This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0714
Case T-714/22: Action brought on 14 November 2022 — Nutmark v Commission
Cás T-714/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Nutmark v an Coimisiún
Cás T-714/22: Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Nutmark v an Coimisiún
IO C 24, 23.1.2023, p. 59–59
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/59 |
Caingean arna tabhairt an 14 Samhain 2022 – Nutmark v an Coimisiún
(Cás T-714/22)
(2023/C 24/82)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Nutmark Lda (Zona Franca da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: P. Vidal Matos agus F. Lança Martins, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine; |
— |
a ordú don Choimisiún Eorpach na costais go léir a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena achomharc i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 an Choimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [arna fógairt le huimhir C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.
An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar an gcóras tagartha a bheith aitheanta go mícheart de shárú ar Airteagal 4(2) CAE agus ar Airteagail 107(1) agus 263 CFAE.
An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar mhainneachtain a léiriú gurb ionann Scéim III den Zona Franca da Madeira agus maolú ar an gcóras cánach tagartha lena dtugtar isteach idirdhealuithe idir trádálaithe atá i staid inchomparáide fíorasach agus dlí, de shárú ar Airteagal 107(1) CFAE.
An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí agus measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas atá ag baint le hábhar chun Scéim III den Zona Franca da Madeira a chur chun feidhme mar is cuí, a mhéid gur ghlac Poblacht na Portaingéile critéir chuige sin atá i gcomhréir le hAirteagal 107(1) CFAE.
An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall go ndearnadh sárú ar phrionsabail na soiléireachta agus na deimhneachta dlíthiúla, a chumhdaítear in Airteagal 16(1) de Rialachán Uimh. 2015/1589 ón gComhairle an 13 Iúil 2015, lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le hAirteagal 108 CFAE a chur chun feidhme.
An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid dlí mar gheall ar go ndearnadh sárú ar an gceart chun maoine príobháidí, a chumhdaítear in Airteagal 1 den Phrótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.