Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0664

    Cás T-664/22: Caingean arna tabhairt an 31 Deireadh Fómhair 2022 – Mood Media Netherlands v EUIPO – Tailoradio (VIDEO MOOD Digital Signage, made easy)

    IO C 7, 9.1.2023, p. 40–40 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 7/40


    Caingean arna tabhairt an 31 Deireadh Fómhair 2022 – Mood Media Netherlands v EUIPO – Tailoradio (VIDEO MOOD Digital Signage, made easy)

    (Cás T-664/22)

    (2023/C 7/48)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Mood Media Netherlands BV (Naarden, an Ísiltír) (ionadaí: A.-M. Pecoraro, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Tailoradio Srl (Milano, an Iodáil)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Iarratasóir an trádmhairc faoi cheist: Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc

    Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “VIDEO MOOD Digital Signage, made easy” in liath, i ngorm agus i mbán – Iarratas ar chlárú Uimh. 16 150 691

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 23 Lúnasa 2022 i gCás R 1852/2018-5

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú do EUIPO na costais a íoc.

    Saincheist dlí arna maíomh

    Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


    Top