EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0204

Cás T-204/22: Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2022 – Rimini Street v EUIPO – (OTHER COMPANIES DO SOFTWARE WE DO SUPPORT)

IO C 222, 7.6.2022, p. 38–38 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 222, 7.6.2022, p. 35–35 (GA)

7.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 222/35


Caingean arna tabhairt an 14 Aibreán 2022 – Rimini Street v EUIPO – (OTHER COMPANIES DO SOFTWARE WE DO SUPPORT)

(Cás T-204/22)

(2022/C 222/62)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Rimini Street, Inc. (Las Vegas, Nevada, na Stáit Aontaithe) (ionadaithe: E. Ratjen, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach i ndáil leis an trádmharc “OTHER COMPANIES DO SOFTWARE WE DO SUPPORT”– Iarratas ar chlárú Uimh. 1 559 651

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gceathrú Bord Achomhairc de EUIPO an 14 Feabhra 2022 i gCás R 1389/2021-4

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO íoc as na costais.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (CE) 207/2009 ón gComhairle i gcomhar le hAirteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.


Top