Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CB0777

    Cás C-777/21: Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 19 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli – an Iodáil) – VB v Comune di Portici (Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais – Airteagal 49 CFAE – Saoirse bunaíochta – Airteagal 56 CFAE – Saoirse chun seirbhísí a sholáthar – Trácht ar bhóithre – Clárú agus cánachas ar mhótarfheithiclí – Feithicil atá cláraithe i mBallstát – Tiománaí a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát clárúcháin na feithicle agus i mBallstát eile – Rialacha Ballstáit lena gcuirtear toirmeasc ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh níos mó ná 60 lá ó thiomáint sa Bhallstát sin le feithicil atá cláraithe thar lear)

    IO C 24, 23.1.2023, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    23.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 24/17


    Ordú na Cúirte Breithiúnais (an tOchtú Dlísheomra) an 19 Deireadh Fómhair 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Tribunale di Napoli – an Iodáil) – VB v Comune di Portici

    (Cás C-777/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Airteagal 99 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais - Airteagal 49 CFAE - Saoirse bunaíochta - Airteagal 56 CFAE - Saoirse chun seirbhísí a sholáthar - Trácht ar bhóithre - Clárú agus cánachas ar mhótarfheithiclí - Feithicil atá cláraithe i mBallstát - Tiománaí a bhfuil cónaí air nó uirthi i mBallstát clárúcháin na feithicle agus i mBallstát eile - Rialacha Ballstáit lena gcuirtear toirmeasc ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Bhallstát sin ar feadh níos mó ná 60 lá ó thiomáint sa Bhallstát sin le feithicil atá cláraithe thar lear)

    (2023/C 24/23)

    Teanga an cháis: an Iodáilis

    An chúirt a rinne an tarchur

    Tribunale di Napoli

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: VB

    Cosantóir: Comune di Portici

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagal 49 CFAE, ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc ar oibrí féinfhostaithe a bhfuil cónaí air i mBallstát ar feadh níos mó ná 60 lá ó thiomáint sa Bhallstát sin le feithicil atá cláraithe i mBallstát eile i gcás nach mbeartaítear an fheithicil a úsáid go príomha sa chéad Bhallstát ar bhonn buan ná, i ndáiríre, nach n-úsáidtear í ar an mbealach sin.


    (1)  IO C 148, 04.04.2022


    Top