This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0754
Case T-754/22: Action brought on 2 December 2022 — Nieß v EUIPO — Terrasoverkapping-inkoop.nl (GARTENLÜX)
Cás T-754/22: Caingean arna taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Nieß v EUIPO – Terrasoverkapping-inkoop.nl (GARTENLÜX)
Cás T-754/22: Caingean arna taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Nieß v EUIPO – Terrasoverkapping-inkoop.nl (GARTENLÜX)
IO C 24, 23.1.2023, p. 82–82
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/82 |
Caingean arna taisceadh an 2 Nollaig 2022 – Nieß v EUIPO – Terrasoverkapping-inkoop.nl (GARTENLÜX)
(Cás T-754/22)
(2023/C 24/109)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: Andrea Nieß (Kempen, an Ghearmáin) (ionadaí: A. Erlenhardt, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Terrasoverkapping-inkoop.nl BV (Venlo, an Ísiltír)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar an bhfocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “GARTENLÜX” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 347 602
Imeachtaí os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 16 Meán Fómhair 2022 i gCás R 607/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid agus an cinneadh ón Rannán Freasúra an 9 Feabhra 2022 a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don idiragraí costais na n-imeachtaí a íoc, lena n-áirítear iad siúd a tabhaíodh os comhair an Bhoird Achomhairc. |
Saincheisteanna dlí
— |
Sárú ar an dara habairt d’Airteagal 94(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 27 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1430 ón gCoimisiún; |
— |
Sárú ar Airteagal 109 de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |