Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TB0672

    Cás T-672/21: Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Grúpa “LEW” v EUIPO – Lechwerke (GRUPALEW.) (Trádmharc an Aontais Eorpaigh – imeachtaí freasúra – Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach – Marc fíortha GRUPALEW. – Marc fíortha náisiúnta níos luaithe LEW – Foras coibhneasta maidir le diúltú – Baol mearbhaill – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001]) – Fianaise d’fhíorúsáid – Airteagal 10(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 – Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE)2018/625 – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    IO C 24, 23.1.2023, p. 39–39 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/39


    Ordú na Cúirte Ginearálta an 8 Samhain 2022 – Grúpa “LEW” v EUIPO – Lechwerke (GRUPALEW.)

    (Cás T-672/21) (1)

    (Trádmharc an Aontais Eorpaigh - imeachtaí freasúra - Clárú idirnáisiúnta lena n-ainmnítear an tAontas Eorpach - Marc fíortha GRUPALEW. - Marc fíortha náisiúnta níos luaithe LEW - Foras coibhneasta maidir le diúltú - Baol mearbhaill - Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 [anois Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (UE) 2017/1001]) - Fianaise d’fhíorúsáid - Airteagal 10(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 - Airteagal 71(1) de Rialachán Tarmligthe (AE)2018/625 - Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)

    (2023/C 24/53)

    Teanga an cháis: an Ghearmáinis

    Pártithe

    Iarratasóir: Grupa “LEW” S.A. (Częstochowa, an Pholainn) (ionadaí: A. Korbela, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Eberl agus E. Markakis, Gníomhairí)

    Páirtí eile sna himeachtaí os comhair Bhord Achomhairc EUIPO, idiragraí os comhair na Cúirte Ginearálta: Lechwerke AG (Augsburg, an Ghearmáin) (ionadaí: N. Gerling, Dlíodóir)

    Ábhar

    Trína ghníomhaíocht atá bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí cinneadh ón gCeathrú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 17 Lúnasa 2021 (Cás R 2763/2019-4) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Diúltaítear don chaingean.

    2.

    Íocfaidh Grúpa “LEW” S.A. a chostais féin, chomh maith leis na costais a thabhaigh Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) a íoc.

    3.

    Íocfaidh Lechwerke AG a chostais féin


    (1)  IO C 502, 13.12.2021.


    Top