Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62020TA0714

    Cás T-714/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2022 – Ovsyannikov v an Chomhairle (Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den Úcráin nó ar bagairt iad ina leith – Reo na gcistí – Srianta ar theacht isteach archríoch na mBallstát – Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha – Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta – Earráid measúnaithe)

    IO C 7, 9.1.2023, p. 24–25 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    9.1.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 7/24


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 26 Deireadh Fómhair 2022 – Ovsyannikov v an Chomhairle

    (Cás T-714/20) (1)

    (Comhbheartas eachtrach agus slándála - Bearta sriantacha arna nglacadh i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den Úcráin nó ar bagairt iad ina leith - Reo na gcistí - Srianta ar theacht isteach archríoch na mBallstát - Liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir reo na gcistí agus na n-acmhainní eacnamaíocha - Ainm an iarratasóra a choinneáil ar an liosta - Earráid measúnaithe)

    (2023/C 7/30)

    Teanga an cháis: an Spáinnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Dmitry Vladimirovich Ovsyannikov (Moscó, an Rúis) (ionadaithe: J. L. Iriarte Ángel agus E. Delage González, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: H. Marcos Fraile, S. Sáez Moreno agus A. Antoniadis, Gníomhairí)

    Ábhar

    Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar dtús, go gcuirfí Cinneadh (CBES) 2020/1269 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2020, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2020 L 298, lch. 23), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1267 an 10 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2020 L 298, lch. 1), ar an dara dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/448 ón gComhairle an 12 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2021 L 87, lch. 35), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/446 ón gComhairle an 12 Márta 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2021 L 87, lch. 19), ar an tríú dul síos, Cinneadh (CBES) 2021/1470 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2021 L 321, lch. 32), agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1464 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2021 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2021 L 321, lch. 1), agus, ar an gceathrú dul síos, Cinneadh (CBES) 2022/411 ón gComhairle an 10 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 84, lch. 28), agus Rialachán (AE) Uimh. 2022/408 ón gComhairle an 10 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2014 L 84, lch. 2), a chur ar neamhní a mhéid a chóimeadtear a ainm ar na liostaí a ghabhann leis na gníomhartha seo.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Cuirtear Cinneadh (CBES) 2020/1269 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1267 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2020 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Cinneadh (CBES) 2021/448 ón gComhairle an 12 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/446 ón gComhairle an 12 Márta 2021, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Cinneadh (CBES) 2021/1470 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2021, lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Rialachán (AE) 2021/1464 ón gComhairle an 10 Meán Fómhair 2021, lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, Cinneadh (CBES) 2022/411 ón gComhairle an 10 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/408 ón gComhairle an 10 Márta 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, ar neamhní, sa mhéid gur coinníodh ainm Dmitry Vladimirovich Ovsyannikov ar liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach sin.

    2.

    Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh na costais arna dtabhú ag Ovsyannikov a íoc, chomh maith lena gcostais féin, lena n-áirítear na costais a bhaineann leis na himeachtaí eatramhacha.


    (1)  IO C 44, 8.2.2021.


    Top