Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D0201

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/201 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2023 lena socraítear an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen de bhun Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    C/2023/775

    IO L 27, 31.1.2023, p. 29–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/201/oj

    31.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 27/29


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/201 ÓN gCOIMISIÚN

    an 30 Eanáir 2023

    lena socraítear an dáta a chuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen de bhun Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 66(2) de,

    Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (2), agus go háirithe Airteagal 79(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862, leagtar síos na rialacha nua maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid. Cuireann siad le héifeachtacht Chóras Faisnéise Schengen, neartaíonn siad éifeachtúlacht theicniúil agus oibríochtúil an Chórais agus cuireann siad lena úsáid trí chatagóirí agus feidhmiúlachtaí foláirimh nua a thabhairt isteach. Ina theannta sin, le Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), bunaíodh cineál nua foláirimh maidir le filleadh náisiúnach tríú tír.

    (2)

    Is é Rialachán (AE) 2018/1861 an bunús dlí atá le Córas Faisnéise Schengen i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V, Caibidil 2 den Chonradh agus is é Rialachán (AE) 2018/1862 an bunús dlí atá le Córas Faisnéise Schengen i ndáil le hábhair a thagann faoi raon feidhme Chuid a Trí, Teideal V, Caibidlí 4 agus 5 den Chonradh. Cé go bhfuil an bunús dlí atá le Chóras Faisnéise Schengen comhdhéanta d’ionstraimí ar leithligh ní dhéanann sin difear don phrionsabal gur córas amháin faisnéise é Chóras Faisnéise Schengen ar cheart feidhmiú mar aon chóras amháin.

    (3)

    Ó tháinig Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862 i bhfeidhm, tá na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá á gcur i gcrích ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit agus ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) chun na rialacha nua a chur chun feidhme ar an leibhéal lárnach agus ar an leibhéal náisiúnta araon, le bheith in ann sonraí a phróiseáil agus faisnéis fhorlíontach a mhalartú de réir na rialacha nua.

    (4)

    De bhun Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862, tá feidhm le bheith ag na rialacha nua i gcéimeanna comhleanúnacha ionas go mbeidh dóthain ama ann chun na bearta agus na socruithe dlíthiúla, oibríochtúla agus teicniúla is gá a chur i bhfeidhm. Ar an mbonn sin, tháinig forálacha éagsúla de Rialacháin (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862 i bhfeidhm an 28 Nollaig 2018, an 28 Nollaig 2019 agus an 28 Nollaig 2020, faoi seach. A mhéid a bhaineann le tús a chur le cur i bhfeidhm na bhforálacha lena bhforáiltear maidir leis na hathruithe is casta a bhfuil tionchar foriomlán acu ar chur chun feidhme teicniúil agus ar oibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen, déantar foráil sna Rialacháin sin maidir le sásra sonrach i ndáil leis an gcur i bhfeidhm a chur siar chun a áirithiú nach mbeidh na heilimintí sin infheidhme go dtí go mbeidh na céimeanna ullmhúcháin is gá glactha a ligfidh don chóras oibríochtaí a chur i gcrích ar bhonn leanúnach agus gan bhriseadh.

    (5)

    I gcomhréir leis an sásra sin, tá an Coimisiún leis an dáta a shocrú ar a gcuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen, tar éis a fhíorú go gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla, teicniúla agus oibríochtúla a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862.

    (6)

    D’fhíoraigh an Coimisiún gur glacadh na gníomhartha cur chun feidhme is gá chun Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862 a chur i bhfeidhm; gur thug na Ballstáit fógra don Choimisiún go bhfuil na socruithe teicniúla agus dlíthiúla is gá déanta acu chun sonraí Chóras Faisnéise Schengen a phróiseáil agus chun faisnéis fhorlíontach a mhalartú de bhun na Rialachán sin agus gur thug eu-LISA fógra don Choimisiún faoi chur i gcrích rathúil na ngníomhaíochtaí tástála uile maidir le SIS Láir agus maidir leis an idirghníomhaíocht idir feidhm thacaíochta teicniúla SIS Láir (CS-SIS) agus na córais náisiúnta (N.SIS). Is iomchuí, dá bhrí sin, an dáta a shocrú ar a gcuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen de bhun Rialacháin (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861 agus (AE) 2018/1862.

    (7)

    De bhua Airteagal 66(5) de Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Airteagal 79(5) de Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh feidhm ag na rialacháin sin ón dáta a shocraítear sa Chinneadh seo. Ina theannta sin, de bhua Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, beidh feidhm ag na forálacha lena mbunaítear cineál nua foláirimh maidir le filleadh náisiúnach tríú tír i gCóras Faisnéise Schengen dá bhforáiltear sa Rialachán sin ón dáta tosaigh a leagtar síos sa Chinneadh seo.

    (8)

    I bhfianaise go bhfuil an Coimisiún le dáta amach anseo a shocrú ar a gcuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen, níl gá le haon idirthréimhse ama idir dáta foilsithe agus dáta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe.

    (9)

    I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, prótacal atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862 agus níl sí faoi cheangal acu ná faoi réir a gcur i bhfeidhm. Mar sin féin, ós rud é go gcuireann Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862 le acquis Schengen, thug an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, fógra an 26 Aibreán 2019 faoina cinneadh Rialachán (AE) 2018/1861 agus Rialachán (AE) 2018/1862 a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Dá bhrí sin, tá sé de cheangal ar an Danmhairg faoin dlí idirnáisiúnta an Cinneadh seo a chur chun feidhme.

    (10)

    Tá Éire rannpháirteach sa Chinneadh seo a mhéid a bhaineann sé le Rialachán (AE) 2018/1862 i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen a lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (4), arna léamh i gcomhar le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle (5).

    (11)

    A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (6) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (7).

    (12)

    A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G) de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (9) agus Airteagal 3 de Chinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle (10).

    (13)

    A mhéid a bhaineann le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (11) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (G), de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (12) agus Airteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE ón gComhairle (13).

    (14)

    A mhéid a bhaineann leis an mBulgáir, agus leis an Rómáin, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 4(2) d’Ionstraim Aontachais 2005, agus ba cheart é a léamh i gcomhar le Cinntí 2010/365/AE (14) agus (AE) 2018/934 (15) ón gComhairle.

    (15)

    Maidir leis an gCipir, is é atá sa Chinneadh seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(2) d’Ionstraim Aontachais 2003.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirfear tús le hoibríochtaí Chóras Faisnéise Schengen de bhun Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2023.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Eanáir 2023.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 312, 7.12.2018, lch. 14.

    (2)  IO L 312, 7.12.2018, lch. 56.

    (3)  IO L 312, 7.12.2018, lch. 1.

    (4)  Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1745 ón gComhairle an 18 Samhain 2020 maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen maidir le cosaint sonraí agus maidir le cur i bhfeidhm sealadach fhorálacha áirithe acquis Schengen in Éirinn (IO L 393, 23.11.2020, lch. 3).

    (6)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

    (7)  Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31).

    (8)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

    (9)  Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008 lch. 1).

    (10)  Cinneadh 2008/149/CGB ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 50).

    (11)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

    (12)  Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19).

    (13)  Cinneadh 2011/349/AE ón gComhairle an 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcomhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus leis an gcomhar póilíneachta (IO L 160, 18.6.2011, lch. 1).

    (14)  Cinneadh 2010/365/AE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2010 i ndáil leis na forálacha sin de chuid acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen a chur i bhfeidhm i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 166, 1.7.2010, lch. 17).

    (15)  Cinneadh (AE) 2018/934 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2018 maidir le cur i bhfeidhm na bhforálacha atá fágtha d’acquis Schengen a bhaineann le Córas Faisnéise Schengen i bPoblacht na Bulgáire agus sa Rómáin (IO L 165, 2.7.2018, lch. 37).


    Top