Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0329

    Cás T-329/22: Caingean arna tabhairt an 11 Deireadh Fómhair 2022 – Canalones Castilla v EUIPO – Canalones Novokanal (Fánphíobáin chun uisce a bhailiú; gáitéir)

    IO C 7, 9.1.2023, p. 32–32 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 7/32


    Caingean arna tabhairt an 11 Deireadh Fómhair 2022 – Canalones Castilla v EUIPO – Canalones Novokanal (Fánphíobáin chun uisce a bhailiú; gáitéir)

    (Cás T-329/22)

    (2023/C 7/41)

    Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Canalones Castilla, SL (Maidrid, an Spáinn) (ionadaí: F. J. Serrano Irurzun, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Canalones Novokanal, SL (Maidrid, an Spáinn)

    Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

    Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir sna himeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta

    Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail (Fánphíobháin chun uisce a bhailiú; gáitéir) – Dearadh Comhphobail Uimh. 363 486-0001

    Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le neamhbhailíocht

    Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 5 Aibreán 2022 i gCás R 1122/2021-3

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    i gcás go ndiúltaítear d’éilimh an pháirtí sin ina n-iomláine, a ordú, ina breith maidir le costais lena gcuirtear clabhsúr leis na himeachtaí, go n-íocfaidh na páirtithe eile a gcostais féin.

    Saincheisteanna dlí arna maíomh

    Ní raibh bunús leordhóthanach le réamhnochtadh an dearaidh arna thaisceadh ag an iarratasóir ar neamhbhailíocht.

    Mar mhalairt rogha, ní thugtar an t-imprisean ginearálta céanna leis an dearadh arna thaisceadh mar dhearadh a bhí ann cheana ag an iarratasóir ar neamhbhailíocht agus a thugtar leis an dearadh atá faoi chaibidil.

    Mar mhalairt air sin, bheadh an nochtadh calaoiseach mar gheall ar mhí-úsáid ar an gcóipcheart.


    Top