EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62023CN0349
Case C-349/23, Zetschek: Request for a preliminary ruling from the Verwaltungsgericht Karlsruhe (Germany) lodged on 6 June 2023 — HB v Federal Republic of Germany
Cás C-349/23, Zetschek: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Karlsruhe (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Meitheamh 2023 – HB v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Cás C-349/23, Zetschek: Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Karlsruhe (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Meitheamh 2023 – HB v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
IO C 338, 25.9.2023, p. 7–8
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
25.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 338/7 |
Iarraidh ar réamhrialú ó Verwaltungsgericht Karlsruhe (an Ghearmáin) a taisceadh an 6 Meitheamh 2023 – HB v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
(Cás C-349/23, Zetschek (1))
(2023/C 338/11)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Verwaltungsgericht Karlsruhe
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: HB
Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. |
An bhfuil idirdhealú díreach ar fhorais aoise de réir bhrí Airteagal 2(2)(a) de Threoir 2000/78/CE (2) i gceist, i gcás nach féidir le Breithiúna Feidearálacha, faoi Mhír 48(2) den Dlí Gearmánach maidir le Breithiúna, an tráth a rachaidh siad ar scor a chur siar, cé gur féidir le státseirbhísigh fheidearálacha agus, mar shampla, breithiúna i seirbhís Land Baden-Württemberg a dhéanamh amhlaidh? |
2. |
I gcomhthéacs na chéad fhomhíre d’Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78/CE, an áirítear freisin ar ghnéithe den chomhthéacs ginearálta a bhaineann leis an mbeart atá i gceist gnéithe nach luaitear ar chor ar bith san ábhar reachtaíochta ná i gcúrsa an phróisis iomláin reachtaigh sa pharlaimint, ach a ardaítear le linn na n-imeachtaí breithiúnacha amháin? |
3. |
Conas ba chóir na téarmaí ‘oibiachtúil’ agus ‘réasúnta’ sa chéad fhomhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78/CE a léiriú agus cad é an tagarmharc ábhartha ina leith? An dteastaíonn scrúdú dúbailte maidir le hoiriúnacht faoi Airteagal 6(1) den Treoir? |
4. |
An gcaithfear an chéad mhír d’Airteagal 6(1) de Threoir 2000/78 a léiriú sa chaoi go gcuirtear cosc, ó thaobh comhsheasmhachta de, ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear cosc ar bhreithiúna feidearálacha an tráth a rachaidh siad ar scor a chur siar, cé go gceadaítear do státseirbhísigh fheidearálacha agus, mar shampla, breithiúna atá i seirbhís Land Baden-Württemberg a dhéanamh amhlaidh? |
(1) Tugtar ainm bréige sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm aon pháirtí sna príomhimeachtaí.
(2) Treoir ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha (IO 2000 L 303, lch. 16).