This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020TA0624
Case T-624/20: Judgment of the General Court of 19 October 2022 — MV v Commission (Civil service — Officials — Recruitment — Notice of open competition EPSO/AD/364/19 (AD 7) — Decision of the Selection Board to exclude the applicant from the next stage of the competition — Competition eligibility requirements — Insufficient professional experience — Obligation to state reasons — Manifest error of assessment — Rules on languages — Equal treatment)
Cás T-624/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – MV v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Earcaíocht – Fógra faoi chomórtas oscailte EPSO/AD/364/19 (AD 7) – Cinneadh ón mbord roghnúcháin gan an t-iarratasóir a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas – Coinníollacha incháilitheachta an chomórtais – Taithí ghairmiúil neamhleor – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe follasach – Teangacha – Cóir chomhionann)
Cás T-624/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – MV v an Coimisiún (Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Earcaíocht – Fógra faoi chomórtas oscailte EPSO/AD/364/19 (AD 7) – Cinneadh ón mbord roghnúcháin gan an t-iarratasóir a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas – Coinníollacha incháilitheachta an chomórtais – Taithí ghairmiúil neamhleor – Oibleagáid cúiseanna a lua – Earráid mheasúnaithe follasach – Teangacha – Cóir chomhionann)
IO C 7, 9.1.2023, p. 23–23
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
9.1.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 7/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 19 Deireadh Fómhair 2022 – MV v an Coimisiún
(Cás T-624/20) (1)
(Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Earcaíocht - Fógra faoi chomórtas oscailte EPSO/AD/364/19 (AD 7) - Cinneadh ón mbord roghnúcháin gan an t-iarratasóir a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas - Coinníollacha incháilitheachta an chomórtais - Taithí ghairmiúil neamhleor - Oibleagáid cúiseanna a lua - Earráid mheasúnaithe follasach - Teangacha - Cóir chomhionann)
(2023/C 7/29)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: MV (ionadaithe: G. Pandey, D. Rovetta agus V. Villante, Dlíodóirí)
Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: T. Lilamand agus M. Brauhoff, i gcáil Gníomhairí)
Idiragraí mar thaca leis an gcosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bauer agus M. Alver, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Trína chaingean atá bunaithe ar Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar an gcéad dul síos, go gcuirfí cinneadh ón mbord roghnúcháin an 29 Deireadh Fómhair 2019 lena ndiúltaítear dá iarraidh ar athbhreithniú ar chinneadh an 5 Meitheamh 2019 gan é a ligean isteach go dtí an chéad chéim eile den chomórtas oscailte EPSO/AD/364/19 – Gníomhairí slándála (AD 7), ar an bhfógra faoin chomórtas agus ar dréacht-liosta na n-oifigeach a roghnaíodh chun páirt a ghlacadh sa chomórtas, ar neamhní, agus chomh maith leis sin, cúiteamh as an damáiste a rinneadh mar thoradh ar na gníomhartha sin.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do MV a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an gCoimisiún Eorpach a íoc. |
3) |
Ordaítear do Chomhairle an Aontais Eorpaigh a costais féin a íoc. |