Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0494

    Cás C-494/21: Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón High Court (Éire) – Éire) – Eircom Limited v Commission for Communications Regulation (Tarchur chun réamhrialú – Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí – Seirbhís uilíoch agus cearta na n-úsáideoirí – Treoir 2002/22/CE (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch) – Airteagal 12 – Costas agus maoiniú na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a ríomh – Soláthraí aonair na seirbhíse uilíche agus soláthraithe éagsúla seirbhísí teileachumarsáide sa mhargadh – Ualach gan údar a chinneadh)

    IO C 7, 9.1.2023, p. 11–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 7/11


    Breithiúnas na Cúirte (an Cúigiú Dlísheomra) an 10 Samhain 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón High Court (Éire) – Éire) – Eircom Limited v Commission for Communications Regulation

    (Cás C-494/21) (1)

    (Tarchur chun réamhrialú - Líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí - Seirbhís uilíoch agus cearta na n-úsáideoirí - Treoir 2002/22/CE (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch) - Airteagal 12 - Costas agus maoiniú na n-oibleagáidí seirbhíse uilíche a ríomh - Soláthraí aonair na seirbhíse uilíche agus soláthraithe éagsúla seirbhísí teileachumarsáide sa mhargadh - Ualach gan údar a chinneadh)

    (2023/C 7/13)

    Teanga an cháis: an Béarla

    An chúirt a rinne an tarchur

    High Court (Éire)

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: Eircom Limited

    Cosantóir: Commission for Communications Regulation

    Páirtithe leasmhara: Vodafone Ireland Limited, Three Ireland (Hutchison) Limited, Three Ireland Services (Hutchison) Limited

    An chuid oibríochtúil

    Maidir le hAirteagail 12 agus 13 de Threoir 2002/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Márta 2022 maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí (an Treoir um Sheirbhís Uilíoch),

    ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

    cuirtear d’oibleagáid leo ar an údarás rialála náisiúnta inniúil, chun a chinneadh an bhfuil ualach gan údar ar oibreoir a bhfuil na hoibleagáidí sin air i gceist leis an nglanchostas d’oibleagáidí seirbhíse uilíoch, scrúdú a dhéanamh ar shaintréithe an oibreora sin, agus a sheasamh i dtaca le seasamh a iomaitheoirí ar an margadh ábhartha a chur san áireamh.


    (1)  IO C 431 an 25.10.2021


    Top