mbeadh nasctha le costais, gur cheart na gníomhaíochtaí, na táirgí insoláthartha agus na coinníollacha a d’aontófaí a bheith nasctha le hinfheistíochtaí nithiúla arna ndéanamh faoi na cláir bhainistíochta comhroinnte sa Bhallstát nó sa réigiún sin.
(27)Chun scrúdú a dhéanamh ar fheidhmíocht na gclár, ba cheart don Bhallstát coistí faireacháin a chur ar bun. Do CFRE, do CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe, ba cheart, in ionad na dtuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme, comhphlé struchtúrtha bliantúil faoi bheartas a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis is déanaí agus ar shonraí faoi chur chun feidhme na gclár arna gcur ar fáil ag na Ballstáit.
(28)De bhun mhír 22 agus mhír 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, is gá meastóireacht a dhéanamh ar na Cistí ar bhonn faisnéise arna bailiú trí cheanglais faireacháin shonracha, agus ró-rialáil agus ualach riaracháin, ar na Ballstáit go háirithe, á seachaint san am céanna. Ar na ceanglais sin, is féidir a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí na gCistí ar an láthair.
(29)Chun a áirithiú go bhfuil faisnéis chuimsitheach chothrom le dáta le fáil faoi chur chun feidhme na gclár, ba cheart é a bheith ina cheangal tuairisciú leictreonach a dhéanamh níos minice maidir le sonraí cainníochtúla.
(30)Chun tacú le hullmhú clár gaolmhar agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid na chéad chlárthréimhse eile, ba cheart don Choimisiún measúnú lárthéarma a dhéanamh ar na Cistí. Ag deireadh na clárthréimhse, ba cheart don Choimisiún meastóireachtaí siarghabhálacha a dhéanamh ar na Cistí, a bheadh dírithe ar thionchar na gCistí.
(31)Ba cheart d’údaráis na gclár, na tairbhithe agus a ngeallsealbhóirí sna Ballstáit feasacht a mhéadú faoin méid a bhaintear amach le cistiú ón Aontas agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas dá réir sin. Tá gníomhaíochtaí trédhearcachta, cumarsáide agus infheictheachta ríthábhachtach chun gníomhaíocht an Aontais a léiriú ar an talamh agus ba cheart iad a bheith bunaithe ar fhaisnéis atá fíor, cruinn agus cothrom le dáta. Le go mbeidh na ceanglais sin in-fhorfheidhmithe, ba cheart údaráis an chláir agus an Coimisiún a bheith in ann bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm i gcás neamh-chomhlíonadh.
(32)Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta faisnéis struchtúrtha a fhoilsiú maidir leis na hoibríochtaí atá roghnaithe agus a dtairbhithe ar shuíomh gréasáin an chláir atá ag tacú leis an oibríocht, ag cur san áireamh ceanglais maidir le cosaint sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(33)D’fhonn úsáid na gCistí a shimpliú agus an riosca earráide a laghdú, is iomchuí idir fhoirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas leis na Ballstáit agus fhoirmeacha na tacaíochta ó na Ballstáit do na tairbhithe a shainiú.
(34)Maidir leis na deontais a thugtar do na tairbhithe, ba cheart do na Ballstáit níos mó úsáid a bhaint as roghanna costais simplithe. An tairseach a bhaineann le húsáid éigeantach roghanna costais simplithe, ba cheart í a bheith nasctha le costais iomlána na hoibríochta chun a áirithiú go gcaithfear mar an gcéanna leis na hoibríochtaí uile atá faoi bhun na tairsí, gan beann ar an tacaíocht a bheith poiblí nó príobháideach.
(35)Le go mbeifear in ann rátaí comhréidhe a chur chun feidhme láithreach, aon ráta comhréidh a leagfaidh na Ballstáit síos le linn na tréimhse 2014-2020 atá bunaithe ar mhodh ríomha atá cóir cothrom infhíoraithe, ba cheart leanúint dá chur i bhfeidhm le haghaidh oibríochtaí inchurtha dá dtugtar tacaíocht faoi Rialachán seo gan modh ríomha nua a bheith ina cheangal.
(36)Chun an glacadh le hinfheistíochtaí cómhaoinithe sa chomhshaol a optamú, ba cheart a áirithiú go bhfuil sineirgí ann leis an gClár LIFE don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide, go háirithe trí thionscadail chomhtháite straitéiseacha agus trí thionscadail chomhshaoil straitéiseacha faoi LIFE.
(37)Chun soiléireacht dlí a chur ar fáil, is iomchuí an tréimhse incháilitheachta a shonrú le haghaidh caiteachas nó costas a bhaineann le hoibríochtaí dá dtugtar tacaíocht ó na Cistí faoin Rialachán seo agus chun srian a chur leis an tacaíocht le haghaidh oibríochtaí lánchríochnaithe. An dáta óna mbeidh caiteachas incháilithe le haghaidh tacaíocht ó na Cistí má ghlactar cláir nua nó má athraítear cláir, ba cheart an dáta sin a shoiléiriú, lena náirítear an deis eisceachtúil an tréimhse incháilitheachta a shíneadh go dtí tús tubaiste nádúrtha má tá gá práinneach ann acmhainní a chur chun tairbhe chun gníomhú i ndáil leis an tubaiste sin.
(38)Chun éifeachtacht, cothroime agus tionchar inbhuanaithe na gCistí a áirithiú, ba cheart forálacha a bheith ann lena rathófar gur ar bhonn fadtréimhseach a dhéanfar na hinfheistíochtaí i mbonneagair nó na hinfheistíochtaí táirgiúla agus go gcuirfidh siad cosc le húsáid na gCistí ar mhaithe le buntáiste mhíchuí. Ba cheart do na húdaráis bhainistíochta bheith an-chúramach gan tacú le hathlonnú nuair a roghnóidh siad oibríochtaí agus caitheamh mar neamhrialtachtaí le suimeanna arna híoc go míchuí le hoibríochtaí nach gcomhlíonann ceanglas an bhuanfais.
(39)D’fhonn comhlántachtaí a fheabhsú agus cur chun feidhme a shimpliú, ba cheart é a bheith indéanta tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CFRE a chomhcheangal le tacaíocht ó CSE+ i gcláir chomhpháirteacha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.
(40)Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a mhaoinítear go hiomlán nó i bpáirt ó bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir na Cistí agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach, lena náirítear an Uirlis Athchóiriúcháin. Ba cheart na sineirgí sin a ghnóthú le sásraí príomha, mar atá aitheantas do rátaí comhréidhe i gcomhair costais incháilithe ó Fhís Eorpach i gcomhair oibríocht inchurtha agus an deis cistiú ó ionstraimí éagsúla de chuid an Aontais a chomhcheangal in aon oibríocht amháin a fhad agus nach ndéanfar maoiniú dúbailte. Dá bhrí sin, ba cheart rialacha maidir le maoiniú comhlántach ó na Cistí a leagan amach sa Rialachán seo.
(41)Níor cheart ionstraimí airgeadais a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí athmhaoiniúcháin, amhail ionadú a dhéanamh ar chomhaontuithe iasachta atá ann cheana nó foirmeacha eile maoiniúcháin le haghaidh infheistíochtaí atá lánchríochnaithe go fisiceach cheana féin nó atá lánchurtha chun feidhme ar dháta an chinnidh infheistíochta, seachas sin ba cheart iad a úsáid chun tacú le hinfheistíochtaí nua d’aon chineál atá ag teacht leis na cuspóirí beartais foluiteacha.
(42)Ba cheart an cinneadh chun na bearta tacaíochta a mhaoiniú trí bhíthin ionstraimí airgeadais a chinneadh ar bhonn measúnú ex ante. Leis an Rialachán seo, ba cheart na heilimintí íosta éigeantacha de mheasúnuithe ex ante a leagan síos agus ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit úsáid a bhaint as an measúnú ex ante a rinneadh don tréimhse 2014-2020, arna thabhairt cothrom le dáta más gá, sa dóigh go seachnófar ualach riaracháin agus moilleanna agus ionstraimí airgeadais á gcur ar bun.
(43)Chun an cur chun feidhme a éascú maidir le hionstraimí airgeadais de chineálacha áirithe i gcás ina bhfuil tacaíocht deontais choimhdigh beartaithe, na rialacha maidir le hionstraimí airgeadais, is féidir iad a chur i bhfeidhm maidir le meascán den sórt sin in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin. Ba cheart coinníollacha sonracha lena gcoisctear maoiniú dúbáilte i gcásanna den sórt sin a leagan amach.
(44)Le hurraim iomláin do na rialacha is infheidhme maidir le státchabhair agus soláthar poiblí a soiléiríodh cheana le linn na clárthréimhse 2014-2020, ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis bhainistíochta cinneadh a dhéanamh maidir leis an rogha is iomchuí chun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme d’fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha na sprioc-réigiún.
(45)I gcomhréir le prionsabal agus le rialacha na comhbhainistíochta, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún bheith freagrach as cláir a bhainistiú agus a rialú agus gealltanas a thabhairt maidir le húsáid dhleathach rialta na gCistí. Ós ar na Ballstáit ba cheart an phríomhfhreagracht a bheith as an mbainistiú agus as an rialú sin agus ós rud é gur cheart dóibh a áirithiú go gcomhlíonann na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí an dlí is infheidhme, ba cheart a noibleagáidí ina leith sin a shonrú. Ba cheart cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin maidir leis sin a leagan síos freisin.
(46)Chun dlús a chur le tosú chur chun feidhme an chláir, ba cheart éascaíocht a dhéanamh d’aistriú socruithe cur chun feidhme ón gclárthréimhse roimhe seo. An córas ríomhairithe a cuireadh ar bun cheana féin don chlárthréimhse roimhe seo, ba cheart leanúint dá úsáid, arna oiriúnú de réir mar is gá, mura mbeidh gá le teicneolaíocht nua.
(47)Chun feidhmiú bainistíochta na gclár a chuíchóiriú, ba cheart cloí le comhtháthú na bhfeidhmeanna cuntasaíochta le feidhmeanna an údaráis bainistíochta i gcás CTIL, CSI agus IBTV, agus ba cheart é a bheith ina rogha i gcás na gCistí eile.
(48)Ós ar an údarás bainistíochta atá an phríomhfhreagracht as na Cistí a chur chun feidhme go héifeachtach éifeachtúil agus dá bhrí sin comhlíonann sé líon feidhmeanna nach beag, ba cheart a fheidhmeanna i ndáil le roghnú tionscadal, bainistiú clár agus tacaíocht don choiste faireacháin a leagan amach go mion. Ba cheart na hoibríochtaí a roghnófar a bheith i gcomhréir leis na prionsabail chothrománacha.
(49)Chun na sineirgí is fearr a bhaint as na Cistí agus ionstraimí faoi bhainistíocht dhíreach, ba cheart éascaíocht a dhéanamh do sholáthar tacaíochta le haghaidh oibríochtaí a bhfuil deimhniú an tSéala Barr Feabhais faighte acu cheana féin.
(50)Chun cothromaíocht iomchuí a áirithiú idir cur chun feidhme éifeachtach éifeachtúil na gCistí agus na costais riaracháin ghaolmhara agus na hualaí riaracháin gaolmhara, ba cheart minicíocht, scóip agus gcumhdach na bhfíoruithe bainistíochta a bheith bunaithe ar mheasúnú riosca lena gcuirfear san áireamh tosca amhail an cineál oibríochtaí a chuirtear chun feidhme, na tairbhithe agus an leibhéal riosca arna shainaithint le linn fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí roimhe sin.
(51)Ba cheart don údarás iniúchóireachta iniúchtaí dhéanamh agus a áirithiú go bhfuil an tuairim iniúchóireachta a thabharfar don Choimisiún iontaofa. Leis an tuairim iniúchóireachta sin ba cheart trí phonc a dhearbhú don Choimisiún, mar atá dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais atá dearbhaithe, feidhmiú na gcóras bainistíochta agus rialaithe agus iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas.
(52)Ba cheart a bheith in ann na ceanglais fíorúcháin agus iniúchóireachta a laghdú má tá sé dearbhaithe gur fheidhmigh an clár go héifeachtach don dhá bhliain is déanaí as a chéile óir léiriú é sin go bhfuil na Cistí á gcur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil thar thréimhse fhada ama.
(53)Chun an tualach riaracháin ar thairbhithe a laghdú mar aon leis an gcostas riaracháin dóibh, ba cheart a shonrú i gcás na gCistí go gcuirfear i bhfeidhm go nithiúil prionsabal an iniúchta aonair.
(54)Chun an bhainistíocht airgeadais a fheabhsú, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le scéim réamh-mhaoiniúcháin shimplithe. Leis an scéim réamh-mhaoiniúcháin ba cheart a áirithiú gur acmhainn don Bhallstát tacaíocht a chur ar fáil do thairbhithe ó thús chur chur chun feidhme an chláir.
(55)Chun an tualach riaracháin ar na Ballstáit, agus ar an gCoimisiún chomh maith, a laghdú, ba cheart sceideal éigeantach d’iarratas ar íocaíocht in aghaidh na ráithe a bhunú. Ba cheart leanúint de 10 % d’íocaíochtaí an Choimisiúin a choinneáil siar go dtí go níoctar comhardú bliantúil na gcuntas tráth atá an Coimisiún in ann a chinneadh go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor.
(56)Chun an tualach riaracháin a laghdú, ba cheart an nós imeachta do ghlacadh bliantúil na gcuntas a shimpliú trí rialacha mionsonraithe atá inchurtha le chéile a chur ar fáil maidir le híocaíochtaí agus gnóthuithe mura bhfuil aon easaontú ann idir an Coimisiún agus an Ballstát.
(57)Chun leasanna airgeadais agus buiséad an Aontais a chosaint, ba cheart bearta comhréireacha a bhunú agus a chur chun feidhme ar leibhéal na mBallstát agus an Choimisiúin. Ba cheart an Coimisiún a bheith in ann briseadh a chur i sprioc-amanna íocaíochta, íocaíochtaí eatramhacha a chur ar fionraí agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm má tá na coinníollacha ábhartha comhlíonta. Ba cheart don Choimisiún prionsabal na comhréireachta a urramú trí chineál, tromchúis agus minicíocht na neamhrialtachtaí agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann leo do bhuiséad an Aontais a chur san áireamh.
(58)Ina theannta sin, aon neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois arna déanamh ag tairbhithe, ba cheart do na Ballstáit iad a chosc agus a bhrath agus déileáil go héifeachtach leo. Thairis sin, i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe rialacháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil. Ba cheart do na Ballstáit na bearta is gá a dhéanamh ionas go gcomhoibreoidh aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, go dtabharfaidh siad na cearta agus an rochtain is gá don Choimisiún, don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF), d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus go náiritheoidh siad go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha. Ba cheart do na Ballstáit tuairisc a thabhairt don Choimisiún maidir leis na neamhrialtachtaí arna mbrath, lena náirítear calaois, agus maidir lena mbearta leantacha chomh maith leis na bearta leantacha mar gheall ar imscrúduithe de cuid OLAF.
(59)Chun an smacht airgeadais a chothú, is iomchuí sainiú a dhéanamh ar na socruithe le haghaidh saoradh gealltanas buiséadach ar leibhéal an chláir.
(60)Chun na cuspóirí de chuid CFAE maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chur chun cinn, ba cheart don sprioc ‘Infheistíocht le haghaidh fáis agus post’ tacú leis na réigiúin ar fad. Chun tacaíocht chothrom agus chéimnithe a sholáthar agus chun an leibhéal forbartha eacnamaíche agus sóisialta a léiriú, ba cheart acmhainní faoin sprioc sin a leithdháileadh ó CFRE agus ó CSE+ ar bhonn eochair leithdháilte atá bunaithe go príomha ar an olltáirgeacht intíre per capita. Ba cheart na Ballstáit ar lú a nollioncam náisiúnta (OIN) per capita ná 90 % de mheán an Aontais tairbhiú de thoradh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ón gCiste Comhtháthaithe.
(61)Ba cheart critéir oibiachtúla a leagan síos chun réigiúin agus limistéir atá incháilithe chun tacaíocht a fháil ó na Cistí a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint na réigiún agus na limistéar ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coiteann aicmithe na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, arna leasú le Rialachán (AE) Uimh. 868/2014 ón gCoimisiún.
(62)Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh CFRE, CSE+ agus an Chiste Comhtháthaithe, ba cheart don Choimisiún miondealú bliantúil a leagan amach de na leithdháiltí atá le fáil in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post maille leis an liosta de na réigiúin incháilithe, chomh maith leis na leithdháiltí do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg). Ag cur san áireamh gur cheart leithdháiltí náisiúnta na mBallstát a leagan síos ar bhonn na sonraí staidrimh agus na réamhaisnéisí a bhfuil fáil orthu i mBealtaine 2018 agus i bhfianaise éiginnteacht na réamhaisnéise, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar leithdháiltí iomlána na mBallstát uile in 2024 ar bhonn an staidrimh is déanaí don tráth sin agus, más ann d’éagsúlacht charnach is mó ná +/- 5 %, ba cheart dó na leithdháiltí sin a choigeartú do na blianta 2025 go 2027 ionas go léireofar torthaí an athbhreithnithe meántéarma agus an chleachtais coigeartaithe theicniúil sna leasuithe ar chláir san am céanna.
(63)Tionscadail an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. [Rialachán SCE nua], leanfar dá maoiniú as an gCiste Comhtháthaithe trí bhainistíocht chomhroinnte agus trí mhodh an chur chun feidhme dhírigh faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). Ag tógáil ar an gcur chuige rathúil a bhí ann don chlárthréimhse 2014-2020, ba cheart EUR 10 000 000 000 a aistriú as an gCiste Comhtháthaithe chuig SCE chun na críche sin.
(64)Ba cheart méid áirithe de na hacmhainní ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe a leithdháileadh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach agus ba cheart don Choimisiún é a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach nó indíreach.
(65)D’fhonn a áirithiú go ndéanfar leithdháileadh iomchuí ar chatagóirí réigiún, mar phrionsabal, níor cheart na leithdháiltí iomlána do na Ballstáit i leith réigiúin atá tearcfhorbartha, réigiúin trasdula agus réigiúin atá níos forbartha, níor cheart iad a bheith inaistrithe idir na catagóirí. Mar sin féin, chun freastal ar riachtanais na mBallstát agus chun dul i ngleic le dúshláin shonracha, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann a iarraidh go ndéanfaí aistriú óna leithdáiltí le haghaidh réigiúin níos forbartha nó le haghaidh réigiúin trasdula chuig réigiúin tearcfhorbartha agus ba cheart dóibh údar na rogha sin a léiriú. Chun a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ann le haghaidh na réigiún tearcfhorbartha, ba cheart uasteorainn a chur le haistrithe chuig na réigiúin níos forbartha nó chuig na réigiúin trasdula. Níor cheart a bheith in ann acmhainní a aistriú idir spriocanna.
(66)I gcomhthéacs an gcúinsí uathúla sonracha arb ann dóibh ar oileán na hÉireann, a d’fhonn tacú leis an gcomhar Thuaidh-Theas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, ba cheart clár trasteorann nua ‘PEACE PLUS’ leanúint den obair a rinne na cláir Peace agus INTERREG roimhe seo, agus forbairt a dhéanamh ar an obair sin, idir contaetha na teorann in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann. I bhfianaise a thábhacht phraiticiúil, ba cheart tacú leis an gclár sin le leithdháileadh sonrach chun leanúint den tacaíocht do ghníomhaíochtaí síochána agus athmhuintearais, agus ba cheart sciar iomchuí de leithdháileadh na hÉireann faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a leithdháileadh ar an gclár freisin.
(67)Is gá na huasrátaí cómhaoiniúcháin a leagan síos de réir catagóir réigiúin i réimse an bheartais comhtháthaithe chun a áirithiú go nurramaítear prionsabal an chómhaoinithe le leibhéal iomchuí tacaíochta náisiúnta, idir phoiblí agus phríobháideach. Ba cheart na rátaí sin a bheith ina léiriú ar leibhéal forbartha eacnamaíche na réigiún ó thaobh olltáirgeacht intíre per capita de i gcomparáid leis an meán do AE27.
(68)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le heilimintí atá in Iarscríbhinní áirithe a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, i.e. maidir leis na diminsin agus na cóid le haghaidh an gcineálacha idirghabhála, na teimpléid le haghaidh comhaontuithe comhpháirtíochta agus le haghaidh clár, na teimpléid le haghaidh tarchur sonraí, úsáid shuaitheantas an Aontais, na heilimintí le haghaidh comhaontuithe cistiúcháin agus doiciméid straitéise, na teimpléid le haghaidh na tuairisce ar an gcóras bainistithe agus rialaithe, le haghaidh an dearbhaithe bainistíochta, le haghaidh na tuairime iniúchóireachta, le haghaidh na tuarascála bliantúla ar rialú, le haghaidh na straitéise iniúchóireachta, le haghaidh na niarratas ar íocaíocht, le haghaidh na gcuntas agus le haghaidh leibhéal na gceartuithe airgeadais a chinneadh.
(69)Ina theannta sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil leis na critéir a leagan síos le haghaidh cinneadh na gcásanna neamhrialtachtaí atá le tuairisciú, sainiú na gcostas aonaid, na gcnapshuimeanna, na rátaí comhréidhe agus an mhaoinithe nach bhfuil nasctha le costais is infheidhme maidir leis na Ballstáit uile chomh maith le modheolaíochtaí samplála caighdeánaithe réamhdhéanta a leagan síos.
(70)Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(71)Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le Comhaontuithe Comhpháirtíochta a ghlacadh, maidir le cláir a ghlacadh nó a leasú agus maidir le ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Na cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil leis an bhformáid atá le húsáid chun neamhrialtachtaí a thuairisciú, na sonraí leictreonacha atá le taifeadadh agus le stóráil agus an teimpléad le haghaidh na tuarascála deiridh ar fheidhmíocht, ba cheart iad a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Cé gur de chineál ginearálta iad na gníomhartha sin, ba cheard an nós imeachta comhairleach a úsáid ós rud é nach leagtar amach iontu ach gnéithe teicniúla, foirmeacha agus teimpléid. Na cumhachtaí cur chun feidhme i ndáil le miondealú na leithdháiltí airgeadais do CFRE, do CSE+ agus don Chiste Comhtháthaithe a leagan síos, ba cheart iad a ghlacadh gan nósanna imeachta coisteolaíochta ós rud é nach bhfuil iontu ach léiriú ar chur i bhfeidhm modheolaíochta ríomha réamhshainithe.
(72)Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó aon ghníomh is infheidhme maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020, ba cheart leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na cláir agus na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a chumhdaítear faoin gclárthréimhse 2014-2020. Ós rud é go meastar go mbeidh tréimhse chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 fós ar siúl nuair a thosóidh an chlárthréimhse a chumhdaíonn an Rialachán seo agus chun comhleanúnachas a áirithiú maidir le cur chun feidhme oibríochtaí áirithe arna bhformheas faoin Rialachán sin, ba cheart forálacha céimnithe a leagan síos. Ba cheart gach céim ar leith den oibríocht chéimnithe, a fhónann don chuspóir foriomlán céanna, a chur chun feidhme i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse dá bhfaigheann sé cistiú.
(73)Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú agus rialacha airgeadais choiteanna a leagan síos do chuid de bhuiséad an Aontais arna cur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, a ghnóthú go leordhóthanach, ar thaobh amháin, de bharr mhéid na néagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus chúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla chomh maith leis an teorainn le hacmhainní airgeadais na mBallstát agus na réigiún agus, ar an taobh eile, de bharr an ghá le creat cur chun feidhme comhsheasmhach lena gcumhdaítear roinnt cistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Ós rud é, dá bhrí sin, gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CFAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(74)Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Teideal I
CUSPÓIRÍ AGUS RIALACHA GINEARÁLA MAIDIR LE TACAÍOCHT
CAIBIDIL I
Ábhar agus sainmhínithe
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
1.Leagtar síos leis an Rialachán seo:
(a)rialacha airgeadais maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI), an Ciste Tearmainn agus Imirce (CTIL), an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) agus an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Viosaí (IBTV) (‘na Cistí’);
(b)Forálacha coiteanna is infheidhme maidir le CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe agus CEMI.
2.Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tsraith Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta agus an tsraith Sláinte de CSE+ ná maidir leis na comhpháirteanna bainistíochta dírí ná indírí de CEMI, de CTIL, de CSI ná de IBTV, ach amháin i gcás cúnamh teicniúil ar thionscnamh an Choimisiúin.
3.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 4 agus Airteagal 10, Caibidil %III de Theideal II, Caibidil %II de Theideal III, agus Teideal VIII maidir le CTIL, CSI agus IBTV.
4.Ní bheidh feidhm ag Teideal VIII maidir le CEMI.
5.Ní bheidh feidhm ag Airteagal 11 de Chaibidil II agus Airteagal 15 de Chaibidil III de Theideal II, Caibidil %I de Theideal III, Airteagal 33 go hAirteagal 36 agus Airteagal 38(1) go (4) de Chaibidil I, Airteagal 39 de Chaibidil II, Airteagal 45 de Chaibidil III de Theideal IV, Airteagail 67, 71, 73 agus 74 de Chaibidil II agus Caibidil %III de Theideal VI maidir leis cláir Interreg.
6.Féadfaidh na Rialacháin Chiste-shonracha a liostaítear thíos rialacha a leagan síos a chomhlánóidh an Rialachán seo agus nach dtiocfaidh salach ar an Rialachán seo. I gcás amhras faoin Rialachán seo nó Rialacháin Chiste-shonracha a chur i bhfeidhm, is ag an Rialachán seo a bheidh tosaíocht:
(a)Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CFRE agus CC’);
(b)Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CSE+’);
(c)Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CCE’);
(d)Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CEMI’);
(e)Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CTIL’);
(f)Rialachán (AE) […] (‘Rialachán CSI’);
(g)Rialachán (AE) Uimh. […] (‘Rialachán IBTV’).
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)ciallaíonn “moltaí tír-shonrach ábhartha” moltaí ón gComhairle arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) agus le hAirteagal 148(4) CFAE a bhaineann leis na dúshláin struchtúracha arb iomchuí aghaidh a thabhairt orthu trí infheistíochtaí ilbhliantúla atá faoi raon feidhme na gCistí mar a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha, agus moltaí ábhartha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal [XX] de Rialachán (AE) [uimhir an Rialacháin nua maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(2)ciallaíonn “dlí is infheidhme” dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta i ndáil lena gcur i bhfeidhm;
(3)ciallaíonn “oibríocht”:
(a)tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa de thionscadail arna roghnú faoi na cláir lena mbaineann;
(b)i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, is éard is oibríocht ann ranníocaíocht ó chlár le hionstraim airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugann an ionstraim airgeadais sin do na faighteoirí deiridh;
(4)ciallaíonn “oibríocht a mbaineann tábhacht straitéiseach léi” oibríocht a dhéanann rannchuidiú príomha le gnóthú cuspóirí cláir agus a ndéantar faireachán ar leith agus bearta cumarsáide ar leith ina taobh;
(5)ciallaíonn “tosaíocht”, i gcomhthéacs CTIL, CSI agus IBTV, cuspóir sonrach; i gcomhthéacs CEMI, ciallaíonn sé “cineál réimsí tacaíochta” dá dtagraítear san ainmníocht a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán CEMI;
(6)le “cuspóir sonrach” i gcomhthéacs CEMI, tuigfear “réimsí tacaíochta” dá dtagraítear in Iarscríbhinn III de Rialachán CEMI;
(7)ciallaíonn “comhlacht idirmheánach” aon chomhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis bainistíochta, nó a dhéanann feidhmeanna nó cúraimí thar ceann údaráis den sórt sin;
(8)ciallaíonn “tairbhí”:
(a)comhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh, eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, nó duine nádúrtha, atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;
(b)i gcomhthéacs comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí (CPP), an comhlacht dlí phoiblí a bhfuil oibríocht CPP á tionscnamh aige nó an comhpháirtí príobháideach a roghnaíodh chun an oibríocht sin a chur chun feidhme;
(c)i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach an gnóthas a fhaigheann an chabhair;
(d)i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, an comhlacht a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme nó, i gcás nach bhfuil aon struchtúr ciste sealbhaíochta ann, an comhlacht a chuireann an ciste sonrach chun feidhme nó, i gcás inarb é an túdarás bainistíochta a bhainistíonn an ionstraim airgeadais, an túdarás bainistíochta;
(9)ciallaíonn “ciste do thionscadail bheaga” oibríocht i gclár faoi Interreg a bhfuil sé mar aidhm léi tionscadail de thoirt airgeadais theoranta a roghnú agus a chur chun feidhme;
(10)ciallaíonn “sprioc” luach réamhaontaithe atá le baint amach faoi dheireadh na clárthréimhse i ndáil le táscaire a áirítear faoi chuspóir sonrach;
(11)ciallaíonn “garsprioc” luach idirmheánach atá le bheith bainte amach ag tráth ar leith le linn na clárthréimhse i ndáil le táscaire a áirítear faoi chuspóir sonrach;
(12)ciallaíonn “táscaire aschuir” táscaire lena dtomhaisfear táirgí insoláthartha sonracha na hidirghabhála;
(13)ciallaíonn “táscaire toraidh” táscaire lena dtomhaisfear éifeachtaí gearrthéarmacha na nidirghabhálacha sin a bhfuil tacaíocht á tabhairt dóibh, go háirithe maidir leis na seolaithe díreacha, an spriocdhaonra nó úsáideoirí an bhonneagair;
(14)ciallaíonn “oibríocht CPP” oibríocht a chuirtear chun feidhme faoi chomhpháirtíocht idir comhlachtaí poiblí agus an earnáil phríobháideach i gcomhréir le comhaontú CPP, agus a bhfuil sé mar aidhm léi seirbhísí poiblí a sholáthar trí chomhroinnt riosca, trí shaineolas na hearnála príobháidí a chomhthiomsú nó trí fhoinsí breise caipitil;
(15)ciallaíonn “ionstraim airgeadais” struchtúr trína gcuirtear táirgí airgeadais ar fáil;
(16)ciallaíonn “táirge airgeadais” infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais, iasachtaí agus ráthaíochtaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2 de Rialachán (AE, Euratom) [...] (‘an Rialachán Airgeadais’) iad;
(17)ciallaíonn “faighteoir deiridh” duine dlítheanach nó duine nádúrtha a fhaigheann tacaíocht airgeadais as na Cistí ó thairbhí a bhfuil ciste aige do thionscadal beag nó as ionstraim airgeadais;
(18)ciallaíonn “ranníocaíocht chláir” an tacaíocht ó na Cistí agus an cómhaoiniú náisiúnta poiblí agus príobháideach, más ann dó sin, d’ionstraim airgeadais;
(19)ciallaíonn “comhlacht atá ag cur ionstraim airgeadais chun feidhme” comhlacht a rialaítear faoin dlí poiblí nó príobháideach agus a dhéanann cúraimí ciste sealbhaíochta nó ciste shonraigh;
(20)ciallaíonn “ciste sealbhaíochta” ciste arna bhunú ag údarás bainistíochta faoi chlár amháin nó níos mó chun ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme trí chiste sonrach amháin nó níos mó;
(21)ciallaíonn “ciste sonrach” ciste arna bhunú ag údarás bainistíochta nó ag ciste sealbhaíochta chun táirgí airgeadais a chur ar fáil d’fhaighteoirí deiridh;
(22)ciallaíonn “éifeacht ghiarála” méid an mhaoinithe in-aisíoctha a chuirtear ar fáil d’fhaighteoirí deiridh roinnte ar mhéid na ranníocaíochta as na Cistí;
(23)ciallaíonn “cóimheas iolraitheora” i gcomhthéacs ionstraimí ráthaíochta cóimheas idir luach na niasachtaí, na ninfheistíochtaí cothromais nó na ninfheistíochtaí cuasachothromais foluiteacha nua a íocadh amach, agus an méid den ranníocaíocht ón gclár a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta chun caillteanais a bhfuil coinne leo agus nach bhfuil coinne leo as na hiasachtaí nua, na hinfheistíochtaí cothromais nua agus na hinfheistíochtaí cuasachothromais nua sin a chúiteamh;
(24)ciallaíonn “costais bhainistíochta” costais dhíreacha nó indíreacha a aisíocadh ar bhonn fianaise ar chaiteachas a rinneadh chun na hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme;
(25)ciallaíonn “táillí bainistíochta” praghas i leith seirbhísí a sholáthar, mar a cinneadh sa chomhaontú cistiúcháin idir an túdarás bainistíochta agus an comhlacht a bhfuil ciste sealbhaíochta nó ciste sonrach á chur chun feidhme aige; agus, i gcás inarb infheidhme, idir an comhlacht a bhfuil ciste sealbhaíochta á chur chun feidhme aige agus an comhlacht a bhfuil ciste sonrach á chur chun feidhme aige;
(26)ciallaíonn “athlonnú” aistriú na gníomhaíochta céanna nó aistriú gníomhaíochta comhchosúla, nó cuid den ghníomhaíocht sin, laistigh de bhrí Airteagal 2(61a) de Rialachán (AE) Uimh 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 CFAE;
(27)ciallaíonn “ranníocaíocht phoiblí” aon ranníocaíocht le haghaidh maoiniú oibríochtaí arb é is foinse di buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, nó buiséad aon ghrúpála Eorpaí um chomhar críochach arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, an buiséad de chuid an Aontais a chuirtear ar fáil do na Cistí, buiséad comhlachtaí dlí phoiblí nó buiséad comhlachas d’údaráis phoiblí nó de chomhlachtaí dlí phoiblí agus, chun críche an ráta cómhaoinithe do chláir CSE+ nó do thosaíochtaí a chinneadh, is féidir aon acmhainní airgeadais arna ranníoc go comhchoiteann ag fostóirí agus ag oibrithe a áireamh;
(28)ciallaíonn “bliain chuntasaíochta” an tréimhse idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh den chéad bhliain eile, ach amháin an chéad bhliain den tréimhse clársceidealaithe arb í an tréimhse ó dháta tosaigh na hincháilitheachta caiteachais go dtí an 30 Meitheamh 2022 í; i gcás na bliana cuntasaíochta deiridh, ciallaíonn sé an tréimhse ón 1 Iúil 2029 go dtí an 30 Meitheamh 2030;
(29)ciallaíonn “neamhrialtacht” aon sárú ar an dlí is infheidhme, de thoradh gníomh nó faillí a rinne oibreoir eacnamaíoch a bhfuil baint aige le cur chun feidhme na gCistí, a bhfuil sé d’éifeacht aige, nó a mbeadh sé d’éifeacht aige, dochar a dhéanamh do bhuiséad ginearálta an Aontais trí chaiteachas gan údar a ghearradh ar an mbuiséad sin;
(30)ciallaíonn “easnamh tromchúiseach” easnamh ar fheidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe atá ag clár a fhágann gur gá feabhsuithe móra a dhéanamh ar na córais bhainistithe agus rialaithe agus má dhéantar aon cheann de na príomhcheanglais 2, 4, 5, 9, 12, 13 agus 15 dá dtagraítear in Iarscríbhinn X, nó dhá cheann nó níos mó de na príomhcheanglais eile, a mheas mar chatagóirí 3 agus 4 den Iarscríbhinn sin;
(31)ciallaíonn “ráta earráidí iomlán” suim na nearráidí randamacha réamh-mheasta agus, más infheidhme, earráidí sistéamacha agus earráidí aimhrialta neamhcheartaithe, arna roinnt ar an daonra;
(32)ciallaíonn “ráta earráidí iarmharacha” an ráta earráidí iomlán lúide na ceartúcháin airgeadais arna gcur i bhfeidhm ag an mBallstát atá ceaptha na rioscaí a laghdú a shainaithin an túdarás iniúchóireachta ina iniúchtaí ar oibríochtaí;
(33)ciallaíonn ‘oibríocht lánchríochnaithe’ oibríocht atá lánchríochnaithe go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus a bhfuil na híocaíochtaí gaolmhara go léir ina leith íoctha ag tairbhithe agus a bhfuil an ranníocaíocht phoiblí chomhfhreagrach ina leith íoctha leis na tairbhithe;
(34)ciallaíonn “aonad samplála” ceann de na haonaid, lena náirítear oibríocht, tionscadal laistigh d’oibríocht nó éileamh ar íocaíocht ag tairbhí, ar a roinntear daonra chun críocha samplála;
(35)ciallaíonn “cuntas eascró”, i gcás oibríocht CPP, cuntas bainc a chumhdaítear le comhaontú i scríbhinn idir tairbhí ar comhlacht poiblí é agus an comhpháirtí príobháideach arna fhormheas ag an údarás bainistíochta nó comhlacht idirmheánach agus a úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí le linn na tréimhse incháilitheachta nó tar éis na tréimhse incháilitheachta;
(36)ciallaíonn “rannpháirtí” duine nádúrtha a bhaineann tairbhe as oibríocht ach nach bhfaigheann tacaíocht airgeadais ó na Cistí;
(37)ciallaíonn “díonadh ar an aeráid” próiseas lena náirithítear go bhfuil bonneagar seasmhach i gcoinne thionchair dhíobhálacha na haeráide i gcomhréir leis na rialacha agus an treoir náisiúnta, i gcás ina bhfuil siad sin ar fáil, nó i gcomhréir le caighdeáin a aithnítear go hidirnáisiúnta.
Airteagal 3
Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin
I gcás ina leagfar síos teorainn ama le haghaidh gníomhaíocht de chuid an Choimisiúin, cuirfear tús leis an tréimhse ama sin nuair a bheidh an fhaisnéis uile i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo nó i Rialacháin Chiste-shonracha curtha isteach ag an mBallstát.
Cuirfear an teorainn ama sin ar fionraí ón lá tar éis an dáta ar a seolfaidh an Coimisiún a bharúlacha nó a iarraidh ar dhoiciméid athbhreithnithe chuig an mBallstát go dtí go dtabharfaidh an Ballstát freagra ar an gCoimisiún.
CAIBIDIL II
Cuspóirí beartais agus prionsabail maidir leis an tacaíocht ó na Cistí
Airteagal 4
Cuspóirí beartais
1.Tacóidh CFRE, CSE+, an Ciste Comhtháthaithe agus CEMI leis na cuspóirí beartais seo a leanas:
(a)Eoraip níos cliste trí chlaochlú eacnamaíoch atá nuálach agus cliste a chur chun cinn;
(b)Eoraip níos glaise a fheidhmeoidh ar bheagán carbóin trí aistriú fuinnimh glan agus cóir, infheistíocht ghlas agus ghorm, an geilleagar ciorclach, an toiriúnú aeráide agus cosc agus bainistiú rioscaí a chur chun cinn;
(c)Eoraip níos nasctha tríd an tsoghluaisteacht agus an nascacht réigiúnach TFC a fheabhsú;
(d)Eoraip níos sóisialta trí chur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;
(e)Eoraip atá níos giorra do na saoránaigh trí fhorbairt inbhuanaithe chomhtháite limistéar uirbeach, tuaithe agus cósta a chothú agus tionscnaimh áitiúla.
2.Rannchuideoidh CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe le gníomhaíochtaí an Aontais ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú i gcomhréir le hAirteagal 174 CFAE, trí na spriocanna seo a leanas a shaothrú:
(a)Infheistíocht le haghaidh fáis agus post i mBallstáit agus i réigiúin, lena dtacófar le tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe; agus
(b)‘Comhar críochach Eorpach’ (Interreg), lena dtacófar le tacaíocht ó CFRE.
3.Tabharfaidh na Ballstáit faisnéis faoin tacaíocht a thugtar do chuspóirí i ndáil leis an gcomhshaol agus leis an aeráid ag úsáid modheolaíocht atá bunaithe ar chineálacha idirghabhála do gach ceann de na Cistí. Is é a bheidh sa mhodheolaíocht sin ualú sonrach a shannadh don tacaíocht arna soláthar ar leibhéal a léireoidh an méid rannchuidithe atá sa tacaíocht den sórt sin le haghaidh cuspóirí aeráide agus cuspóirí aeráide. I gcás CFRE, CSE+ agus an Chiste Chomhtháthaithe, cuirfear na hualaithe i gceangal le diminsin agus cóid le haghaidh na gcineálacha idirghabhála a leagtar síos in Iarscríbhinn I.
4.Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún comhordú, comhlántacht agus comhleanúnachas idir na Cistí agus ionstraimí eile an Aontais amhail an Clár Tacaíochta um Athchóiriú, lena náirítear an Uirlis Athchóiriúcháin agus an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil. Déanfaidh siad sásraí comhordúcháin idir an lucht freagrachta a optamú chun dúbailt a sheachaint le linn na pleanála agus an chur chun feidhme.
Airteagal 5
Bainistíocht chomhroinnte
1.Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún an chuid de bhuiséad an Aontais atá leithdháilte ar na Cistí a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte i gcomhréir le hAirteagal [63] de Rialachán (AE, Euratom) [uimhir an Rialacháin Airgeadais nua] (an ‘Rialachán Airgeadais’).
2.Mar sin féin, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an méid tacaíochta arna aistriú ón gCiste Comhtháthaithe chuig an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an Tionscnamh Uirbeach Eorpach, Infheistíochtaí Nuálacha Idir-réigiúnacha, an méid tacaíochta arna aistriú ó CSE+ chuig an gcomhar trasnáisiúnta, na méideanna arna ranníoc le InvestEU agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún a chur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach i gcomhréir le [pointe (a) agus pointe (c) d’Airteagal 62(1)] den Rialachán Airgeadais.
3.Féadfaidh an Coimisiún comhar na réigiún is forimeallaí mar chuid de sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach.
Airteagal 6
Comhpháirtíocht agus rialachas il-leibhéil
1.Eagróidh gach Ballstát comhpháirtíocht leis na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla. Beidh na comhpháirtithe seo a leanas ar a laghad mar chuid den chomhpháirtíocht sin:
(a)údaráis uirbeacha agus údaráis phoiblí eile;
(b)comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta;
(c)comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe comhshaoil agus comhlachtaí atá freagrach as an gcuimsiú sóisialta, na cearta bunúsacha, cearta daoine faoi mhíchumas, an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn.
2.I gcomhréir le prionsabal an rialachais il-leibhéil, déanfaidh na Ballstáit na comhpháirtithe sin rannpháirteach in ullmhú na gComhaontuithe Comhpháirtíochta agus i rith ullmhú agus chur chun feidhme na gclár, lena náirítear trí rannpháirtíocht sna coistí faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 34.
3.Déanfar an chomhpháirtíocht a eagrú agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún.
4.Uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na heagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar na comhpháirtithe ar leibhéal an Aontais maidir le cur chun feidhme na gclár.
Teideal II
CUR CHUIGE STRAITÉISEACH
CAIBIDIL I
Comhaontú Comhpháirtíochta
Airteagal 7
An Comhaontú Comhpháirtíochta a ullmhú agus a chur isteach
1.Ullmhóidh gach Ballstát Comhaontú Comhpháirtíochta ina leagfar amach socruithe d’úsáid na gCistí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
2.Cuirfidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirfidh sé an chéad chlár faoina bhráid, nó an tráth céanna.
3.Féadfar an Comhaontú Comhpháirtíochta a chur isteach in éineacht leis an gClár Náisiúnta um Athchóiriú bliantúil ábhartha.
4.Déanfaidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Féadfaidh sé an Comhaontú Comhpháirtíochta a chuimsiú i gceann dá chláir.
5.Féadfar cláir faoi Interreg a chur faoi bhráid an Choimisiúin sula gcuirfear an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid.
Airteagal 8
Inneachar an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta
Beidh na heilimintí seo a leanas sa Chomhaontú Comhpháirtíochta:
(a)na cuspóirí beartais atá roghnaithe ag léiriú cé na Cistí agus na cláir lena saothrófar iad agus an túdar atá leis sin, agus i gcás inarb ábhartha, an túdar atá le húsáid a bhaint as an modh seachadta faoi InvestEU, ag cur san áireamh na moltaí tír-shonracha ábhartha;
(b)i gcás gach ceann de na cuspóirí beartais atá roghnaithe dá dtagraítear i bpointe (a):
(i) achoimre ar na roghanna beartais agus na príomhthorthaí a bhfuil súil leo i gcás gach Ciste, lena náirítear, i gcás inarb ábhartha, úsáid InvestEU;
(ii) comhordú, críochú agus comhlántachtaí idir na Cistí agus, i gcás inarb iomchuí, chomhordú idir cláir náisiúnta agus cláir réigiúnacha;
(iii) comhlántachtaí idir na Cistí agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, lena náirítear tionscadail chomhtháite straitéiseacha agus tionscadail nádúir straitéiseacha faoi LIFE;
(c)an réamh-leithdháileadh airgeadais ó gach ceann de na Cistí de réir an chuspóra beartais ar an leibhéal náisiúnta, ag urramú na rialacha Ciste-shonracha maidir le comhdhlúthú téamach;
(d)i gcás inarb ábhartha, miondealú na nacmhainní airgeadais de réir catagóir réigiún arna tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 102(2) agus méideanna na leithdháiltí atáthar a mholadh a aistriú idir catagóirí réigiún de bhun Airteagal 105;
(e)na méideanna atá le ranníoc le InvestEU de réir Ciste agus de réir catagóir réigiún;
(f)an liosta de chláir atá pleanáilte faoi na Cistí maille leis na réamh-leithdháiltí airgeadais a bhaineann leo de réir Ciste agus an ranníocaíocht náisiúnta chomhfhreagrach de réir catagóir réigiún;
(g)achoimre ar na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an Ballstát lena mbaineann chun a chumas riaracháin a threisiú maidir le cur chun feidhme na gCistí.
Maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg), ní bheidh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ach an liosta de na cláir atá pleanáilte.
Airteagal 9
An Comhaontú Comhpháirtíochta a fhormheas
1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta agus an bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na rialacha Ciste-shonracha. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, na moltaí tír-shonracha ábhartha a chur san áireamh.
2.Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de trí mhí ón dáta a chuirfidh an Ballstát an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid.
3.Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gComhaontú Comhpháirtíochta ag cur bharúlacha an Choimisiúin san áireamh.
4.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an Comhaontú Comhpháirtíochta tráth nach déanaí ná ceithre mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann an Comhaontú Comhpháirtíochta faoina bhráid. Ní leasófar an Comhaontú Comhpháirtíochta.
5.Más rud é, de bhun Airteagal 7(4), go gcuimsítear an Comhaontú Comhpháirtíochta i gclár, glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an clár sin tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát lena mbaineann faoina bhráid é.
Airteagal 10
Úsáid CFRE, CSE+, an Chiste Comhtháthaithe agus CEMI arna seachadadh trí InvestEU
1.An méid ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CEMI atá le ranníoc le trí InvestEU agus le seachadadh trí ráthaíochtaí buiséadacha, féadfaidh na Ballstáit é a leithdháileadh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta nó san iarraidh ar leasú ar chlár. Ní bheidh an méid atá le ranníoc le InvestEU níos mó ná 5 % de leithdháileadh iomlán gach Ciste, ach amháin i gcásanna cuí-réasúnaithe. Ní bheidh ranníocaíochtaí den sórt sin ina naistrithe acmhainní faoi Airteagal 21.
2.I gcás an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta, féadfar acmhainní na bliana féilire reatha agus na mblianta féilire atá le teacht a leithdháileadh. I gcás iarraidh ar leasú ar chlár, ní fhéadfar ach acmhainní na mblianta féilire atá le teacht a leithdháileadh.
3.Úsáidfear an méid dá dtagraítear i mír 1 chun soláthar don chuid den ráthaíocht ón Aontas atá in urrann an Bhallstáit.
4.Mura bhfuil comhaontú ranníocaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] de [Rialachán InvestEU], tugtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2021 le haghaidh méid dá dtagraítear i mír 1 atá leithdháilte sa Chomhaontú Comhpháirtíochta, cuirfidh an Ballstát iarraidh ar leasú ar chlár nó ar chláir isteach d’fhonn an méid comhfhreagrach a úsáid.
An comhaontú ranníocaíochta le haghaidh méid dá dtagraítear i mír 1 a leithdháiltear in iarraidh ar leasú ar chlár, déanfar é a thabhairt i gcrích an tráth céanna le glacadh an chinnidh lena leasaítear an clár.
5.Mura mbeidh comhaontú ráthaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] de [Rialachán InvestEU] é, tugtha i gcrích laistigh de naoi mí ón tráth a fhormheasfar an comhaontú ranníocaíochta, na méideanna faoi seach arna níoc isteach sa chiste don soláthar coiteann mar sholáthar, déanfar iad a aistriú ar ais chuig clár nó chuig cláir agus cuirfidh an Ballstát iarraidh chomhfhreagrach ar leasú ar chlár isteach.
6.Mura mbeidh comhaontú ráthaíochta, mar a leagtar amach in Airteagal [9] de [Rialachán InvestEU] é, curtha i gcrích ina iomláine laistigh de cheithre bliana tar éis shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta, féadfaidh an Ballstát a iarraidh go gcaithfear i gcomhréir le mír 5 le méideanna a gealladh sa chomhaontú ráthaíochta ach nach gcumhdaíonn iasachtaí foluiteacha ná ionstraimí rioscúla.
7.Acmhainní a gineadh leis na méideanna arna ranníoc le InvestEU, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, agus a seachadadh trí ráthaíochtaí buiséadacha, cuirfear ar fáil do na Ballstáit iad agus úsáidfear le haghaidh tacaíochta iad faoin gcuspóir céanna nó faoi na cuspóirí céanna i bhfoirm ionstraimí airgeadais.
8.Déanfaidh an Coimisiún athbhuiséadú ar na méideanna arna ranníoc nár úsáideadh faoi InvestEU don bhliain ina bhformheastar an leasú comhfhreagrach ar chlár. Ní fhéadfaidh an tathbhuiseadú sin dul níos faide ná 2027.
An teorainn ama do shaoradh an méid athbhuiséadaithe i gcomhréir le hAirteagal 99, tosóidh sé ón mbliain ina ndéantar an ranníocaíocht a athbhuiséadú.
CAIBIDIL II
Coinníollacha cumasaithe agus creat feidhmíochta
Airteagal 11
Coinníollacha cumasaithe
1.I gcás gach cuspóra sonraí, leagtar síos sa Rialachán seo coinníollacha ar réamhriachtanais iad chun é a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil (‘coinníollacha cumasaithe’).
In Iarscríbhinn III, leagtar síos coinníollacha cumasaithe cothrománacha is infheidhme maidir leis na cuspóirí sonracha uile agus na critéir is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.
In Iarscríbhinn IV, leagtar síos coinníollacha cumasaithe do CFRE, an Ciste Comhtháthaithe agus CSE+ agus na critéir is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha sin.
2.Nuair a bheidh an Ballstát ag ullmhú cláir nó ag tabhairt isteach cuspóir sonrach nua mar chuid de leasú ar chlár, déanfaidh sé a mheas an bhfuil na coinníollacha cumasaithe a bhaineann leis an gcuspóir sonrach atá roghnaithe comhlíonta. Tá coinníoll cumasaithe comhlíonta má tá na critéir ghaolmhara uile sásaithe. Déanfaidh an Ballstát, i ngach clár nó sa leasú ar chlár, na coinníollacha cumasaithe atá comhlíonta agus nach bhfuil comhlíonta a shainaithint agus má mheasann sé go bhfuil coinníoll cumasaithe comhlíonta, tabharfaidh sé an túdar leis sin.
3.Mura bhfuil coinníoll cumasaithe comhlíonta tráth formheasta an chláir nó an leasaithe ar chlár, tabharfaidh an Ballstát tuairisc don Choimisiún a luaithe a mheasfaidh sé go bhfuil an coinníoll cumasaithe comhlíonta, maille leis an údar leis sin.
4.Déanfaidh an Coimisiún measúnú, laistigh de thrí mhí tar éis dó an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi má aontaíonn sé go bhfuil an coinníoll comhlíonta.
I gcás nach naontaíonn an Coimisiún le measúnú an Bhallstáit, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh sé deis dó a bharúlacha a chur i láthair laistigh d’aon mhí amháin.
5.An caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí atá nasctha leis an gcuspóir sonrach, ní fhéadfar é a áireamh in iarratais ar íocaíocht go dtí go gcuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoi chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe de bhun mhír 4.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le hoibríochtaí a rannchuidíonn le comhlíonadh an choinníll cumasaithe chomhfhreagraigh.
6.Áiritheoidh an Ballstát go bhfuil na coinníollacha cumasaithe comhlíonta agus go gcuirfear i bhfeidhm iad i rith na clárthréimhse. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi aon mhodhnú a imreoidh tionchar ar chomhlíonadh na gcoinníollacha cumasaithe.
I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil an coinníoll cumasaithe comhlíonta a thuilleadh, cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoi sin agus tabharfaidh sé deis dó a bharúlacha a chur i láthair laistigh d’aon mhí amháin. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go bhfuil neamh-chomhlíonadh an choinníll cumasaithe fós ag dul ar aghaidh, ní féidir, ón dáta a chuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoi amach, an caiteachas a bhaineann leis an gcuspóir sonrach i gceist a áireamh in iarratais ar íocaíocht.
7.Ní bheidh feidhm ag Iarscríbhinn IV maidir le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CEMI.
Airteagal 12
Creat feidhmíochta
1.Bunóidh an Ballstát creat feidhmíochta lena bhféadfar faireachán, tuairisciú agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht cláir le linn a chur chun feidhme, agus lena gcuirfear leis an tomhas ar fheidhmíocht fhoriomlán na gCistí.
Is éard a bheidh sa chreat feidhmíochta:
(a)na táscairí aschuir agus toraidh a bhaineann le cuspóirí sonracha a leagtar síos sna Rialacháin Chiste-shonracha;
na garspriocanna atá le gnóthú faoi dheireadh na bliana 2024 maidir le táscairí aschuir; agus
na spriocanna atá le gnóthú faoi dheireadh na bliana 2029 maidir le táscairí aschuir agus toraidh.
2.Leagfar síos garspriocanna agus spriocanna i ndáil le gach cuspóir sonrach laistigh de chlár, diomaite den chúnamh teicniúil agus an cuspóir sonrach a dhíríonn ar an díth ábhartha a leagtar amach in Airteagal [4(c)(vii)] de Rialachán CSE+.
3.Cuirfidh na garspriocanna agus na spriocanna ar a gcumas don Choimisiún agus don Bhallstát an dul chun cinn i dtreo ghnóthú an chuspóra shonraigh a thomhas. Sásóidh siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagal [33(3)] den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 13
Modheolaíochtaí le haghaidh an creat feidhmíochta a bhunú
1.Cuimseoidh na modheolaíochtaí le haghaidh an creat feidhmíochta a bhunú an méid seo a leanas:
(a)na critéir a chuireann an Ballstát i bhfeidhm chun táscairí a roghnú;
(b)na sonraí nó an fhaisnéis a úsáidtear, ráthú cáilíochta na sonraí agus an modh ríomha;
(c)tosca a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar ghnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna agus an chaoi ar cuireadh san áireamh iad.
2.Féadfaidh an Ballstát na modheolaíochtaí sin a chur ar fáil arna iarraidh sin don Choimisiún.
Airteagal 14
Athbhreithniú meántéarma
1.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe, athbhreithneoidh an Ballstát gach clár, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:
(a)na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha a glacadh in 2024;
(b)staid shoch-eacnamaíoch an Bhallstáit nó an réigiúin lena mbaineann;
(c)an dul chun cinn i dtaca leis na garspriocanna a bhaint amach;
(d)toradh an choigeartaithe theicniúil a leagtar amach in Airteagal 104(2), i gcás inarb infheidhme.
2.Déanfaidh an Ballstát iarraidh ar leasú ar gach clár ar leith i gcomhréir le hAirteagal 19(1) a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2025. Léireoidh an Ballstát an túdar atá leis an leasú ar bhonn na neilimintí a leagtar amach i mír 1.
Cuimseofar sa chlár athbhreithnithe:
(a)leithdháiltí na nacmhainní airgeadais de réir tosaíochta lena náirítear na méideanna do na blianta 2026 agus 2027;
(b)spriocanna athbhreithnithe nó nua;
(c)leithdháiltí athbhreithnithe na nacmhainní airgeadais de thoradh an choigeartaithe theicniúil a leagtar amach in Airteagal 104(2) lena náirítear na méideanna do na blianta 2025, 2026 agus 2027, i gcás inarb infheidhme.
3.I gcás ina gcuirfear clár nua isteach, mar thoradh ar an athbhreithniú, cumhdóidh an plean maoiniúcháin faoi phointe (ii) d’Airteagal 17(3)(f) an leithreasú airgeadais iomlán do gach ceann de na Cistí don bhliain ina bhformheasfar an clár.
CAIBIDIL III
Bearta atá nasctha le rialachas eacnamaíoch fónta
Airteagal 15
Bearta lena ndéantar éifeachtúlacht na gCistí a nascadh le rialachas eacnamaíoch fónta
1.Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Bhallstát cláir ábhartha a athbhreithniú agus leasuithe orthu a mholadh, i gcás inar gá sin chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle.
Féadfar iarraidh den sórt sin a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas:
(a)chun tacú le cur chun feidhme molta thír-shonraigh ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 121(2) CFAE agus molta ábhartha ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 148(4) CFAE, atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann;
(b)chun tacú le cur chun feidhme Moltaí ábhartha ón gComhairle atá dírithe chuig an mBallstát lena mbaineann agus a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 7(2) nó le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an gcoinníoll go meastar gur gá na leasuithe seo chun cuidiú le héagothromaíochtaí macraicneamaíocha a cheartú.
2.Maidir le hiarraidh ón gCoimisiún ar Bhallstát i gcomhréir le mír 1, beidh sí réasúnaithe ag déanamh tagairt don ghá tacú le cur chun feidhme na moltaí ábhartha agus léireofar inti na cláir nó na tosaíochtaí a mheasann an Coimisiún atá i gceist agus cineál na leasuithe a bhfuiltear ag súil leo.
3.Déanfaidh an Ballstát a fhreagra ar an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a chur isteach laistigh de dhá mhí tar éis dó í a fháil agus leagfaidh sé amach na leasuithe a mheasann sé a bheith riachtanach ar na cláir ábhartha, na cúiseanna atá leis na leasuithe sin, ag sainaithint na cláir atá i gceist agus ag tabhairt cuntas ar chineál na leasuithe atá beartaithe agus na héifeachtaí a mheastar a bheidh acu ar chur chun feidhme na moltaí agus ar chur chun feidhme na gCistí. Más gá, tabharfaidh an Coimisiún barúlacha laistigh de mhí amháin ón bhfreagra sin a fháil.
4.Déanfaidh an Ballstát togra chun leasú a dhéanamh ar na cláir ábhartha a chur isteach laistigh de dhá mhí ón dáta a chuirfear isteach an freagra dá dtagraítear i mír 3.
5.I gcás nach bhfuil barúlacha tugtha ag an gCoimisiún nó i gcás ina bhfuil sé sásta go ndearnadh aon bharúlacha a tugadh a chur san áireamh go cuí, glacfaidh sé cinneadh lena bhformheasfar na leasuithe ar na cláir ábhartha i gcomhréir le hAirteagal [19(4)].
6.Mura ndéanfaidh an Ballstát, faoi na sprioc-amanna a leagtar amach i mír 3 agus i mír 4, gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagra ar iarraidh arna déanamh i gcomhréir le mír 1, féadfaidh an Coimisiún na híocaíochtaí le haghaidh na gclár agus na dtosaíochtaí lena mbaineann a chur ar fionraí ina niomláine nó i bpáirt.
7.Déanfaidh an Coimisiún togra a chur chuig an gComhairle chun na gealltanais do chlár amháin nó níos mó de chuid Ballstáit a chur ar fionraí ina niomláine nó i bpáirt sna cásanna seo a leanas:
(a)má chinneann an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(8) nó Airteagal 126(11) CFAE nach bhfuil gníomhaíocht éifeachtach glactha ag an mBallstát chun a easnamh iomarcach a cheartú;
(b)má ghlacann an Chomhairle dhá mholadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna, i gcomhréir le hAirteagal 8(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar na forais go ndearna Ballstát plean gníomhaíochta ceartaithí nach bhfuil leordhóthanach a chur isteach;
(c)má ghlacann an Chomhairle dhá chinneadh i ndiaidh a chéile sa nós imeachta um míchothromaíocht céanna i gcomhréir le hAirteagal 10(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 lena suítear neamh-chomhlíonadh ag Ballstát ar na forais nár ghlac sé an ghníomhaíocht cheartaitheach a moladh;
(d)má thagann an Coimisiún ar an gconclúid nach bhfuil bearta déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle agus go gcinninn sé, dá thoradh sin, gan aisíocaíocht an chúnaimh airgeadais a deonaíodh don Bhallstát sin a údarú;
(e)má chinneann an Chomhairle nach bhfuil an clár coigeartaithe maicreacnamaíoch dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, á chomhlíonadh ag Ballstát.
Tabharfar tosaíocht d’fhionraíocht na ngealltanas; ní dhéanfar íocaíochtaí a chur ar fionraí ach amháin nuair a bheidh gníomhaíocht láithreach á lorg agus i gcás neamh-chomhlíonadh suntasach. Beidh feidhm ag fionraíocht na níocaíochtaí maidir le hiarratais ar íocaíocht a chuirfear isteach i ndáil leis na cláir lena mbaineann tar éis dháta an chinnidh fionraíochta.
Féadfaidh an Coimisiún, ar fhorais cúinsí eacnamaíocha eisceachtúla nó ar iarraidh réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann a dhíreofar chuig an gCoimisiún laistigh de 10 lá tar éis ghlacadh an chinnidh nó an mholta dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo, moladh don Chomhairle an fhionraíocht dá dtagraítear san fhomhír chéanna a chealú.
8.Maidir le togra ón gCoimisiún chun gealltanais a chur ar fionraí, measfar é a bheith glactha ag an gComhairle mura gcinnfidh an Chomhairle, trí bhíthin gnímh cur chun feidhme, togra den sórt sin a dhiúltú le tromlach cáilithe laistigh de mhí amháin ón dáta a ndéanfar an togra ón gCoimisiún a thíolacadh.
Beidh feidhm ag fionraíocht na ngealltanas maidir leis na gealltanais ó na Cistí don Bhallstát lena mbaineann ón 1 Eanáir den bhliain i ndiaidh dháta an chinnidh maidir le fionraí.
Déanfaidh an Chomhairle, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cinneadh a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 7 i ndáil le fionraíocht na níocaíochtaí.
9.Maidir le raon feidhme agus leibhéal na fionraíochta a fhorchuirfear ar na gealltanais nó ar na híocaíochtaí, beidh siad comhréireach, urramóidh siad an chóir chomhionann idir na Ballstáit agus cuirfidh siad san áireamh dálaí eacnamaíocha agus sóisialta an Bhallstáit lena mbaineann, go háirithe an leibhéal dífhostaíochta, an leibhéal bochtaineachta nó an leibhéal eisiaimh shóisialta sa Bhallstát lena mbaineann i gcomparáid le meán an Aontais agus tionchar na fionraíochta ar gheilleagar an Bhallstáit lena mbaineann. Is gné shonrach atá le cur san áireamh é tionchar na bhfionraíochtaí ar chláir a bhfuil ríthábhacht leo chun dul i ngleic le dálaí neamhfhabhracha eacnamaíocha nó sóisialta.
10.Beidh fionraíocht gealltanas faoi réir uasmhéid 25 % de na gealltanais a bhaineann leis an gcéad bhliain féilire eile do na Cistí nó 0,25 % den OTI ainmniúil pé acu is ísle, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
(a)sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear faoi phointe (a) de mhír 7;
(b)sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh a bhaineann le plean gníomhaíochta ceartaithí faoi nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear faoi phointe (b) de mhír 7;
(c)i gcás de neamh-chomhlíonadh an phlean gníomhaíochta ceartaithí arna mholadh de bhun nós imeachta um easnamh iomarcach dá dtagraítear faoi phointe (c) de mhír 7;
(d)sa chéad chás de neamh-chomhlíonadh dá dtagraítear faoi phointe (d) agus faoi phointe (e) de mhír 7.
I gcás neamh-chomhlíonadh leanúnach, féadfaidh an fhionraíocht gealltanais a bheith níos mó ná na céatadáin uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír.
11.Cuirfidh an Chomhairle deireadh leis an bhfionraíocht gealltanas ar thogra ón gCoimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 8, sna cásanna seo a leanas:
(a)má tá an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle nó go bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann a aisghairm;
(b)má tá tacú tugtha ag an gComhairle don plean gníomhaíochta ceartaithí a chuir an Ballstát lena mbaineann isteach i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 nó go bhfuil an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha ar stad i gcomhréir le hAirteagal 10(5) den Rialachán sin nó go bhfuil deireadh curtha ag an gComhairle leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Rialachán sin;
(c)má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002;
(d)má thagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil bearta iomchuí déanta ag an mBallstát lena mbaineann chun an clár coigeartaithe dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) Uimh. 472/2013, nó na bearta a iarradh le cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 136(1) CFAE, a chur chun feidhme.
Tar éis don Chomhairle deireadh a chur leis an bhfionraíocht gealltanas, déanfaidh an Coimisiún na gealltanais a bhí ar fionraí a athbhuiséadú i gcomhréir le hAirteagal [8] de Rialachán (AE, Euratom) [...] ón gComhairle (an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil).
Maidir le hoibleagáidí a cuireadh ar fionraí, ní fhéadfar iad a athbhuiséadú níos faide amach ná 2027.
An teorainn ama do shaoradh an mhéid athbhuiséadaithe i gcomhréir le hAirteagal 99, tosóidh sé ón mbliain ina ndéantar an gealltanas a bhí ar fionraí a athbhuiséadú.
Cinneadh deireadh a chur le fionraíocht na níocaíochtaí, déanfaidh an Chomhairle é ar thogra ón gCoimisiún i gcás ina bhfuil na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach sa chéad mhír comhlíonta.
12.Coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chur chun feidhme an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún go háirithe, má tá ceann de na coinníollacha a leagtar amach i mír 7 comhlíonta i gcás Ballstáit, Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas láithreach agus mionsonraí a sholáthar faoi na Cistí agus na cláir a bhféadfaí a ngealltanais a chur ar fionraí.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Choimisiún chuig comhphlé struchtúrach maidir le cur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus aird á tabhairt ar tharchur na faisnéise dá dtagraítear sa chéad fhomhír.
Déanfaidh an Coimisiún an togra maidir le gealltanais a chur ar fionraí nó an togra chun deireadh a chur le fionraíocht den sórt sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.
13.Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 12 maidir le tosaíochtaí ná cláir faoi Airteagal [4(c)(v)(ii)] de Rialachán CSE+.
Teideal III
Clársceidealú
CAIBIDIL I
Forálacha ginearálta maidir leis na Cistí
Airteagal 16
Cláir a ullmhú agus a chur isteach
1.Ullmhóidh an Ballstát cláir chun na Cistí a chur chun feidhme don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
2.Cuirfidh na Ballstáit cláir faoi bhráid an Choimisiúin 3 mhí ar a dhéanaí tar don Chomhaontú Comhpháirtíochta a bheith curtha faoina bhráid.
3.Ullmhóidh na Ballstáit cláir i gcomhréir leis an teimpléad don chlár a leagtar amach in Iarscríbhinn V.
I gcás CTIL, CSI agus IBTV, ullmhóidh na Ballstáit cláir i gcomhréir leis an teimpléad don chlár a leagtar amach in Iarscríbhinn VI.
Airteagal 17
Inneachar na gclár
1.Leagfar amach i ngach clár straitéis maidir le rannchuidiú an chláir leis na cuspóirí beartais agus maidir le cumarsáid faoina thorthaí.
2.Tosaíochtaí a bheidh i gclár. Beidh gach tosaíocht ag freagairt do chuspóir beartais amháin nó do chúnamh teicniúil. Beidh cuspóir sonrach amháin nó níos mó i dtosaíocht atá ag freagairt do chuspóir beartais. Féadfaidh níos mó ná tosaíocht amháin freagairt d’aon chuspóir beartais amháin.
I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, féadfaidh gach tosaíocht freagairt do chuspóir beartais amháin nó níos mó. Beidh na cuspóirí sonracha ag freagairt do réimsí tacaíochta a shainítear in Iarscríbhinn [III] a ghabhann le Rialachán CEMI.
I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, cuspóirí sonracha a bheidh i gclár.
3.Leagfar amach i ngach clár:
(a)achoimre ar na príomhdhúshláin, ag cur na nithe seo a leanas san áireamh:
(i)éagothromaíochtaí eacnamaíocha sóisialta agus críochacha, ach amháin i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI;
(ii)teipeanna margaidh, riachtanais infheistíochta agus comhlántacht le foirmeacha eile tacaíochta;
(iii)dúshláin arna sainaithint i moltaí tír-shonracha ábhartha agus moltaí ábhartha eile de chuid an Aontais arna ndíriú ar an mBallstát;
(iv)dúshláin maidir leis an acmhainn riaracháin agus rialachas;
(v)na ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí a fuarthas;
(vi)straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuach farraige má tá na Ballstáit agus na réigiúin rannpháirteach i straitéisí den sórt sin;
(vii)i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an aquis ábhartha de chuid an Aontais agus na bpleananna gníomhaíochta ábhartha de chuid an Aontais;
(b)an túdar atá leis na cuspóirí beartais atá roghnaithe, na tosaíochtaí comhfhreagracha, cuspóirí sonracha agus na foirmeacha tacaíochta;
(c)i gcás gach tosaíochta, diomaite den chúnamh teicniúil, cuspóirí sonracha;
(d)i gcás gach cuspóra shonraigh:
(i)na cineálacha gníomhaíochtaí gaolmhara, lena náirítear liosta de na hoibríochtaí atá beartaithe lena bhfuil tábhacht straitéiseach, agus an rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu leis na cuspóirí sin agus le straitéisí macrairéigiúnacha agus le straitéisí imchuach farraige, i gcás inarb iomchuí;
(ii)táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na garspriocanna agus leis na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;
(iii)na spriocghrúpaí príomha;
(iv)críocha sonracha a bhfuiltear ag díriú orthu, lena náirítear an úsáid atá beartaithe d’infheistíocht chríochach chomhtháite, forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail nó uirlisí críochacha eile;
(v)na gníomhaíochtaí idir-réigiúnacha agus trasnáisiúnta a bhfuil a dtairbhithe lonnaithe i mBallstát amháin eile ar a laghad;
(vi)an úsáid atá beartaithe d’ionstraimí airgeadais;
(vii)na cineálacha idirghabhála agus miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir an chineáil idirghabhála nó an réimse tacaíochta;
(e)an úsáid atá beartaithe don chúnamh teicniúil i gcomhréir le hAirteagal 30 go hAirteagal 32 agus cineálacha idirghabhála ábhartha;
(f)plean maoinithe a chuimseoidh an méid seo a leanas:
(i)tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach ceann de na Cistí agus do gach catagóir réigiúin don chlárthréimhse ina hiomláine agus de réir bliana, lena náirítear aon mhéideanna arna naistriú de bhun Airteagal 21;
(ii)tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána do gach tosaíocht de réir an Chiste agus de réir na catagóire réigiúin agus an ranníocaíocht náisiúnta agus an bhfuil an ranníocaíocht sin comhdhéanta de ranníocaíochtaí poiblí agus príobháideacha;
(iii)i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, tábla ina sonrófar do gach réimse tacaíochta, méid na leithdháiltí airgeadais iomlána a bhaineann leis an tacaíocht ón gCiste agus an ranníocaíocht náisiúnta;
(iv)i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, tábla ina sonrófar na leithdháiltí airgeadais iomlána de réir an chineáil gníomhaíochta, an ranníocaíocht náisiúnta agus an ranníocaíocht phoiblí nó phríobháideach í;
(g)na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6 a tharraingt isteach in ullmhú an chláir, agus ról na gcomhpháirtithe sin maidir le cur chun feidhme an chláir agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;
(h)i gcás gach coinníll cumasaithe, arna leagan síos i gcomhréir le hAirteagal 11, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV, measúnú an bhfuil an coinníoll cumasaithe comhlíonta ar an dáta a chuirtear an chlár isteach;
(i)an cur chuige atá beartaithe maidir le cumarsáid agus infheictheacht don chlár trí na cuspóirí, na pobail sprice, na bealaí cumarsáide, an fhor-rochtain meán sóisialta, an buiséad pleanáilte agus na táscairí ábhartha d’fhaireachán agus do mheastóireacht a shainiú;
(j)an túdarás bainistíochta, an túdarás iniúchóireachta agus an comhlacht a gheobhaidh íocaíochtaí ón gCoimisiún.
Ní bheidh feidhm pointe (c) agus pointe (d) den mhír seo maidir leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal [4(c)(vii)] de Rialachán CSE+.
4.De mhaolú ar phointe (d) de mhír 3, i gcás gach cuspóra shonraigh de chuid clár a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, cuirfear na nithe seo a leanas ar fáil:
(a)tuairisc ar an staid tosaigh, na dúshláin agus na freagairtí a fhaigheann tacaíocht ón gCiste;
(b)tásc ar na cuspóirí oibríochtúla;
(c)liosta táscach de ghníomhaíochtaí agus den rannchuidiú a bhfuiltear ag súil leis uathu le cuspóirí sonracha agus oibríochtúla;
(d)i gcás inarb infheidhme, an túdar atá leis an tacaíocht oibríochta, gníomhaíochtaí sonracha, cúnaimh éigeandála, agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail [16 agus 17] de Rialachán CEMI;
(e)táscairí aschuir agus táscairí toraidh maille leis na garspriocanna agus na spriocanna a chomhfhreagraíonn dóibh;
(f)miondealú táscach ar na hacmhainní atá clársceidealaithe de réir cineál idirghabhála.
5.Cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, beidh na cineálacha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a leagtar sna Rialacháin Chiste-shonracha.
6.I gcás cláir de chuid CFRE, CSE+ agus an Chiste Comhtháthaithe arna gcur isteach i gcomhréir le hAirteagal 16, cuimseoidh an tábla dá dtagraítear i mír (3)(f)(ii) na méideanna do na blianta 2021 go 2025, agus do na blianta sin amháin.
7.Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún ar an eolas faoi aon athruithe ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír (3)(j) nach bhfuil leasú ar chlár de dhíth orthu.
Airteagal 18
Cláir a fhormheas
1.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gclár agus an bhfuil sé i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis na Rialacháin Chiste-shonracha, agus an bhfuil sé ag teacht leis an gComhaontú Comhpháirtíochta. Ina mheasúnú, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, na moltaí tír-shonracha ábhartha a chur san áireamh.
2.Féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt laistigh de thrí mhí ón dáta a dhéanfaidh an Ballstát an clár a chur faoina bhráid.
3.Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gclár ag cur bharúlacha an Choimisiúin san áireamh.
4.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena bhformheasfar an clár tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta a chuir an Ballstát an clár sin faoina bhráid.
Airteagal 19
Cláir a leasú
1.Féadfaidh an Ballstát iarraidh chuí-réasúnaithe a chur isteach ar leasú ar chlár mar aon leis an gclár leasaithe, ina leagfar amach an tionchar a bhfuiltear ag siúl leis ón leasú sin ar ghnóthú na gcuspóirí.
2.Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an leasú agus ar a chomhlíonadh maidir leis an Rialachán seo agus na Rialacháin Chiste-shonracha, lena náirítear ceanglais ar an leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé barúlacha a thabhairt laistigh de trí mhí ón dáta a cuireadh isteach an clár atáthar a leasú.
3.Déanfaidh an Ballstát athbhreithniú ar an gclár atáthar a leasú agus cuirfidh sé barúlacha an Choimisiúin san áireamh.
4.Formheasfaidh an Coimisiún an leasú ar chlár tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis don Bhallstát é a chur isteach.
5.Féadfaidh an Ballstát suas le 5 % den leithdháileadh tosaigh do thosaíocht, gan dul thar 3 % den bhuiséad don chlár, a aistriú le linn na clárthréimhse chuig tosaíocht eile de chuid an Chiste chéanna atá ag tacú leis an gclár céanna. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ó CSE+, ní bhainfidh an taistriú ach le leithdháiltí don chatagóir chéanna réigiúin.
Ní dhéanfaidh na haistrithe sin difear do bhlianta roimhe sin. Measfar nach aistrithe substaintiúla iad agus ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena leasaítear an clár. Mar sin féin, beidh siad i gcomhréir leis na ceanglais rialála uile. Cuirfidh an Ballstát an tábla athbhreithnithe dá dtagraítear i bpointí (f)(ii), (f)(iii) nó (f)(iv) d’Airteagal 17(3), de réir mar is infheidhme, faoi bhráid an Choimisiúin.
6.I gcomhair ceartúcháin de chineál eagarthóireachta nó cléireachais amháin nach ndéanann difear do chur chun feidhme an chláir, ní gá formheas an Choimisiúin. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le ceartúcháin den sórt sin.
7.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ní bheidh formheas ón gCoimisiún de dhíth le haghaidh leasuithe ar na cláir a bhaineann le táscairí a thabhairt isteach.
Airteagal 20
Tacaíocht comhpháirteach ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe
1.Féadfaidh CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht a sholáthar go comhpháirteach faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.
2.Maidir le hoibríocht nó cuid d’oibríocht a bhfuil na costais ina leith incháilithe do thacaíocht ó Chiste eile ar bhonn na rialacha incháilitheachta a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an gCiste sin, féadfaidh CFRE agus CSE+ í a mhaoiniú, ar bhealach comhlántach agus faoi réir teorann 10 % den tacaíocht ó na Cistí sin le haghaidh gach tosaíochta de chlár, ar choinníoll go bhfuil na costais sin riachtanach chun an oibríocht a chur chun feidhme.
Airteagal 21
Aistriú acmhainní
1.Féadfaidh na Ballstáit a iarraidh go naistreofar suas le 5 % de leithdháiltí airgeadais cláir ó aon cheann de na Cistí chuig aon Chiste eile atá faoi bhainistíocht chomhroinnte nó chuig aon ionstraim atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach.
2.Cuirfear na hacmhainní arna naistriú chun feidhme i gcomhréir le rialacha an Chiste nó na hionstraime ar aistríodh na hacmhainní chuige nó chuici agus, i gcás aistrithe chuig ionstraimí atá faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach, cuirfear chun feidhme chun tairbhe an Bhallstáit lena mbaineann iad.
3.Maidir le hiarrataí faoi mhír 1, leagfar amach iontu an méid iomlán a aistreofar do gach bliain de réir an Chiste agus , i gcás inarb ábhartha, de réir na catagóire réigiúin, beidh siad cuí-réasúnaithe agus beidh ag gabháil leo an clár athbhreithnithe nó na cláir athbhreithnithe ar uathu atá na hacmhainní le haistriú i gcomhréir le hAirteagal 19 ag léiriú cén Ciste eile nó cén ionstraim eile a bhfuil na méideanna le haistriú chuige nó chuici.
4.Féadfaidh an Coimisiún agóid a chur in iarraidh ar aistriú sa leasú gaolmhar ar chlár i gcás ina ina mbainfeadh an taistriú sin an bonn ó ghnóthú chuspóirí an chláir a bhfuil na hacmhainní le haistriú uaidh.
5.Ní fhéadfar ach acmhainní blianta féilire atá le teacht a aistriú.
CAIBIDIL II
Forbairt chríochach
Airteagal 22
Forbairt chríochach chomhtháite
Tacóidh an Ballstát le forbairt chríochach chomhtháite trí straitéisí forbartha críochacha agus áitiúla in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
(a)infheistíochtaí críochacha comhtháite;
(b)forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail;
(c)uirlis chríochach eile lena dtacaítear le tionscnaimh arna gceapadh ag an mBallstát le haghaidh infheistíochtaí atá clársceidealaithe do CFRE faoin gcuspóir beartais dá dtagraítear in Airteagal 4(1)(e).
Airteagal 23
Straitéisí críochacha
1.Beidh na heilimintí seo a leanas sna straitéisí críochacha a chuirfear chun feidhme de bhun phointe (a) nó phointe (c) d’Airteagal 22:
(a)an limistéar geografach a chumhdaítear leis an straitéis;
(b)anailís ar na riachtanais forbraíochta agus ar phoitéinseal an limistéir;
(c)tuairisc ar chur chuige comhtháite chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbraíochta arna sainaithint agus ar an bpoitéinseal;
(d)tuairisc ar rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe i gcomhréir le hAirteagal 6 le linn ullmhú agus chur chun feidhme na straitéise.
Féadfaidh liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh a bheith iontu freisin.
2.Beidh na húdaráis nó na comhlachtaí uirbeacha nó áitiúla ábhartha, nó údaráis nó comhlachtaí críochacha eile ábhartha, freagrach as straitéisí críochacha tharraingt suas.
3.Mura bhfuil an liosta de na hoibríochtaí a bhfuil tacaíocht le tabhairt dóibh ar áireamh sa straitéis chríochach, déanfaidh an túdarás nó an comhlacht uirbeach nó áitiúil ábhartha, nó údarás nó comhlacht críochach eile ábhartha, na hoibríochtaí a roghnú nó beidh lámh aige i roghnú na noibríochtaí.
Beidh na hoibríochtaí a roghnófar i gcomhréir leis an straitéis chríochach.
4.Má dhéanann údarás nó comhlacht uirbeach nó áitiúil, nó údarás nó comhlacht críochach eile, cúraimí a bhfuil an túdarás bainistíochta freagrach astu diomaite de roghnú na noibríochtaí, sonróidh an túdarás bainistíochta an túdarás sin mar chomhlacht idirmheánach.
5.Féadfar tacaíocht a sholáthar le haghaidh ullmhú agus ceapadh straitéisí críochacha.
Airteagal 24
Infheistíocht chríochach chomhtháite
1.I gcás straitéis arna cur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 23 a mbaineann infheistíochtaí léi a fhaigheann tacaíocht ó Chiste amháin nó níos mó, ó níos mó ná clár amháin nó ó níos mó ná tosaíocht amháin de chuid aon chláir amháin, féadfar gníomhaíochtaí a chur i gcrích mar infheistíocht chríochach chomhtháite.
2.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta gur féidir, leis an gcóras leictreonach don chlár nó do na cláir, oibríochtaí, aschuir agus torthaí a shainaithint a rannchuidíonn le hinfheistíocht chríochach chomhtháite.
Airteagal 25
Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
1.Féadfaidh CFRE, CSE+ agus CEMI tacú leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail.
2.Áiritheoidh an Ballstát maidir leis an bhforbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:
(a)go bhfuil sí dírithe ar limistéir fhoréigiúnacha;
(b)go bhfuil sí faoi stiúir grúpaí gníomhaíochta áitiúla atá comhdhéanta d’ionadaithe ar leasanna soch-eacnamaíocha áitiúla, idir phoiblí agus phríobháideach, agus nach bhfuil smacht ag aon ghrúpa sainleasa amháin ar an gcinnteoireacht;
(c)go ndéantar í trí straitéisí comhtháite i gcomhréir le hAirteagal 26;
(d)go dtacaíonn sí le líonrú, le gnéithe nuálacha den chomhthéacs áitiúil agus, i gcás inarb iomchuí, le comhar le gníomhaithe críochacha eile.
3.Má tá tacaíocht do straitéisí dá dtagraítear i mír 2(c) le fáil ó Chiste amháin nó níos mó, eagróidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha glao comhpháirteach chun na straitéisí sin a roghnú agus bunóidh siad coiste comhpháirteach do na Cistí ar fad lena mbaineann chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéisí sin. Féadfaidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha ceann de na Cistí lena mbaineann a roghnú chun tacú leis na costais ullmhúcháin, bhainistíochta agus bheochana uile dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d’Airteagal 28(1) i ndáil leis na straitéisí sin.
4.Má bhaineann tacaíocht ó ceann amháin nó níos mó de na Cistí le cur chun feidhme straitéise den sórt sin, féadfaidh an túdarás bainistíochta ábhartha ceann de na Cistí lena mbaineann a roghnú mar Chiste Ceannasach.
5.Beidh feidhm ag rialacha an Chiste Cheannasaigh maidir leis an straitéis sin. Braithfidh údaráis na gcistí eile ar na cinntí agus ar na fíoruithe bainistíochta a dhéanfaidh údarás inniúil an Chiste Cheannasaigh.
6.Cuirfidh údaráis an Chiste Cheannasaigh an fhaisnéis is gá ar fáil d’údaráis na gCistí eile chun faireachán agus íocaíochtaí a dhéanamh i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sna Rialacháin Chiste-shonracha.
Airteagal 26
Straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail
1.Áiritheoidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha go leagtar amach na heilimintí seo a leanas i ngach straitéis dá dtagraítear in Airteagal 25(2)(c):
(a)an limistéar geografach agus an daonra a chumhdófar faoin straitéis;
(b)próiseas rannpháirtíocht an phobail i bhforbairt na straitéise;
(c)anailís ar riachtanais forbraíochta agus ar phoitéinseal an limistéir;
(d)cuspóirí na straitéise, lena náirítear spriocanna intomhaiste maidir le torthaí, agus gníomhaíochtaí gaolmhara atá beartaithe;
(e)na socruithe bainistíochta, faireacháin agus meastóireachta, ag léiriú chumas an ghrúpa gníomhaíochta áitiúil an straitéis a chur chun feidhme;
(f)phlean airgeadais, lena náirítear an leithdháileadh atá beartaithe ó gach Ciste agus clár lena mbaineann.
2.Saineoidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha critéir le haghaidh roghnú na straitéisí sin, cuirfidh siad coiste ar bun chun an roghnú sin a dhéanamh agus formheasfaidh siad na straitéisí ar roghnóidh an coiste sin.
3.Críochnóidh na húdaráis bhainistíochta ábhartha an chéad bhabhta de roghnú na straitéisí agus áiritheoidh siad gur féidir leis na grúpaí gníomhaíochta áitiúla arna roghnú a gcúraimí a dhéanamh a leagtar amach in Airteagal 27(3) laistigh de 12 mhí tar éis an dáta a fhormheasfar an clár lena mbaineann nó, i gcás straitéisí a fhaigheann tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin, laistigh de 12 mhí ó dháta formheasta an chláir dheireanach lena mbaineann.
4.Sa chinneadh lena bhformheasfar straitéis leagfar amach leithdháiltí gach Ciste agus gach cláir lena mbaineann agus leagfar amach na fhreagrachtaí as cúraimí bainistíochta agus rialaithe faoin gclár nó faoi na cláir.
Airteagal 27
Grúpaí gníomhaíochta áitiúla
1.Déanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla na straitéisí dá dtagraítear in Airteagal 25(2)(c) a cheapadh agus a chur chun feidhme.
2.Áiritheoidh na húdaráis bhainistíochta go roghnóidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla comhpháirtí amháin laistigh den ghrúpa mar chomhpháirtí cinn i ndáil le cúrsaí riaracháin agus airgeadais, nó go dtiocfaidh siad le chéile i gcomhstruchtúr atá bunaithe go dlíthiúil.
3.Déanfaidh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla, agus iadsan amháin, na cúraimí seo a leanas ar fad:
(a)acmhainneacht na ngníomhaithe áitiúla a fhorbairt chun oibríochtaí a fhorbairt agus a chur chun feidhme;
(b)próiseas roghnúcháin agus critéir roghnúcháin atá neamh-idirdhealaitheach agus thrédhearcach a tharraingt suas, lena seachnófar coinbhleachtaí leasa agus lena náiritheofar nach mbeidh smacht ag aon ghrúpa sainleasa amháin ar chinntí roghnúcháin;
(c)glaonna ar thograí a ullmhú agus a fhoilsiú;
(d)oibríochtaí a roghnú agus méid na tacaíochta a shocrú agus na tograí a chur faoi bhráid an chomhlachta atá freagrach as fíorú críochnaitheach a dhéanamh ar incháilitheacht sula ndéanfar iad a fhormheas;
(e)faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaca le gnóthú chuspóirí na straitéise;
(f)measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise.
4.I gcás ina ndéanfaidh grúpaí gníomhaíochta áitiúla cúraimí nach gcumhdaítear faoi phointí 3 agus a bhfuil an túdarás bainistíochta nó an ghníomhaireacht íocaíochta freagrach astu, sonróidh an túdarás bainistíochta na grúpaí gníomhaíochta áitiúla sin mar chomhlachtaí idirmheánacha i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha.
5.Féadfaidh an grúpa gníomhaíochta áitiúla a beith ina thairbhí agus féadfaidh sé oibríochtaí a chur chun feidhme i gcomhréir leis an straitéis.
Airteagal 28
Tacaíocht ó Chistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail
1.Áiritheoidh an Ballstát go gcumhdófar an méid seo a leanas le tacaíochta ó na Cistí d’fhorbairt áitiúil faoi stiúir an phobail:
(a)fothú acmhainneachta agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin a thacóidh le ceapadh na straitéisí agus lena gcur chun feidhme amach anseo;
(b)cur chun feidhme oibríochtaí, lena náirítear gníomhaíochtaí comhair agus a nullmhú, arna roghnú faoin straitéis forbartha áitiúil;
(c)bainistiú, faireachán agus meastóireacht na straitéise agus a bheochana.
2.An tacaíocht dá dtagraítear faoi phointe (a) de mhír 1, beidh sí incháilithe gan beann ar an straitéis a bheidh roghnaithe lena cistiú ina dhiaidh sin.
An tacaíocht dá dtagraítear faoi phointe (c) de mhír, ní rachaidh sí thar 25 % den ranníocaíocht phoiblí iomlán leis an straitéis.
CAIBIDIL III
Cúnamh teicniúil
Airteagal 29
Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún
1.Ar thionscnamh ón gCoimisiún, féadfaidh na Cistí tacú le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta, cumarsáide, lena náirítear cumarsáid chorparáideach faoi thosaíochtaí polaitiúla an Aontais, agus infheictheachta agus le gach gníomhaíocht riaracháin agus cúnaimh theicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le gníomhaíochtaí le tríú tíortha.
2.Féadfaidh gníomhaíochtaí den sórt sin clárthréimhsí amach anseo nó roimhe seo a chumhdach.
3.Leagfaidh an Coimisiún amach a phleananna tráth a bheidh ranníocaíocht ó na Cistí beartaithe i gcomhréir le hAirteagal [110] den Rialachán Airgeadais.
4.Ag brath ar an aidhm atá leo, is féidir na gníomhaíochtaí dá dtagraítear san Airteagal seo a mhaoiniú mar chaiteachas oibríochtúil nó mar chaiteachas riaracháin.
Airteagal 30
Cúnamh teicniúil na mBallstát
1.Ar thionscnamh ó Bhallstát, féadfaidh na Cistí tacú le gníomhaíochtaí, a bhainfeadh le clárthréimhsí a bhí ann roimhe seo agus ina ndiaidh sin, a bhfuil gá leo ar mhaithe le riarachán agus úsáid éifeachtach na gCistí sin.
2.Féadfaidh gach ceann de na Cistí gníomhaíochtaí cúnaimh theicniúil atá incháilithe faoi cheann ar bith de na Cistí eile a mhaoiniú.
3.Laistigh de gach clár, beidh an cúnamh teicniúil i bhfoirm tosaíocht a bhaineann le haon Chiste amháin.
Airteagal 31
Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh cúnamh teicniúil do na Ballstáit
1.Déanfar cúnamh teicniúil le gach clár a aisíoc mar ráta comhréidh trí na céatadáin a leagtar amach i mír 2 a chur i bhfeidhm maidir leis an gcaiteachas incháilithe a chuirtear san áireamh i ngach iarratas ar íocaíocht de bhun Airteagal 85(3)(a) nó (c) mar is iomchuí.
2.Is mar seo a leanas a bheidh an céatadán de na Cistí a aisíocfar le haghaidh cúnamh teicniúil:
(a)do thacaíocht ó CFRE faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, agus do thacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe: 2,5 %;
(b)do thacaíocht ó CSE+: 4 % agus do chláir faoi Airteagal 4(1)(c)(vii) de Rialachán CSE+: 5 %;
(c)do thacaíocht ó CEMI: 6 %;
(d)do thacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV: 6 %.
3.Leagfar amach rialacha sonracha maidir le cúnamh teicniúil do cláir Interreg i Rialachán CCE.
Airteagal 32
Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais an chúnaimh theicniúil do na Ballstáit
Sa bhreis ar Airteagal 31, féadfaidh an Ballstát beartú gníomhaíochtaí breise cúnaimh theicniúil a dhéanamh chun an acmhainn de chuid údaráis, thairbhithe agus chomhpháirtithe ábhartha an Bhallstáit a threisiú is gá chun na Cistí a riar agus a úsáid go héifeachtach.
Déanfar an tacaíocht do ghníomhaíochtaí den sórt sin a chur chun feidhme trí mhaoiniú nach mbeidh nasctha le costais i gcomhréir le hAirteagal 89.
Teideal IV
Faireachán, meastóireacht, cumarsáid agus infheictheacht
CAIBIDIL I
Faireachán
Airteagal 33
Coiste faireacháin
1.Cuirfidh an Ballstát coiste ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir (‘coiste faireacháin’) laistigh de thrí mhí tar éis dháta an fhógra don Bhallstát lena mbaineann faoin gcinneadh chun an clár a fhormheas.
Féadfaidh an Ballstát coiste faireacháin aonair a bhunú chun níos mó ná clár amháin a chumhdach.
2.Déanfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta a ghlacadh.
3.Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an chláir i dtaca lena chuspóirí a ghnóthú.
4.Foilseoidh an Ballstát rialacha nós imeachta an choiste faireacháin agus na sonraí agus an fhaisnéis uile a roinntear leis an gcoiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).
5.Ní bheidh feidhm ag mír 1 go mír 4 maidir le cláir faoi Airteagal [4(c)(vi)] de Rialachán CSE+ agus an cúnamh teicniúil gaolmhar.
Airteagal 34
Comhdhéanamh an choiste faireacháin
1.Cinnfidh an Ballstát comhdhéanamh an choiste faireacháin agus áiritheoidh sé go mbeidh ionadaíocht chothrom ann ar údaráis ábhartha agus ar chomhlachtaí idirmheánacha an Bhallstáit agus ar ionadaithe na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 6.
Beidh vóta ag gach comhalta den choiste faireacháin.
Foilseoidh an Ballstát an liosta de chomhaltaí an choiste faireacháin ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).
2.Beidh ionadaithe ón gCoimisiún rannpháirteach mar chomhairleoirí in obair an choiste faireacháin.
Airteagal 35
Feidhmeanna an choiste faireacháin
1.Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú:
(a)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme an chláir agus i dtaca le gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna;
(b)aon shaincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an chláir agus na bearta arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin;
(c)rannchuidiú an chláir le dul i ngleic leis na dúshláin arna sainaithint sna moltaí tír-shonracha ábhartha;
(d)eilimintí an mheasúnaithe ex ante a liostaítear in Airteagal 52(3) agus an doiciméid straitéise dá dtagraítear in Airteagal 53(2);
(e)an dul chun cinn i dtaca le meastóireachtaí a dhéanamh, sintéis meastóireachtaí agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;
(f)cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;
(g)an dul chun cinn i dtaca le cur chun feidhme oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo, i gcás inarb ábhartha;
(h)comhlíonadh coinníollacha cumasaithe agus cur i bhfeidhm na gcoinníollacha sin i rith na clárthréimhse;
(i)an dul chun cinn i dtaca le fothú acmhainneachta riaracháin i gcás institiúidí poiblí agus tairbhithe, i gcás inarb ábhartha.
2.Formheasfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas:
(a)an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun oibríochtaí a roghnú, lena náirítear aon athruithe orthu, tar éis comhairliúchán leis an gCoimisiún de bhun Airteagal 67(2), gan dochar do phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 27(3);
(b)na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ó CTI, ó CSI agus ó IBTV, agus na tuarascálacha deiridh ar fheidhmíocht i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe;
(c)an plean meastóireachta agus aon leasú air;
(d)aon togra ón údarás bainistíochta le haghaidh leasú ar chlár lena náirítear aistrithe i gcomhréir le hAirteagal 19(5) agus Airteagal 21.
Airteagal 36
Athbhreithniú bliantúil ar fheidhmíocht
1.Eagrófar cruinniú athbhreithnithe bliantúil idir an Coimisiún agus gach Ballstát chun feidhmíocht gach cláir a scrúdú.
Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach ar an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil nó, má iarrann an Ballstát amhlaidh, beidh an Ballstát agus an Coimisiún ina gcomhchathaoirligh.
2.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, eagrófar an cruinniú athbhreithnithe dhá uair ar a laghad le linn na clárthréimhse.
3.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe, déanfaidh an Ballstát, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin roimh an gcruinniú athbhreithnithe bliantúil, an fhaisnéis faoi na heilimintí a liostaítear in Airteagal 35(1) a sholáthar don Choimisiún.
I gcás na gclár faoi Airteagal [4(1)(c)(vii)] de Rialachán CSE+, beidh an fhaisnéis a bheidh le soláthar teoranta do phointí (a), (b), (e), (f) agus (h) d’Airteagal 35(1).
4.Déanfar torthaí an chruinnithe athbhreithnithe bhliantúil a thaifeadadh i miontuairiscí comhaontaithe.
5.Déanfaidh an Ballstát bearta leantacha maidir leis na saincheisteanna arna dtarraingt anuas ag an gCoimisiún agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas laistigh de thrí mhí faoi na bearta arna ndéanamh.
6.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ó CTI, ó CSI agus ó IBTV, cuirfidh an Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht isteach i gcomhréir leis na Rialacháin Chiste-shonracha.
Airteagal 37
Sonraí a tharchur
1.Déanfaidh an túdarás bainistíochta sonraí carnacha maidir le gach clár a tharchur go leictreonach chuig an gCoimisiún faoin 31 Eanáir, an 31 Bealtaine, an 31 Iúil, an 30 Meán Fómhair agus an 30 Samhain de gach bliain i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
Beidh an chéad tarchur le déanamh faoin 31 Eanáir 2022 agus an ceann deireanach faoin 31 Eanáir 2030.
I gcás cláir faoi Airteagal 4(1)(c)(vii) de Rialachán CSE+, tarchuirfear na sonraí gach bliain faoin 30 Samhain.
2.Déanfar na sonraí a mhiondealú i gcás gach tosaíochta de réir cuspóir sonrach agus de réir catagóir réigiún, agus déanfar tagairt iontu don mhéid seo a leanas:
(a)an líon oibríochtaí a roghnaíodh, a gcostas incháilithe iomlán, an ranníocaíocht ó na Cistí agus an caiteachas incháilithe iomlán arna dhearbhú ag na tairbhithe chuig an údarás bainistíochta, agus é sin ar fad miondealaithe de réir an chineáil idirghabhála;
(b)luachanna na dtáscairí aschuir agus toraidh i gcás na noibríochtaí a roghnaíodh agus na luachanna arna ngnóthú ag na hoibríochtaí.
3.I gcás ionstraimí airgeadais, soláthrófar sonraí faoin méid seo a leanas freisin:
(a)an caiteachas incháilithe de réir cineál táirge airgeadais;
(b)méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe;
(c)de réir cineál táirge airgeadais, an méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna núsáid le cois na gCistí;
(d)ús agus gnóthachain eile arna nginiúint trí thacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 54 agus acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó na Cistí arna gcur ar ais dá dtagraítear in Airteagal 56.
4.Beidh na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir leis an Airteagal seo iontaofa agus cothrom le dáta amhail ó dheireadh na míosa roimh an mí a chuirfear isteach iad.
5.Foilseoidh an túdarás bainistíochta na sonraí uile arna dtarchur chuig an gCoimisiún ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).
6.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) chun an teimpléad a leagan síos a úsáidfear le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo.
Airteagal 38
Tuarascálacha feidhmíochta deiridh
1.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe, cuirfidh gach údarás bainistíochta tuarascáil feidhmíochta deiridh ar an gclár faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra 2031.
2.Déanfar measúnú sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht ar ghnóthú chuspóirí an chláir bunaithe ar na heilimintí a liostaítear in Airteagal 35(1) diomaite den fhaisnéis a sholáthraítear faoi Airteagal 35(1)(d).
3.Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht agus cuirfidh sé an túdarás bainistíochta ar an eolas faoi aon bharúlacha atá aige laistigh de chúig mhí ón dáta a fuarthas an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht. I gcás ina dtabharfar barúlacha den sórt sin, déanfaidh an túdarás bainistíochta an fhaisnéis go léir is gá maidir leis na barúlacha sin a sholáthar agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí, an Coimisiún a chur ar an eolas i dtaobh na mbeart a rinneadh. Cuirfidh an Coimisiún an Ballstát ar an eolas gur glacadh leis an tuarascáil.
4.Foilseoidh an túdarás bainistíochta tuarascálacha deiridh ar fheidhmíocht ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).
5.Déanfaidh an Coimisiún, chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo, gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunófar an teimpléad do na tuarascálacha feidhmíochta deiridh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 108.
CAIBIDIL II
Meastóireacht
Airteagal 39
Meastóireachtaí ag na Ballstáit
1.Déanfaidh an túdarás bainistíochta meastóireachtaí ar an gclár. Le gach meastóireacht, déanfar measúnú ar an gclár i ndáil lena éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE, d’fhonn cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na gclár a fheabhsú.
2.Ina theannta sin, déanfaidh an túdarás bainistíochta meastóireacht ar gach clár lena thionchar a mheas faoin 30 Meitheamh 2029.
3.Cuirfidh an túdarás bainistíochta na meastóireachtaí faoi chúram saineolaithe atá neamhspleách ó thaobh feidhme de.
4.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta nó an Ballstát na nósanna imeachta is gá chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú.
5.Tarraingeoidh an túdarás bainistíochta nó an Ballstát plean meastóireachta suas. Féadfar níos mó ná clár amháin a chumhdach leis an bplean meastóireachta sin. I gcás CTIL, CSI agus IBTV, beidh meastóireacht mheántéarma a chríochnófar faoin 31 Márta 2024 ar áireamh sa phlean sin.
6.Cuirfidh an túdarás bainistíochta an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis don chlár a bheith formheasta.
7.Foilseoidh an túdarás bainistíochta na meastóireachtaí uile ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear in Airteagal 44(1).
Airteagal 40
Meastóireacht ag an gCoimisiún
1.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht mheántéarma lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le gach Ciste faoi dheireadh 2024. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as gach faisnéis ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal [128] den Rialachán Airgeadais.
2.Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht shiarghabhálach lena scrúdófar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach AE maidir le gach Ciste, faoin 31 Nollaig 2031.
CAIBIDIL III
Infheictheacht, trédhearcacht agus cumarsáid
Roinn I
Infheictheacht na tacaíochta ó na Cistí
Airteagal 41
Infheictheacht
Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas:
(a)infheictheacht na tacaíochta do na gníomhaíochtaí uile a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí agus aird ar leith á tabhairt ar oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo;
(b)cumarsáid le saoránaigh an Aontais faoi ról na gCistí agus faoina bhfuil bainte amach a bhuí leo, ar thairseach ghréasáin amháin lena dtabharfar rochtain ar na cláir uile a bhfuil baint ag an mBallstát sin leo.
Airteagal 42
Suaitheantas an Aontais
Déanfaidh na Ballstáit, na húdaráis bhainistíochta agus na tairbhithe suaitheantas an Aontais Eorpaigh a úsáid i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII agus gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide á ndéanamh acu.
Airteagal 43
Oifigigh chumarsáide agus líonraí
1.Sonróidh gach Ballstát comhordaitheoir cumarsáide le haghaidh gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide i ndáil leis an tacaíocht ó na Cistí, lena náirítear cláir faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) i gcás inarb é an Ballstát sin óstach an údaráis bhainistíochta. Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáide bearta cumarsáide agus infheictheachta a chomhordú idir cláir.
Déanfaidh an comhordaitheoir cumarsáide páirt a thabhairt do na comhlachtaí seo a leanas sna gníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide:
(a)Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh agus Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa sna Ballstáit; chomh maith le hIonaid Eolais Europe Direct agus líonraí eile; institiúidí oideachais agus taighe;
(b)comhpháirtithe agus comhlachtaí ábhartha eile.
2.Sonróidh gach údarás bhainistíochta oifigeach cumarsáide le haghaidh gach cláir (‘oifigeach cumarsáide an chláir’).
3.Rithfidh an Coimisiún líonra a bheidh comhdhéanta de chomhordaitheoirí cumarsáide, oifigigh chumarsáide na gclár agus ionadaithe ón gCoimisiún chun fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí infheictheachta, trédhearcachta agus cumarsáide a mhalartú.
Roinn II
Trédhearcacht chur chun feidhme na gCistí agus cumarsáid faoi na cláir
Airteagal 44
Feidhmeanna na núdarás bainistíochta
1.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta gurb ann do shuíomh gréasáin, laistigh de shé mhí ón tráth a fhormheastar na cláir, ina gcuirfear faisnéis faoi na cláir atá faoina chúram ar fáil, ina gcumhdaítear cuspóirí agus gníomhaíochtaí an chláir, na deiseanna cistiúcháin atá le fáil faoin gclár agus a bhfuil bainte amach.
2.Foilseoidh an túdarás bainistíochta ar an suíomh gréasáin dá dtagraítear i mír 1, aon mhí amháin ar a dhéanaí sula nosclófar glao ar thograí, achoimre ghearr ar na glaonna ar thograí atá beartaithe agus atá foilsithe maille leis na sonraí seo a leanas:
(a)an limistéar geografach a chumhdaítear leis an nglao ar thograí;
(b)an cuspóir beartais nó an cuspóir sonrach lena mbaineann;
(c)cineál na niarratasóirí incháilithe;
(d)méid iomlán na tacaíochta don ghlao;
(e)dáta tosaithe agus dáta deiridh an ghlao.
3.Déanfaidh an túdarás bainistíochta an liosta de na hoibríochtaí arna roghnú le haghaidh tacaíocht ó na Cistí a chur ar fáil go poiblí ar an suíomh gréasáin i dteanga oifigiúil amháin de chuid an Aontais, ar a laghad, agus tabharfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta gach trí mhí ar a laghad. Beidh cód uathúil ag gach oibríocht. Beidh na sonraí seo a leanas ar áireamh sa liosta:
(a)i gcás eintitis dhlíthiúla, ainm an tairbhí;
(b)más duine nádúrtha é an tairbhí, an céadainm agus an sloinne;
(c)i gcás oibríochtaí faoi CEMI a bhaineann le soitheach iascaireachta, an uimhir aitheantais i gclár cabhlaigh iascaireachta an Aontais dá dtagraítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2017/218 ón gCoimisiún;
(d)ainm na hoibríochta;
(e)cuspóir na hoibríochta agus a bhfuil bainte amach aici;
(f)dáta tosaithe na hoibríochta;
(g)an dáta deiridh a mheastar a chríochnófar an oibríocht nó an dáta iarbhír;
(h)costas iomlán na hoibríochta;
(i)an Ciste lena mbaineann;
(j)an cuspóir sonrach lena mbaineann;
(k)an ráta cómhaoinithe ón Aontas;
(l)táscaire suímh nó geoshuíomh don oibríocht agus an tír lena mbaineann;
(m)i gcás oibríochtaí soghluaiste nó oibríochtaí lena gcumhdaítear roinnt suíomhanna, suíomh an tairbhí ina bhfuil an tairbhí ina eintiteas dlíthiúil; nó an réigiún ar leibhéal NUTS 2 nuair is duine nádúrtha an tairbhí;
(n)an cineál idirghabhála don oibríocht i gcomhréir le hAirteagal 67(3)(g);
I gcás sonraí dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (k) den chéad fhomhír, bainfear na sonraí dhá bhliain tar éis dháta a bhfoilsithe thosaigh ar an suíomh gréasáin.
I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ní fhoilseofar na sonraí dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) den chéad fhomhír ach amháin má tá an foilsiú sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta.
4.Foilseofar na sonraí dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 ar an suíomh gréasáin i bhformáidí oscailte meaisín-inléite, mar a leagtar amach in Airteagal 5(1) de Threoir 2003/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lenar féidir sonraí a shórtáil, a chuardach, a asbhaint, a chur i gcomparáid agus a athúsáid.
5.Cuirfidh an túdarás bainistíochta na tairbhithe ar an eolas go bpoibleofar na sonraí sula bpoibleofar iad i gcomhréir leis an Airteagal seo.
6.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta go ndéanfar gach ábhar cumarsáide agus infheictheachta, lena náirítear ábhar ar leibhéal na dtairbhithe, a chur ar fáil d’institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí an Aontais, arna iarraidh sin, agus go ndeonófar don Aontas, i gcomhréir le hIarscríbhinn VIII, ceadúnas saor ó ríchíos, neamheisiach agus do-chúlghairthe chun an tábhar sin a úsáid maille le haon chearta a bhaineann leis cheana féin.
Airteagal 45
Freagrachtaí na dtairbhithe
1.Déanfaidh na tairbhithe agus na comhlachtaí atá ag cur ionstraimí airgeadais chun feidhme aitheantas a thabhairt don tacaíocht, lena náirítear na hacmhainní arna nathúsáid i gcomhréir le hAirteagal 56, ó na Cistí don oibríocht, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)tuairisc ghairid ar an oibríocht, i gcomhréir leis an leibhéal tacaíochta, a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin gairmiúil an tairbhí nó ar a shuíomhanna meán sóisialta, i gcás inarb ann dá leithéid de shuíomhanna, lena náirítear aidhmeanna agus torthaí na hoibríochta, agus an tacaíocht airgeadais a fuarthas ón Aontas á haibhsiú;
(b)ráiteas a thabhairt ag aibhsiú na tacaíochta ó na Cistí ar bhealach infheicthe ar dhoiciméid agus ar ábhar cumarsáide a bhaineann le cur chun feidhme na hoibríochta, a úsáidtear le haghaidh an phobail nó le haghaidh na rannpháirtithe;
(c)plaiceanna nó cláir fógraí a chur ar taispeáint go poiblí a luaithe a chuirtear tús le cur chun feidhme fisiceach oibríochtaí lena mbaineann infheistíocht fhisiceach nó ceannach trealaimh, maidir leis an méid seo a leanas:
(i)oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe ar mó a gcostas iomlán ná EUR 500 000;
(ii)oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+, ó CEMI, ó CSI, ó CTIL agus ó IBTV ar mó a gcostas iomlán ná EUR 100 000.
(d)i gcás oibríochtaí nach dtagann faoi phointe (c), taispeáint chlóite nó leictreonach amháin ar a laghad agus é ar mhéid A3 ar a laghad a chur ar taispeáint go poiblí, agus faisnéis uirthi faoin oibríocht ag aibhsiú na tacaíochta ó na Cistí;
(e)i gcás oibríochtaí a mbaineann tábhacht straitéiseach leo agus oibríochtaí ar mó a gcostas iomlán ná EUR 10 000 000 ócáid chumarsáide a eagrú agus an Coimisiún agus an túdarás bainistíochta freagrach a dhéanamh rannpháirteach inti ar bhealach prapúil.
I gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 4(1)(c)(vii) de Rialachán CSE+, ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin.
2.I gcás cistí do thionscadail bheaga, áiritheoidh an tairbhí go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach i mír 1.
I gcás ionstraimí airgeadais, áiritheoidh an tairbhí go gcomhlíonfaidh na faighteoirí deiridh na ceanglais a leagtar amach i bpointe (c) den mhír 1.
3.I gcás nach gcomhlíonann an tairbhí a oibleagáidí faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 den Airteagal seo, cuirfidh an Ballstát ceartú airgeadais i bhfeidhm trí suas le 5 % den tacaíocht ó na Cistí don oibríocht lena mbaineann a chur ar ceal.
Teideal V
TACAÍOCHT AIRGEADAIS Ó NA CISTÍ
CAIBIDIL I
Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas
Airteagal 46
Foirmeacha na ranníocaíochta ón Aontas
Féadfar ranníocaíocht an Aontais a dhéanamh in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
(a)maoiniú nach bhfuil baint aige le costais na noibríochtaí ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 89 agus ar bhonn ceachtar acu seo a leanas:
(i)comhlíonadh na gcoinníollacha;
(ii)gnóthú torthaí;
(b)aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaigh na tairbhithe i ndáiríre nó an comhpháirtí príobháideach in oibríochtaí CPP agus a íocadh chun oibríochtaí a chur chun feidhme;
(c)costais aonaid, i gcomhréir le hAirteagal 88, a chumhdaíonn catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin arna sainaithint go soiléir roimh ré le tagairt do mhéid áirithe in aghaidh an aonaid;
(d)cnapshuimeanna, i gcomhréir le hAirteagal 88, a chumhdaíonn catagóirí uile na gcostas incháilithe nó catagóirí áirithe sonracha de na costais sin arna sainaithint go soiléir roimh ré le tagairt do mhéid áirithe in aghaidh an aonaid;
(e)maoiniú de réir ráta comhréidh, i gcomhréir le hAirteagal 88, a chumhdaíonn catagóirí sonracha de na costais incháilithe arna sainaithint go soiléir roimh ré, trí chéatadán a chur i bhfeidhm;
(f)meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointí (a) go (e).
CAIBIDIL II
Foirmeacha na tacaíochta ag na Ballstáit
Airteagal 47
Foirmeacha tacaíochta
Úsáidfidh na Ballstáit an ranníocaíocht ó na Cistí chun tacaíocht a thabhairt do thairbhithe i bhfoirm deontas, ionstraimí airgeadais, duaiseanna nó meascán díobh sin.
Roinn I
FOIRMEACHA DEONTAS
Airteagal 48
Foirmeacha deontas
1.Féadfaidh na deontais a thabharfaidh na Ballstáit do na tairbhithe a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
(a)aisíocaíocht na gcostas incháilithe a thabhaigh an tairbhí i ndáiríre nó an comhpháirtí príobháideach in oibríochtaí CPP agus a íocadh chun oibríochtaí a chur chun feidhme, lena náirítear ranníocaíochtaí comhchineáil agus dímheas;
(b)costais aonaid;
(c)cnapshuimeanna;
(d)maoiniú ar ráta comhréidh;
(e)meascán de na foirmeacha dá dtagraítear i bpointe (a) go (d), ar choinníoll go gcumhdaíonn gach foirm catagóirí éagsúla costas nó i gcás ina núsáidtear iad le haghaidh tionscadal éagsúil atá ina gcuid d’oibríocht nó le haghaidh céimeanna leantacha d’oibríocht.
Más rud é nach mó costas iomlán na hoibríochta ná EUR 200 000, beidh an ranníocaíocht a thabharfar ó CFRE, ó CSE+, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, i bhfoirm costais aonaid, cnapshuimeanna nó rátaí comhréidhe, cé is moite de thionscadail inarb ionann an tacaíocht agus státchabhair. Má úsáidtear maoiniú ar ráta comhréidh, ní fhéadfar ach na catagóirí costais a bhfuil feidhm ag an ráta chomhréidh maidir leo a aisíoc i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír.
Thairis sin, féadfar na liúntais agus na tuarastail a íoctar le rannpháirtithe a aisíoc i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír.
2.Is ar cheann de na bealaí seo a leanas a shocrófar na méideanna i gcomhair na bhfoirmeacha deontas dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) de mhír 1:
(a)modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe orthu seo a leanas:
(i) sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;
(ii) sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair;
(iii) gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na dtairibhithe aonair a chur i bhfeidhm;
(b)dréachtbhuiséad a shocraítear ar bhonn gach cáis ar leith agus a dhéanann an comhlacht atá ag roghnú na hoibríochta a chomhaontú exante, i gcás nach dtéann costas iomlán na hoibríochta thar EUR 200 000;
(c)i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha a chur i bhfeidhm, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna;
(d)i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha a chur i bhfeidhm, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna;
(e)rátaí comhréidhe agus modhanna sonrach arna mbunú leis an Rialachán seo nó leis na Rialacháin Chiste-shonracha.
Airteagal 49
Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais indíreacha a bhaineann le deontais
Má úsáidtear ráta comhréidh chun costais indíreacha oibríochta a chumhdach, beidh sé bunaithe ar cheann de na nithe seo a leanas:
(a)ráta comhréidh suas le 7 % de na costais dhíreacha incháilithe, sa chás sin ní bheidh ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;
(b)ráta comhréidh suas le 15 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe, sa chás sin ní bheidh ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh;
(c)ráta comhréidh suas le 25 % de na costais dhíreacha incháilithe, ar choinníoll go ríomhfar an ráta i gcomhréir le hAirteagal 48(2)(a).
Ina theannta sin, má tá ráta comhréidh arna ríomh ag an mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 67(5)(a) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, is féidir an ráta sin a úsáid le haghaidh oibríocht den chineál céanna chun críocha phointe (c).
Airteagal 50
Costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais
1.Féadfar costais foirne dhíreacha oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh suas le 20 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne dhíreacha na hoibríochta sin, gan ceanglas a bheith ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh, ar choinníoll nach náirítear ar chostais dhíreacha na hoibríochta conarthaí oibreacha poiblí ná conarthaí soláthair nó seirbhíse a bhfuil luach ag baint leo a sháraíonn na tairseacha a leagtar amach in Airteagal 4 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó in Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
I gcás CTIL, CSI agus IBTV, déanfar costais dhíreacha atá faoi réir soláthar poiblí agus costais foirne dhíreacha na hoibríochta sin a eisiamh ón mbunús ar a ríomhtar an ráta comhréidh.
2.Chun críocha na costais foirne dhíreacha a chinneadh, féadfar ráta in aghaidh na huaire a ríomh ar cheann de na bealaí seo a leanas:
(a)trí na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar 1 720 uair an chloig i gcás daoine atá ag obair go lánaimseartha, nó ar líon pro rata de 1 720 uair an chloig i gcás daoine atá ag obair go páirtaimseartha;
(b)trí na hollchostais mhíosúla fostaíochta dhoiciméadaithe is déanaí a roinnt ar am oibre míosúil an duine lena mbaineann i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta is infheidhme dá dtagraítear sa chonradh fostaíochta.
3.Nuair a chuirfear an ráta in aghaidh na huaire a ríomhtar i gcomhréir le mír 2 i bhfeidhm, ní rachaidh líon iomlán na nuaireanta a dhearbhaítear in aghaidh an duine in aon bhliain amháin nó in aon mhí amháin thar líon na nuaireanta a úsáidtear chun an ráta sin in aghaidh na huaire a ríomh.
4.Sa chás nach bhfuil ollchostais bhliantúla fostaíochta ar fáil, féadfar iad a ríomh ó na hollchostais bhliantúla fostaíochta dhoiciméadaithe atá ar fáil nó ón gconradh fostaíochta arna choigeartú mar is cuí do thréimhse 12 mhí.
5.Maidir leis na costais foirne a bhaineann le daoine aonair a oibríonn go páirtaimseartha ar an oibríocht, féadfar na costais foirne a ríomh mar chéatadán seasta de na hollchostais fostaíochta, i gcomhréir le céatadán seasta d’am caite ag obair ar an oibríocht in aghaidh na míosa, gan aon oibleagáid córas ar leith a chur ar bun chun an tam caite ag obair a chlárú. Eiseoidh an fostóir doiciméad i leith fostaithe ina leagfar amach an céatadán seasta sin.
Airteagal 51
Maoiniú ar ráta comhréidh le haghaidh costais incháilithe seachas costais foirne dhíreacha a bhaineann le deontais
1.Féadfar ráta comhréidh suas le 40 % de na costais foirne dhíreacha incháilithe a úsáid chun na costais eile incháilithe a bhaineann le hoibríocht a chumhdach. Ní chuirfear ceangal ar an mBallstát ríomh a dhéanamh chun an ráta is infheidhme a chinneadh.
2.I gcás oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI, ó IBTV, ó CSE+ agus ó CFRE, measfar gur costais bhreise incháilithe nach náirítear sa ráta comhréidh iad na tuarastail agus na liúntais a íoctar le rannpháirtithe.
3.Ní chuirfear i bhfeidhm an ráta comhréidh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir le costais foirne a ríomhadh ar bhonn ráta comhréidh dá dtagraítear in Airteagal 50(1).
ROINN II
IONSTRAIMÍ AIRGEADAIS
Airteagal 52
Ionstraimí airgeadais
1.Féadfaidh na húdaráis bhainistíochta ranníocaíocht chláir, faoi chlár amháin nó níos mó, a thabhairt d’ionstraimí airgeadais arna gcur ar bun ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, trasnáisiúnta nó trasteorann agus arna mbainistiú ag an údarás bainistíochta nó faoi chúram an údaráis bainistíochta, agus a rannchuidíonn le gnóthú cuspóirí sonracha.
2.Ní thabharfaidh ionstraimí airgeadais tacaíocht d’fhaighteoirí deiridh ach amháin le haghaidh infheistíochtaí nua a mheastar a bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de, amhail giniúint ioncaim agus coigiltis, agus nach bhfaigheann a ndóthain cistiúcháin ó fhoinsí margaidh.
3.Beidh an tacaíocht ó na Cistí trí ionstraimí airgeadais bunaithe ar mheasúnú ex ante a mbeidh an túdarás bainistíochta freagrach as a tharraingt suas. Críochnófar an measúnú ex ante sula gcinnfidh na húdaráis bhainistíochta ranníocaíochtaí cláir a dhéanamh le hionstraimí airgeadais.
Beidh na heilimintí seo a leanas, ar a laghad, sa mheasúnú ex ante:
(a)an méid atá beartaithe mar ranníocaíocht chláir le hionstraim airgeadais agus an éifeacht ghiarála a bhfuil súil leis;
(b)na táirgí airgeadais atá sé beartaithe a thairiscint, lena náirítear aon ghá le cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí;
(c)an spriocghrúpa d’fhaighteoirí deiridh atá beartaithe;
(d)an rannchuidiú a mheastar a dhéanfaidh an ionstraim airgeadais le gnóthú cuspóirí sonracha.
Féadfar an measúnú ex ante a athbhreithniú nó a thabhairt cothrom le dáta agus féadfaidh sé cuid de chríoch nó críoch iomlán an Bhallstáit a chumhdach agus féadfaidh sé a bheith bunaithe ar mheasúnuithe ex ante atá ann cheana nó a tugadh cothrom le dáta.
4.Féadfar an tacaíocht d’fhaighteoirí deiridh a chomhcheangal le ranníocaíocht ón Aontas in aon fhoirm, lena náirítear ranníocaíocht ón gCiste céanna agus féadfar an ítim chaiteachais chéanna a chumhdach léi. Sa chás sin, ní dhéanfar an tacaíocht ionstraime airgeadais ón gCiste, ar cuid d’oibríocht ionstraime airgeadais í, a dhearbhú don Choimisiún le haghaidh tacaíocht i bhfoirm eile, ó Chiste eile ná ó ionstraim eile de chuid an Aontais.
5.Féadfar ionstraimí airgeadais a chomhcheangal le tacaíocht choimhdeach do chlár i bhfoirm deontas mar oibríocht ionstraime airgeadais aonair, laistigh de chomhaontú cistiúcháin aonair, agus soláthróidh an comhlacht atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme an dá fhoirm tacaíochta ar leith. I gcás den sórt sin, na rialacha is infheidhme maidir le hionstraimí airgeadais, beidh feidhm acu maidir leis an oibríocht ionstraime airgeadais aonair sin.
6.I gcás tacaíocht chomhcheangailte faoi mhí 4 agus faoi mhír 5, coinneofar taifid ar leith le haghaidh gach foinse tacaíochta.
7.Ní bheidh suim na bhfoirmeacha tacaíochta comhcheangailte uile níos mó ná méid iomlán na hítime caiteachais lena mbaineann. Ní úsáidfear deontais chun tacaíocht a fuarthas ó ionstraimí airgeadais a aisíoc. Ní úsáidfear ionstraimí airgeadais chun deontais a réamh-mhaoiniú.
Airteagal 53
Ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme
1.Ní fhéadfaidh ionstraimí airgeadais atá faoi bhainistiú an údaráis bainistíochta ach iasachtaí nó ráthaíochtaí a thabhairt. Déanfaidh an túdarás bainistíochta téarmaí agus coinníollacha na ranníocaíochta cláir leis an ionstraim airgeadais a leagan amach i ndoiciméad straitéise, lena náirítear na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.
2.Ionstraimí airgeadais arna mbainistiú faoi chúram an údaráis bainistíochta, féadfar iad a chur ar bun mar ceachtar acu seo a leanas:
(a)infheistíocht acmhainní cláir i gcaipiteal eintitis dhlíthiúil;
(b)bloic leithleacha de chuntais mhuiníneacha nó airgeadais laistigh d’institiúid.
Roghnóidh an túdarás bainistíochta an comhlacht a chuirfidh ionstraim airgeadais chun feidhme.
Nuair a dhéanfaidh an comhlacht a roghnaigh an túdarás bainistíochta ciste sealbhaíochta a chur chun feidhme, féadfaidh an comhlacht sin tuilleadh comhlachtaí eile a roghnú chun ciste sonrach a chur chun feidhme.
3.Na téarmaí agus na coinníollacha a bhaineann le ranníocaíochtaí cláir le hionstraimí airgeadais arna gcur chun feidhme i gcomhréir le mír 2, leagfar amach i gcomhaontuithe cistiúcháin iad idir:
(a)na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bainistíochta agus an chomhlachta atá ag cur ciste sealbhaíochta chun feidhme, i gcás inarb infheidhme;
(b)na hionadaithe atá sainordaithe go cuí de chuid an údaráis bainistíochta, nó i gcás inarb infheidhme, an chomhlachta atá ag cur ciste sealbhaíochta chun feidhme, agus an chomhlachta atá ag cur ciste sonrach chun feidhme.
Áireofar sna comhaontuithe cistiúcháin sin na heilimintí uile a leagtar amach in Iarscríbhinn IX.
4.Ní bheidh dliteanas airgeadais an údaráis bainistíochta níos mó ná an méid a gheall an túdarás bainistíochta don ionstraim airgeadais faoi na comhaontuithe cistiúcháin ábhartha.
5.Na comhlachtaí a chuirfidh na hionstraimí airgeadais lena mbaineann chun feidhme, nó i ndáil le ráthaíochtaí, an comhlacht a sholáthróidh na hiasachtaí forluiteacha, roghnóidh siad na faighteoirí deiridh, ag cur san áireamh go cuí chuspóirí an chláir agus an phoitéinsil d’inmharthanacht airgeadais na hinfheistíochta mar a bheidh léirithe sa phlean gnó nó i ndoiciméad coibhéiseach. Déanfar próiseas roghnúcháin na bhfaighteoirí deiridh ar bhealach trédhearcach, beidh cineál na gníomhaíochta ina údar leis, agus ní fhéadfaidh coinbhleacht leasa teacht as.
6.Féadfaidh an túdarás bainistíochta cómhaoiniú náisiúnta do chlár a sholáthar, nó is féidir sin a dhéanamh ar leibhéal na gcistí sealbhaíochta, nó ar leibhéal na gcistí sonracha, nó ar leibhéal na ninfheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, i gcomhréir leis na rialacha Ciste-shonracha. Má sholáthraítear an cómhaoiniú náisiúnta ar leibhéal na ninfheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, coinneoidh an comhlacht atá ag cur na nionstraimí airgeadais chun feidhme fianaise dhoiciméadach a léireoidh incháilitheacht an chaiteachais fholuitigh.
7.Déanfaidh an túdarás bainistíochta, agus an ionstraim airgeadais á bainistiú aige de bhun mhír 2, nó an comhlacht atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme, agus an ionstraim airgeadais á bainistiú aige de bhun mhír 3, cuntais ar leith a choinneáil nó cód cuntasaíochta a choinneáil in aghaidh na tosaíochta agus in aghaidh gach catagóire réigiúin do gach ranníocaíocht chláir agus, ar leithligh, d’acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 54 agus in Airteagal 56 faoi seach.
Airteagal 54
Ús arna ghiniúint agus gnóthachain eile arna nginiúint le tacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais
1.Déanfar an tacaíocht ó na Cistí a íocfar le hionstraimí airgeadais a chur i gcuntais úsmhara in institiúidí airgeadais a bhfuil a sainchónaí sna Ballstáit agus bainisteofar i gcomhréir le bainistíocht ghníomhach cistí agus le bainistíocht fhónta airgeadais í.
2.Ús agus gnóthachain eile atá inchurtha i leith tacaíochta ó na Cistí a íoctar le hionstraimí airgeadais, úsáidfear iad don chuspóir céanna nó do na cuspóirí céanna leis an tacaíocht tosaigh ó na Cistí, laistigh den ionstraim airgeadais chéanna; nó, tar éis fhoirceannadh na hionstraime airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha eile tacaíochta, go dtí deireadh na tréimhse incháilitheachta.
3.Ús agus gnóthachain eile dá dtagraítear i mír 2 nach núsáidfear i gcomhréir leis an bhforáil sin, déanfar iad a bhaint den chaiteachas incháilithe.
Airteagal 55
Cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí
1.An tacaíocht ó na Cistí d’ionstraimí airgeadais a infheisteofar i bhfaighteoirí deiridh chomh maith le haon chineál ioncaim arna ghiniúint leis na hinfheistíochtaí sin, atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí, féadfar iad a úsáid le haghaidh cóir dhifreáilte do na hinfheisteoirí ag oibriú faoi phrionsabal an gheilleagair margaidh trí chomhroinnt iomchuí rioscaí agus brabús.
2.Ní bheidh leibhéal na córa difreáilte sin níos mó ná an leibhéal a bhfuil gá leis chun acmhainní príobháideacha a mhealladh, arna shocrú le próiseas iomaíoch nó le measúnú neamhspleách.
Airteagal 56
Athúsáid acmhainní atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí
1.Acmhainní a aisíocfar, ríomh dheireadh na tréimhse incháilitheachta, le hionstraimí airgeadais ó infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh nó ó scaoileadh acmhainní a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, lena náirítear aisíocaíochtaí caipitil agus aon chineál ioncaim arna ghiniúint atá inchurtha i leith na tacaíochta ó na Cistí, déanfar iad a athúsáid sna hionstraimí airgeadais céanna nó in ionstraimí airgeadais eile le haghaidh tuilleadh infheistíochtaí i bhfaighteoirí deiridh, faoin gcuspóir sonrach céanna nó faoi na cuspóirí sonracha céanna agus le haghaidh aon chostais bhainistíochta agus táillí bainistíochta a bhaineann leis na hinfheistíochtaí nua sin.
2.Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá lena áirithiú go ndéanfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a aisíoc le hionstraimí airgeadais le linn tréimhse ocht mbliana ar a laghad tar éis dheireadh na tréimhse incháilitheachta, go ndéanfar iad a athúsáid i gcomhréir le cuspóirí beartais an chláir nó na gclár faoinar cuireadh ar bun iad, laistigh den ionstraim airgeadais chéanna nó, tar éis do na hacmhainní sin imeacht as an ionstraim airgeadais, in ionstraimí airgeadais eile nó i bhfoirmeacha eile tacaíochta.
CAIBIDIL III
Rialacha incháilitheachta
Airteagal 57
Incháilitheacht
1.Déanfar incháilitheacht caiteachais a chinneadh ar bhonn rialacha náisiúnta, ach amháin má leagtar síos rialacha sonracha sa Rialachán seo nó sna Rialacháin Chiste-shonracha, nó ar bhonn an Rialacháin seo nó na Rialachán sin.
2.Beidh caiteachas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí má dhéanann tairbhí nó comhpháirtí príobháideach oibríochta CPP é a thabhú agus go níoctar é chun oibríochtaí a chur chun feidhme, idir an dáta a chuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2021, cibé dáta is túisce, agus an 31 Nollaig 2029.
I gcás costais arna naisíoc de bhun phointe (b) agus phointe (c) d’Airteagal 48(1), déanfar na gníomhaíochtaí atá mar bhonn le haisíocaíocht a chur i gcrích idir an dáta a chuirfear an clár faoi bhráid an Choimisiúin nó ón 1 Eanáir 2014, cibé dáta is túisce, agus an 31 Nollaig 2029.
3.I gcás CFRE, an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí a chumhdaíonn níos mó ná aon chatagóir réigiún amháin a leagtar amach in Airteagal 102(2) laistigh de Bhallstát, déanfar é a leithdháileadh ar na catagóirí réigiún lena mbaineann ar bhonn pro rata, bunaithe ar chritéir oibiachtúla.
I gcás CSE+, rannchuideoidh an caiteachas a bhaineann le hoibríochtaí le gnóthú chuspóirí sonracha an chláir sin.
4.Féadfar oibríocht iomlán nó cuid di a chur chun feidhme lasmuigh de Bhallstát, lena náirítear lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go rannchuidíonn an oibríocht le cuspóirí an chláir.
5.I gcás deontais atá sna foirmeacha a luaitear faoi phointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 48(1), an caiteachas a bheidh incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí, beidh sé cothrom leis na méideanna arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 48(2).
6.Ní roghnófar oibríochtaí le haghaidh tacaíochta ó na Cistí i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an tiarratas ar chistiú faoin gclár faoi bhráid an údaráis bainistíochta, is cuma má rinneadh na híocaíochtaí gaolmhara go léir.
7.An caiteachas a fhágtar incháilithe de thoradh leasú ar chlár, beidh sé incháilithe ón dáta a chuirfear an iarraidh chomhfhreagrach faoi bhráid an Choimisiúin.
I gcás CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe, beidh sin amhlaidh má chuirtear cineál nua idirghabhála leis an gclár, dá dtagraítear i dTábla 1 in Iarscríbhinn I nó, i gcás CTIL, CSI agus IBTV, dá dtagraítear sna Rialacháin Chiste-shonracha.
Má leasaítear clár chun gníomhú de thoradh tubaiste nádúrtha, féadfar a fhoráil sa chlár go mbeidh an caiteachas a bhaineann leis an leasú sin incháilithe ón dáta a tharla an tubaiste nádúrtha.
8.Má fhormheastar clár nua i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma i gcomhréir le hAirteagal 14, beidh an caiteachas incháilithe ón dáta a chuirfear an iarraidh chomhfhreagrach faoi bhráid an Choimisiúin.
9.Féadfaidh oibríocht tacaíocht a fháil ó Chiste amháin nó níos mó nó ó chlár amháin nó níos mó agus ó ionstraimí eile de chuid an Aontais. I gcásanna den sórt sin, an caiteachas arna dhearbhú in iarratas ar íocaíocht do cheann de na Cistí, ní dhéanfar é a dhearbhú i gcás ceachtar acu seo a leanas:
(a)tacaíocht ó Chiste eile nó ó ionstraim eile de chuid an Aontais;
(b)tacaíocht ón gCiste céanna faoi chlár eile.
Féadfar méid an chaiteachais atá le cur isteach in iarratas ar íocaíocht de chuid Ciste a ríomh le haghaidh gach Ciste agus le haghaidh an chláir nó na gclár lena mbaineann ar bhonn pro rata, i gcomhréir leis an doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.
Airteagal 58
Costais nach bhfuil incháilithe
1.Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí:
(a)ús ar fhiachas, ach amháin maidir le deontais arna dtabhairt i bhfoirm fóirdheontas ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontas táille ráthaíochta;
(b)ceannach talún ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán don oibríocht lena mbaineann; le haghaidh láithreáin thréigthe agus láithreáin a bhíodh tráth in úsáid thionsclaíoch a bhfuil foirgnimh orthu, méadófar an teorainn sin go dtí 15 %; le haghaidh ráthaíochtaí beidh feidhm ag na céatadáin sin maidir le méid na hiasachta foluití;
(c)cáin bhreisluacha (CBL), ach amháin i gcás oibríochtaí ar lú a gcostas iomlán ná EUR 5 000 000.
I gcás phointe (b), ní bheidh feidhm ag na teorainneacha maidir le hoibríochtaí a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil.
2.Féadfaidh na Rialacháin Chiste-shonracha costais bhreise a shonrú nach bhfuil incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó gach Ciste.
Airteagal 59
Marthanacht oibríochtaí
1.Déanfaidh an Ballstát an ranníocaíocht ó na Cistí le hoibríocht a chuimsigh infheistíocht i mbonneagar nó infheistíocht tháirgiúil a aisíoc más rud é, laistigh de chúig bliana ón íocaíocht dheiridh leis an tairbhí nó laistigh den tréimhse ama a leagtar amach sna rialacha maidir le státchabhair, i gcás inarb infheidhme, go ngabhfaidh an oibríocht faoi aon cheann de nithe seo a leanas:
(a)scor nó aistriú gníomhaíochta táirgiúla;
(b)athrú ar úinéireacht ítime bonneagair a thabharfaidh buntáiste míchuí do ghnóthas nó do chomhlacht poiblí;
(c)athrú substaintiúil a dhéanfaidh difear dá cineál, dá cuspóirí nó dá coinníollacha cur chun feidhme a mbainfí an bonn óna cuspóirí bunaidh dá dheasca.
Féadfaidh an Ballstát na teorainneacha ama a leagtar amach sa chéad fhomhír a laghdú go dtí trí bliana i gcásanna a bhaineann le cothabháil infheistíochtaí nó post atá cruthaithe ag fiontair bheaga agus mheánmhéide.
2.Oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CSE+, ní aisíocfaidh siad an tacaíocht ó CSE+ ach amháin má tá siad faoi oibleagáid maidir le cothabháil infheistíochta de réir na rialacha maidir le státchabhair.
3.Ní bheidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 maidir le haon oibríocht ina ndéanfar gníomhaíocht tháirgiúil a scor de thoradh féimheacht neamhchalaoiseach.
Airteagal 60
Athlonnú
1.Caiteachas a thacaíonn le hathlonnú mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(26), ní bheidh sé incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó na Cistí.
2.Nuair is státchabhair atá i ranníocaíocht ó na Cistí, deimhneoidh an túdarás bainistíochta dó féin nach bhfuil an ranníocaíocht ag tacú le hathlonnú i gcomhréir le hAirteagal 14(16) de Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún.
Airteagal 61
Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le deontais
1.Maidir le ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm oibreacha, earraí, seirbhísí, talamh agus réadmhaoin nach ndearnadh ina leith aon íocaíocht arna tacú le sonraisc, nó le doiciméid de luach coibhéiseach cruthúnais, féadfaidh siad a bheith incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)nach bhfuil an tacaíocht phoiblí arna híoc leis an oibríocht, lena náirítear ranníocaíochtaí comhchineáil, níos airde ná an caiteachas incháilithe iomlán, gan ranníocaíochtaí comhchineáil san áireamh, ag deireadh na hoibríochta;
(b)nach bhfuil an luach atá inchurtha i leith na ranníocaíochtaí comhchineáil níos airde ná na costais a bhfuil glacadh go ginearálta leo ar an margadh i dtrácht;
(c)gur féidir luach agus seachadadh na ranníocaíochta a mheas agus a fhíorú go neamhspleách;
(d)i gcás talamh nó eastát réadach a sholáthar, gur féidir íocaíocht airgid a dhéanamh chun críocha an chomhaontaithe léasa de mhéid ainmniúil in aghaidh na bliana nach mó ná aonad aonair airgeadra an Bhallstáit;
(e)i gcás ranníocaíochtaí comhchineáil i bhfoirm obair gan íocaíocht, go ndéantar luach na hoibre sin a chinneadh tríd an am fíoraithe atá caite ar an obair agus ráta an luacha saothair le haghaidh obair choibhéiseach a chur san áireamh.
Déanfaidh saineolaí cáilithe neamhspleách nó comhlacht oifigiúil cuí-údaraithe luach na talún nó an eastáit réadaigh dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír den Airteagal seo a dheimhniú agus ní bheidh an luach sin níos airde ná an teorainn a leagtar síos in Airteagal 58(1)(b).
2.Costais dímheasa nár ndearnadh ina leith aon íocaíocht arna tacú le sonraisc, is féidir a mheas go bhfuil siad incháilithe má chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)go bhfuil sé ceadaithe faoi rialacha incháilitheachta an chláir;
(b)go bhfuil méid an chaiteachais cuí-réasúnaithe trí dhoiciméid tacaíochta de luach cruthúnais atá coibhéiseach le sonrasc i gcás costais incháilithe, i gcás inar a aisíocadh na costais sin san fhoirm dá dtagraítear in Airteagal 48(1)(a);
(c)go mbaineann na costais go heisiach leis an tréimhse tacaíochta don oibríocht;
(d)nár rannchuidigh deontais phoiblí le héadáil na sócmhainní dímheasta.
Airteagal 62
Rialacha incháilitheachta sonracha maidir le hionstraimí airgeadais
1.Is éard a bheidh i gcaiteachas incháilithe ionstraime airgeadais méid iomlán na ranníocaíochta cláir arna híoc, nó i gcás ráthaíochtaí, arna cur i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, ag an ionstraim airgeadais le linn na tréimhse incháilitheachta, má chomhfhreagraíonn an méid sin do na nithe seo a leanas:
(a)íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, i gcás iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais;
(b)acmhainní a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, chun glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh ar bhonn cóimheas iolraitheora, lena gcumhdaítear méid iolrach iasachtaí nua foluiteacha a íocadh amach nó infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais i bhfaighteoirí deiridh;
(c)íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, nó chun tairbhe faighteoirí deiridh, má tá ionstraimí airgeadais arna meascadh le rannchuidiú eile ón Aontas in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin i gcomhréir le hAirteagal 52(5);
(d)íocaíochtaí táillí bainistíochta agus aisíocaíochtaí costas bainistíochta arna dtabhú ag comhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme.
2.I gcás phointe (b) de mhír 1, socrófar an cóimheas iolraitheora le measúnú riosca stuama ex ante agus aontófar sa chomhaontú cistiúcháin ábhartha é. Féadfar an cóimheas iolraitheora a athbhreithniú, má bhíonn údar leis sin i ngeall ar athruithe ina dhiaidh sin ar dhálaí an mhargaidh. Ní bheidh éifeacht chúlghabhálach ag athbhreithniú den sórt sin.
3.I gcás phointe (d) de mhír 1, is ar fheidhmíocht a bheidh na táillí bainistíochta bunaithe. Má dhéantar comhlachtaí a chuirfidh ciste sealbhaíochta agus/nó cistí sonracha chun feidhme, de bhun Airteagal 53(3), a roghnú trí dhámhachtain dhíreach conartha, an méid costais bainistíochta agus táillí a íocfar leis na comhlachtaí sin is féidir a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe, beidh sé faoi réir tairseach suas le 5 % de mhéid iomlán na ranníocaíochtaí cláir a íocadh amach le faighteoirí deiridh in iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais nó a cuireadh i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta.
Ní infheidhme an tairseach sin má roghnaítear na comhlachtaí a chuirfidh ionstraimí airgeadais chun feidhme trí thairiscint iomaíoch i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus go léiríonn an tairiscint iomaíoch go dteastaíonn leibhéal níos airde costais bainistíochta agus táillí.
4.Má ghearrtar táillí socraíochta, nó aon chuid díobh, ar fhaighteoirí deiridh, ní dhéanfar iad a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe.
5.Ní bheidh an caiteachas incháilithe arna dhearbhú i gcomhréir le mír 1 níos mó ná suim an méid iomláin tacaíochta ó na Cistí a íocadh chun críocha na míre sin agus an chómhaoinithe náisiúnta chomhfhreagraigh.
TEIDEAL VI
BAINISTIÚ AGUS RIALÚ
CAIBIDIL I
Rialacha ginearálta maidir le bainistiú agus rialú
Airteagal 63
Freagrachtaí na mBallstát
1.Beidh córais bhainistithe agus rialaithe ag na Ballstáit le haghaidh a gcuid clár i gcomhréir leis an Teideal seo agus áiritheoidh siad go bhfeidhmeoidh na córais sin i gcomhréir leis an mbainistíocht fhónta airgeadais agus na ceanglais phríomha a liostaítear in Iarscríbhinn X.
2.Áiritheoidh na Ballstáit gur dlíthiúil agus gur rialta an caiteachas a áireofar sna cuntais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus déanfaidh an Ballstát na bearta uile is gá chun neamhrialtachtaí, lena náirítear calaois, a chosc, a bhrath agus a cheartú agus chun tuairisc a thabhairt orthu.
3.Déanfaidh na Ballstáit, ar iarratas ón gCoimisiún, na bearta is gá chun feidhmiú éifeachtach a gcóras bainistithe agus rialaithe a áirithiú mar aon le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirfear faoi bhráid an Choimisiúin. Más iniúchadh atá sa bheart sin, féadfaidh oifigigh an Choimisiúin nó a nionadaithe údaraithe páirt a ghlacadh ann.
4.Áiritheoidh na Ballstáit cáilíocht agus iontaofacht an chórais faireacháin agus na sonraí faoi tháscairí.
5.Beidh córais agus nósanna imeachta ag na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar na doiciméid uile is gá le haghaidh an riain iniúchóirteachta mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI a choinneáil i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 76.
6.Beidh socruithe déanta ag na Ballstáit lena náirithiú go scrúdófar go héifeachtach gearáin a bhaineann leis na Cistí. Scrúdóidh siad, ar iarratas ón gCoimisiún, gearáin arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin atá laistigh de scóip a gclár agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi thorthaí na scrúduithe sin.
Chun críocha an Airteagail seo, cumhdaíonn gearáin aon díospóid idir tairbhithe féideartha agus tairbhithe roghnaithe maidir leis an oibríocht atá beartaithe nó roghnaithe agus aon díospóid le tríú páirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir nó na noibríochtaí faoin gclár, gan beann ar cháiliú na modhanna sásaimh dhlíthiúil a leagtar síos sa dlí náisiúnta.
7.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach malartú faisnéise idir na tairbhithe agus údaráis an chláir trí chórais malartaithe sonraí leictreonacha i gcomhréir le hIarscríbhinn XII.
I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CEMI, ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, beidh feidhm ag an gcéad dá fhomhír ón 1 Eanáir 2023 amach.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le cláir faoi Airteagal [4(1)(c)(vii)] de Rialachán CSE+.
8.Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar gach malartú oifigiúil faisnéise leis an gCoimisiún trí chóras malartaithe sonraí leictreonacha i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII.
9.Déanfaidh gach an Ballstát, tar éis fhormheas an chláir agus tráth nach déanaí ná an tráth a chuirfear isteach an tiarratas deiridh ar íocaíocht don chéad bhliain chuntasaíochta agus faoin 30 Meitheamh 2023, tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIV. Coinneoidh sé an tuairisc sin cothrom le dáta chun aon athruithe ina dhiaidh sin a léiriú.
10.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun mír 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh trí na critéir a leagan amach lena gcinnfear na cásanna neamhrialtachtaí atá le tuairisciú agus na sonraí atá le soláthar.
11.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach an fhormáid atá le húsáid chun neamhrialtachtaí a thuairisciú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha ann le haghaidh chur chun feidhme an Airteagail seo.
Airteagal 64
Cumhachtaí agus freagrachtaí an Choimisiúin
1.Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil ag na Ballstáit córais bhainistithe agus rialaithe atá i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go bhfeidhmíonn na córais sin go héifeachtach i rith cur chun feidhme clár. Déanfaidh an Coimisiún straitéis iniúchóireachta agus plean iniúchóireachta a tharraingt suas a bheidh bunaithe ar mheasúnú riosca.
Déanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta a pleananna iniúchóireachta a chomhordú.
2.Déanfar iniúchtaí an Choimisiúin suas le trí bliana féilire tar éis an dáta a ghlacfar leis na cuntais ina náirítear an caiteachas lena mbaineann. Ní bheidh feidhm ag an tréimhse sin maidir le hoibríochtaí a mbaineann amhras faoi chalaois leo.
3.Beidh ag oifigigh an Choimisiúin nó ag a nionadaithe údaraithe, chun críocha a niniúchtaí, rochtain ar na taifid uile, ar na doiciméid uile agus ar na meiteashonraí uile is gá, gan beann ar an meán ina bhfuil siad stóráilte, a bhaineann le hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí nó le córais bhainistithe agus rialaithe agus gheobhaidh siad cóipeanna díobh san fhormáid shonrach a iarrfar.
4.Beidh feidhm ag an méid seo a leanas freisin i gcás iniúchtaí ar an láthair:
(a)tabharfaidh an Coimisiún fógra 12 lá oibre faoin iniúchadh d’údarás inniúil an chláir, diomaite de chásanna práinneacha. Féadfaidh oifigigh nó ionadaithe údaraithe an Bhallstáit páirt a ghlacadh sna hiniúchtaí sin.
(b)i gcás ina ndéantar, de thoradh cur i bhfeidhm forálacha den dlí náisiúnta, gníomhartha áirithe a fhorchoimeád do ghníomhairí arna nainmniú go sonrach sa dlí náisiúnta, beidh rochtain ag oifigigh agus ionadaithe údaraithe an Choimisiúin ar an bhfaisnéis a fhaightear ar an tslí sin gan dochar d’inniúlachtaí na gcúirteanna náisiúnta agus le lán-urramú chearta bunúsacha na ndaoine dlítheanacha lena mbaineann.
(c)déanfaidh an Coimisiún na réamhthorthaí iniúchóireachta a tharchur chuig an údarás inniúil de chuid an Bhallstáit i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an lae dheireanaigh den iniúchadh.
(d)déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil iniúchóireachta a tharchur i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a fuair sé freagra iomlán ón údarás inniúil de chuid an Bhallstáit ar na réamhthorthaí iniúchóireachta.
Féadfaidh an Coimisiún na teorainneacha dá dtagraítear i bpointe (c) agus i bpointe (d) a shíneadh trí mhí eile.
Airteagal 65
Údaráis an chláir
1.Chun críocha Airteagal [63(3)] den Rialachán Airgeadais, sonróidh an Ballstát údarás bainistíochta agus údarás iniúchóireachta i gcás gach cláir. Má bhaineann an Ballstát úsáid as an rogha dá dtagraítear in Airteagal 66(2), sonrófar an comhlacht lena mbaineann mar údarás an chláir. Féadfaidh na húdaráis chéanna sin a bheith freagrach as níos mó ná clár amháin.
2.Údarás poiblí atá atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na hiniúchaithe, a bheidh san údarás iniúchóireachta.
3.Féadfaidh an túdarás bainistíochta comhlacht idirmheánach amháin nó níos mó a shonrú chun cúraimí áirithe atá faoina chúram a dhéanamh. Déanfar na socruithe idir an túdarás bainistíochta agus na comhlachtaí idirmheánacha a thaifeadadh i scríbhinn.
4.Áiritheoidh na Ballstáit go nurramófar prionsabal na deighilte feidhmeanna idir údaráis an chláir agus laistigh díobh.
5.An comhlacht a dhéanann comhchiste an chláir a chur chun feidhme, dá dtagraítear in Airteagal [11] de Rialachán AE (...) [Rialacha rannpháirtíochta Fís Eorpach], sainaithneoidh údarás bainistíochta an chláir ábhartha mar chomhlacht idirmheánach é, i gcomhréir le mír 3.
CAIBIDIL II
Córais bhainistithe agus rialaithe chaighdeánacha
Airteagal 66
Feidhmeanna an údaráis bainistíochta
1.Beidh an túdarás bainistíochta freagrach as an gclár a bhainistiú d’fhonn cuspóirí an chláir a bhaint amach. Go háirithe, beidh na feidhmeanna seo a leanas aige:
(a)oibríochtaí a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 67;
(b)cúraimí bainistithe cláir a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 68;
(c)tacaíocht a thabhairt d’obair an choiste faireacháin i gcomhréir le hAirteagal 69;
(d)comhlachtaí idirmheánacha a mhaoirsiú;
(e)na sonraí faoi gach oibríocht, is gá le haghaidh faireacháin, meastóireachta, bainistíocht airgeadais, fíoruithe agus iniúchtaí, a thaifeadadh agus a stóráil i gcóras leictreonach, agus slándáil, iomláine agus rúndacht sonraí agus fíordheimhniú na núsáideoirí a áirithiú.
2.Féadfaidh an Ballstát an fheidhm chuntasaíochta dá dtagraítear in Airteagal 70 a chur faoi chúram an údaráis bainistíochta nó comhlachta eile.
3.I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, is é an túdarás bainistíochta a dhéanfaidh an fheidhm chuntasaíochta, nó is faoina chúram a dhéanfar í.
4.Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2) chun a áirithiú go bhfuil coinníollacha aonfhoirmeacha ann le haghaidh na sonraí leictreonacha atá le taifeadadh agus le stóráil dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 1. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 109(2).
Airteagal 67
Roghnú oibríochtaí ag an údarás bainistíochta
1.Maidir le hoibríochtaí a roghnú, déanfaidh an túdarás bainistíochta critéir agus nósanna imeachta a leagan síos agus a chur i bhfeidhm a bheidh neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, lena náiritheofar comhionannas inscne agus lena gcuirfear san áireamh Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus prionsabal na forbartha inbhuanaithe agus beartas an Aontais maidir leis an gcomhshaol i gcomhréir le hAirteagal 11 agus le hAirteagal 191(1) CFAE.
Áiritheofar leis na critéir agus leis na nósanna imeachta go dtabharfar tosaíocht d’oibríochtaí a roghnófar d’fhonn uasmhéadú a dhéanamh ar rannchuidiú an chistithe ón Aontas le gnóthnú chuspóirí an chláir.
2.Ar iarratas ón gCoimisiún, rachaidh an túdarás bainistíochta i gcomhairle leis an gCoimisiún agus cuirfidh sé a bharúlacha san áireamh sula gcuirfear na critéir roghnúcháin faoi bhráid an choiste faireacháin den chéad uair agus sula ndéanfar aon athruithe ar na critéir ina dhiaidh sin.
3.Nuair a roghnóidh an túdarás bainistíochta oibríochtaí, déanfaidh sé an méid seo a leanas:
(a)áiritheoidh sé go mbeidh na hoibríochtaí roghnaithe i gcomhréir leis an gclár agus go mbeidh siad ina rannchuidiú éifeachtach lena chuspóirí sonracha a ghnóthú;
(b)áiritheoidh sé go bhfuil na hoibríochtaí roghnaithe ag teacht leis na straitéisí comhfhreagracha agus na doiciméid phleanála arna mbunú chun coinníollacha cumasaithe a chomhlíonadh;
(c)áiritheoidh sé go mbaineann an gaol is fearr idir méid na tacaíochta, na gníomhaíochtaí arna ndéanamh agus gnóthú cuspóirí leis na hoibríochtaí roghnaithe;
(d)fíoróidh sé go bhfuil na hacmhainní agus na sásraí airgeadais is gá ag an tairbhí chun costais oibríochta agus cothabhála a chumhdach;
(e)áiritheoidh sé go mbeidh oibríochtaí roghnaithe a thagann faoi raon feidhme Threoir 2011/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoi réir measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó nós imeachta um scagadh, ar bhonn cheanglais na Treorach sin arna leasú le Treoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
(f)fíoróidh sé, i gcás inar cuireadh tús leis na hoibríochtaí sular cuireadh iarratas ar chistiú faoi bhráid an údaráis bhainistíochta, gur comhlíonadh an dlí is infheidhme;
(g)áiritheoidh sé go dtagann oibríochtaí roghnaithe faoi raon feidhme an chiste lena mbaineann agus go bhfuil siad inchurtha i leith cineál idirghabhála nó réimse tacaíochta i gcás CEMI;
(h)áiritheoidh sé nach gcuimsíonn oibríochtaí gníomhaíochtaí a bhí mar chuid d’oibríocht a bhí faoi réir athlonnú i gcomhréir le hAirteagal 60 nó a bheadh ina naistriú gníomhaíochta táirgiúla i gcomhréir le hAirteagal 59(1)(a);
(i)áiritheoidh sé nach ndéantar difear d’oibríochtaí de thoradh tuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais nó feidhmíochta oibríochtaí i mbaol;
(j)áiritheoidh sé díonadh ar an aeráid i dtaca le hinfheistíochtaí i mbonneagar a mheastar a mbeadh tréimhse cúig bliana saoil ar a laghad acu.
4.Áiritheoidh an túdarás bainistíochta go dtabharfar don tairbhí doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha uile ar an tacaíocht do gach oibríocht lena náirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó seirbhísí atá le soláthar, an plean maoinithe, an teorainn ama lena cur i gcrích agus, i gcás inarb infheidhme, an modh atá le cur i bhfeidhm chun costais na hoibríochta agus na coinníollacha d’íocaíocht an deontais a chinneadh.
5.I gcás oibríochtaí ar bronnadh deimhniú an tSéala Barr Feabhais orthu, nó a roghnaíodh faoi chomhchiste an chláir faoi Fhís Eorpach, féadfaidh an túdarás bainistíochta cinneadh a dhéanamh tacaíocht a dheonú go díreach ó CFRE nó ó CSE+, ar choinníoll go bhfuil na hoibríochtaí sin ag teacht le cuspóirí an chláir.
Beidh feidhm ag ráta cómhaoinithe na hionstraime a sholáthróidh deimhniú an tSéala Barr Feabhais nó comhchiste an chláir agus beidh sé leagtha amach sa doiciméad dá dtagraítear i mír 4.
6.Nuair a roghnóidh an túdarás bainistíochta oibríochta a mbaineann tábhacht straitéiseach léi, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas láithreach agus soláthróidh sé an fhaisnéis ábhartha uile faoin oibríocht don Choimisiún.
Airteagal 68
Bainistiú cláir ag an údarás bainistíochta
1.Déanfaidh an túdarás bainistíochta an méid seo a leanas:
(a)fíoruithe bainistíochta a dhéanamh chun a fhíorú gur seachadadh na seirbhísí agus na táirgí cómhaoinithe, go gcomhlíonann an oibríocht an dlí is infheidhme, an clár agus na coinníollacha maidir le tacaíocht na hoibríochta agus:
(i)má tá costais le haisíoc de bhun Airteagal 48(1)(a), gur íocadh an méid caiteachais arna éileamh ag na tairbhithe i ndáil leis na costais sin agus go gcoinníonn na tairbhithe taifid chuntasaíochta ar leith le haghaidh gach idirbhirt a bhaineann leis an oibríocht;
(ii)má tá costais le haisíoc de bhun phointe (b), phointe (c) agus phointe (d) d’Airteagal 48(1), gur comhlíonadh na coinníollacha maidir leis an gcaiteachas a aisíoc leis an tairbhí;
(b)a áirithiú, faoi réir cistiú a bheith ar fáil, go bhfaighidh an tairbhí an méid atá dlite dó ina iomláine agus tráth nach déanaí ná 90 lá tar éis an dáta a chuir an tairbhí an téileamh ar íocaíocht isteach;
(c)bearta frithchalaoise éifeachtacha agus comhréireacha a bheith i bhfeidhm, ag cur na rioscaí a aithníodh san áireamh;
(d)neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a cheartú;
(e)a dhearbhú go bhfuil an caiteachas arna chur isteach sna cuntais dleathach agus rialta;
(f)an dearbhú bainistíochta a tharraingt suas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XV;
(g)réamhaisnéisí a sholáthar maidir leis an méid le haghaidh iarratais ar íocaíocht atá le cur isteach don bhliain féilire reatha agus do bhlianta féilire ina diaidh sin faoin 31 Eanáir agus faoin 31 Iúil, i gcomhréir le hIarscríbhinn VII.
I gcás phointe (b) den chéad fhomhír, ní dhéanfar aon mhéid a asbhaint ná a choinneáil siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ná muirear eile comhéifeachta a laghdódh na méideanna atá dlite do thairbhithe.
I gcás oibríochtaí CPP, déanfaidh an túdarás bainistíochta íocaíochtaí isteach i gcuntas eascró arna chur ar bun chuige sin in ainm an tairbhí lena úsáid i gcomhréir leis an gcomhaontú CPP.
2.Beidh an fíorú bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 bunaithe ar rioscaí agus comhréireach leis na rioscaí arna sainaithint de réir mar a sainíodh i straitéis bainistithe riosca iad.
Áireofar ar fhíoruithe bainistíochta fíoruithe riaracháin i ndáil le éilimh ó thairbhithe ar íocaíocht agus fíoruithe ar an láthair ar oibríochtaí. Is sula nullmhófar na cuntais i gcomhréir le hAirteagal 92 a dhéanfar iad, ar a dhéanaí.
3.I gcás ina bhfuil an túdarás bainistíochta ina thairbhí freisin faoin gclár, áiritheoidh na socruithe le haghaidh na bhfíoruithe bainistíochta go mbeidh deighilt feidhmeanna ann.
4.De mhaolú ar mhír 2, féadfar rialacha sonracha a leagan síos i Rialachán CCE maidir le maidir leis na fíoruithe bainistíochta is infheidhme maidir le cláir Interreg.
Airteagal 69
Tacaíocht d’obair an choiste faireacháin ón údarás bainistíochta
Déanfaidh an túdarás bainistíochta an méid seo a leanas:
(a)an fhaisnéis uile is gá le cúraimí an choiste faireacháin a dhéanamh a sholáthar dó go prapúil;
(b)a áirithiú go ndéanfar bearta leantacha ar chinntí agus ar mholtaí an choiste faireacháin.
Airteagal 70
An fheidhm chuntasaíochta
1.Na cúraimí seo a leanas a bheidh san fheidhm chuntasaíochta:
(a)iarratais ar íocaíocht a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 86;
(b)na cuntais a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 92 agus taifid d’eilimintí uile na gcuntas a choinneáil i gcóras leictreonach;
(c)na méideanna caiteachais a tabhaíodh in airgeadra eile a athrú go euro ag úsáid ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin sa mhí ar lena linn a cláraíodh an caiteachas i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta atá freagrach as na cúraimí a leagtar amach san Airteagal seo a dhéanamh.
2.Ní chuimseoidh an fheidhm chuntasaíochta fíoruithe ar leibhéal na dtairbhithe.
3.De mhaolú ar phointe (c) de mhír 1, féadfar modh éagsúil a leagan síos i Rialachán CCE chun na méideanna caiteachais a tabhaíodh in airgeadra eile a athrú go euro.
Airteagal 71
Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta
1.Beidh an túdarás iniúchóireachta freagrach as iniúchtaí córais, iniúchtaí ar oibríochtaí agus iniúchtaí ar chuntais a dhéanamh chun dearbhú neamhspleách a thabhairt don Choimisiún go bhfeidhmíonn córais bainistíochta agus rialaithe go héifeachtach agus go bhfuil an caiteachas a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin dleathach agus rialta.
2.Déanfar obair iniúchóireachta i gcomhréir leis na caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh go hidirnáisiúnta leo.
3.Déanfaidh an túdarás iniúchóireachta an méid seo a leanas a tharraingt suas agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin:
(a)tuairim iniúchóireachta bhliantúil i gcomhréir le hAirteagal [63(7)] den Rialachán Airgeadais agus leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI agus atá bunaithe ar an obair iniúchóireachta ar fad a rinneadh, lena gcumhdaítear na comhchodanna seo a leanas:
(i)iomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas ;
(ii)dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a chuirtear san áireamh sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin;
(iii)feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe.
(b)tuarascáil bhliantúil ar rialú lena gcomhlíontar cheanglais Airteagal [63(5)(b)] den Rialachán Airgeadais, i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII agus, ina dtacaítear leis an tuairim iniúchóireachta dá dtagraítear i bpointe (a) agus ina leagtar amach achoimre ar na torthaí, lena náirítear anailís ar chineál agus ar mhéid na nearráidí agus na neasnamh sna córais chomh maith leis na gníomhartha ceartaitheacha atá beartaithe agus a cuireadh chun feidhme, agus an ráta earráidí iomlán agus an ráta earráidí iarmharacha a thagann dá bharr le haghaidh an chaiteachais arna iontráil sna cuntais a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin.
4.I gcás ina bhfuil cláir grúpáilte chun críocha iniúchtaí ar oibríochtaí de bhun Airteagal 73(2), féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 3(b) a chur in aon tuarascáil amháin.
I gcás ina mbainfidh an túdarás iniúchóireachta leas as an rogha sin le haghaidh cláir a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV, tuairisceoidh an Ciste an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhí 3(b).
5.Tarchuirfidh an túdarás iniúchóireachta tuarascálacha faoi iniúchadh córas don Choimisiún a luaithe agus a thabharfar an nós imeachta bréagnaitheach leis na hiniúchaithe ábhartha i gcrích.
6.Tiocfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta le chéile ar bhonn rialta agus uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad, mura gcomhaontaítear a mhalairt, d’fhonn an straitéis iniúchóireachta, an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus an tuairim iniúchóireachta a scrúdú, agus a bpleananna agus a modhanna iniúchóireachta a chomhordú agus tuairimí a mhalartú maidir le ceisteanna a bhaineann le feabhas a chur ar na córais bhainistithe agus rialaithe.
Airteagal 72
Straitéis iniúchóireachta
1.Ullmhóidh an túdarás iniúchóireachta straitéis iniúchóireachta bunaithe ar mheasúnú riosca, lena gcuirfear san áireamh an tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 63(9), lena gcumhdófar iniúchtaí córas agus iniúchtaí ar oibríochtaí. Ar áireamh sa straitéis iniúchóireachta beidh iniúchtaí córais ar údaráis bhainistíochta nua-aitheanta agus ar údaráis nua-aitheanta a bhfuil an fheidhm chuntasaíochta faoina gcúram, laistigh de naoi mí tar éis a gcéad bhliana feidhme. Ullmhófar an straitéis iniúchóireachta i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIII agus déanfar í a thabhairt cothrom le dáta gach bliain tar éis na chéad tuarascála bliantúla ar rialú agus na tuairime iniúchóireachta arna tabhairt don Choimisiún. Féadfaidh sí clár amháin nó níos mó a chumhdach.
2.Cuirfear an straitéis iniúchóireachta faoi bhráid an Choimisiúin arna iarraidh sin dó.
Airteagal 73
Iniúchtaí ar oibríochtaí
1.Cumhdóidh iniúchtaí ar oibríochtaí caiteachas arna dhearbhú don Choimisiún le linn na bliana cuntasaíochta ar bhonn sampla. Beidh an sampla sin ionadaíoch agus beidh sé bunaithe ar mhodhanna samplála staidrimh.
2.Nuair is lú an líon ná 300 aonad samplála, féadfar modh samplála neamhstaidrimh a úsáid ar bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta. I gcásanna den sórt sin, beidh an sampla mór go leor le gur féidir leis an údarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas. Cumhdóidh an modh samplála neamhstaidrimh 10 % ar a laghad de na haonaid samplála i líon na bliana cuntasaíochta, arna roghnú go randamach.
Féadfaidh an sampla staidrimh clár amháin nó níos mó a chumhdach a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CSE+ agus, faoi réir srathú i gcás inarb iomchuí, clárthréimhse amháin nó níos mó a chumhdach de réir bhreithiúnas gairmiúil an údaráis iniúchóireachta.
Leis an sampla d’oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CTIL, ó CSI agus ó IBTV agus ó CEMI, cumhdófar astu féin na hoibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó gach Ciste ar leith.
3.Ní áireofar ar iniúchtaí ar oibríochtaí fíoruithe ar an láthair ar chur chun feidhme fisiceach na noibríochtaí ach amháin más gá sin mar gheall ar an gcineál oibríochta i gceist.
Féadfar forálacha sonracha a leagan amach i Rialachán CSE+ maidir le cláir faoi Airteagal [4(1)(c)(vii)] de Rialachán CSE+.
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí mhodhanna samplála caighdeánaithe réamhdhéanta agus rialach mionsonraithe samplála caighdeánaithe réamhdhéanta lena gcumhdófar clárthréimhse amháin nó níos mó.
Airteagal 74
Socruithe an iniúchta aonair
1.Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta iniúchtaí, tabharfaidh siad aird chuí ar phrionsabail an iniúchta aonair agus na comhréireachta i ndáil le leibhéal an riosca do bhuiséad an Aontais. Seachnóidh siad dúbailt iniúchtaí ar an aon chaiteachas amháin arna dhearbhú don Choimisiún chun costas na bhfíoruithe bainistíochta agus na niniúchtaí agus an tualach riaracháin ar na tairbhithe a íoslaghdú.
Úsáidfidh an Coimisiún agus na húdaráis iniúchóireachta, i dtosach, an fhaisnéis uile agus na taifid uile atá le fáil sa chóras leictreonach dá dtagraítear in Airteagal 66(1)(e), lena náirítear torthaí na bhfíoruithe bainistíochta faisnéise agus ní iarrfaidh siad doiciméid bhreise ná faisnéis iniúchóireachta ar na tairbhithe lena mbaineann, ná ní bhfaighidh siad uathu iad sin, ach amháin más rud é, bunaithe ar a mbreithiúnas gairmiúil, gur gá sin le gur féidir teacht ar chonclúidí iniúchóireachta láidre.
2.I gcás cláir oibríochtúla arb é conclúid an Choimisiúin ina leith go bhfuil tuairim an údaráis iniúchóireachta iontaofa agus má tá an Ballstát lena mbaineann páirteach sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, beidh iniúchtaí an Choimisiúin féin teoranta d’iniúchóireacht ar obair an údarás iniúchóireachta.
3.Oibríochtaí nach dtéann an caiteachas incháilithe iomlán dóibh thar EUR 400 000 i leith CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe, EUR 300 000 i leith CSE+, nó EUR 200 000 i leith CEMI, CTIL, CSI agus IBTV, ní bheidh siad faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina náirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe.
Ní bheidh oibríochtaí eile faoi réir níos mó ná iniúchadh amháin in aghaidh na bliana cuntasaíochta ag an údarás iniúchóireachta nó ag an gCoimisiún sula gcuirfear isteach na cuntais ina náirítear caiteachas deiridh na hoibríochta lánchríochnaithe. Ní bheidh oibríochtaí faoi réir iniúchadh ag an gCoimisiún nó ag an údarás iniúchóireachta in aon bhliain má rinne an Chúirt Iniúchóirí iniúchadh sa bhliain sin cheana féin, ar choinníoll gur féidir leis an údarás iniúchóireachta nó leis an gCoimisiún, chun a gcúraimí faoi seach a chomhlíonadh, úsáid a bhaint as torthaí an iniúchta sin a rinne an Chúirt Iniúchóirí le haghaidh na noibríochtaí sin.
4.D’ainneoin fhorálacha mhír 3, féadfar níos mó ná aon iniúchadh amháin a dhéanamh ar aon oibríocht, más é conclúid an údaráis iniúchóireachta, bunaithe ar a bhreithiúnas gairmiúil, nach féidir tuairim iniúchóireachta bhailí a tharraingt suas.
5.Ní bheidh feidhm ag mír 2 ná ag mír 3 sna cásanna seo a leanas:
(a)is ann do riosca sonrach neamhrialtachta nó do thásc calaoise;
(b)is gá obair an údaráis iniúchóireachta a athdhéanamh chun dearbhú a fháil go bhfuil sé ag feidhmiú go héifeachtach;
(c)is ann d’fhianaise go bhfuil easnamh tromchúiseach ar obair an údaráis iniúchóireachta.
Airteagal 75
Fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí ar ionstraimí airgeadais
1.Ní dhéanfaidh an túdarás bainistíochta fíoruithe bainistíochta ar an láthair i gcomhréir le hAirteagal 68(1) ach ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme agus, i gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag soláthar na niasachtaí nua foluiteacha.
2.Ní dhéanfaidh an túdarás bainistíochta fíoruithe ar an láthair ar leibhéal an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) ná ar leibhéal institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát.
Mar sin féin, cuirfidh BEI nó institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát tuarascálacha ar rialú ar fáil don údarás bainistíochta a thacaíonn leis na hiarratais ar íocaíocht.
3.Déanfaidh an túdarás iniúchóireachta iniúchtaí córas agus iniúchtaí ar oibríochtaí i gcomhréir le hAirteagal 71, le hAirteagal 73 nó le hAirteagal 77 ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme agus, i gcomhthéacs cistí ráthaíochta, ar leibhéal na gcomhlachtaí atá ag soláthar na niasachtaí nua foluiteacha.
4.Ní dhéanfaidh an túdarás iniúchóireachta iniúchtaí ar leibhéal BEI ná ar leibhéal institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát, maidir le hionstraimí airgeadais a chuireann siad chun feidhme.
Mar sin féin, déanfaidh BEI nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar scairshealbhóir iontu Ballstát tuarascáil iniúchóireachta bhliantúil arna tarraingt suas ag a niniúchóirí seachtracha a chur ar fáil don Choimisiún agus don údarás iniúchóireachta faoi dheireadh gach bliana féilire. Cumhdóidh an tuarascáil sin na heilimintí a áirítear in Iarscríbhinn XVII.
5.Déanfaidh BEI nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile na doiciméid uile is gá a chur ar fáil d’údaráis an chláir le gur féidir leo a noibleagáidí a chomhlíonadh.
Airteagal 76
Infhaighteacht doiciméad
1.Gan dochar do na rialacha lena rialaítear státchabhair, áiritheoidh an túdarás bainistíochta go ndéanfar na doiciméid tacaíochta uile a bhaineann le hoibríocht a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí a choinneáil ar an leibhéal iomchuí ar feadh tréimhse cúig bliana ón 31 Nollaig den bhliain ina ndearna an túdarás bainistíochta an íocaíocht dheireanach leis an tairbhí.
2.Déanfar briseadh a chur sa tréimhse ama sin i gcás imeachtaí dlíthiúla arna iarraidh sin don Choimisiún.
CAIBIDIL III
Spleáchas ar chórais bhainistithe náisiúnta
Airteagal 77
Socruithe comhréireacha feabhsaithe
Féadfaidh na Ballstáit na socruithe comhréireacha feabhsuithe seo a leanas a chur i bhfeidhm maidir le córas bainistithe agus rialaithe oibríochta má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78:
(a)de mhaolú ar Airteagal 68(1)(a) agus ar Airteagal 68(2), féadfaidh an túdarás bainistíochta nósanna imeachta náisiúnta, agus nósanna imeachta náisiúnta amháin, a chur i bhfeidhm chun fíoruithe bainistíochta a dhéanamh;
(b)de mhaolú ar Airteagal 73(1) agus (3), féadfaidh an túdarás iniúchóireachta a ghníomhaíocht iniúchóireachta a theorannú do shampla staidrimh de 30 aonad samplála don chlár nó don ghrúpa clár lena mbaineann;
(c)déanfaidh an Coimisiún a iniúchtaí féin a theorannú d’athbhreithniú ar obair an údaráis iniúchóireachta trí athdhéanamh ar an leibhéal sin amháin, ach amháin má thugann faisnéis atá ar fáil le fios go bhfuil easnamh tromchúiseach ar obair an údaráis iniúchóireachta.
I gcás phointe (b), má tá níos lú ná 300 aonad samplála sa líon, féadfaidh an túdarás iniúchóireachta modh samplála neamhstaidrimh a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 73(2).
Airteagal 78
Coinníollacha ar chur i bhfeidhm na socruithe comhréireacha feabhsaithe
1.Féadfaidh an Ballstát na socruithe comhréireacha feabhsaithe a leagtar amach in Airteagal 77 a chur i bhfeidhm aon tráth le linn na clárthréimhse, i gcás ina bhfuil sé dearbhaithe ag an gCoimisiún, sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí atá foilsithe don dá bhliain dheireanacha roimh chinneadh an Bhallstáit forálacha an Airteagail seo a chur i bhfeidhm, go bhfuil córas bainistithe agus rialaithe an chláir ag feidhmiú go héifeachtach agus go bhfuil an ráta earráidí iomlán do gach bliain faoi bhun 2 %. Nuair a bheidh an Coimisiún ag measúnú fheidhmiú éifeachtach chóras bainistithe agus rialaithe an chláir, cuirfidh sé san áireamh rannpháirtíocht an Bhallstáit lena mbaineann sa chomhar feabhsaithe maidir le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh.
Má chinneann Ballstát leas a bhaint as an rogha sin, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún maidir le cur i bhfeidhm na socruithe comhréireacha a leagtar amach in Airteagal 77 agus beidh feidhm ag na socruithe sin ó thús na bliana cuntasaíochta ina dhiaidh sin.
2.Ag tús na clárthréimhse, féadfaidh an Ballstát na socruithe dá dtagraítear in Airteagal 77 a chur i bhfeidhm, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach mír 1 den Airteagal seo i ndáil le clár comhchosúil arna chur chun feidhme le linn 2014-2020 agus más forbairt den chuid is mó ar na socruithe don chlár roimhe sin atá sna socruithe maidir le bainistiú agus rialú do chlár 2021-2027. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na socruithe comhréireacha feabhsaithe ó thús an chláir.
3.Déanfaidh an Ballstát an tuairisc ar an gcóras bainistithe agus rialaithe agus ar an straitéis iniúchóireachta a bhfuil tuairisc orthu in Airteagal 63(9) agus in Airteagal 72 a leagan síos nó a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.
Airteagal 79
Coigeartú le linn na clárthréimhse
1.Más é conclúid an Choimisiúin nó an údaráis iniúchóireachta, bunaithe ar na hiniúchtaí arna ndéanamh agus ar an tuarascáil bhliantúil ar rialú, nach bhfuiltear ag comhlíonadh na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 78 a thuilleadh, iarrfaidh an Coimisiún ar an údaráis iniúchóireachta obair iniúchóireachta bhreise a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 63(3) agus déanfaidh sé gníomhaíochtaí ceartaitheacha.
2.Má dhearbhaítear sa tuarascáil bhliantúil ar rialú ina dhiaidh sin nach bhfuiltear ag comhlíonadh na coinníollacha fós, sa dóigh go bhfuil teorainn curtha leis an dearbhú a tugadh don Choimisiún maidir le feidhmiú éifeachtach na gcóras bainistithe agus rialaithe agus maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás iniúchóireachta iniúchtaí córas a dhéanamh.
3.Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a chuid barúlacha a thabhairt, an Ballstát a chur ar an eolas nach bhfuil feidhm a thuilleadh leis na socruithe comhréireacha feabhsaithe a leagtar amach in Airteagal 77.
TEIDEAL VII
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS, CUNTAIS A CHUR ISTEACH AGUS A SCRÚDÚ AGUS CEARTUITHE AIRGEADAIS
CAIBIDIL I
Bainistíocht airgeadais
Roinn I
Rialacha cuntasaíochta ginearálta
Airteagal 80
Gealltanais bhuiséadacha
1.Beidh an cinneadh lena bhformheastar an clár i gcomhréir le hAirteagal 18 ina chinneadh maoiniúcháin de réir bhrí [Airteagal 110(3)] den Rialachán Airgeadais agus gealltanas dlíthiúil a bheidh ann nuair a thabharfar fógra faoin gcinneadh sin don Bhallstát lena mbaineann.
Sonrófar leis an gcinneadh sin an ranníocaíocht ón Aontais in aghaidh an Chiste agus in aghaidh na bliana.
2.Déanfaidh an Coimisiún na gealltanais bhuiséadacha ón Aontas maidir le gach clár i dtráthchodanna bliantúla le haghaidh gach Ciste le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027.
3.De mhaolú ar Airteagal 111(2) den Rialachán Airgeadais, leanfaidh na gealltanais bhuiséadacha don chéad tráthchuid glacadh an chláir ag an gCoimisiún.
Airteagal 81
Úsáid an euro
Is in euro a ainmneofar aon mhéideanna a dhéanfaidh Ballstát a leagan amach i gcláir, nó a thuairisiú nó a dhearbhú don Choimisiún.
Airteagal 82
Aisíocaíocht
1.Déanfar aon aisíocaíocht a bheidh le déanamh le buiséad ginearálta an Aontais a chur i gcrích roimh an dáta dlite atá sonraithe san ordú gnóthaithe arna tharraingt suas i gcomhréir le [hAirteagal 98 den Rialachán Airgeadais]. Is ar an lá deiridh den dara mí tar éis an tordú a eisiúint a bheidh an dáta dlite.
2.Má bhíonn aon mhoill ann a bhaineann le haisíocaíocht a dhéanamh, beidh ús i ngeall ar íocaíocht dheireanach i gceist ag tosú ar an dáta dlite agus ag críochnú ar dháta na híocaíochta iarbhír. Beidh ráta an úis sin pointe céatadáin go leith os cionn an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ina phríomhoibríochtaí athmhaoinithe ar an gcéad lá oibre den mhí ina mbeidh an dáta dlite.
Roinn II
Rialacha maidir le híocaíochtaí leis na Ballstáit
Airteagal 83
Cineálacha íocaíochtaí
Déanfar na híocaíochtaí i bhfoirm réamh-mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíocht iarmhéid na gcuntas don bhliain chuntasaíochta.
Airteagal 84
Réamh-mhaoiniú
1.Íocfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú bunaithe ar an tacaíocht iomlán ó na Cistí a leagtar amach sa chinneadh lena bhformheastar an clár de bhun Airteagal 17(3)(f)(i).
2.Déanfar an réamh-mhaoiniú i gcás gach Ciste a íoc i dtráthchodanna bliantúla roimh an 1 Iúil gach bliain, faoi réir na gcistí atá ar fáil, mar seo a leanas:
(a)2021: 0.5 %;
(b)2022: 0.5 %;
(c)2023: 0.5 %;
(d)2024: 0.5 %;
(e)2025: 0.5 %;
(f)2026: 0.5 %
Má ghlactar clár oibríochtúil tar éis an 1 Iúil 2021, íocfar na tráthchodanna is luaithe an bhliain a nglacfar é.
3.De mhaolú ar mhír 2, i gcás cláir Interreg, leagfar rialacha sonracha maidir leis an réamh-mhaoiniú amach i Rialachán CCE.
4.Déanfar an méid arna íoc mar réamh-mhaoiniú a imréiteach ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.
5.Úsáidfear aon ús arna ghiniúint leis an réamh-mhaoiniú le haghaidh an chláir lena mbaineann ar an dóigh chéanna leis na Cistí agus áireofar sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh é.
Airteagal 85
Iarratais ar íocaíocht
1.Déanfaidh an Ballstát ceithre hiarratas ar íocaíocht ar a mhéad a chur isteach in aghaidh an chláir, in aghaidh an Chiste agus in aghaidh na bliana cuntasaíochta. Gach bliain, is iad an 30 Aibreán, an 31 Iúil, an 31 Deireadh Fómhair agus an 26 Nollaig na teorainneacha ama le haghaidh gach iarratais ar íocaíocht.
An tiarratas deiridh ar íocaíocht a chuirfear isteach faoin 31 Iúil, measfar gurb é an i-iarratas deiridh ar íocaíocht é don bhliain chuntasaíochta dar críoch an 30 Meitheamh.
2.Ní bheidh iarratais ar íocaíocht inghlactha murar cuireadh isteach an pacáiste dearbhaithe is déanaí atá dlite.
3.Déanfar iarratais ar íocaíocht a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XIX agus áireofar iontu, do gach tosaíocht agus de réir catagóir réigiúin, an méid seo a leanas:
(a)méid iomlán an chaiteachais incháilithe arna thabhú ag tairbhithe agus arna íoc chun oibríochtaí a chur chun feidhme, mar a iontráladh é i gcóras an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta;
(b)an méid don chúnamh teicniúil arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 31(2);
(c)méid iomlán na ranníocaíochta poiblí arna híoc nó atá le híoc, mar a iontráladh é i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta;
4.De mhaolú ar phointe (a) de mhír 3, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:
(a)má dhéantar an ranníocaíocht ón Aontas de bhun phointe (a) d’Airteagal 46, is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na méideanna a bhfuil údar leo i bhfianaise an dul chun cinn i dtaca le comhlíonadh na gcoinníollacha, nó le gnóthú na dtorthaí, i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 89(2);
(b)má dhéantar an ranníocaíocht ón Aontas de bhun phointe (c), phointe (d) agus phointe (e) d’Airteagal 46, is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na méideanna arna gcinneadh i gcomhréir leis an gcinneadh dá dtagraítear in Airteagal 88(3);
(c)i gcás na bhfoirmeacha deontas a liostaítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d’Airteagal 48(1), is éard a bheidh sna méideanna a áireofar in iarratas ar íocaíocht na costais arna ríomh ar an mbonn is infheidhme.
5.Dé mhaolú ar phointe (c) de mhír 3, i gcás scéimeanna cúnaimh faoi Airteagal 107 CFAE, an ranníocaíocht phoiblí a chomhfhreagraíonn don chaiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht, beidh sí íoctha cheana leis na tairbhithe ag an gcomhlacht a dheonaíonn an cúnamh.
Airteagal 86
Eilimintí sonracha le haghaidh ionstraimí airgeadais in iarratais ar íocaíocht
1.I gcás ina gcuirfear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le Airteagal 53(2), áireofar in iarratais ar íocaíocht arna gcur isteach i gcomhréir le hIarscríbhinn XIX na méideanna iomlána arna níoc amach, nó i gcás ráthaíochtaí na méideanna arna gcur i leataobh mar a aontaíodh i gconarthaí ráthaíochta, ag an údarás bainistíochta le faighteoirí deiridh dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 62(1).
2.I gcás ina gcuirfear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 53(3), is i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas a chuirfear isteach iarratais ar íocaíocht a chuimsíonn caiteachas le haghaidh ionstraimí airgeadais:
(a)an méid a áirítear sa chéad iarratas ar íocaíocht a bheith íoctha cheana leis an ionstraim airgeadais agus is féidir suas le 25 % de mhéid iomlán ranníocaíochtaí an chláir leis na hionstraimí airgeadais faoin gconradh cistiúcháin ábhartha a bheith ann, i gcomhréir leis an tosaíocht ábhartha agus leis an gcatagóir réigiúin ábhartha, más infheidhme;
(b)an méid a áirítear in iarratais ar íocaíocht ina dhiaidh sin a chuirfear isteach le linn na tréimhse incháilitheachta, áireofar iontu an caiteachas incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 62(1).
3.Imréiteofar an méid a áirítear sa chéad iarratas ar íocaíocht, dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2, ó chuntais an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an bhliain chuntasaíochta deiridh.
Nochtfar ar leithligh é in iarratais ar íocaíocht.
Airteagal 87
Rialacha coiteanna maidir le híocaíochtaí
1.Faoi réir an chistithe a bheidh ar fáil, déanfaidh an Coimisiún íocaíochtaí eatramhacha tráth nach déanaí ná 60 lá tar éis an dáta gheobhaidh an Coimisiún iarratas ar íocaíocht.
2.Cuirfear gach íocaíocht i leith an ghealltanais bhuiséadaigh is túisce a bheidh oscailte den Chiste agus den chatagóir réigiúin lena mbaineann. Aisíocfaidh an Coimisiún mar íocaíochtaí eatramhacha 90 % de na méideanna a áirítear san iarratas ar íocaíocht, ar toradh é ar chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe le haghaidh gach tosaíochta ar an gcaiteachas incháilithe iomlán nó ar an ranníocaíocht phoiblí de réir mar is iomchuí. Cinnfidh an Coimisiún na méideanna eile atá le haisíoc nó le gnóthú nuair a ríomhfar iarmhéid na gcuntas i gcomhréir le hAirteagal 94.
3.An tacaíocht ó na Cistí do thosaíocht i bhfoirm íocaíochtaí eatramhacha, ní bheidh sí níos airde ná méid na tacaíochta ó na Cistí don tosaíocht a leagtar síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár.
4.Má tá an ranníocaíocht ón Aontas san fhoirm dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 46 nó má tá na deontais san fhoirm a liostaítear i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 48(1), ní íocfaidh an Coimisiún níos mó ná an méid arna iarraidh ag an mBallstát.
5.Ina theannta sin, an tacaíocht ó na Cistí do thosaíocht mar íocaíocht an iarmhéid don bhliain chuntasaíochta deiridh, ní bheidh sí níos mó ná aon cheann de na méideanna seo a leanas:
(a)an ranníocaíocht phoiblí arna dearbhú in iarratais ar íocaíocht;
(b)an tacaíocht ó na Cistí arna híoc le tairbhithe;
(c)an méid arna iarraidh ag an mBallstát.
6.Ar iarratas ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú 10 % os cionn an ráta cómhaoinithe is infheidhme maidir le gach tosaíocht do na Cistí, má chomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas tar éis an [dáta ghlacadh an Rialacháin seo]:
(a)fuair an Ballstát iasacht ón Aontas faoi Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle;
(b)
fuair an Ballstát cúnamh airgeadais meántéarma faoi SCE mar a bhunaítear sa Chonradh lena mbunaítear SCE an 2 Feabhra 2012 nó dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ar choinníoll go gcuirfí chun feidhme clár coigeartaithe maicreacnamaíoch;
(c)
cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil don Bhallstát lena mbaineann ar choinníoll go gcuirfí chun feidhme clár coigeartaithe maicreacnamaíoch mar a shonraítear i Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
Ní féidir leis an ráta méadaithe a bheith níos mó ná 100 % agus beidh feidhm aige maidir le hiarrataí ar íocaíochtaí go dtí deireadh na bliana féilire ina dtiocfaidh an cúnamh airgeadais gaolmhar chun deiridh.
7.Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le cláir Interreg.
Airteagal 88
Aisíocaíocht ar chaiteachas incháilithe bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe
1.An ranníocaíocht ón Aontas le clár, féadfaidh an Coimisiún í a aisíoc ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe le haghaidh aisíocaíocht na ranníocaíochta ón Aontas le clár.
2.Chun úsáid a bhaint as ranníocaíocht ón Aontas leis an gclár ar bhonn costais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe dá dtagraítear in Airteagal 46, cuirfidh na Ballstáit togra faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinn V agus in Iarscríbhinn VI, mar chuid den chlár nó d’iarraidh ar leasú ar an gclár.
Na méideanna agus na rátaí a mholfaidh an Ballstát, bunófar iad ar bhonn an ghnímh tarmligthe dá dtagraítear i mír 4 nó ar bhonn an méid seo a leanas:
(a)modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe ar aon cheann acu seo a leanas:
(i) sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;
(ii) sonraí stairiúla fíoraithe;
(iii) gnáthchleachtais na cuntasaíochta costais a chur i bhfeidhm;
(b)dréachtbhuiséad;
(c)na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha agus cnapshuimeanna is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna;
(d)na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha agus cnapshuimeanna arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna.
3.Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar an clár nó leasú ar an gclár, leagfar amach na cineálacha oibríochtaí a chumhdaítear leis an aisíocaíocht bunaithe ar chostais aonaid, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe, sainiú na gcostas aonaid, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe, agus na méideanna a chumhdaíonn siad agus na modhanna chun na méideanna a choigeartú.
Úsáidfidh na Ballstáit ceann de na foirmeacha deontas dá dtagraítear in Airteagal 48(1) chun tacú le hoibríochtaí a naisíocfaidh an Coimisiún an caiteachas ina leith ar bhonn an Airteagail seo.
Is ar a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún, agus air sin amháin, a bheidh iniúchtaí an Choimisiúin nó na mBallstát dírithe.
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí chostais aonaid, cnapshuimeanna, rátaí comhréidhe, a méideanna agus na modhanna coigeartaithe a shainiú ar na bealaí dá dtagraítear sa dara fhomhír de mhír 2.
Airteagal 89
Maoiniú nach bhfuil nasctha le costais
1.Chun úsáid a bhaint as ranníocaíocht ón Aontas le tosaíocht ina hiomláine nó le codanna di ar bhonn maoiniú nach bhfuil nasctha le costais, cuirfidh an Ballstát togra faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir leis na teimpléid dá dtagraítear in Iarscríbhinn V agus in Iarscríbhinn VI, mar chuid den chlár nó d’iarraidh ar leasú ar an gclár. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa togra:
(a)sonrú na tosaíochta lena mbaineann agus an méid foriomlán arna chumhdach ag maoiniú nach bhfuil nasctha le costais; tuairisc ar an gcuid den chlár agus ar an gcineál oibríochtaí arna gcumhdach ag an maoiniú nach bhfuil nasctha le costais;
(b)tuairisc ar na coinníollacha atá le comhlíonadh nó ar na torthaí atá le baint amach agus amlíne;
(c)táirgí insoláthartha idirmheánacha a spreagfaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún;
(d)aonad tomhais;
(e)an sceideal don aisíocaíocht ón gCoimisiún agus na méideanna gaolmhara atá nasctha leis an dul chun cinn i dtaca le coinníollacha a chomhlíonadh nó torthaí a bhaint amach;
(f)na socruithe le haghaidh fíorú na dtáirgí insoláthartha idirmheánacha agus lena fhíorú gur comhlíonadh coinníollacha agus gur baineadh amach torthaí;
(g)na modhanna chun na méideanna a choigeartú, i gcás inarb infheidhme;
(h)na socruithe chun an rian iniúchóireachta a áirithiú i gcomhréir le hIarscríbhinn XI a léiríonn go bhfuil coinníollacha comhlíonta nó torthaí bainte amach.
2.Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar an clár nó an iarraidh ar leasú an chláir, leagfar amach na heilimintí a liostaítear i mír 1.
3.Úsáidfidh na Ballstáit ceann de na foirmeacha deontas dá dtagraítear in Airteagal 48(1) chun tacú le hoibríochtaí a naisíocfaidh an Coimisiún an caiteachas ina leith ar bhonn an Airteagail seo.
Is ar a fhíorú gur comhlíonadh na coinníollacha le haghaidh aisíocaíocht ón gCoimisiún nó gur baineadh amach na torthaí, agus air sin amháin, a bheidh iniúchtaí an Choimisiúin nó na mBallstát dírithe.
4.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 107 chun an tAirteagal seo a fhorlíonadh trí mhéideanna leagan síos le haghaidh maoiniú nach bhfuil nasctha le costais de réir an chineáil oibríochta, trí na modhanna a leagan síos le haghaidh na méideanna sin a choigeartú agus trí na coinníollacha atá le comhlíonadh nó na torthaí atá le baint amach a leagan síos.
Roinn III
Briseadh agus fionraí
Airteagal 90
Briseadh a chur sa sprioc-am íocaíochta
1.Féadfaidh an Coimisiún briseadh a chur sa sprioc-am íocaíochta le haghaidh íocaíochtaí, ach amháin i gcás réamh-mhaoiniú, ar feadh uastréimhse sé mhí i gcás ina gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)go bhfuil fianaise ann a thugann le fios gurb ann d’easnamh tromchúiseach agus nach ndearnadh bearta ceartaitheacha ina leith;
(b)go bhfuil ar an gCoimisiún fíoruithe breise a dhéanamh tar éis dó faisnéis a fháil go bhféadfadh caiteachas a chuimsítear in iarratas ar íocaíocht a bheith bainteach le neamhrialtacht.
2.Féadfaidh an Ballstát aontú tréimhse an bhriste a shíneadh trí mhí.
3.Déanfaidh an Coimisiún an briseadh a theorannú don chuid sin den chaiteachas dá ndéanann na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 difear, ach amháin murar féidir an chuid sin den chaiteachas lena mbaineann a shainaithint. Déanfaidh an Coimisiún an chúis leis an mbriseadh a chur in iúl i scríbhinn don Bhallstát agus iarrfaidh sé air an cás a leigheas. Cuirfidh an Coimisiún deireadh leis an mbriseadh a luaithe a dhéanfar na bearta lena leigheasfar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1.
4.Sna rialacha Chiste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le briseadh a chur in íocaíochtaí i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh.
Airteagal 91
Íocaíochtaí a chur ar fionraí
1.Féadfaidh an Coimisiún íocaíochtaí a chur ar fionraí ina niomláine nó i bpáirt tar éis dó an deis a thabhairt don Bhallstát a bharúlacha a chur i láthair, má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)gur mhainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun an cás a leigheas, rud ba chúis le briseadh de réir Airteagal 90;
(b)gurb ann d’easnamh tromchúiseach;
(c)go bhfuil an caiteachas in iarratas ar íocaíocht bainteach le neamhrialtacht nach bhfuil ceartaithe;
(d)gurb ann do thuairimí réasúnaithe ón gCoimisiún maidir le sárú faoi Airteagal 258 CFAE lena gcuirtear dlíthiúlacht agus rialtacht caiteachais i mbaol
(e)gur mhainnigh an Ballstát an ghníomhaíocht riachtanach a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 15(6).
2.Cuirfidh an Coimisiún deireadh le fionraíocht íocaíochtaí ina niomláine nó i bpáirt nuair a bheidh na bearta lena leigheastar na heilimintí dá dtagraítear i mír 1 déanta ag an mBallstát.
3.Sna rialacha Chiste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le híocaíochtaí a chur ar fionraí i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Iascaigh.
CAIBIDIL II
Cuntais a chur isteach agus a scrúdú
Airteagal 92
Inneachar cuntas agus iad a chur isteach
1.I gcás gach bliana cuntasaíochta ar cuireadh iarratais ar íocaíocht isteach ina leith, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 15 Feabhra, na doiciméid seo a leanas (‘an pacáiste dearbhaithe’) lena gcumhdófar an bhliain chuntasaíochta roimhe sin mar a shainmhínítear sin in Airteagal 2(28):
(a)na cuntais i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XX;
(b)an dearbhú bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 68(1)(f) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XV;
(c)an tuairim iniúchóireachta dá dtagraítear in Airteagal 71(3)(a) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVI;
(d)an tuarascáil bhliantúil ar rialú dá dtagraítear in Airteagal 71(3)(b) i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn XVII.
2.In imthosca eisceachtúla, féadfaidh an Coimisiún síneadh a chur leis an sprioc-am dá dtagraítear i mír 1 go dtí an 1 Márta, arna chur sin in iúl don Bhallstát lena mbaineann.
3.Beidh an méid seo a leanas ar áireamh sna cuntais, ar leibhéal gach tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ciste agus catagóire réigiúin:
(a)méid iomlán an chaiteachais incháilithe a iontráladh i gcórais chuntasaíochta an chomhlachta a dhéanann an fheidhm chuntasaíochta a cuireadh san áireamh san iarratas deiridh ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta agus méid iomlán na ranníocaíochta poiblí comhfhreagraí atá íoctha nó atá le híoc;
(b)na méideanna arna naistarraingt i rith na bliana cuntasaíochta;
(c)méideanna na ranníocaíochta poiblí arna híoc le gach ionstraim airgeadais;
(d)i gcás gach tosaíochta, míniú ar aon difríochtaí idir na méideanna arna ndearbhú de bhun phointe (a) agus na méideanna arna ndearbhú in iarratais ar íocaíocht don bhliain chuntasaíochta chéanna.
4.Ní bheidh na cuntais inghlactha mura bhfuil na ceartuithe is gá déanta ag na Ballstáit chun an riosca iarmharach do dhlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais a áirítear sna cuntais a laghdú go dtí níos lú ná 2 %.
5.Go háirithe, bainfidh na Ballstáit na nithe seo a leanas as na cuntais:
(a)an caiteachas neamhrialta a ndearnadh ceartú airgeadais air i gcomhréir le hAirteagal 97;
(b)an caiteachas atá faoi réir measúnú leanúnach ar a dhlíthiúlacht agus rialtacht;
(c)méideanna eile de réir mar is gá chun an ráta earráidí iarmharacha a laghdú go 2 % den chaiteachas atá dearbhaithe sna cuntais.
Féadfaidh na Ballstáit caiteachas faoi phointe (b) den chéad fhomhír a áireamh in iarratas ar íocaíocht i mbliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin fad agus a dheimhneofar a dhlíthiúlacht agus rialtacht.
6.Na méideanna neamhrialta a bhraithfidh an Ballstát tar éis dó na cuntais a chur isteach, féadfaidh sé iad a ionadú trí na coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina mbraitear an neamhrialtacht, gan dochar d’Airteagal 98.
7.Mar chuid den phacáiste dearbhaithe, déanfaidh an Ballstát an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 38, nó an tuarascáil bhliantúil deiridh ar chur chun feidhme i gcás CEMI, CTIL, CSI agus IBTV a chur isteach don bhliain chuntasaíochta deiridh.
Airteagal 93
Na cuntais a scrúdú
Deimhneoidh an Coimisiún dó féin go bhfuil na cuntais lánchríochnaithe, cruinn agus fíor faoin 31 Bealtaine den bhliain tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta mura bhfuil feidhm ag Airteagal 96.
Airteagal 94
An tiarmhéid a ríomh
1.Nuair a chinneann an Coimisiún an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta agus na coigeartuithe dá réir sin i ndáil leis na híocaíochtaí leis an mBallstát, cuirfidh sé na nithe seo a leanas san áireamh:
(a)na méideanna sna cuntais dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 95(2) a bhfuil an ráta cómhaoinithe le gach tosaíochta le cur i bhfeidhm maidir leo;
(b)méid iomlán na níocaíochtaí eatramhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún le linn na bliana cuntasaíochta.
2.I gcás ina bhfuil méid atá inghnóthaithe ón mBallstát, beidh sé faoi réir ordú inghnóthaithe a eiseoidh an Coimisiún agus a chuirfear i gcrích trí é a fhritháireamh, más féidir, i gcoinne méideanna atá dlite don Bhallstát in íocaíochtaí ina dhiaidh sin leis an gclár céanna. Ní mheasfar gur ceartú airgeadais é gnóthú den sórt sin ná ní laghdóidh sé an tacaíocht a fhaigheann an clár ó na Cistí. Is éard a bheidh sa mhéid a ghnóthófar ioncam sannta i gcomhréir le hAirteagal [177(3)] den Rialachán Airgeadais.
Airteagal 95
An nós imeachta maidir le cuntas a scrúdú
1.Beidh feidhm ag an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 96 i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
(a)tá tuairim iniúchóireachta cháilithe nó chodarsnach tugtha ag an údarás iniúchóireachta ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas;
(b)tá fianaise ag an gCoimisiún a chaitheann amhras ar iontaofacht tuairime iniúchóireachta neamhcháilithe.
2.I ngach cás eile, ríomhfaidh an Coimisiún na méideanna is inmhuirir i leith na gCistí i gcomhréir le hAirteagal 94 agus déanfaidh sé na híocaíochtaí nó na gnóthuithe faoi seach faoin 1 Iúil. Glacfar leis na cuntais de thairbhe na híocaíochta nó an ghnóthaithe sin.
Airteagal 96
An nós imeachta bréagnaitheach maidir le cuntas a scrúdú
1.Má thugann an túdarás iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta atá cáilithe ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas, iarrfaidh an Coimisiún ar an mBallstát na cuntais a athbhreithniú agus an doiciméad dá dtagraítear in Airteagal 92(1) a chur faoina bhráid arís laistigh d’aon mhí amháin.
Más rud é, faoin teorainn ama a leagtar amach sa chéad fhomhír:
(a)go bhfuil an tuairim iniúchóireachta neamhcháilithe, beidh feidhm ag Airteagal 94 agus íocfaidh an Coimisiún aon mhéid breise nó rachaidh sé i mbun gnóthú laistigh de dhá mhí;
(b)go bhfuil an tuairim iniúchóireachta fós cáilithe nó nár chuir an Ballstát doiciméid isteach arís, beidh feidhm ag mír 2, mír 3 agus mír 4.
2.Má tá an tuairim iniúchóireachta fós cáilithe ar chúiseanna a bhaineann le hiomláine, cruinneas agus fírinneacht na gcuntas nó má tá an tuairim iniúchóireachta fós neamh-iontaofa, cuirfidh sé an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoin méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta.
3.I gcás ina naontóidh an Ballstát leis an méid sin laistigh d’aon mhí amháin, íocfaidh an Coimisiún méid eile atá dlite nó rachaidh sé i mbun gnóthú i gcomhréir le hAirteagal 94 laistigh de dhá mhí.
4.I gcás nach naontóidh an Ballstát leis an méid dá dtagraítear i mír 2, leagfaidh an Coimisiún síos an méid is inmhuirir i leith na gCistí don bhliain chuntasaíochta. Ní mheasfar gur ceartú airgeadais é beart den sórt sin ná ní laghdóidh sé an tacaíocht a fhaigheann an clár ó na Cistí. Íocfaidh an Coimisiún méid eile atá dlite nó rachaidh sé i mbun gnóthú i gcomhréir le hAirteagal 94 laistigh de dhá mhí.
5.Maidir leis an mbliain bhliain chuntasaíochta deiridh, déanfaidh an Coimisiún iarmhéid bhliantúil na gcuntas a íoc nó a ghnóthú i gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta a ghlacfar leis an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 38.
CAIBIDIL III
Ceartuithe airgeadais
Airteagal 97
Ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit
1.Déanfaidh na Ballstáit buiséad an Aontais a chosaint agus ceartuithe airgeadais a chur i bhfeidhm tríd an tacaíocht ó na Cistí d’oibríocht nó do chlár a chur ar ceal ina hiomláine nó i bpáirt nuair a gheofar amach go bhfuil caiteachas arna dhearbhú don Choimisiún neamhrialta.
2.Déanfar ceartuithe airgeadais a thaifeadadh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta ina gcinnfear an cealú.
3.Féadfaidh an Ballstát an tacaíocht ó na Cistí arna cealú a athúsáid laistigh den chlár lena mbaineann ach amháin le haghaidh aon oibríocht a ndearnadh an ceartú sin air nó, má dhéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtacht shistéamach, le haghaidh aon oibríocht a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.
4.Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag na Ballstáit i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta.
5.De mhaolú ar mhír 1 go mír 3, in oibríochtaí a chuimsíonn ionstraimí airgeadais, an ranníocaíocht a chuirfear ar ceal i gcomhréir leis an Airteagal seo, de thoradh neamhrialtacht aonair, féadfar í a athúsáid laistigh den oibríocht chéanna ar na coinníollacha seo a leanas:
(a)más ar leibhéal an fhaighteora deiridh a bhraitear an neamhrialtacht is cúis le cealú na ranníocaíochta: le haghaidh faighteoirí deiridh eile laistigh den ionstraim airgeadais chéanna, agus le haghaidh na bhfaighteoirí deiridh sin amháin;
(b)más ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sonrach chun feidhme a bhraitear an neamhrialtacht is cúis le cealú na ranníocaíochta, más trí struchtúr a bhfuil ciste sealbhaíochta aige a chuirtear an ionstraim airgeadais chun feidhme: le haghaidh comhlachtaí eile a chuireann cistí sonracha chun feidhme agus le haghaidh na gcomhlachtaí sin amháin.
Más ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme a bhraitear an neamhrialtacht sin is cúis le cealú na ranníocaíochta, nó ar leibhéal an chomhlachta a chuireann an ciste sonrach chun feidhme i gcás ina gcuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme trí struchtúr nach bhfuil ciste sealbhaíochta aige, ní dhéanfar an ranníocaíocht arna cealú a athúsáid laistigh den oibríocht chéanna.
Má dhéantar ceartú airgeadais i gcás neamhrialtacht shistéamach, ní dhéanfar an ranníocaíocht arna cealú a athúsáid le haghaidh aon oibríocht a ndearna an neamhrialtacht shistéamach difear di.
6.Na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, déanfaidh siad ranníocaíochtaí cláir a ndearna neamhrialtachtaí difear dóibh a aisíoc leis na Ballstáit, maille le hús agus aon ghnóthachain eile arna nginiúint ag na ranníocaíochtaí sin.
Na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme, ní dhéanfaidh siad na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a aisíoc leis na Ballstáit ar choinníoll go léireoidh na comhlachtaí sin i gcás neamhrialtacht áirithe go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:
(a)gur ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh a tharla an neamhrialtacht ní, i gcás ciste sealbhaíochta, gur ar leibhéal na gcomhlachtaí a chuireann cistí sonracha chun feidhme nó na bhfaighteoirí deiridh a tharla sí;
(b)gur chomhlíon na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme a noibleagáidí, i ndáil leis na ranníocaíochtaí cláir a ndearna an neamhrialtacht difear dóibh, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus gur ghníomhaigh siad leis an gcúram gairmiúil, an trédhearcacht agus an dúthracht a éilítear ar an gcomhlacht gairmiúil a bhfuil taithí aige ar ionstraimí airgeadais a chur chun feidhme;
(c)nárbh fhéidir na méideanna a ndearna an neamhrialtacht difear dóibh a ghnóthú d’ainneoin go ndearna na comhlachtaí a chuireann ionstraimí airgeadais chun feidhme na bearta conarthacha agus dlíthiúla uile b’infheidhme, le dícheall cuí.
Airteagal 98
Ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún
1.Déanfaidh an Coimisiún ceartuithe airgeadais tríd an tacaíocht ó na Cistí do chlár a laghdú, i gcás ina gcinnfidh sé:
(a)gurb ann d’easnamh tromchúiseach a chuir i mbaol an tacaíocht ó na Cistí atá íoctha cheana féin leis an gclár;
(b)go bhfuil caiteachas atá i gcuntais ar glacadh leo neamhrialta agus nár bhraith ná nár thuairiscigh an Ballstát é;
(c)nach bhfuil a oibleagáidí faoi Airteagal 91comhlíonta ag an mBallstát roimh don Choimisiún an nós imeachta maidir le ceartú airgeadais a oscailt.
I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún ráta comhréidh nó ceartuithe airgeadais eachtarshuite i bhfeidhm, déanfar sin i gcomhréir le hIarscríbhinn XXI.
2.Sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé an Coimisiún an Ballstát ar an eolas faoina chonclúidí agus tabharfaidh sé an deis don Bhallstát a bharúlacha a chur i láthair laistigh de dhá mhí.
3.I gcás nach nglacfaidh an Ballstát le conclúidí an Choimisiúin, tabharfar cuireadh don Bhallstát freastal ar éisteacht ag an gCoimisiún, chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis ábhartha agus na barúlacha ábhartha ar fad ar fáil le bheith mar bhunús le conclúidí an Choimisiúin i dtaobh an ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm.
4.Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais trí bhíthin gníomh cur chun feidhme laistigh de 12 mhí tar éis na héisteachta nó tar éis an dáta a chuirfear faisnéis bhreise isteach de réir éileamh ón gCoimisiún.
Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir le ceartú airgeadais, cuirfidh sé san áireamh an fhaisnéis uile agus na barúlacha uile arna gcur faoina bhráid.
I gcás ina naontóidh Ballstát leis an gceartú airgeadais i gcásanna dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 sula nglacfar an cinneadh dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Ballstát na méideanna lena mbaineann a athúsáid. Ní bheidh feidhm ag an deis sin maidir le ceartú airgeadais i gcásanna dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1.
5.Sna rialacha Ciste-shonracha do CEMI, féadfar forais shonracha a leagan síos maidir le ceartuithe airgeadais ag an gCoimisiún i ndáil le neamh-chomhlíonadh rialacha is infheidhme faoin gComhbheartas Talmhaíochta.
CAIBIDIL IV
Saoradh
Airteagal 99
Prionsabail agus rialacha maidir le saoradh
1.Saorfaidh an Coimisiún aon mhéid i gclár nár úsáideadh le haghaidh réamh-mhaoiniú i gcomhréir le hAirteagal 84 nó nár cuireadh iarratas ar íocaíocht faoina bhráid ina leith i gcomhréir le hAirteagal 85 agus le hAirteagal 86 faoin 26 Nollaig den dara bliain féilire tar éis bhliain na ngealltanas buiséadach do na blianta 2021 go 2026.
2.An méid atá le cumhdach le réamh-mhaoiniú nó le hiarratais ar íocaíocht faoin teorainn ama a leagtar síos i mír 1 i ndáil leis an ngealltanas buiséadach do 2021, 60 % den ghealltanas sin a bheidh ann. Déanfar 10 % den ghealltanas buiséadach do 2021 a chur le gach gealltanas buiséadach do na blianta 2022 go 2025 chun críocha na méideanna atá le cumhdach a ríomh.
3.An chuid de na gealltanais a bheidh fós ar oscailt an 31 Nollaig 2029, déanfar í a shaoradh mura gcuirfear an pacáiste dearbhaithe agus an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht do chláir a fhaigheann tacaíocht ó CSE+, ó CFRE agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi bhráid an Choimisiúin faoin teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 38(1).
Airteagal 100
Eisceachtaí ó na rialacha maidir le saoradh
1.Déanfar an méid a mbaineann an saoradh leis a laghdú na méideanna atá coibhéiseach leis an gcuid sin den ghealltanas buiséadach ar ina leith:
(a)a cuireadh na hoibríochtaí ar fionraí trí imeachtaí dlíthiúla nó trí achomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fhionraitheach aige; nó
(b)nach rabhthas in ann iarratas ar íocaíocht a dhéanamh ar chúiseanna force majeure a imríonn tionchar tromchúiseach ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.
Léireoidh na húdaráis náisiúnta a mhaíonn go raibh force majeure ann tionchar díreach an force majeure ar chur chun feidhme an chláir ina iomláine nó i bpáirt.
2.Faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Ballstát faisnéis chuig an gCoimisiún faoi na heisceachtaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1 i dtaobh an méid atá le dearbhú faoin 26 Nollaig.
Airteagal 101
Nós imeachta maidir le saoradh
1.Ar bhonn na faisnéise atá faighte aige faoin 31 Eanáir, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát méid an tsaortha ar toradh na faisnéise sin é.
2.Beidh dhá mhí ag an mBallstát chun aontú leis an méid a bheidh le saoradh nó chun a bharúlacha a chur isteach.
3.Faoin 30 Meitheamh, cuirfidh an Ballstát faoi bhráid an Choimisiúin plean maoinithe athbhreithnithe ina léireofar, don bhliain féilire lena mbaineann, méid laghdaithe na tacaíochta thar thosaíocht amháin nó níos mó den chlár. I gcás cláir a fhaigheann tacaíocht ó níos mó ná Ciste amháin, laghdófar an méid tacaíochta de réir an Chiste i gcomhréir leis na méideanna a mbaineann an saoradh leo nár úsáideadh le linn na bliana féilire lena mbaineann.
Mura gcuirfear é sin faoin bhráid, athbhreithneoidh an Coimisiún an plean maoinithe tríd an ranníocaíocht ó na Cistí a laghdú don bhliain féilire lena mbaineann. Déanfar an laghdú a leithdháileadh idir gach tosaíocht i gcomhréir leis na méideanna a mbaineann an saoradh leo nár úsáideadh le linn na bliana féilire lena mbaineann.
4.Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh lena bhformheastar an clár a leasú tráth nach déanaí ná an 31 Deireadh Fómhair.
TEIDEAL VIII
Creat airgeadais
Airteagal 102
Cumhdach geografach na tacaíochta do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post
1.Tacóidh CFRE, CSE+ agus an Ciste Comhtháthaithe le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post i ngach réigiún a chomhfhreagraíonn do leibhéal 2 den aicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (‘réigiúin leibhéal NUTS 2’) a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003, arna leasú ag Rialachán Uimh. 868/2014 ón gCoimisiún.
2.Déanfar acmhainní ó CFRE agus ó CSE+ do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh ar na trí chatagóir seo a leanas de réigiúin leibhéal NUTS 2:
(a)réigiúin bheagfhorbartha, ag a bhfuil OTI per capita faoi bhun 75 % de mheán-OTI AE-27 (‘réigiúin bheagfhorbartha’);
(b)réigiúin trasdula, ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 100 % de mheán-OTI AE-27 (‘réigiúin trasdula’);
(c)réigiúin níos forbartha, ag a bhfuil OTI per capita os cionn 100 % de mheán-OTI AE-27 (‘réigiúin níos forbartha’).
Déanfar aicmiú na réigiún faoi cheann amháin de na trí chatagóir réigiún a chinneadh ar bhonn na caoi a mbaineann OTI per capita gach réigiúin, arna thomhas de réir caighdeáin chumhachta ceannaigh (CCC) agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2014-2016, le meán-OTI AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna.
3.Na Ballstáit sin ar lú a OIN per capita, arna thomhas de réir CCC agus arna ríomh ar bhonn fhigiúirí an Aontais le haghaidh na tréimhse 2014-2016, ná 90 % de mheán-OIN per capita AE-27 le haghaidh na tréimhse tagartha céanna, tacóidh an Ciste Comhtháthaithe leo.
4.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ina leagfar amach an liosta de na réigiúin a chomhlíonann critéir ceann amháin de na trí chatagóir réigiún agus de na Ballstáit a chomhlíonann critéir mhír 3. Beidh an liosta sin bailí ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.
Airteagal 103
Acmhainní don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach
1.Is EUR 330 624 388 630, i bpraghsanna 2018, a bheidh sna hacmhainní don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheidh ar fáil le haghaidh gealltanas buiséadach i leith na tréimhse 2021-2027.
Chun críocha an clársceidealaithe agus an chuimsithe ina dhiaidh sin i mbuiséad an Aontais, beidh an méid sin innéacsaithe ag 2 % in aghaidh na bliana.
2.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ina leagfar amach an miondealú bliantúil ar acmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, in aghaidh na catagóire réigiún, mar aon le liosta na réigiún incháilithe, i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn XXII.
Leagfar amach sa chinneadh sin freisin an miondealú bliantúil ar na hacmhainní foriomlána in aghaidh an Bhallstáit faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).
3.Déanfar 0,35 % de na hacmhainní foriomlána, tar éis an tacaíocht chuig SCE dá dtagraítear in Airteagal 104(4) a asbhaint, a leithdháileadh ar chúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún.
Airteagal 104
Acmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg)
1.Is é a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post 97,5 % de na hacmhainní foriomlána (i.e. EUR 322 194 388 630 ar an iomlán) agus leithdháilfear iad mar a leanas:
(a)61.6 % (i.e. EUR 198 621 593 157 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;
(b)14.3 % (i.e. EUR 45 934 516 595 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin trasdula;
(c)10.8 % (i.e. EUR 34 842 689 000 ar an iomlán) le haghaidh réigiúin níos forbartha;
(d)12.8 % (i.e. EUR 41 348 556 877 ar an iomlán) le haghaidh na mBallstát a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe;
(e)0.4 % (i.e. EUR 1 447 034 001 ar an iomlán) mar chistiú breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí arna sainaithint in Airteagal 349 CFAE agus réigiúin leibhéal NUTS 2 a chomhlíonann na critéir a leagtar síos in Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann le hIonstraim Aontachais 1994.
2.In 2024, déanfaidh an Coimisiún, ina choigeartú teicniúil don bhliain 2025 i gcomhréir le hAirteagal [6] de Rialachán (AE, Euratom) [[...] (an Rialachán maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil)], athbhreithniú ar na leithdháiltí iomlána faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post do gach Ballstát don tréimhse 2025 go 2027.
Déanfaidh an Coimisiún, ina athbhreithniú, an modh leithdháilte a leagtar amach in Iarscríbhinn XXII a chur i bhfeidhm ar bhonn an staidrimh is déanaí a mbeidh faill air an uair sin.
Tar éis an choigeartaithe theicniúil, leasóidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme chun miondealú bliantúil athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 103(2) a leagan amach.
3.EUR 88 646 194 590 a bheidh sa mhéid acmhainní a bheidh ar fáil do CSE+ faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.
EUR 376 928 934 a bheidh i méid an chistithe bhreise do na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear i bpointe (e) i mír 1 arna leithdháileadh ar CSE+.
4.EUR 10 000 000 000 a bheidh sa mhéid tacaíochta ón gCiste Comhtháthaithe atá le haistriú chuig CSE. Caithfear ar thionscadail bhonneagair iompair é trí ghlaonna sonracha a sheoladh i gcomhréir le Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua] go heisiach sna Ballstáit atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCiste Comhtháite.
Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme, ina leagfar amach an méid a bheidh le haistriú ó leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe chuig SCE, ar méid é a chinnfear ar bonn pro rata i leith na tréimhse iomláine.
Déanfar leithdháileadh gach Ballstáit den Chiste Comhtháthaithe a laghdú dá réir sin.
Déanfar na leithreasuithe bliantúla a chomhfhreagraíonn don tacaíocht ón gCiste Comhtháthaithe atá luaite sa chéad fhomhír a iontráil i línte buiséid ábhartha na Saoráide um Chónascadh na hEorpa amhail ó chleachtadh buiséid 2021.
30 % de na hacmhainní a aistreofar chuig SCE, beidh sé le fáil díreach tar éis an aistrithe ag na Ballstáit uile incháilithe le haghaidh cistiú ón gCoiste Comhtháthaithe chun tionscadail bhonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir le Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua].
Beidh feidhm ag na rialacha is infheidhme don earnáil iompair faoi Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua] maidir leis na glaonna sonracha dá dtagraítear sa chéad fhomhír. Go dtí an 31 Nollaig 2023, nuair a roghnófar na agus tionscadail a bheidh incháilithe don mhaoiniú déanfar na leithdháiltí náisiúnta faoin gCiste Comhtháthaithe a urramú maidir le 70 % de na hacmhainní a aistreofar chuig SCE.
Amhail ón 1 Eanáir 2024, déanfar acmhainní arna naistriú chuig SCE nach mbeidh geallta do thionscadal bonneagair iompair a chur ar fáil do na Ballstáit go léir atá incháilithe le haghaidh cistiú ón gCoiste Comhtháthaithe chun na tionscadail bhonneagair iompair a mhaoiniú i gcomhréir le Rialachán (AE) [uimhir Rialachán SCE nua].
5.Déanfar EUR 500 000 000 d’acmhainní do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh ar an Tionscnamh Uirbeach Eorpach faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach ag an gCoimisiún.
6.Déanfar EUR 175 000 000 d’acmhainní CSE+ do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post a leithdháileadh le haghaidh comhar trasnáisiúnta a thacaíonn le réitigh nuálacha faoi bhainistíocht dhíreach nó indíreach.
7.Is 2.5 % de na hacmhainní foriomlána atá ar fáil le haghaidh an ghealltanais bhuiséadaigh ó na Cistí don tréimhse 2021-2027 (i.e. EUR 8 430 000 000 ar an iomlán) a bheidh sna hacmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).
Airteagal 105
Inaistritheacht acmhainní
1.Féadfaidh an Coimisiún glacadh le togra ó Bhallstát agus an Comhaontú Comhpháirtíochta á chur isteach nó i gcomhthéacs an athbhreithnithe meántéarma, maidir le haistriú:
(a)nach mó ná 15 % de na leithdháiltí iomlána do réigiúin bheagfhorbartha, a dhéanamh chuig réigiúin trasdula nó réigiúin níos forbartha agus ó réigiúin trasdula chuig réigiúin níos forbartha;
(b)ó na leithdháiltí do réigiúin níos forbartha nó réigiúin trasdula chuig réigiúin bheagfhorbartha.
2.Ní bheidh na leithdháiltí iomlána ar gach Ballstát maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) inaistrithe idir na spriocanna sin.
Airteagal 106
Rátaí cómhaoinithe a chinneadh
1.Sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar clár, socrófar an ráta cómhaoinithe agus uasmhéid na tacaíochta ó na Cistí le haghaidh gach tosaíochta.
2.I gcás gach tosaíochta, leagfar amach sa chinneadh ón gCoimisiún an gcuirfear an ráta cómhaoinithe le haghaidh na tosaíochta i bhfeidhm maidir le ceachtar acu seo a leanas:
(a)ranníocaíocht iomlán, lena náirítear ranníocaíocht phoiblí agus phríobháideach;
(b)ranníocaíocht phoiblí.
3.An ráta cómhaoinithe do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post ar leibhéal gach tosaíochta, ní bheidh sé níos airde ná:
(a)70 % le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha;
(b)55 % le haghaidh réigiúin trasdula;
(c)40 % le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha.
Beidh feidhm ag na rátaí cómhaoinithe a leagtar amac faoi phointe (a) maidir leis na réigiúin is forimeallaí freisin.
An ráta cómhaoinithe don Chiste Comhtháthaithe ar leibhéal gach tosaíochta, ní bheidh sé níos airde ná 70 %.
I Rialachán CSE+, féadfar rátaí cómhaoinithe níos airde a leagan síos le haghaidh tosaíochtaí a thacaíonn le gníomhaíochtaí nuálacha i gcomhréir le hAirteagal [14] den Rialachán sin.
4.Ní bheidh an ráta cómhaoinithe do chláir Interreg níos airde ná 70 %.
Féadfar rátaí cómhaoinithe níos airde a leagan síos i Rialachán CCE le haghaidh cláir do chomhar trasteorann seachtrach faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg).
5.Féadfar bearta cúnaimh theicniúil arna gcur chun feidhme ar thionscnamh ón gCoimisiún, nó thar a cheann, a mhaoiniú de réir ráta 100 %.
TEIDEAL IX
TARMLIGEAN CUMHACHTA, FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS DEIRIDH
CAIBIDIL I
Tarmligean cumhachta agus forálacha cur chun feidhme
Airteagal 107
Tarmligean cumhachtaí
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 108 chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú chun oiriúnú a dhéanamh d’athruithe a tharlóidh le linn na clárthréimhse i gcás eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo, diomaite d’Iarscríbhinní III, IV, X agus XXII.
Airteagal 108
An tarmligean a fheidhmiú
1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 63(10), 73(4), 88(4) 89(4) agus 107 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.
3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 63(10), 73(4), 88(4) agus 89(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 63(10), 73(4), 88(4), 89(4) agus 107 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 109
Nós imeachta coiste
1.Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
CAIBIDIL II
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 110
Forálacha idirthréimhseacha
Rialachán (CE) Uimh, 1303/2013 nó aon ghníomh eile is infheidhme maidir leis an gclárthréimhse 2014-2020, leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu maidir le cláir agus oibríochtaí a fhaigheann tacaíocht ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe agus ó CEMI faoin tréimhse sin.
Airteagal 111
Coinníollacha ar oibríochtaí atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe
1.Féadfaidh an túdarás bainistíochta dul ar aghaidh le roghnú oibríochta arb í an dara céim í d’oibríocht a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta agus a tosaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha carnacha seo a leanas:
(a)go bhfuil ag an oibríocht, a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013, dhá chéim atá inaitheanta ó thaobh an airgeadais de a bhfuil rianta iniúchóireachta ar leith acu;
(b)go bhfuil costas iomlán na hoibríochta os cionn EUR 10 milliún;
(c)nach bhfuil caiteachas a áirítear in iarratas ar íocaíocht i ndáil leis an gcéad chéim ar áireamh in aon iarratas ar íocaíocht i ndáil leis an dara céim;
(d)go bhfuil an dara céim den oibríocht i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus go bhfuil sí incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CFRE, ó CSE+ agus ón gCiste Comhtháthaithe faoi fhorálacha an Rialacháin seo nó na Rialachán Ciste-shonracha;
(e)go ngabhann an Ballstát air féin an dara céim, arb í an chéim dheiridh í, a lánchríochú le linn na clárthréimhse agus a dhéanamh oibríochtúil, sa tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 141 de Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013.
2.Beidh feidhm ag forálacha an Rialacháin seo maidir leis an dara céim den oibríocht.
Airteagal 112
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh in Strasbourg,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH
1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH
1.1.Teideal an togra/tionscnaimh
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe agus an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn agus Imirce, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim Bainistithe Teorainneacha
1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (cnuasach clár)
Comhtháthú agus luachanna
1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:
◻ beart nua
◻ beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart
X síneadh ar bheart atá ann cheana
◻ beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua
1.4.Forais an togra/tionscnaimh
1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh
Le linn 2019 Glacadh an rialacháin
Le linn 2020 Caibidliú clár
1 Eanáir 2021 Tús na gclár nua
1.4.2.Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE (d’fhéadfadh an luach breise a bheith mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “luach breise a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a bhíonn mar thoradh ar idirghabháil an Aontais atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann murach sin ag na Ballstáit dá mbeidís ag feidhmiú leo féin.
Cúiseanna le beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais (ex-ante)
Tá údar le beart ón Aontas maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, CEMI, CTIL, CSI agus IBTV ar fhoras na gcuspóirí a leagtar amach in Airteagal 174 CFAE. Tá an ceart gníomh a dhéanamh cumhdaithe in Airteagal 175 CFAE, Airteagal ina niarrtar go sainráite ar an Aontas an beartas sin a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as na Cistí Struchtúracha, in éineacht le hAirteagal 177, a shainíonn ról an Chiste Comhtháthaithe. Tá aidhmeanna CSE, CFRE agus an Chiste Comhtháthaithe sainithe in Airteagail 162, 176 agus 177 den CFAE faoi seach. Tugann Airteagal 39 CFAE bonn údair do na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iascach.
Luaitear in Airteagal 174 CFAE, gur cheart aird faoi leith a thabhairt ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu. Ar na réigiúin dheireanacha sin tá na réigiúin is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus na réigiúin oileánacha, na réigiún trasteorann agus na réigiúin shléibhteacha.
Sonraítear in Airteagal 349 CFAE go nglacfar bearta sonracha chun aird a thabhairt ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na réigiún is forimeallaí, staid is measa fós mar gheall ar ghnéithe sonracha áirithe a chuireann srian mór lena bhforbairt.
An luach breise ar leibhéal an Aontais a mheastar a ghinfear (ex post)
Éifeachtacht agus éifeachtúlacht: nuair is éifeachtaí beart ón Aontas chun torthaí a bhaint amach. Mar shampla, ina lán tíortha, is faoin mbeartas comhtháthaithe a dhéantar thart ar 50 % (nó níos mó) den infheistíocht phoiblí – seachas sin ní bheadh an acmhainn airgeadais ag na Ballstáit sin infheistíochtaí dá sórt a dhéanamh. Thairis sin, níorbh ann do straitéisí um speisialtóireacht chliste (RIS3) i bhformhór na réigiún, bídís beagfhorbartha nó níos forbartha, ná ní dhéanfaí iad a chothabháil, murach CFRE.
Rannchuidiú le spriocanna a dhéanann difear do shaoránaigh an Aontais. Cur chun cinn post agus fáis, fás glas agus ísealcharbóin, cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú inimirceach, dea-chothabháil teorainneacha – déanann siad uile difear do shaoránaigh. Thairis sin, leis na coinníollacha cumasaithe, cuirtear athchóirithe struchtúracha agus nuachóiriú riaracháin chun cinn.
1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil eile san am a chuaigh thart
(1) Simpliú: an gá an tualach riaracháin a laghdú. Toradh príomha athfhillteach ab ea é sin. Ba fhoinse éiginnteachta riaracháin agus moille ar chur chun feidhme iad na córais bhainistithe, rialaithe agus iniúchóireachta a bhí róchasta, agus díspreagadh a bhí iontu tacaíocht a iarraidh. Moladh ar leith ba ea roghanna costais simplithe a úsáid.
(2) Solúbthacht chun freagairt do riachtanais atá ag teacht chun cinn. Mar shampla, sa mheastóireacht ex post ar CFRE agus ar an gCiste Comhtháthaithe léiríodh gur éirigh thar barr, sa tréimhse 2007-2013, le hoiriúnú na gclár le linn na géarchéime eacnamaíche, agus gur cheart forbairt air sin.
(3) Poitéinseal ionstraimí airgeadais. Léiríodh sna meastóireachtaí go raibh sé de phoitéinseal in ionstraimí airgeadais a bheith ina modh níos éifeachtúla le hinfheistíocht a chistiú i réimsí beartais áirithe, ach tá moilleanna cur chun feidhme ann agus dúshlán atá ann a núsáid a scaipeadh.
1.4.4.Comhoiriúnacht d’ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d’fhéadfadh a bheith ann
De thoradh an chineáil tacaíochta atá ann, is le Fís Eorpach agus leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa atá an tsineirgíocht is mó:
Díreoidh Fís Eorpach ar “Fheabhas Eorpach” (eolas nua a ghiniúint agus a shaothrú, taighde ceannródaíoch) agus díreoidh CFRE ar “ábharthacht réigiúnach” (an teolas agus an teicneolaíocht atá ann cheana a scaipeadh ar áiteanna ina bhfuil sé ag teastáil, agus iad a leabú ann go logánta trí straitéisí um speisialtóireacht chliste, ag forbairt córais nuálaíochta áitiúla).
Chun comhsheasmhacht a áirithiú leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF), tá sineirgíocht agus comhlántacht fheabhsaithe ann, rud a chiallaíonn go ndíreoidh SCE ar an “gcroíghréasán” go háirithe agus san am céanna cuirfidh CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe tacaíocht ar fáil don “líonra cuimsitheach”, lena náirítear rochtain réigiúnach agus áitiúil air a áirithiú chomh maith le naisc iompair laistigh de ceantair uirbeacha.
1.5.Fad agus tionchar airgeadais
◻ tréimhse theoranta
–◻
a bheidh i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB
–X
Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go 2029 do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.
◻ tréimhse neamhtheoranta
–Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,
agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.
1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe
◻ Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún
–◻ ina ranna, lena náirítear an chuid sin den fhoireann atá i dtoscaireachtaí an Aontais;
–◻
trí na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
X Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit
◻ Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas::
–◻ tríú tíortha nó na comhlachtaí a d’ainmnigh siad;
–◻ eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);
–◻ BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;
–◻ comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;
–◻ comhlachtaí dlí poiblí;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;
–◻ comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;
–◻ daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.
–I gcás ina sonrófar níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn “Nótaí” le do thoil.
2.BEARTA BAINISTÍOCHTA
2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe
Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo.
Forbairt is ea an córas faireacháin ar dhea-chleachtas na tréimhse buiséadaí 2014-2020 agus beidh sé fós bunaithe ar chóras bainistíochta comhroinnte. Tabharfar ról níos lárnaí do na Coistí Faireacháin a chuirfear ar bun le haghaidh gach cláir, i ndáil le maoirsiú fheidhmíocht an chláir agus na dtosca uile a imríonn tionchar air. Ar mhaithe leis an trédhearcacht, beidh sé ina cheangal na doiciméid a chuirfear faoi bhráid na gcoistí faireacháin a chur ar fáil go poiblí. Cuirfidh cruinnithe bliantúla faoi athbhreithniú feidhmíochta idir an Coimisiún agus na Ballstát leis an gcóras. Cuirfear deireadh leis an gceanglas tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chur isteach, seachas sin beidh sonraí atá cothrom le dáta le cur isteach níos minice. Coinneofar ceanglas maidir leis an tuarascáil deiridh ar fheidhmíocht.
Leis an sainiú ar tháscairí is infheidhme i gcoitinne, cuirfear le hinfhaighteacht faisnéise faireacháin is féidir a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais.
Éascaíonn sonraí leictreonacha an simpliú agus an trédhearcacht araon. Sa tréimhse 2014-2020, bhí ceanglas ann córas malartaithe sonraí leictreonacha a bhunú idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta, agus idir údaráis éagsúla an chórais bainistithe agus rialaithe. Cuireann an Rialachán seo leis sin agus déantar gnéithe áirithe a fhorbairt a thuilleadh ann ó thaobh sonraí a bhailiú de. Déanfar na sonraí uile is gá chun an faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn lena náirítear torthaí agus feidhmiú na gclár a tharchur go leictreonach. Gach re mí, nuashonrófar an ardán sonraí oscailte, rud a fhágann go léireoidh sé an fheidhmíocht i bhfíor-am, beagnach.
2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe
2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, na sásraí cur chun feidhme, na módúlachtaí íocaíochta agus an straitéis atá beartaithe
I bhfianaise na dtorthaí dearfacha ar an laghdú ar rátaí earráidí arna thuairisciú ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (mar aon leis an éiginnteacht atá ann toisc nach raibh sé i bhfeidhm ar feadh thimthriall cur chun feidhme iomlán na gclár, sa dóigh nach féidir teacht ar chonclúidí críochnaitheacha maidir le gach gné de) is gá bunphrionsabail an chórais bainistithe agus rialaithe agus na rialacha maidir le bainistíocht airgeadais a tugadh isteach don tréimhse 2014-2020 a choinneáil i bhfeidhm.
Ina theannta sin, áfach, is gá a aithint gur cuireadh moill ar thosú an chur chun feidhme sa tréimhse 2014-2020 agus go raibh ualach riaracháin neamhriachtanach ann, uaireanta, de dheasca cuid de na ceanglais. Dá bhrí sin, táthar ag beartú cúraimí agus freagrachtaí na gcomhlachtaí éagsúla sa chóras bainistithe agus rialaithe a leagan amach ar bhealach soiléir, go háirithe i ndáil le roghnú oibríochtaí agus ceanglais lena áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais.
Na mionsonraithe agus na rialacha tánaisteacha uile a bhí leagtha amach sa reachtaíocht thánaisteach roimhe seo, tá siad ar áireamh sa téacs reachtach anois chun intuarthacht a áirithiú. Níl aon cheanglas ann maidir leis an bpróiseas ainmniúcháin a dhéanamh; cuirtear chun cinn leis na forálacha leanúint d’úsáid na gcóras atá ann cheana. Beartaítear níos mó simplithe i gcás cláir a bhfuil córas bainistithe agus rialaithe a fheidhmíonn go maith acu agus a bhfuil dea-theist orthu. Ina theannta sin, soiléirítear na ceanglais maidir le fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, socruithe an iniúchta aonair, agus i réimse na gceanglas íosta ar chláir bheaga ina gcásanna ina bhféadfadh sé gur ghá modhanna samplála neamhstaidrimh
a úsáid.
2.2.2.Faisnéis maidir leis na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú
Na hathruithe agus na roghanna simpliúcháin arna meas ag an gCoimisiún tar éis 2020, cuirtear san áireamh iontu moltaí éagsúla ón gCúirt Iniúchóirí maidir le hullmhú na reachtaíochta tar éis 2020, go háirithe na moltaí sin ina niarrtar athmhachnamh a dhéanamh ar cheapadh an tsásra seachadta do na cistí (Moladh 1 ó iniúchadh 2015/AUD/0195) ag cur san áireamh mholtaí an Ghrúpa Ardleibhéil.
Ba mhinic san am a chuaigh thart go raibh na rátaí earráidí arda nasctha le heaspa deimhneacht dhlíthiúil agus léirthuiscintí éagsúla ar na rialacha céanna, i réimse an tsoláthair phoiblí mar shampla. Tá an Coimisiún ag tabhairt isteach roinnt eilimintí nua sa togra nua maidir le Rialachán na bhForálacha Coiteanna, amhail fíoruithe bainistíochta bunaithe ar riosca, straitéis iniúchóireachta bunaithe ar riosca, rialacha maidir le riachtanas comhréireach le sampláil staidrimh agus forálacha sonracha maidir le comhréireacht rialuithe agus spleáchas ar chórais náisiúnta, etc.
Tá na hIarscríbhinní mionsonraithe maidir le gnéithe ábhartha de chórais bhainisithe agus rialaithe dírithe ar dheimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil gan gá a bheith leis na gníomhartha reachtacha tánaisteacha ná leis na nótaí fada treorach a leanann glacadh Rialachán na bhForálacha Coiteanna de ghnáth.
2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”), agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a bhfuiltear ag súil leis (ar an íocaíocht a dhéanamh agus ar dhúnadh an chláir)
Uaireanta, déantar an sásra seachadta faoi bhainistíocht chomhroinnte atá ann faoi láthair a cháineadh, lena náirítear cáineadh na Cúirte Iniúchóirí, as a bheith róchasta agus botúnach, agus as costas ard a bheith ag baint leis ar gach leibhéal rialaithe. Tá na heilimintí cáinte sin uile measta go cúramach ag an gCoimisiún d’fhonn an chothromaíocht cheart a aimsiú idir cuntasacht, simpliú agus feidhmíocht.
Tá simpliú tugtha isteach chun cosc a chur leis an riosca forluí idir rialuithe arna ndéanamh ar na leibhéil éagsúla ar thairbhithe, agus leis an riosca forluí idir feidhmeanna éagsúla de na socruithe bainistíochta agus rialaithe. Mar shampla, don tréimhse tar éis 2020, in áit na nÚdarás Deimhniúcháin (tá breis is 210 acu ann faoi láthair) beidh feidhm chuntasaíochta a fhágfaidh nach féidir rialuithe a dhúbailt amach anseo. Ina theannta sin, táthar ag beartú na gníomhaíochtaí iniúchóireachta a chuíchóiriú, sa dóigh go ndéanfar níos lú iniúchtaí ar oibríochtaí a dhéantar ar leibhéal na dtairbhithe. Go deimhin, tá foráil déanta maidir le forálacha sonracha maidir le socruithe comhréireacha feabhsaithe, ag cur san áireamh feidhmiú éifeachtach an chórais bainistithe agus rialaithe an chláir san am a chuaigh thart.
Ó thaobh an spriocleibhéil dearbhaithe de, ag céim na dtograí reachtacha is é an aidhm an ráta earráidí a choinneáil faoi bhun an leibhéil ábharthachta 2 %. Ní fhéadfaí tairseach ábharthachta eile a phlé ach ar bhonn an cháis i bhfianaise na díospóireachta reachtaí, go háirithe ós rud é nach dtacódh an tÚdarás Reachtach (go hiomlán) leis na simplithe a mholtar do chláir agus/nó go gcuirfeadh sé uasteorainn leis na rialuithe, rud a d’imreodh tionchar ar an ráta earráidí a bheifí ag súil leis.
2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc
Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.
Tá an Coimisiún fós ag fiosrú cén chaoi le tuilleadh neartaithe a dhéanamh ar na bearta uile a chuirfidh na húdaráis bhainistíochta i bhfeidhm chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc tar éis 2020.
Beidh ar na húdaráis bhainistíochta bearta agus nósanna imeachta frithchalaoise a bheith acu atá éifeachtach agus comhréireach, agus lena gcuirfear san áireamh go sonrach rioscaí sainaitheanta calaoise.
Beidh an ríomh-chomhtháthú agus córais TF idirghníomhacha fós ina mór-riachtanais amach anseo. Cuirfear ar a gcumas do na húdaráis bhainistíochta leanúint de bheith ag úsáid na gcóras coiscthe neamhrialtachtaí agus calaoise atá i bhfeidhm acu.
3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH
3.1.Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe
Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil
|
Líne buiséid
|
Saghas
caiteachais
|
Ranníocaíocht
|
|
Uimhir
|
LD/LN.
|
ó thíortha de chuid CSTE
|
ó thíortha is iarrthóirí
|
ó thríú tíortha
|
de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais
|
02. Comhtháthú agus luachanna
|
05.02: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)
05.03: Ciste Comhtháthaithe (CC)
05.03.BB Ranníocaíocht leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)
07.02: Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE)
|
LD
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
NÍL
|
3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar chaiteachas
EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
02.
|
Comhtháthú agus luachanna
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
05.02: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE)
|
Gealltanais
|
|
29,440.110
|
30,327.771
|
31,279.590
|
35,259.611
|
33,267.540
|
34,307.819
|
35,425.598
|
|
226,308.000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
1,164.755
|
1,341.699
|
12,834.033
|
16,236.551
|
29,081.391
|
38,297.376
|
38,210.997
|
89,204.236
|
226,308.000
|
05.03: Ciste Comhtháthaithe (CC)
|
Gealltanais
|
|
4,522.388
|
4,684.978
|
4,862.038
|
5,044.652
|
5,232.977
|
5,428.152
|
5,631.603
|
|
35,407.000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
175.643
|
200.023
|
3,490.734
|
3,019.315
|
4,914.058
|
5,243.048
|
4,989.748
|
13,374.217
|
35,407.000
|
05.03.BB Ranníocaíocht leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE)
|
Gealltanais
|
|
1,441.457
|
1,493.281
|
1,549.717
|
1,607.923
|
1,667.949
|
1,730.159
|
1.795.007
|
|
11,285.000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
83.293
|
504.603
|
528.852
|
548.807
|
569.400
|
590.655
|
612.703
|
7,847.181
|
11,285.000
|
07.02: Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE)
|
Gealltanais
|
|
12,983.946
|
13,384.351
|
13,814.025
|
14,256.194
|
14,711.141
|
15,181.257
|
15,669.085
|
|
100,000.000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
511.825
|
592.614
|
5,940.557
|
7,241.014
|
12,930766
|
16,995.138
|
16,806.577
|
38,981.508
|
100,000.000
|
Leithreasuithe de chineál riaracháin arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
Gealltanais = Íocaíochtaí
|
|
40.300
|
40.600
|
35.900
|
36.200
|
36.500
|
36.800
|
37.100
|
|
263.400
|
IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach an chláir
|
Gealltanais
|
|
48,388.000
|
49,891.000
|
51,506.000
|
53,169.000
|
54,880.000
|
56,648.000
|
58,522.000
|
|
373,000.000
|
|
Íocaíochtaí
|
|
1,935.516
|
2,638.939
|
22,794.176
|
27,045.687
|
47,432.616
|
61,126.217
|
60,620.025
|
149,407.142
|
373,000.000
|
Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil
|
7
|
“Caiteachas riaracháin”
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
DG EMPL
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
Acmhainní daonna
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
|
599.599
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 7 – DG EMPL
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
|
599.599
|
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
DG REGIO
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
Acmhainní daonna
|
80.506
|
82.116
|
83.758
|
85.433
|
87.141
|
88.883
|
90.660
|
|
598.497
|
Caiteachas riaracháin eile
|
2.370
|
2.417
|
2.465
|
2.514
|
2.564
|
2.615
|
2.667
|
|
17.612
|
IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 7 – DG REGIO
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
82.876
|
84.533
|
86.223
|
87.947
|
89.705
|
91.498
|
93.327
|
|
616.019
|
EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
IOMLÁN EMPL AGUS REGIO
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
Acmhainní daonna
|
166.163
|
167.773
|
169.415
|
171.090
|
172.798
|
174.540
|
176.317
|
|
1,198.006
|
Caiteachas riaracháin eile
|
2.370
|
2.417
|
2.465
|
2.514
|
2.564
|
2.615
|
2.667
|
|
17.612
|
IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)
|
168.533
|
170.190
|
171.880
|
173.604
|
175.362
|
177.155
|
178.984
|
|
1,215.618
|
EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
|
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Tar éis 2027
|
IOMLÁN
|
IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
Gealltanais
|
48,556.533
|
50,061.190
|
51,677.880
|
53,332.604
|
55,055.362
|
56,825.155
|
58,700.984
|
|
374,215.618
|
|
Íocaíochtaí
|
2,104.049
|
2,809.129
|
22,966.056
|
27,219.291
|
47,607.978
|
61,303.372
|
60,799.009
|
149,407.142
|
374,215.618
|
3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra/tionscnamh ar leithreasuithe de chineál riaracháin
–◻ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:
EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an tríú deachúil)
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
DG EMPL
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
599.599
|
Caiteachas riaracháin eile
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
85.657
|
599.599
|
DG REGIO
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
80.506
|
82.116
|
83.758
|
85.433
|
87.141
|
88.883
|
90.660
|
598.497
|
Caiteachas riaracháin eile
|
2.370
|
2.417
|
2.465
|
2.514
|
2.564
|
2.615
|
2.667
|
17.612
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
82.876
|
84.533
|
86.223
|
87.947
|
89.705
|
91.498
|
93.327
|
616.019
|
IOMLÁN EMPL AGUS REGIO
CEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
166.163
|
167.773
|
169.415
|
171.090
|
172.798
|
174.540
|
176.317
|
1,198.006
|
Caiteachas riaracháin eile
|
2.370
|
2.417
|
2.465
|
2.514
|
2.564
|
2.615
|
2.667
|
17.612
|
Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
168.533
|
170.190
|
171.880
|
173.604
|
175.362
|
177.155
|
178.984
|
1.215.618
|
DG EMPL
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
5.000
|
5.000
|
5.000
|
5.000
|
5.000
|
5.000
|
5.000
|
35.000
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
20.000
|
20.000
|
15.000
|
15.000
|
15.000
|
15.000
|
15.000
|
115.000
|
Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
25.000
|
25.000
|
20.000
|
20.000
|
20.000
|
20.000
|
20.000
|
150.000
|
DG REGIO
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
4.400
|
4.500
|
4.600
|
4.700
|
4.800
|
4.900
|
5.000
|
32.900
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
10.900
|
11.100
|
11.300
|
11.500
|
11.700
|
11.900
|
12.100
|
80.600
|
Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
15.300
|
15.600
|
15.900
|
16.200
|
16.500
|
16.800
|
17.100
|
113.400
|
IOMLÁN EMPL AGUS REGIO
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Acmhainní daonna
|
9.400
|
9.500
|
9.600
|
9.700
|
9.800
|
9.900
|
10.000
|
67.900
|
Caiteachas eile
de chineál riaracháin
|
30.900
|
31.100
|
26.300
|
26.500
|
26.700
|
26.900
|
27.100
|
195.500
|
Fo-iomlán
Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
40.300
|
40.600
|
35.900
|
36.200
|
36.500
|
36.800
|
37.100
|
263.400
|
IOMLÁN
|
208.833
|
210.790
|
207.780
|
209.804
|
211.862
|
213.955
|
216.084
|
1.479.108
|
Cumhdófar na hacmhainní daonna is gá agus caiteachas eile de chineál riaracháin le leithreasuithe ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach
–◻
Ní éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna.
–X
Éilíonn an togra/tionscnamh go núsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:
EMPL
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
599
|
599
|
599
|
599
|
599
|
599
|
599
|
Toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: ) - CA, LA, SNE, INT agus JED
Ceannteideal 7
|
Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
- sa cheanncheathrú
|
|
|
|
|
|
|
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
Arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
- sa cheanncheathrú
|
99
|
99
|
99
|
99
|
99
|
99
|
99
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
698
|
698
|
698
|
698
|
698
|
698
|
698
|
REGIO
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
542
|
542
|
542
|
542
|
542
|
542
|
542
|
Toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
• Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: ) - CA, LA, SNE, INT agus JED
Ceannteideal 7
|
Arna maoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil
|
- sa cheanncheathrú
|
38.5
|
38.5
|
38.5
|
38.5
|
38.5
|
38.5
|
38.5
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
Arna maoiniú as imchlúdach an chláir
|
- sa cheanncheathrú
|
71
|
71
|
71
|
71
|
71
|
71
|
71
|
|
- toscaireachtaí
|
|
|
|
|
|
|
|
Taighde
|
|
|
|
|
|
|
|
Eile (sonraigh)
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN
|
651.5
|
651.5
|
651.5
|
651.5
|
651.5
|
651.5
|
651.5
|
EMPL agus REGIO
IOMLÁN Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)
|
Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin
|
1141
|
1141
|
1141
|
1141
|
1141
|
1141
|
1141
|
Toscaireachtaí
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
Taighde
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
0
|
IOMLÁN Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha)
|
208.5
|
208.5
|
208.5
|
208.5
|
208.5
|
208.5
|
208.5
|
MÓRIOMLÁN
|
1349.5
|
1349.5
|
1349.5
|
1349.5
|
1349.5
|
1349.5
|
1349.5
|
Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó a ath-imlonnófar laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d’fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.
Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:
Oifigigh agus pearsanra sealadach
|
·Chun rannchuidiú le hanailís. caibidlíocht, modhnú agus/nó ullmhúchán le haghaidh tograí formheasa maidir le cláir agus/nó tionscadail sna Ballstáit.
·Chun rannchuidiú le bainistíocht, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na gclár/na dtionscadal arna bhformheas.
·Chun comhlíonadh na rialacha lena rialaítear cláir a áirithiú.
|
Foireann sheachtrach
|
·Idem agus/nó tacaíocht riaracháin
|
3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe
Leis an togra/tionscnamh seo:
–X
ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe
–◻
déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:
Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Blianta
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
IOMLÁN
|
Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe
|
|
|
|
|
|
|
|
|
3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam
–X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.
–◻
Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:
–◻
ar acmhainní dílse
–◻
ar ioncam eile
má tá an tioncam sannta do línte caiteachais, sonraigh sin ◻
EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)
Líne buiséid ioncaim:
|
Tionchar an togra/tionscnaimh
|
|
2021
|
2022
|
2023
|
2024
|
2025
|
2026
|
2027
|
Airteagal ………….
|
|
|
|
|
|
|
|
I gcás ioncam atá sannta, sonraigh na línte buiséid a nimrítear tionchar orthu.
Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile).