EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0702

Cás T-702/22: Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – TA v an Coimisiún

IO C 24, 23.1.2023, p. 56–57 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/56


Caingean arna tabhairt an 12 Samhain 2022 – TA v an Coimisiún

(Cás T-702/22)

(2023/C 24/78)

Teanga an cháis: an Phortaingéilis

Páirtithe

Iarratasóir: TA (ionadaithe: A. Ferreira Correia agus R. da Palma Borges, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Airteagail 1 agus 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a shonrú, nó a mhéid a bhfuil siad infheidhme maidir le tairbhithe mar gheall ar oibrithe a bheith acu nach bhfuil ina gcónaí sa réigiún forimeallach, nó toisc go bhfaigheann siad ioncam ó fhoinse sheachtrach lasmuigh den réigiún forimeallach;

a ordú don institiúid is cosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean i gcoinne Chinneadh (AE) Uimh. 2022/1414 ón gCoimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex-2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III [a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2020) 8550] (IO 2022 L 217, lch. 49), maíonn an t-iarratasóir cúig saincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear mainneachtain cúiseanna a shonrú sa chinneadh atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear earráid breithmheasa de facto agus de jure sa chinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid gur cinneadh ann nach bhfuil na sochair arna dtabhairt do ghnóthais a bhí lonnaithe sa réigiún ach a choinnigh caidreamh seachtrach, i gcomhréir leis an margadh inmheánach de réir Airteagal 107(3) CFAE.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid breithmheasa de facto agus de jure sa chinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid gur cinneadh ann nach bhfuil na sochair arna dtabhairt do ghnóthais, a bhí lonnaithe sa réigiún ach a choinnigh caidreamh fostaíochta áirithe le fostaithe nach raibh sa réigiún forimeallach ar bhonn buan, i gcomhréir leis an margadh inmheánach de réir Airteagal 107(3) CFAE.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear earráid breithmheasa de facto agus de jure sa chinneadh atá faoi chonspóid sa mhéid gur cinneadh ann nach bhfuil na sochair, arna dtabhairt do ghnóthais nach sáraíonn na teorannacha cainníochtúla dá bhforáiltear sna Treoirlínte maidir le Státchabhair réigiúnach 2007 agus Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine 2014, i gcomhréir leis an margadh inmheánach de réir Airteagal 107(3) CFAE.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar phrionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, is iad sin an deimhneacht dhlíthiúil, an t-ionchas dlisteanach agus an dlíthiúlacht.


Top