EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R1950

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1950 ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2022 lena ndéantar an formheas ar chréasóid mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/7194

IO L 269, 17.10.2022, p. 1–6 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1950/oj

17.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 269/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1950 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Deireadh Fómhair 2022

lena ndéantar an formheas ar chréasóid mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(4), pointe (a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh an tsubstaint ghníomhach créasóid in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, agus de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 meastar, dá bhrí sin, í a bheith formheasta faoin Rialachán sin, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

An 27 Deireadh Fómhair 2016, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 maidir leis an bhformheas ar chréasóid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a athnuachan. Rinne údarás inniúil na Ríochta Aontaithe meastóireacht ar an iarratas sin mar an t-údarás inniúil meastóireachta.

(3)

An 16 Meán Fómhair 2019, chuir an t-údarás inniúil meastóireachta moladh faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (“an Ghníomhaireacht”) i ndáil leis an bhformheas ar chréasóid a athnuachan. An 30 Eanáir 2020, de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, is é údarás inniúil na Polainne a ghlac ról an údaráis inniúil meastóireachta maidir leis an iarratas.

(4)

An 4 Nollaig 2020, i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ghlac an Ghníomhaireacht tuairim (3) a rinne a Coiste um Tháirgí Bithicídeacha a fhoirmliú, ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(5)

De réir na tuairime sin, is mar charcanaigin, catagóir 1B a aicmítear créasóid, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus comhlíonann sí na critéir maidir le bheith ina substaint mharthanach, bhithcharnach agus thocsaineach (PBT) agus ina substaint an-mharthanach agus an-bhithcharnach (vPvB) de réir Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Dá bhrí sin, comhlíonann créasóid na critéir eisiaimh a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointí (a) agus (e), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

De bhun Airteagal 12(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ní fhéadfar an formheas ar shubstaintí gníomhacha a chomhlíonann na critéir eisiaimh a athnuachan ach amháin má chomhlíonann an tsubstaint ghníomhach ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) den Rialachán sin i gcónaí.

(7)

Rinne an Coimisiún, le tacaíocht ón nGníomhaireacht, comhairliúchán poiblí chun faisnéis a bhailiú chun a léiriú ar comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(8)

Pléadh tuairim na Gníomhaireachta agus aighneachtaí an chomhairliúcháin phoiblí leis na Ballstáit sa Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicíde. Iarradh ar na Ballstáit a léiriú freisin an measann siad go gcomhlíonfaí ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ina gcríoch féin, agus bonn cirt a sholáthar.

(9)

Ón bhfaisnéis a bailíodh agus na tuairimí a chuir na Ballstáit in iúl, dealraíonn sé go bhfuil gá le créasóid agus le hadhmad cóireáilte le créasóid in a lán Ballstát le haghaidh trasnáin iarnróid agus le haghaidh cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide.

(10)

Úsáidtear adhmad a chóireáiltear le táirgí a bhfuil créasóid iontu chun trasnáin iarnróid a dhéanamh ar chúiseanna teicniúla éagsúla (a mheáchan éadrom i gcomparáid le trasnáin iarnróid choincréite agus a éasca atá an chothabháil dá bharr, a sheasmhacht mhaith, ré feidhme a mbeifear ag súil leis a bheith ard, rud a bhíonn á lorg le haghaidh bonneagair iarnróid a thógtar le bheith ann go ceann i bhfad, a ábhar inbhuanaithe). Tá an-solúbthacht ag trasnáin iarnróid adhmaid maidir leis an áit inar féidir iad a úsáid (amhail limistéir dhorochtana, pointí athraithe, tolláin, droichid, cuair le ga beag). Ina theannta sin, is cur i bhfeidhm criticiúil ó thaobh na sábháilteachta de é an aicme úsáide trasnán iarnróid a d’fhéadfadh a bheith faoi réir ceanglais chineál-cheadaithe nó deimhniúcháin maidir le bonneagar iarnróid ar chúiseanna a bhaineann le sábháilteacht daoine (paisinéirí, oibreoirí traenach, etc.) agus le trealamh iarnróid, eadhon traenacha agus bonneagair. Tá dea-fheidhmiú bonneagar traenach riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an tsochaí agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha mar is ceart. Tá táirgí bithicídeacha malartacha chun cóireáil a chur ar thrasnáin adhmaid iarnróid á bhforbairt agus údaraíodh táirge amháin ina bhfuil meascán de hiodrocsaíd chopair, Carbónáit DDA agus peanfluifein le déanaí i roinnt Ballstát. Mar sin féin, tá gá le ham chun tástáil a dhéanamh ar na táirgí malartacha sin agus ceacht a fhoghlaim ón taithí a fuarthas ina dtaobh chun a áirithiú go mbeidh siad in ann an ré feidhme fhada a mbeifear ag súil leis ó thrasnáin adhmaid iarnróid a shásamh.

(11)

Is ann d’ábhair mhalartacha ar adhmad i gcomhair trasnáin iarnróid, lena n-áirítear coincréit, cruach nó ábhair chomhchodacha amhail úireatán cúráilte atá treisithe ag snáithíní, agus tá buntáistí ag baint le gach ceann acu (mar shampla, airíonna meicniúla comhchosúla agus marthanacht chomhchosúil le trasnáin adhmaid iarnróid a chóireáiltear le créasóid) mar aon le míbhuntáistí (mar shampla, saincheisteanna cothabhála rianta áirithe i limistéir dhorochtana, pointí lasctha, tolláin, línte tánaisteacha; costas; lorg diúltach ar an gcomhshaol atá níos airde ná lorg an adhmaid; deacracht le cothabháil rian má mheasctar trasnáin adhmaid le trasnáin déanta as ábhair eile mar gheall ar na riachtanais ballasta éagsúla). I gcás nach ndéantar athnuachan ar an bhformheas ar chréasóid mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha le haghaidh adhmad a chóireáil chun trasnáin iarnróid a dhéanamh, bheadh tionchair thromchúiseacha theicniúla agus eacnamaíocha ann ar oibreoirí bonneagair iarnróid i roinnt Ballstát ina mbeadh sé deacair an t-ionadú a dhéanamh go teicniúil nó go heacnamaíoch faoi láthair.

(12)

Ar chúiseanna teicniúla éagsúla úsáidtear adhmad a chóireáiltear le táirgí a bhfuil créasóid iontu chun cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide a dhéanamh (mar shampla, de bharr a mheáchain éadroim i gcomparáid le trasnáin iarnróid choincréite agus a éasca atá an chothabháil dá bharr, a sheasmhacht mhaith, ré feidhme ard a mbeifear ag súil leis maidir le bonneagair leictreachais agus teileachumarsáide a thógtar le bheith ann go ceann i bhfad, a ábhar inbhuanaithe). Tá táirgí bithicídeacha malartacha chun cóireáil a chur ar chuaillí adhmaid á bhforbairt agus údaraíodh táirge amháin ina bhfuil meascán de hiodrocsaíd chopair, Carbónáit DDA agus peanfluifein le déanaí i roinnt Ballstát. Tá roinnt táirgí bithicídeacha eile, bunaithe ar chomhdhúile copair nó ar chomhdhúile amóiniam cheathartha mar shubstaintí gníomhacha a bhfuil an chéim deiridh den nós imeachta maidir le húdarú bainte amach acu. Tá gá le ham, áfach, chun tástáil a dhéanamh ar na táirgí malartacha sin agus aiseolas leordhóthanach a bheith ar an taithí orthu.

(13)

Is ann do roghanna eile ar adhmad mar ábhar le haghaidh cuaillí fóntais, lena n-áirítear cruach, coincréit, snáithínghloine, ábhair chomhchodacha nó muinchillí bacainne comhchodacha atá suiteáilte timpeall cuaillí fóntais adhmaid cóireáilte. Tá buntáistí ag baint le gach ceann de na roghanna malartacha sin (mar shampla, dolúbthacht; saintréithe fisiceacha do-athraitheacha; dómhoillitheacht) mar aon le míbhuntáistí (mar shampla, an gá le tuilleadh tástála; ré feidhme a d’fhéadfadh a bheith níos giorra nó ábhair imní theicniúla eile; níos costasaí i gcomparáid le cuaillí adhmaid). Rogha eile is ea cáblaí tarchurtha a leagan faoi thalamh, go háirithe i dtimpeallachtaí uirbeacha agus cathrach, cé go bhféadfadh an rogha seo a bheith níos dúshlánaí go teicniúil ag brath ar an tír-raon nádúrtha is gá don ghréasán a thrasnú (mar shampla, ceantair iargúlta nó sléibhte), agus d’fhéadfadh an chuma a bheith ar an obair suiteála agus cothabhála go bhfuil sí níos casta, níos costasaí agus nach mbeadh sí indéanta i ngach uile chás. I gcás nach ndéantar athnuachan ar an bhformheas ar chréasóid lena húsáid ar chuaillí adhmaid, d’fhéadfadh tionchar eacnamaíoch a bheith ann ar oibreoirí bonneagair leictreachais agus teileachumarsáide, agus fadhbanna a bheith ann maidir le cáblaí tarchurtha áirithe (mar shampla, limistéir nach bhfuil inrochtana go héasca, mearfhreagairt i gcas stoirmeacha tromchúiseacha) i roinnt Ballstát ina mbeadh sé deacair go teicniúil nó go heacnamaíoch i láthair na huaire ionadaíocht a dhéanamh le hábhair eile nó le cáblaí tarchurtha faoi thalamh.

(14)

Shainaithin an Ghníomhaireacht rioscaí do shláinte an duine a eascraíonn as úsáid táirgí bithicídeacha ina bhfuil créasóid chun trasnáin iarnróid agus cuaillí fóntais a chóireáil, rioscaí atá ann do na hoibrithe atá freagrach as an adhmad a chóireáil, do na suiteálaithe cuaille agus do na suiteálaithe cuaille leictreachais, agus do nochtadh an phobail i gcoitinne. Ba cheart bearta maolaithe riosca a chur chun feidhme chun teorainn a chur leis an nochtadh do chréasóid a mhéid is féidir, mar shampla, dul ar iontaoibh próiseas meicniúil nó uathoibrithe chun láimhseáil de láimh adhmaid chóireáilte a sheachaint, agus trealamh cosanta pearsanta a bheith á chaitheamh ag oibrithe, agus a áirithiú nach mbeidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar adhmad cóireáilte le linn stórála. Sainaithníodh freisin rioscaí don chomhshaol i bhfianaise créasóid a bheith ina substaint PBT/vPvB, agus ba cheart bearta maolaithe riosca a chur i bhfeidhm chun teorainn a chur le nochtadh an chomhshaoil do chréasóid a mhéid is féidir, mar shampla foráil a bheith ann go ndéanfar an chréasóid a fhorchur go tionsclaíoch laistigh de limistéar atá iata nó ar dhromchla crua neamh-thréscaoilteach le bundú; go ndéanfar adhmad nuachóireáilte a stóráil tar éis cóireála faoi dhídean nó ar dhromchla crua neamh-thréscaoilteach, nó an dá rud, chun caillteanais a théann díreach isteach san ithir, sa chóras séarachais nó san uisce a chosc; agus aon chaillteanas atá ann tar éis an táirge a fhorchur, go mbailítear é lena athúsáid nó lena dhiúscairt.

(15)

Ar bhonn na faisnéise a bailíodh, meastar i gcás nach ndéanfaí athnuachan ar an bhformheas ar chréasóid mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha, go mbeadh tionchar diúltach díréireach ar an tsochaí i gcomparáid leis na rioscaí a bhaineann le húsáid na substainte sin le haghaidh adhmad a chóireáil, adhmad a úsáidtear chun trasnáin iarnróid agus cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide a dhéanamh. Comhlíontar, dá bhrí sin, an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 i gcás na n-úsáidí sin.

(16)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an formheas ar chréasóid lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a athnuachan faoi réir coinníollacha áirithe a chomhlíonadh.

(17)

Is substaint í créasóid a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointí (a), (d) agus (e), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 agus, dá bhrí sin, níor cheart tréimhse na hathnuachana a bheith níos faide ná 7 mbliana, de bhun Airteagal 10(4) den Rialachán sin.

(18)

Chun an nochtadh don duine agus don chomhshaol a choinneáil chomh híseal agus is féidir, níor cheart táirgí bithicídeacha a údarú ach amháin chun adhmad a chóireáil trí thuile faoi bhrú folúis i suiteálacha tionsclaíocha chun trasnáin iarnróid nó cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais nó teileachumarsáide a dhéanamh. De bhun phointe 10 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart meastóireacht a áireamh sa mheasúnú ar tháirgí lena léiriú ar comhlíonadh na coinníollacha a bhaineann le hAirteagal 5(2) den Rialachán sin. Ba cheart foráil a dhéanamh nach bhféadfar táirgí a údarú lena n-úsáid sna Ballstáit ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(19)

Chun a áirithiú nach soláthrófar táirgí ach lena n-úsáid i suiteálacha tionsclaíocha, níor cheart go gceadófaí táirgí a chur ar an margadh ach amháin i bpacáistíocht a bhfuil toilleadh inti atá cothrom le 200 lítear nó níos mó, agus níor cheart go gceadófaí táirgí a chur ar fáil ar an margadh don phobal i gcoitinne.

(20)

Ina theannta sin, chun ardleibhéal sábháilteachta a áirithiú do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol, maidir le hadhmad cóireáilte le créasóid a chur ar an margadh, ba cheart é a bheith faoi réir coinníollacha. Go háirithe, chun a áirithiú nach ndéanfar adhmad cóireáilte le créasóid a chur ar an margadh ach amháin sna Ballstáit ina bhféadfaí úsáid na dtáirgí bithicídeacha a bhfuil créasóid iontu a údarú i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, ba cheart liostaí de na Ballstáit ina gceadaítear trasnáin iarnróid nó cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide a chur ar an margadh, a chur ar fáil go poiblí. Ba cheart é a bheith indéanta ag Ballstát a iarraidh go mbainfí de cheachtar de na liostaí sin é ionas nach bhféadfar adhmad a ndearnadh cóireáil air le haghaidh na húsáide nó na n-úsáidí lena mbaineann a chur ar mhargadh an Bhallstáit sin a thuilleadh. Ina theannta sin, ba cheart don duine atá freagrach as adhmad cóireáilte le créasóid a chur ar an margadh a áirithiú go n-áireofar ar lipéad an adhmaid chóireáilte sin ráitis shonracha arb é is aidhm dóibh sláinte an duine agus an comhshaol a chosaint, úsáid neamhúdaraithe an adhmaid chóireáilte a sheachaint, agus a áirithiú nach gcuirfear adhmad cóireáilte ar an margadh ach amháin sna Ballstáit atá ar na liostaí sin agus sna Ballstáit a baineadh de liosta ar feadh tréimhse áirithe ama.

(21)

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, agus gníomhartha de chuid an Choimisiúin atá bunaithe air, maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann tar éis dheireadh na hidirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar. Ar an gcúis sin, ba cheart an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann a áireamh freisin ar liostaí na stát inar féidir adhmad cóireáilte a chur ar an margadh, i gcás inar gá.

(22)

Maidir le húsáidí créasóide seachas le haghaidh adhmad a chóireáil chun trasnáin iarnróid nó cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide a dhéanamh, úsáidí dá dtagraítear san iarratas maidir leis an bhformheas a athnuachan, níor léiríodh gur comhlíonadh aon cheann de na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Go háirithe, maidir leis an gcoinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, níor léiríodh go mbeidh tionchar diúltach díréireach ar an tsochaí i gcás na ndéantar athnuachan ar an bhformheas ar chréasóid mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha le haghaidh na n-úsáidí sin, i gcomparáid leis na rioscaí a bhaineann le créasóid agus le hadhmad cóireáilte le créasóid a úsáid. Is ann do roghanna malartacha oiriúnacha leordhóthanacha agus cuireadh chun feidhme iad cheana i mbeagnach gach Ballstát, agus féadfar iad a chur chun feidhme san Aontas ar fad. Chun dóthain ama a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha oiriúnú do na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán Cur Chun Feidhme seo, ba cheart idirthréimhse a shocrú nach ndéanfar an t-adhmad sin atá cóireáilte le táirgí bithicídeacha a bhfuil créasóid iontu a chur ar an margadh a thuilleadh ach amháin mar thrasnáin iarnróid agus mar chuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide. Ba cheart an idirthréimhse chéanna a bheith i bhfeidhm maidir le trasnáin iarnróid agus cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide atá cóireáilte le créasóid a chur ar an margadh sna Ballstáit nach n-áirítear sna liostaí le haghaidh na n-úsáidí lena mbaineann.

(23)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1839 ón gCoimisiún (6), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Ós rud é go bhfuil an scrúdú ar an iarratas maidir leis an bhformheas sin a athnuachan tugtha chun críche anois, is iomchuí Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1839 a aisghairm.

(24)

Is faoi réir na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 atá créasóid, a cuid comhdhúl agus adhmad atá cóireáilte leo. Ní dhéanann an Rialachán seo difear don oibleagáid na srianta sin a chomhlíonadh.

(25)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Déantar an formheas ar chréasóid mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a athnuachan, faoi réir na sonraíochtaí agus na gcoinníollacha a leagtar amach san Iarscríbhinn.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1839.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha (BPC) ar an iarratas maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan: créasóid, Cineál táirge: 8, ECHA/BPC/274/2020, arna ghlacadh an 4 Nollaig 2020.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoracha 67/548/CEE agus 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1839 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2021 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le créasóid a úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 372, 20.10.2021, lch. 27).


IARSCRÍBHINN

Gnáthainm

Ainm IUPAC

Uimhreacha Céannachta

Íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí (1)

Dáta éaga an fhormheasa

An cineál táirge

Coinníollacha sonracha

Créasóid

Ainm IUPAC:

Créasóid

Uimh. CE: 232-287-5

Uimh. CAS: 8001-58-9

100 % (m/m)

I gcréasóid, beidh níos lú ná:

0,005 % (m/m) de bheinsi[a]piréin

3 % (m/m) d’fheanóil in-eastósctha uisce

31 Deireadh Fómhair 2029

8

Meastar gur substaint í créasóid a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi i gcomhréir le hAirteagal 10(1), pointí (a), (d) agus (e), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

Tá na húdaruithe ar tháirgí bithicídeacha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(1)

Ní fhéadfar táirgí a údarú ach amháin chun adhmad a chóireáil trí thuile faoi bhrú folúis i suiteálacha tionsclaíocha chun trasnáin iarnróid nó cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais nó teileachumarsáide a dhéanamh.

(2)

De bhun phointe 10 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, áireofar sa mheasúnú ar tháirgí meastóireacht lena léiriú ar comhlíonadh an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(3)

Ní fhéadfar táirgí a údarú lena n-úsáid sna Ballstáit ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 5(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(4)

Ní fhéadfar táirgí a chur ar an margadh ach amháin i bpacáistíocht a bhfuil toilleadh inti atá cothrom le 200 lítear nó níos mó, agus ní chuirfear ar fáil ar an margadh iad don phobal i gcoitinne.

(5)

Leis an measúnú ar iarratais ar údarú táirge, tabharfar aird ar leith ar na nithe seo a leanas:

(a)

úsáideoirí gairmiúla;

(b)

nochtadh tánaisteach an phobail i gcoitinne;

(c)

an ithir agus urranna uisce;

(d)

na rioscaí agus an éifeachtúlacht a bhaineann le haon úsáid a chumhdaítear le hiarratas ar údarú, ach nach dtabharfar aghaidh uirthi sa mheasúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach ar leibhéal an Aontais.

(6)

Ar na lipéid agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, ar bhileoga sonraí sábháilteachta na dtáirgí arna n-údarú, léireofar go ndéanfar an forchur tionsclaíoch i limistéar atá iata nó ar dhromchla crua neamh-thréscaoilteach le bundú; go ndéanfar adhmad nuachóireáilte a stóráil tar éis cóireála faoi dhídean nó ar dhromchla crua neamh-thréscaoilteach, nó an dá rud, chun caillteanais a théann díreach isteach san ithir, sa chóras séarachais nó san uisce a chosc; agus aon chaillteanas atá ann ón táirge a fhorchur ar an adhmad, go mbaileofar é lena athúsáid nó lena dhiúscairt.

Is faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas atá an cur ar an margadh d’earraí cóireáilte:

(1)

Faoin 31 Eanáir 2023, cuirfidh an Ghníomhaireacht an méid seo a leanas ar fáil go poiblí ar a suíomh gréasáin, bunaithe ar na hiarrataí arna ndéanamh ag na Ballstáit:

(a)

liosta de na Ballstáit inar féidir trasnáin iarnróid atá cóireáilte le créasóid a chur ar an margadh;

(b)

liosta de na Ballstáit inar féidir cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais agus teileachumarsáide atá cóireáilte le créasóid a chur ar an margadh.

(2)

Ón 30 Aibreán 2023, ní fhéadfar ach trasnáin iarnróid, nó cuaillí fóntais i gcomhair leictreachais nó teileachumarsáide atá cóireáilte le créasóid a chur ar an margadh sna Ballstáit atá san áireamh sa liosta ábhartha dá dtagraítear sa mhír seo i bpointe (1). Féadfaidh Ballstát a iarraidh ar an nGníomhaireacht go mbainfí den liosta ábhartha é am ar bith. I gcas ina mbainfidh an Ghníomhaireacht Ballstát ó cheachtar de na liostaí, sonrófar an dáta a baineadh den liosta é, agus na hearraí cóireáilte le haghaidh na húsáide lena mbaineann, ní chuirfear ar mhargadh an Bhallstáit sin iad a thuilleadh 180 lá tar éis an dáta a bhainfear den liosta é.

(3)

An duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh, áiritheoidh sé go gcuirfear ar fáil ar lipéad an earra chóireáilte sin an fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 58(3), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(4)

An duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh, áiritheoidh sé go mbeidh san áireamh ar lipéad an earra chóireáilte sin an ráiteas seo a leanas: “Le linn stórála, ní bheidh rochtain ag an bpobal i gcoitinne ar adhmad cóireáilte. Déanfar bearta chun rochtain neamhúdaraithe a chosc. Ní mór adhmad cóireáilte a stóráil ar dhromchla crua neamh-thréscaoilteach nó ar ábhar ionsúiteach chun cosc a chur le rith chun srutha sa chomhshaol, agus é a bheith faoi dhídean nó clúdaithe le tarpóil. Ní mór aon ábhar doirte nó ábhair éillithe a bhailiú ar na láithreáin sin agus a dhiúscairt mar dhramhaíl ghuaiseach.”.

(5)

Ón 30 Aibreán 2023, an duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh, áiritheoidh sé go mbeidh san áireamh ar lipéad an earra chóireáilte sin an ráiteas seo a leanas: “Le húsáid mar thrasnán iarnróid agus é sin amháin” nó “Le húsáid mar chuaille fóntais i gcomhair línte leictreachais nó línte teileachumarsáide agus é sin amháin”, de réir mar is iomchuí.

(6)

Ón 30 Aibreán 2023, an duine atá freagrach as earra cóireáilte a chur ar an margadh, áiritheoidh sé go mbeidh san áireamh ar lipéad an earra chóireáilte sin an ráiteas seo a leanas: “Tá an cur ar an margadh teoranta do Bhallstáit áirithe an Aontais Eorpaigh: fíoraigh ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán cé na Ballstáit ina gceadaítear é a chur ar an margadh.”.


(1)  Ba í an íonacht a léiríodh sa cholún seo íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí a ndearnadh meastóireacht uirthi. Is ceadmhach íonacht na substainte gníomhaí sa táirge a chuirtear ar an margadh a bheith cothrom nó éagsúil léi, má tá sé cruthaithe go bhfuil sí coibhéiseach go teicniúil leis an tsubstaint ghníomhach a ndearnadh meastóireacht uirthi.


Top