This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0687
Case T-687/22: Action brought on 11 November 2022 — Standbycom v Commission
Cás T-687/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 – Standbycom v an Coimisiún
Cás T-687/22: Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 – Standbycom v an Coimisiún
IO C 24, 23.1.2023, p. 51–51
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
23.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 24/51 |
Caingean arna tabhairt an 11 Samhain 2022 – Standbycom v an Coimisiún
(Cás T-687/22)
(2023/C 24/68)
Teanga an cháis: an Phortaingéilis
Páirtithe
Iarratasóir: Standbycom, Unipessoal, Lda (Zona Franca Da Madeira) (Funchal, an Phortaingéil) (ionadaithe: S. Gemas Donário agus S. Soares, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh C(2020) 8550 final ón gCoimisiúin an 4 Nollaig 2020, maidir leis an scéim cabhrach SA.21259 (2018/C) (ex 2018/NN) arna cur chun feidhme ag an bPortaingéil le haghaidh Zona Franca da Madeira (ZFM) – Scéim III a chur ar neamhní; |
— |
a ordú don Choimisiún na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí, atá comhionann nó comhchosúil, go bunúsach, leis na saincheisteanna dlí arna maíomh mar chuid de Chás T-553/22, Thorn Investments v an Coimisiún.