Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TB0232

Cás T-232/22: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (catlover) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh catlover – Dearbhfhoras le diúltú – Easpa sainiúlachta – Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

IO C 24, 23.1.2023, p. 41–41 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

23.1.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 24/41


Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Growth Finance Plus v EUIPO (catlover)

(Cás T-232/22) (1)

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh catlover - Dearbhfhoras le diúltú - Easpa sainiúlachta - Airteagal 7(1) (b) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

(2023/C 24/56)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Growth Finance Plus AG (Gommiswald, An Eilvéis) (ionadaí: H. Twelmeier, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: A. Ringelhann agus T. Klee, Gníomhairí)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Feabhra 2022 (Cás R 717/2020-5) a chur ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

1)

Diúltaítear don chaingean.

2)

Ordaítear do Growth Finance Plus AG na costais a íoc.


(1)  IO C 237, 2.6.2022.


Top